Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 May 1975

Vol. 281 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foghlaim na Gaeilge.

74. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an eol dó go bhfuil mic léinn iarbhunscoile ag éirí as foghlaim na Gaeilge toisc nach gá eolas ar an nGaeilge chun dul isteach sa státseirbhís; agus an bhfuil imní air go dtiocfaidh an t-am nach mbeidh an pobal ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Chomh fada agus a bhaineann an scéal le postanna sa Státseirbhís, tá cuís an-láidir ag mic léinn iar-bhunscoile an Ghaeilge a fhoghlaim mar tá creidiúnt tábhachtach i bhfoirm marcanna breise ar fáil i gcomórtais iontrála d'iarrthóirí atá oilte sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Thug mé mion-eolas faoin gcóras seo cheana féin mar fhreagra ar cheist ar an 14ú Eanáir, 1975. Ina theannta sin, cuirfear eolas ar an nGaeilge san áireamh le haghaidh ardú céime.

De bharr na mbuntáistí sin a bhéas ag daoine atá oilte sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, pé acu iomathóirí ar chomórtais nó baill den Státseirbhís iad, is léir go mbeidh roint mhaith daoine sa Státseirbhís feasta a bhéas líofa sa Ghaeilge.

Dá bhrí sin, níl imní orm go mbeidh sé níos deacra don phobal amach anseo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

An bhfuil marcanna speisialta ar fáil?

Níl an t-eolas sin agam anois. Níl sé anseo.

An bhfaca an tAire an cúntas a bhí ins na páipéirí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-iarrthóirí atá ag dul go dtí an Ghaeltacht an bhliain seo chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus an bhfuil tionchar ar bith ag an rud seo ar an dtitim atá tagtha ar líon na ndaltaí sa Ghaeltacht i mbliana?

Ní dóigh liom go bhfuil ar chor ar bith. Ba mhaith liom a rá gur thug mé cead i mbliana do Ghaeleagras na Státseirbhíse 500 scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh sa Státseirbhís.

An bhfuil firinne ar bith sa tuarascáil a bhí ins na páipeirí mar gheall ar an mbliain seo?

Níl aon eolas agamsa faoi mhicléinn scoile. Tá 500 státseirbhíseach ag dul go dtí an Ghaeltacht i mbliana.

Ní bheidh líon na ndaltaí a bhéas ag dul go dtí an Ghaeltacht i mbliana chomh hard agus a bhí sé go dtí seo agus ceann de na cúiseanna é seo.

(Cur isteach.)

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil sé ráite acu siúd a bhfuil cúram na gcoláistí Gaeilge ortha ins na Gaeltachtaí go bhfuil laghdú suas le 30 faoin gcead ar líon na ndaltaí atá ag dul go dtí na Gaeltachtaí ar a laetheanta saoire um samhradh agus an gcuirfeadh sé seo aon imní air agus má chuireann an mbeidh sé sé sásta an polasaí atá aige i leith na Gaeilge a athrú?

Ins na comórtais atá ar siúl faoi láthair tá 3,920 iarrthóirí agus as an líon sin thóg 3,508 Gailge mar ábhar.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil sé ráite go bhfuil laghdú suas le 30 faoin gcéad ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna sa Ghaeltacht sa samhradh i mbliana agus an gcuireann sé sin aon imní air?

Is dóigh liom go bhfuil an Teachta ag trácht ar mhicléinn scoile. Níl aon eolas agamsa faoi sin. Tá mé ag déanamh trácht ar an státseirbhís.

Tá an Ghaeilge tréigthe ag an Rialtas.

Barr
Roinn