Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe aige ardú réasúnach a dhéanamh ar na deontais tithíochta.

Ardaíodh na deontais sin cúpla bliain ó shin i Mí Feabhra, 1973, agus níl i gceist iad a mhéadú arís ag an bpointe seo.

An n-aontódh an tAire go bhfuil an deontas faoi láthair magúil mar go bhfuil an deontas mar sin le ceithre bliana anuas agus nár tháinig aon ardú air, in ainneoin gur tháinig ardú an-mhór ar ábhair do thithe i rith an ama sin?

Tuigim sin, ach níl aon eolas agam go bhfuil mi-shásamh ar mhuintir na Gaeltachta maidir le méid an deontais. Admhaím go bhfuil a lán mí-shásaimh maidir le coinníollacha na scéime tithíochta.

An abhróidh an tAire go bhfuil cás speisialta sa Ghaeltacht le hardú deontas toisc ardaithe atá tagtha ar ábhair tógtha títhe toisc a fhad atá sé ó bhunáiteanna chun soláthair na rudaí sin agus an costas bóthair a bhíonn orthu? Dá bhrí sin, os rud é go bhfuil ardú an-mhór tagtha ar gach gné de thógaint títhe, is gá ardú ins na deontaisí faoi láthair?

Faoi mar adúras admhaím go bhfuil mishástacht ann mar gheall ar na coinnióllacha ach mar adúras, ní bhfuair mé gearáin ó aon duine ar fud na Gaeltachta maidir le méid an deontais ach fuair mé a lan gearán maidir le coinníollacha na scéime. Gach lá bíonn siad ag teacht isteach chuig mo Roinnse. Níl sé i gceist ag an bpointe seo méid an deontais a ardú.

Má tá gearáin de dhíth ar an Aire déanaim an gearán seo dó anois thar ceann a lán daoine ins na Gaeltachtaí go raibh mé ag caint leo le roint ama anuas.

Is ait liom go gceapann an tAire nach bhfuil an gearán seo ag muintir na Gaeltachta agus tugaimsa, freisin, cuireadh dhó teacht go dtí mo Ghaeltacht féin go háirithe, Gaeltacht Chonamara go bhfeicidh sé na buachaillí agus na cailíní óga atá pósta faoi láthair agus atá ag iarraidh teach nua a thógaint chun fanúint sa Ghaeltacht agus nach bhfuil sin ar a n-acmhainn de bhrí go bhfuil an deontas chomh magúil agus atá sé.

D'fhreagair mé an cheist.

Caithimid dul ar aghaidh.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a íocadh amach ar dheontais tithíochta i nGaeltacht Chonamara (a) i 1973 (b) i 1974 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975.

Is iad na suimeanna a íocadh í gContae na Gaillimhe ná (a) £111,229, (b) £139,075 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975 £20,273.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a íocadh amach i ndeontais tithíochta i nGaeltacht Chorcaí (a) i 1973 (b) i 1974 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975.

Is iad na suimeanna a íocadh i gContae Chorcaí ná (a) £15,988, (b) £17,732 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975 £3,045.

An n-abróidh an tAire os na figiúirí seo sa chéad cheathrú den bhliain seo, £3,000, gur comhartha é sin go bhfuil laghdú ag teacht ar thógáil tithe sa Ghaeltacht agus go gcruthaíonn sé sin go bhfuil gá le hardú deontas?

Ní shílim go bhfuil an ceart ag an Teachta mar baineann na figiúirí sin leis an chéad cheathrú de 1975 agus, de ghná, ní hé sin an tréimhse ina mbíonn tithe á dthógáil. Baineann sé leis an ngeimhreadh.

An n-admhaíonn an tAire, ag féachaint ar na figiúirí do 1973 agus 1974 go bhfuil ardú de £2,000 tagtha ar an méad airgid a caitheadh ar thithíocht, ar dheontais agus de bhrí go bhfuil ardú níos mó faoin gcéad tagtha ar na hábhair tógála nach gcruthaíonn sé sin chomh maith go bhfuil níos lú airgid á chaitheamh ar thithíocht agus gur gá rud éigean a dhéanamh chun níos mó tithe a sholáthar?

Ní aontaím leis an Teachta mar, dáiríre, níl a fhios agam an bhfuil an ceart aige nó nach bhfuil ach mar a fheicimse an scéal tá méadú ann gach bliain.

Ar aghaidh linn go dtí Ceist a 20.

Tá na hiarratais ag teacht isteach fós.

Barr
Roinn