d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé mioneolas faoi úsáid an deontais £134,000 a fuair Gaeltarra Éireann ó Chiste Sóisialach CEE i gcás (a) scéimeanna ceard-oiliúna (b) na hionaid ina raibh na scéimeanna lonnaithe agus (c) an méad a caitheadh i ngach ionad.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ùsáid Dheontais.
Is amhlaidh a fhaigheann Gaeltarra Éireann leath an chaiteachais údaraithe do scéimeanna oiliúna as an gCiste sin Bíonn an oiliúint ar siúl ar fud na Gaeltachta—go hairithe i dtionscail nua. Tá tábla agam ina dtugtar roinnt mioneolais agus, le chead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an tábla:—
Contae |
An líon tionscal |
An chuid den deontas |
£ |
||
Dún na nGall |
12 |
21,277 |
Maigh Eo |
9 |
5,483 |
Gaillimh |
13 |
38,520 |
Ciarraí |
8 |
7,429 |
Corcaí |
6 |
14,941 |
Port Láirge |
2 |
5,000 |
50 |
92,650 |
|
Scéimeanna oil-iúna agus costais eile de chuid Ghaeltarra Éireann |
41,959 |
|
An tIomlán |
£134,609 |
An féidir leis an Aire a rá maidir le scéimeanna traenála, "vocational training", scéimeanna traenála teicniciúla gairmoideachais, ar caitheadh an t-airgead go léir orthu sin?
Scéimeanna "vocational training"?
Gairmthraenáil.
No, scéimeanna. Bíonn an oiliúint ar siúl ar fud na Gaeltachta, go h-áirithe i dtionscail nua.
Níl an tAire ag freagairt na ceiste. Deir an ráiteas a cuireadh amach ó Ghaeltarra Éireann i gcóir na bliana 1974 gur caitheadh an t-airgead seo ar scéimeanna gairmthraenála ag Gaeltarra Éireann. Agus is í an cheist a chuir mé na hionaid ina raibh na scéimeanna lonnaithe, cé hiad na h-áiteanna inar caitheadh an t-airgead ar na scéimeanna gairmthraenála sin agus an méad airgid a caitheadh i ngach ionad. Níor thug an tAire eolas ar bith faoi sin.
Níl eolas ar bith ag teastáil anseo.
An bhfuilimid ag caint ar an gceist chéanna—Ceist Uimhir a 31, (a), (b) agus (c)?
Tá na freagraí agam anseo—an líon tionscal, an ionad agus cuid den deontas. Tá sé mar thábla anseo.