d'Aire na Gaeltachta cad é an méid airgid atá íoctha le hAer Árann mar chostais taistil an Aire, oifigigh a Roinne agus oifigigh Ghaeltarra Éireann ó Mhárta, 1973; agus an dtabharfhaidh sé costais agus dáta gach ócáide.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Costais Taistil agus Fialachta.
Le cead an Cheann Comhairle, cuirfear ráiteas timpeall sa Tuairisc Oifigiúil maidir leis na híocaíochtaí a bhain liom féin agus le hoifigigh mo Roinne go dtí deireadh mí Bealtaine, 1975.
Seo a leanas an ráiteas:—
£ |
|
Gnáth-tháillí taistil ar an ngnáthsheirbhís idir Gaillimh agus Árainn ar dhátaí éagsúla |
78.50 |
Turas speisialta ag an Aire agus daoine eile go hOileáin Árann ar 22 Aibreán, 1974 |
50.00 |
Íocaíochtaí na Roinne le hAer Árann |
128.50 |
Cuairt ar an Mór-Roinn 30 Meán Fómhair go 9 Deireadh Fómhair, 1974 i dteannta le hoifigigh Ghaeltarra Éireann: an chuid a bhain leis an Roinn agus a íocadh le Gaeltarra |
130.00 |
An tIomlán |
£258.50 |
Cad é an t-iomlán?
Sé £258.50 an t-iomlán.
6. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cad é an méid airgid atá caite ag a Roinn agus ag Gaeltarra Éireann ar chostais taistil agus fialachta an Aire ó Mhárta, 1973.
Anuas go dtí deireadh mí Bealtaine, 1975, d'íoc mo Roinn:
—£656 mar chostais taistil agus chothaithe a bhain liom agus
—£944 mar chostais fhialachta d'ócáidí ar a raibh mé i láthair.
Tá easnamh £241 milliún againn agus is cuma mar gheall ar £600.
Tá an fhialacht go híontach sa Ghaeltacht.
Buíochas le Dia.
An raibh aon taisteal taobh amuigh den tír ins an bhfigiúir sin?
Bhain an figiúir sin le taisteal laistigh agus lasmuigh den tír.
An bhfuil figiúir ag an Aire i gcóir na dtúras a rinne sé go dtí an Ghearmáin agus go dtí an Iodáil?
Sea agus go dtí Alba agus Sasana le déanaí. Beidh mé ag túirt turasanna i rith an tSamhraidh go dtí an Mór-Roinn.
Cé mhéid ócáid atá i gceist maidir leis an £900 a chaitheadh ar chostais fhialachta?
Má chuireann an Teachta ceist síos i dtaobh sonraí ar an gcaiteachas seo tabharfaidh mé gach eolas dó.