d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta aige le córas farantóireachta a sholáthar d'Oileán Árainn Mhór, Tír Chonaill.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Córas Farantóireachta i dTír Chonaill.
14. D'fhiafraigh
Tá suirbhé déanta ag comhairleoir agus ailtire mara ar Oileán Árainn Mhór agus ar chúl Alt an Chorráin le tamall anuas. Tá an comhairleoir le moltaí deimhneacha a dhéanamh i dtaobh na seirbhise agus le pleananna báid a tharraingt suas chun go mbéifear ábalta tógáil báid feiliúnach a choimisiúnú. Táthar ag fanacht fós le tuairisc ón gcomhairleoir ach táthar ag súil leis go lua.