d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas faoi na ceantair a dúirt sé a thabharfaidh sé isteach san Fhíor-Ghaeltacht.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceantair Ghaeltachta.
Is é atá ráite go minic ag an Aire ná go bhfuil sé sásta breithniú báúil a dhéanamh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dó gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, go molfaidh sé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht.
An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go ndúirt an tAire go speisialta go raibh ceanntracha in aice na Fíor-Ghaeltachta ar fud na tíre, agus d-ainmnigh sé iad, go raibh sé ar tí iad a thabhairt isteach san Fhíor-Ghaeltacht? Is féidir liom cúpla ceann díobh a lua — Cill na Martra i Contae Chorcaigh, Baile Mhic Códa sa Rinn agus mar sin agus go dtug sé geallúint go hoscailte agus go poiblí go dtabharfadh sé na limistéirí seo isteach san Fhíor-Ghaeltacht. Níl focal faoi anois. Cén fáth?
B'fhéidir nach bhfuil an tAire sásta go fóill gur Gaeilgeoirí iad mór-chuid na ndaoine ins na h-áiteachta sin.
Cén fáth nach gcoimeádann sé a bhéal druidte go mbíonn rud éigin ann gur féidir leis a dhéanamh?