Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 18 Feb 1976

Vol. 288 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhair Léitheoireachta.

11. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an eol dó go bhfuil easpa leabhar léitheoireachta, nach téacsleabhair scoile iad, ann i gcás daoine óga; agus an dtabharfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Táim sásta go bhfuil líon nach beag de ábhar léitheoireachta i mBéarla agus i nGaeilge curtha ar fáil dos na bunscoileanna cheana féin trí mheán scéimeanna éagsúla deontais agus socraithe eile. Is iad na príomhbhealaí atá ann chuige seo ná:

(a) scéim na leabharlanna bunscoile atá á reachtáil i gcomhar leis na húdaráis áitiúla; (b) comhoibriú le Club Leabhar na Sóisear i gcás na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaelacha sa Ghalltacht; (c) scéimeanna deontais dos no foilsitheoirí agus dos na príomhoidí chun leabhair bhreise léitheoireachta, leabhair leabharlainne agus athinsint Ghaeilge ar fhoilseacháin oiriúnacha Béarla a chur ar fáil; (d) foilseacháin de chuid an Ghúim a bheadh oiriúnach do pháiste bunscoile; (e) Scéimeanna deontais chun irisí oideachasúla agus leaganacha Gaeilge de scéalta idirnáisiúnta a chur ar fáil.

Ní fheadar an n-aontódh an tAire liom nach bhfuil na leabhair seo le fáil i siopa Fhoilseachán an Rialtais in Áth Cliath?

Fuaireas cheithre cinn an lá cheana.

Ní fheadar an n-aontódh an tAire liom nach amháin nach raibh siad le fáil an Nollaig seo caite ach ní raibh siad le fáil ach an oiread an Nollaig roimhe sin? Bhí leabhair shuimiúla Nollaig do pháistí dá lorg agam agus ní raibh siad ann. Chomh maith leis sin an n-aontódh an tAire liom go bhfuil sé fíor-riachtanach leabhair shuimiúla a bheith ann go mór mhór i gcóir na bpáistí ionas go mbeidh suim acu sa Ghaeilge?

D'aontóinn leis sin ach tá siad ann cheana féin. Tá na leabhair agam féin. Is féidir liom féin iad a theaspáint. Tá siad le fáil ann ach dul ar a dtóir.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil múinteoirí go bhfuil na páistí óga faoina gcúram ar aon intinn nach bhfuil leabhair léitheoireachta sásúla don dream seo le fáil le fada an lá? Níl mé cinnte anois mar gheall ar deontas nó aon ní mar sin. Deirtear nach bhfuil na leabhair le fáil. Níl siad ann. Ní clóbhuailtear na leabhair sin agus an n-aontaíonn sé go bhfuil géarghá leis na leabhair seo a chur ar fáil anois?

Is féidir liom breathnú ar na leabhair atá i gceist.

Ceist amháin eile. An bhféadfadh an tAire a insint dom cé mhéid leabhar nua a cuireadh ar an margadh a bhí le fáil i siopa Fhoilseachán an Rialtais?

An cheist dheireanach.

Sin ceist speisialta agus má chuireann——

Ní raibh ann ach ceann amháin.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire cén ceann de na scéalta sin a lua sé a fuair sé díreach ann.

Sin ceist speisialta.

Ceist amháin eile.

A Cheann Comhairle——

Gabh mo leithscéal, Ceist a 12.

Barr
Roinn