d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta tacaíocht a thabhairt chun scoil chónaithe a chur ar bun ar Inis Mór, Contae na Gaillimhe; agus cén dul chun cinn atá déanta aige sa cheist seo.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cóiríocht Chónaithe.
17. D'fhiafraigh
Dá mba léir go mbeadh gá le cóiríocht speisialta chónaithe do dhaltaí ar Inis Mór, mar shampla mura mbeadh lóistín oiriúnach le fáil acu, agus go mbeadh fonn ar choiste brú a thógáil dóibh bheinnse sásta iarratas ón gcoiste ar dheontas a bhreithniú go báúil.