Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Apr 1976

Vol. 289 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Íocadh Deontas.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh cead ag a Roinn deontas breise a thabhairt i gcásanna inar cheadaigh an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh deontas faoi thionscadal na talún agus scéim na bhfoirgneamh feirme nuair a bheadh scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste tugtha isteach; agus an dtabharfaidh sé ráiteas faoin gceist seo ar fad.

Faoi thionscadal na talún agus scéim na bhfoirgneamh feirme tá deontais sean-cheadaithe á n-íoc go fóill ach tá deireadh le deontais nua.

Faoin scéim do na limistéir atá faoi mhíbhuntáiste beidh cúnamh breise le fógairt ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh a bhainfidh le talamh agus foirgnimh i gcásanna áirithe. Ansin, faoi mar a dúirt mé cheana, breithneofar an scéal tuilleadh ó thaobh na Gaeltachta.

An bhfuil sé ar eolas ag an Aire go raibh 50 faoin gcéad breise le fáil ag muintir na Gaeltachta maidir le deontais talmhaíochta agus go bhfuil deireadh le sin anois agus an féidir leis an Aire a rá an mbeidh na deontais sin á bhfáil arís ag muintir na Gaeltachta? Gheall sé go mbeadh nuair a thiocfadh an cheist faoi na limistéir faoi mhíbhuntáiste i gceist?

Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo go cruinn conas a bheidh an scéal ach is féidir liom a rá go bhfuil mé ag súil mar Aire na Gaeltachta go mbeidh mé in ann deontais a chur ar fáil agus táim i gcomhairle leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus leis an Aire ar feadh tamaill anois faoin scéal sin ach tá fonn ormsa go mbeidh mé in ann, go mbeidh sé ceart go leor ó thaobh an EEC de agus gach rud eile le deontais bhreise a chur ar fáil.

Nach fíor é gur gheall an tAire tuairim is bliain ó shin go mbeadh an cheist seo socraithe nuair a thiocfadh an scéim seo faoi mhíbhuntáiste na gceantar atá i gceist? Gheall sé an uair sin go mbeadh na deontais bhreise le fáil. Céard tá déanta aige anois chun iad a chur ar fáil?

Tá mé ag súil go mbeidh na deontais bhreise le fáil ach táimid ag obair ar an gceist sin ar feadh tamaill ach níl na socraithe déanta fós.

Barr
Roinn