Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 May 1976

Vol. 290 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Timpist ar Láithreán Monarchan.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas i dtaobh timpist a tharla ar láithreán monarchan i gCorr na Móna, Contae na Gaillimhe, le déanaí; céard ba chúis leis an timpist; cé mhéad oibrí a gortaíodh; agus an bhfuil sé i gceist fiosrú iomlán poiblí a chur ar siúl.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur gortaíodh cúpla duine a bhí ag obair ar láithreán monarchan i gCorr na Móna ar an 30 Aibreán agus is dona liom gur tharla a leithéid. Tuigim ón Aire Dlí agus Cirt agus ón Aire Saothair go bhfuil fiafraithe á ndéanamh ag an nGarda Síochána agus ag foireann chigireachta na Roinne Saothair le féachaint chuige go ndéanfar aon ní is gá.

An bhfuil dualgas ar Ghaeltarra Éireann nó ar Roinn na Gaeltachta sa chás seo deimhin a dhéanamh de nach dtarlóidh timpistí mar seo agus nuair a thárlaíonn go ndéanfar fiosrú faoi ar an bpoinnte?

Mar adúras, is ceist don Aire Saothair é seo ar an gcéad dul síos—timpist tionscail a scrúdú—agus tá sin dhá dhéanamh ag an bhfoireann chigireachta atá ag an Aire sin. Chomh maith leis sin, tá fiosrú á dhéanamh ag na gardaí.

Cathain a bhfuil súil ag an Aire go mbeidh toradh an fhiosraithe seo ar fáil?

Níl a fhios agam. Is ceist don Aire Saothair í.

Agus níl a fhios ag an Aire Saothair ach oiread.

Barr
Roinn