Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 May 1976

Vol. 290 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclaíocht Mhaigh Eo.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na tionscail atá curtha ar fáil ag Gaeltarra Éireann i gCeathrú Thaidhg, Ros Dumhach agus Poll a' Tómais i dtuaisceart Mhaigh Eo; agus cé mhéad duine atá fostaithe sna tionscail sin.

Tá an t-eolas i bhfoirm tábla agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann—

Áit

Ainm

Tionscal

Líon oibrithe

Ceathrú Thaidhg

Cniotáil Ghaeltarra Teo.

Cniotáil

10

Poll a' Tómais

Cniotáil Ghaeltarra Teo.

,,

16

,,,,,,

S. Ó Murchú

Seirbhísí draenála

3

(+ 5 páirtaimseartha)

,,,,,,

S. Mac Aindriú

Siúinéireacht

2

Béal Deirg

M. Bean Uí Ghiolla- bharaigh

Aonad reoite

1

,,,,

S. P. Ó Garbháin

Seirbhísí inneall bád

2

Inbhear

C. Gannon

Éadaí

13

Port Durlainne

A. agus P. Ó Domh- naill

Stóráil éisc agus aonad reoite

2

Cill a' Cailleagáin

S. Ó Garbháin

Seirbhísí draenála

1

Chomh maith leis sin, déanann roinnt mhaith ban sa cheantar lámhchniotáil sa bhaile do Ghaeltarra Éireann.

An bhfuil sé fíor gur cniotáil is mó atá ar siúl ins na tionscail seo, agus an fíor é go bhfuil cuid de na daoine ag cailliúint oibre san áit? An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon rud a dhéanamh chun cuidiú leis na tionscail sin?

Tá an t-eolas sa tabla. Tá eolas ann i dtaobh na dtionscal atá ag Gaeltarra féin, agus tá tionscail ag cabhrú leo, ins na háiteanna seo: Ceathrú Thaidhg, Poll a' Tomáis, Béal Deirg, Inbhear, Port Durlainne, Cill a' Cailleagáin. Ón eolas atá agam, tá 60 daoine fostaithe sna tionscail ansin.

Barr
Roinn