Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Jun 1976

Vol. 291 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Newspaper Grants.

41.

asked the Minister for the Gaeltacht the conditions of the scheme whereby grants are paid to newspapers which carry current news affairs in Irish; and if he proposes to improve the opportunities for newspapers to avail themselves of the scheme.

Le cead an Cheann Comhairle, cuirfear cóip den scéim sin timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Is é cuspóir na scéime ná nuacht reatha i nGaeilge a chur ar fáil go rialta do léitheoirí agus ba mhaith liom nuachtáin a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Dá mbeadh fonn ar nuachtáin moltaí a chur ar aghaidh chun leasuithe a dhéanmh ar an scéim, bheinnse sásta iad a bhreithniú go báúil.

Seo a leanas cóip den scéim:

Scéim na Nuachta Reatha i nGaeilge.

1. Chun nuacht reatha i nGaeilge a chur ar fáil go rialta do léith-eoirí nuachtán féadfaidh an Roinn deontais a thabhairt do nuachtán a dhéanfaidh socrú sásúil chun—

(a) nuacht nó cúrsaí reatha i nGaeilge a fhoilsiú go rialta, agus

(b) duine a ainmniú le bheith freagrach, faoi threoir an eagar-thóra, i mbailiú agus in eagar-thóireacht nuachta Gaeilge don nuachtán sin.

2. Is de réir na rátaí seo a leanas a íocfar deontais faoin scéim seo:

(a) don nuachtán (faoi mhír 1 (a) thuas):

(i) neamhní i leith ábhair Ghaeilge faoi bhun 1 cholúin,

(ii) £3 an colún Gaeilge i leith ábhair suas go dtí 3 cholún (agus an tríú colún a áireamh),

(iii) £4 an colún Gaeilge i leith ábhair de bhreis ar 3 cholún, agus

(b) don duine a ainmneofar faoi mhír 1 (b) thuas: £1 an colún Gaeilge gan dul thar £5 sa tseachtain.

Ní rachaidh an deontas faoi (a) den mhír seo thar £21 sa tseachtain i gcás nuachtáin ar bith; colúin timpeall 1,000 focal atá i gceist.

(3) Ní thabharfar deontas mura mbeidh an Roinn sásta—

(a) go bhfuil fiúntas san ábhar agus go bhfuil an Ghaeilge go maith,

(b) go bhfuil an caighdeán oifigiúil litrithe agus gramadaí agus an cló Rómhánach á n-úsaid go forleathan san ábhar nó á gcur in úsáid amhlaidh de réir a chéile, agus

(c) go ndéantar an t-ábhar Gaeilge a scaipeadh go maith ar cholúin nuachta an nuachtáin.

4. Is go dtí an Rúnaí, Roinn na Gaeltachta, Baile Átha Cliath, 2, ba chóir iarratas ag lorg cabhrach faoin scéim a chur. Má bhíonn an t-ábhar céanna á fhoilsiú ar níos mó ná nuachtáin amháin (mar shampla, ar dhá nuachtán de chuid aon ghnólachta áirithe) ní cóir cabhair ina leith a lorg ach do nuachtán amháin díobh.

5. Is ag Aire na Gaeltachta a bheidh an bhreith dheiridh ar gach ní a bhainfidh leis an scéim seo agus níbheidh aon dul thairis sin.

Deireadh Fómhair, 1970.

An féidir linn a rá ón méid adúirt an tAire nach bhfuil aon mholtaí aige chun an scéim a leasú— go bhfuil sé ag fanacht féachaint an mbeidh aon mholtaí aige aguse má gheibheann sé moltaí go ndéanfaidh sé iad a bhreithniú? An é sin atá i gceist?

Is fíor é sin, ach tá scéim i mo Roinn ar feadh 10 mbliain nó mar sin ach níl na torthaí ró-shásúil. I 1975 ní bhfuair ach dhá nuachtán deontas ón Roinn, sé sin, Derry People agus Connacht Tribune. Bhíos ag smaoineamh ar an scéal ach is deacair brú ar lucht nuachtán agus a rá leo go mba cheart dóibh rud éigin a dhéanamh. Tá an scéim ann. Ba mhaith liom a admháil nár dheineamar aon iarracht i leith chun dul siar ar na heagráin ar fud na tíre. Tá na deontaisí ar fáil do nuachtáin taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht. Níl mé cinnte cén sórt iarrachta is ceart dúinn a dhéanamh.

Os rud é go n-ad-mhaíonn an tAire nach bhfuil an scéim ag obair go sásúil, an ndéanfadh sé athscrúdú uirthi feáchaint an féidir na coinníollacha a dhéanamh níos tarraingtaí do na nuachtáin agus sa chaoi sin go ndéanfar níos mo feidhme a bhaint as an scéim?

B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta. Bhí mé ag smaoineamh ar an scéim ó am go chéile agus bhí imní mór orm mar Aire nár bhain níos mó nuachtán feidhme as an scéim. Tá na deontaisí sásúil go leor, cuir i gcás, £3 do gach colún Gaeilge d'ábhar suas go dtí trí colúin agus thar trí colúin tá £4 an colún Gaeilge le fáil. Déanfaidh mé tuairimí an Teachta a scrúdú.

Gan fanacht le moltaí ó éinne?

An mbeadh an tAire sásta dul isteach sa scéal agus b'fhéidir deontaisí a thabhairt do nuachtáin chun tuairisceoirí a chur chun na Gaeltachta chun níos mó Gaeilge a fhoghlaim?

Bhí sin ar intinn ag an Roinn tráth. Tugadh suas le £5 sa tseachtain don duine ar cholún Gaeilge——

Ní líonfadh sin "tank petrol" sa lá atá inniu ann.

Breathnóidh mé ar na tuairimí atá ag na Teachtaí agus b'fhéidir go mbeidh mé in ann athscrúdú a dhéanamh ar an scéal.

Barr
Roinn