Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha Chontae na Gaillimhe.

32. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad tá á dhéanamh aige chun fostaíocht a shábháil sa mhonarcha cairpéidí i gCloch na Rón, Contae na Gaillimhe.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil dóchas acu go n-éireoidh le comhráite atá ar siúl acu le tionsclaithe d'fhonn fostaíocht a chaomhnú sa mhonarcha sin.

Cén am a cheapann an tAire a bheás an mhonarca oscailte arís?

Tá comhráití ar siúl le comhlacht Ghearmánach agus tá na comhráití sin ag teacht ar aghaidh go han-mhaith agus tá dóchas acu go mbeidh siad in ann obair a chur ar fáil sa mhonarca sin go lua.

Barr
Roinn