Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Nov 1976

Vol. 293 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Samhraidh.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta líon na ngasúr scoile a rinne freastal ar chúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht i 1976.

Tá deontais íoctha ag mo Roinnse i leith 16,397 ndalta a rinne freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana.

Cén comparáid atá idir sin agus líon na ndaltaí a bhí ansin anuraidh?

Tá na figiúirí anseo agam. I gcomparáid leis an mbliain 1975 nuair a bhí 16,890 ag freastal ar chursaí samhraidh, tá laghdú beag níos lua na 3 faoin gcéad. I gcomparáid le 1974 bhí méadú agus i gcomparáid le 1973 bhí méadú an-mhór. Faoi mar atá an scéal anois, i 1974, i 1975 agus i 1976 bhí líon na ndaltaí thar 16,000 agus sna blianta roimhe bhí breis agus 13,000. Dá bhrí sin, tá an tinreamh ar leibhéal 16,000 nó mar sin. Sin méadú 25 faoin gcéad i gcomparáid le 1972.

Tuigfidh an tAire go mba cheart, shílfeá, go mbeadh ardú ann seachas laghdú. An bhfuil aon scrúdú déanta aige chun a fháil amach cé mar a thárla an laghdú idir an bhliain seo caite agus 1976?

Mar adúras, laghdú an-bheag a bhí ann. Maidir leis an mheán-uimhir do 1974, 1975 agus 1976 tá na figiúirí ar an leibhéal céanna beagnach, thar 16,000. Is uimhreacha "constant" iad. Níl aon rud aisteach ann ó thaobh an laghdú beag a bhí ann i mbliana. Tá na figiúirí an-shásúil ar fad. Tuigimse, cé nach bhfuil aon tagairt sa cheist a chuir an Teachta, chomh mhaith go raibh méadú beag ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar na coláistí cónaithe i mBaile Brigin agus coláistí mar sin.

Maidir leis na cúrsaí seo go ginearálta, an eol don Aire go ndúirt an tAire Oideachais sa Teach i rith na seachtaine go raibh brón agus díomá air go raibh laghdú ag teacht ar an gcaigdeán freagartha sna páipéirí scrúdúcháin? An gceapann sé go mb'fhiú bheith ag breathnú isteach sna cúrsaí sin féachaint an féidir caoi níos fearr a chur orthu chun an caighdeán a ardú?

Is ceist an-thábhachtach í sin. Coicís ó shin, bhí cruinniú agamsa agus ag oifigí mo Roinnse le Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh. Bíonn cruinnite againne ó am go h-am leis an eagras sin agus phléamar ceisteanna áirithe faoi na cúrsaí samhraidh ach chomh fada agus is eol domsa tá mé féin agus mo Roinnse réasúnta sásta leis na cúrsaí. Ní h-eol domsa aon ghearán a tháinig isteach i mbliana cuir i gcás. Tá mé sásta go bhfuil Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh ag déanamh gach díchill ag féachaint go cruinn ar na cúrsaí sin agus go bhfuil siad dáiríre chun feabhas a chur ar na cúrsaí más gá.

Nach fiú don Aire breathnú isteach sa scéal má thárlaíonn sé, mar a thárla, go raibh tuitim 10 faoin gcéad ó 1972, measaim, i gcaighdeán freagartha sna páipéirí Gaeilge sna scrúdúcháin? Is mor an tuitim í sin—b'fhéidir go bhfuil an locht in áit éigin eile ach— caithfimid bheith ag breathnú air féachaint cén áit atá an laige má tá laige ann?

Ní féidir freagra sásúil a thabhairt ag an bpointe seo ach féachfaidh mé isteach ann.

Barr
Roinn