Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Dec 1976

Vol. 294 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarascáil Bhliantúil Ghaeltarra Éireann.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dáta a tháinig an tuarascáil bhliantúil dheireanach ó Ghaeltarra Éireann chuig Tithe an Oireachtas; agus cén bhliain lenar bhain an tuarascáil sin.

Leagadh tuarascáil agus cuntais Ghaeltarra Éireann don bhliain 1974 faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar an 16 Nollaig, 1975. Tuigim go mbeidh an tuarascáil don bhliain 1975 ar fáil go luath.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil an tuarascáil seo ag teacht lua go leor?

Go macánta, nílim agus bhíi mé ag iarraidh ar Ghaeltarra Éireann an tuarascáil a bhrostú gach bliain ach de réir mar a tharlaíonn sé tagann an tuarascáil amach i mí na Nollag gach bliain. Bhí mé ag féachaint ar an scéal le déanaí agus tuigim go bhfuil deachachtaí ann de bhárr go bhfuil timpeall 50 comhlachtaí páirteach le Gaeltarra Éireann agus bíonn ar gach comhlacht cúntas bliaintúil a chur ar fáil agus ansan bíonn ar an Ard-Reachtaire na cúntais go léir a scrúdú agus tógann sé cuid mhaith ama. B'fhearr liomsa go mbeadh an tuarascáil ar fáil níos lua gach bliain.

Faoi alt 31 den Acht a ritheadh i 1950, measaim, is ceart don iniúchán a bheith déanta taobh istigh de 90 lá tar éis deireadh na bliana agus go bhfuil cead aige féin faoi alt 32 den Acht céanna a ordú do Ghaeltarra Éireann go dtiocfadh an tuarascáil seo níos lua?

Taobh istigh de bhliain amháin, an ea?

I 1974, i 1973 agus i 1975 chomh fada agus is cuimhin liom cuireadh an tuarascáil bhliantúil ar fáil i mí na Nollag. Bhí siad istigh faoin mbliain ach ba mhaith liom a admháil arís nach bhfuil mé sásta agus b'fhearr liom dá mbeadh an tuarascáil ar fáil b'fhéidir sa bhFómhair nuair a bhíonn tuarascála na gcomhlachtaí eile ar fáil.

An nglacfaidh an tAire freisin nach bhfuil aon rud maidir le Gaeltarra Éireann nach bhfuil siad féin sásta leis ach de bhrí go dtagann an tuarascáil seo chomh déanach tugann sin cúis chasaoide do dhaoine áirithe agus b'fhearr ar fad don Aire féachaint cuige go mbeadh an tuarascáil seo ar fáil go lua?

Aontaím go hiomlán leis an Teachta.

Barr
Roinn