Tairgim:
Go dtabharfar cead Bille dá ngairtear Acht do bhunú Bord ar a dtabharfar Údarás na Gaeltachta, chun na críche sin do dhíscaoileadh Ghaeltarra Éireann agus d'aistriú cumhachtaí, feidhmeanna, dualgais agus dliteanais Ghaeltarra Éireann chun Údarás na Gaeltachta, do thabhairt cumhachtaí áirithe eile d'Údarás na Gaeltachta agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe eile a bhaineann leis na nithe sin a thabhairt isteach.