d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid Stáit ar fad a caitheadh maidir le bunú an Bhiúró Ríomhaireachta sna Forbacha, Contae na Gaillimhe; agus cén fhostaíocht lánaimsireach atá tugtha do mhuintir na háite dá bharr.
Written Answers. - An Biúró Ríomhaireachta.
31. D'fhiafraigh
I ndáil le bunú an chomhthionscail sin chaith Gaeltarra Éireann £438,260 ar fhoirgneamh, scaireanna agus deontais d'innealra agus d'oiliúint. Tá fostaíocht lánaimsireach ann ag trí dhuine dhéag de bhunadh Ghaeltacht Chonamara agus ag aon duine dhéag eile faoi láthair.