d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn ag Gaeltarra Éireann réamhmhonarcha a thógáil ar an láithreán atá acu ag an Achléim, Béal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tógáil Réamh-Mhonarchan.
20. D'fhiafraigh
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil i gceist acu monarcha a thógáil ansin ach nach bhfuil an phleanáil déanta acu fós.
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte ábalta aon eolas a thabhairt faoi cén uair atá sé ar intinn an réamh-mhonarcha seo a thógáil?
Níl a fhios agam. Tá brón orm. Níl a thuilleadh eolais agam ar chor ar bith seachas an méad a thug mé don Teachta cheana.