Mar mhalairt ar an scéal níl i gcás agam féin aon fháilte iomlán a chur roimh an mBille seo; níl i gcás agam ach fáilte theoranta a chur roimhe. Is cuimhin liom anois thart ar 30 bliain ó bhí mé im' bhuachaill scoile, agus gach re cúpla bliain bhíodh scéim nua dá bhaisteadh ag pé Rialtas a bhí i réim. Cuireadh ar chuile thaobh "fáilte Uí Cheallaigh", mar adéarfá, roimh pé scéim a bhí i gceist ag an am sin. Bíonn na páipéir bhochta Gaeilge ag scríobhadh agus ag rá go bhfuil ré nua in ann don Ghaeilge toisc an scéime nua seo, toisc an Bhille nua siúd, toisc an udaráis nua atá dhá chruthú. Ná ceapaimís sa Teach seo inniu go bhfuil scéim íontach, éachtach nua dá bhaisteadh againn inniu, ná go bhfuil scéim faoi bhráid na Dála inniu go n-éireoidh níos fearr léi ná mar a d'éirigh lena lán eile le mo linn féin, gan trácht ar na scéimeanna a d'imigh roimhe sin.
Thagair an tAire agus é ag caint inné do chúpla ceann díobh, agus dar liom féin go mb'fhearr dó iad a fhágáil as an scéal ar fad, fanacht ina thost níos túisce ná bheith ag cur i gcuimhne do dhaoine go raibh a leithéid ann mar an Páipéar Bán 1965. Is cuimhin liom maith go leor é. Sin an páipéar gur ar éigin go raibh tada ann seachas "gríosófar" seo agus "gríosófar" siúd. Bhí an Rialtas ag an am ag dul ag "gríosadh" na Ranna Stáit a bhí faoina chúram, ag dul ag "gríosadh" na n-údarás leath-státúla. Ní raibh sé i gcás acu breis Gaeilge a labhairt iad féin—ní raibh sé sin i gcás acu ar chor ar bith; ach bhí siad ag dul ag "gríosadh" Ranna Stáit, na státsheirbhísigh a bhí gan chosaint i gcoinne a leithéid, le tuilleadh Gaelige a labhairt.
Roimhe sin féin bhí an t-iar-Aire, Caoimhghín Ó Beoláin. Is cuimhin liom an t-am go raibh sé ina Aire Cosanta. Ní raibh sé i gcás aige siúd an tír a chosaint ar chor ar bith. Ní raibh sé i gcás aige ach an tArm a Ghaelú—ach oiread leis an am a raibh sé ag dul an córas votála a Shasanú. Sin an dá éacht is mó—seachas gur éirigh sé féin as oifig—a rinne Caoimhghín Ó Beoláin agus é sa bpolaitíocht. Bhí sé ag dul an tArm a Ghaelú, agus ní raibh toradh ar fiú trácht air ar an saothar sin; agus bhí sé ag dul an córas vótála a Shasanú, agus tá fhios againn go léir cé mar a d'éirigh leis an iarracht sin.
I 1965, faoi mar adúirt an tAire inné, bhí an Páipéar Bán againn agus ní raibh sa bpáipéar seo ach a lán "gríosadh". Níor labhair Aire Rialtais ná duine a bhí istigh sa Dáil seo oiread agus focal breise Gaeilge toisc an Páipéar Bán sin. Cúpla bliain ina dhiaidh bhí leabhar mór millteach eile dá fhoilsiú ag Rialtas Fhianna Fáil, "Feidhmiú Polasaí Teanga". B'shin i 1969. Rinne an tAire tagairt don pholasaí sin chomh maith agus é ag labhairt anseo inné. Is cuimhin liomsa an leabhar millteach mór céanna, agus ach oiread leis an bPáipéar Bán ní raibh ann ach "gríosadh". Ní raibh i "Feidhmiú Polasaí Teanga" i 1969 ach a lán téarmaí socheolaíochta nár chuala fiú amháin Béarlóirí trácht orthu ariamh, gan trácht ar bith ar na daoine bochta thiar sa Ghaeltacht. Bhí difríocht le feiceáil don chéad uair riamh idir "bilingualism" agus "diglossia". Dá mbeadh an t-anam le sábháil agam, ní fhéadfainn a rá inniu féin cén difríocht atá idir "diglossia" agus "bilingualism". Ach seo an bonn ar a raibh an Ghaeilge le sábháil ag an am sin.
Sin an ráiméis a bhí dá thairiscint don Teach seo agus don tír, agus airgead maith poiblí á chaitheamh air. Sin an méid a bhí mar pholasaí ag an Rialtas ag an am; agus tá sé de dhánacht ag an Aire anseo teacht isteach sa Teach seo agus am a chur amú ag cur síos ar "Feidhmiú Polasaí Teanga". Cén trácht a chualathas ó shin i leith ar "Feidhmiú Polasaí Teanga", gan trácht ar chor ar bith ar an bPáipéar Bán? Cén trácht atá le cloisint inniu ar "diglossia" nó "bilingualism" nó ar rud ar bith eile a bhí istigh sa leabhrán sin, "Feidhmiú Polasaí Teanga"?
Fágaimís Gníomh don Ghaeltacht amach as an scéal ar fad. Leabhar millteach mór eile a bhí ansin. Bhí fáiltiú oifigiúil ann, bia agus deoch dá dtairgeadh do na daoine. Cén gníomh a rinneadh don Ghaeltacht, seachas gnáthobair Roinn na Gaeltachta agus gnáthobair Ghaeltarra Éireann? An ndearnadh oiread agus rud ar bith go dtí seo, rud ar bith a bhí molta go háithrid ins an gcóras sin Gníomh don Ghaeltacht, seachas gnáthobair Ghaeltarra Éireann agus Roinn na Gaeltachta agus mar sin de? Ní dóigh liom go ndearnadh.
Ar éigin a bhí mé in ann creidiúint a thabhairt do mo shúile, mar adeirtear as Béarla, nuair a chonaic mé in óráid an Aire inné tagairt don "taighde" a rinne an tUasal Ó Colla, nó ar chuir sé ar siúl i 1970. "Taighde Uí Cholla"—tá fuaim leis an abairt a chuireann i gcuimhne dom "fáilte Uí Cheallaigh" agus a lán den tsórt—"Taighde Uí Cholla is a dhá shúil dúnta"—ba chóir dúinn seanfhocal a dhéanamh as an méid sin. B'ionann liomsa "taighde Uí Cholla" agus taighde a bhíonn dá chur ar siúl ag duine ar chuma leis ar fad pé toradh a bheidh ar an taighde chéanna. Ar chualathas a leithéid de ráiméis sa tír seo ariamh ná an taighde úd? Do thug sé cuireadh do bheanuasal ó Pittsburg, Pennsylvania, teacht abhus d'fonn a fháil amach an "dearcadh" a bhí ag an bpobal i leith na teanga Gaeilge. Chaith sé thart ar £½ mhilliún ar an scéim amaideach úd sin. Sin an cineál Rialtais a bhí againn ag an am sin, agus atá againn arís inniu.
Go dtí seo níl fhios agam an ndearnadh tagairt ar bith sa díospóireacht seo don ghníomh is fearr agus is mó dá ndearnadh riamh don Ghaeilge le leath-chéad bliain. Ba é sin an Ghaeilge a dhéanamh neamhéigeantach sna scoileanna. Níor thagair mo chara ón Dáilcheantar chéanna do sin chor ar bith inniu agus é ag caint.
Bhí "taighde Uí Cholla" á dhéanamh ocht mbliana ó shin, agus do caitheadh £½ mhilliúin ar an taighde d'fhonn a fháil amach rud a d'inseodh páiste scoile don Rialtas saor in aisce, gan pingin rua a iarradh orthu.
Tá fhios againn cén dearcadh atá ag an bpobal i leith na Gaeilge. Cinnte tá cineál comhbá agus cineál grá ag an bpobal don Ghaeilge, ach stopann sé roimh an bpointe ar a dtosódh an pobal sin á labhairt. Sin an deacracht atá ann, agus tá fhios agam na cúiseanna. Tá an teanga seo an-chrua ar fad. Sin rud nach n-admhódh a lán daoine. Is féidir le páistí scoile anseo in Éirinn rud a dhéanamh nach ndéanann páistí scoile in aon tír eile san Eoraip—dhá bhliain déag a chaitheamh ag foghlaim teanga sa scoil, agus gan a bheith in ann i ndiaidh an ama sin ar fad abairt chruinn cheart Ghaeilge a labhairt, gan a bheith in ann fiú amháin cúpán tae a fháil in ostán trí Ghaeilge tar éis an oiread sin ama a bheith caite amú aige, in a d'fhéadfadh sé Fraincís nó Gearmáinis a fhoghlaim nó rud éigin eile a bheadh úsáideach dó. Ach taréis dhá bhliain déag den chrá croí sin ní féidir leis abairt chruinn cheart Ghaeilge a labhairt.
Ní h-iad na múinteoirí is ciontach faoi sin, agus ní hiad an Rialtas atá ciontach faoi sin, nó ní chuirim an lucht iomlán orthu. Is é is mó is ciontach faoi sin, dar liomsa, ná gur teanga an-chrua ar fad í an Ghaeilge, agus tá sé in am dúinn é sin a admháil, agus gan a bheith ag cur i gcéill gur féidir le duine crash course a dhéanamh agus Gaeilge a bheith ar a thoil aige i gceann cupla seachtaine. Ní féidir é sin a dhéanamh. Níl fhios agam an bhfuil oiread agus duine ar bith sa tír seo a tógadh le Béarla, agus nár chaith blianta fada sa Ghaeltacht, go bhfuil Gaeilge ar a thoil aige chomh maith is atá an Béarla.
Sin difríocht an-mhór ar fad idir an teanga a bhfuil muidne ag dul a sábháil agus teangacha ar bith eile a bhíonn dá dteagasc sna scoileanna. Is baolach liomsa nach bhfuilimid ach ag útamáil leis an gceist nó leis an bhfadhb. Cinnte thiocfadh linn an cheist a chaitheamh amach as an bhfuinneog ar fad, gan a bheith ag ligint orainn agus ag cur i gcéill a thuilleadh go bhfuil iarracht dáiríre á dhéanamh againn chor ar bith leis an teanga a shábháil. Ach má táimid chun í a shábháil nílimid ach ag tincéireacht leis an cheist sin le Bille dá leithéid seo.
Tá sé leathanach sa Bhille. Ó alt a 4 anuas níl sa Bhille ach gná fhorálacha a bhíonn i ngach Bille dá shórt ina mbíonn bord reachtúil dá bhunú. Níl tada nua sa Bhille seo, nó is beag a bhfuil nua ann seachas na feidhmeanna agus na cumhachtaí a luaitear in alt a 3. Ach nuair a léim alt a 3 feicim go mbeidh "feidhmeanna ginearálta" ag an mBord a bheidh "faoi réir aon Aire Rialtais a bheith freagrach i ngné áirithe bheartais i ndáil leis an nGaeilge". Is ionann sin agus a rá nach mbeidh smacht ceart ag an mBord seo ar ghné ar bith muna dtoilíonn pé Aire atá freagrach ar ghné áirithe den pholasaí i leith na Gaeilge go gcuirfidh an Bord a ladar isteach sa scéal.
Níl smacht ag an mBord ar an oideachas. Níl smacht ag an mBord ar an Ghaeltacht ná ar shaol eacnamaíochta na Gaeltachta. Níl smacht ná tionchar ag an mBord ar RTE, ná ar na húdaráis áitiúla ná ar an "gcomhshaol", má tá a leithéid d'fhocal ann.
Nach amaideach dúinn bheith ag dul ag bunú bord chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar theanga bheo, gan smacht ag an mBord seo ar an gcóras oideachais nó gan tionchar a bheith ag an mBord ar an chaoi ina mbíonn an Ghaeilge dá teagasc sna scoileanna?
Tá clann agamsa agus, cosúil le daoine eile, tá an chlann sin ag freastal ar an scoil agus tá Gaeilge á foghlaim acu. Tá maicín agamsa sa bhaile atá ag dul isteach ar an scrúdú meánteistiméireachta i mbliana. Nuair a fheicim an crá croí a bhíonn dá fhulaingt ag an maicín sin, gan oiread agus puinn smachta a bheith ag an mBord ar an gcóras oideachais, fiafraím díom féin, céard tá ar siúl anseo againn in aon chor? An cur i gcéill ar fad atá ar siúl againn inniu agus inné?
Ní tharlaíonn sé go minic, ach ó am go céile tagainn an maicín sin chugamsa, agus iarrann sé orm cabhair lena chuid filíochta agus lena chuid próis a aistriú go Béarla. Níl an lad seo ach 14 bliana d'aois go fóill. Ní féidir leis Gaeilge cheart a labhairt ná abairtí simplí a labhairt go fóill. Ar éigin más féidir leis fiú amháin cupán tae a fháil dó féin as Gaeilge, ach bíonn dríodar mar "Ceo draíochta i gcoim oíche do sheol mé" le foghlaim aige. Cuirim "dríodar" ar an bhfilíocht sin, ní ó thaobh filíochta de, ach is dríodar é don mhaicín sin. Bíonn dosaen nó scór focail i ngach aon bhéarsa don dán sin, gan trácht ar an maicín atá agam sa bhaile, nach féidir le fiú amháin duine as Chonamara a thuiscint. Ní haon locht é sin ar an dán sin mar fhilíocht, ach locht ar an chóras oideachais. Níl ann ach crá croí do na micléinn agus, chun an fhírinne a rá, ní dóigh liom ach gur ionann an scéal ó thaobh na múinteoirí de. Dá mba mhuinteoir mé féin ní fhéadfainn an dán sin a mhíniú don rang gan a lán staidéir a bheith déanta agam roimh ré agus an méid sin do chuile dán dá mbíonn le foghlaim acu. "Ceo draíochta i gcoir oíche do sheol mé", agus níl an buachaill in ann fiú amháin, páipéir nuachtán a cheannach. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis i nGaeilge sa scrúdú meánteistiméireachta agus más féidir leis cúpla céad des na focail crua sa dán sin a chur de ghlan mheabhair éireoidh leis, le cúnamh Dé. Ach níl aon chiall ag baint leis ó thaobh oideachais, beag nó mór.
Leis an bprós, níl an scéal éagsúil. Tá gearrscéal le foghlaim ag an laidín bocht, gearrscéal le Niall Ó Domhnaill, agus caithfidh mé a admháil gur an-álainn agus gur an-bhreá an gearrscéal é agus go gcorródh sé an croí ionnat—"Nead na Riabhóige". Ach tá mé ag ceapadh go bhfuil, ar a laghad, céad focail san úrscéal sin nach dtuigtear taobh amuigh den pharóiste nó den chontae in ar tógadh Niall Ó Domhnaill. Cén chiall atá ag baint le sin, bheith ag dul ag múineadh focail mar sin nach tuigtear i gConamara nó i gCiarraí nó in áit ar bith seachas an áit in ar tógadh an t-údar do lad óg as Baile Átha Cliath ar éigin a bhfuil ar a chumas aige béile bia in óstán a fháil dó féin as Gaeilge.
Muna mbíonn ar chumas an Bhoird nua seo smacht éigin a bheith ar an gcóras oideachais agus réasún éigin a thabhairt isteach sa gcóras oideachais ó thaobh teagasc na Gaeilge de, is fánach againn bheith ag útamáil le bord mar seo nó le bord ar bith eile, nó le údarás nó le taighde nó le tuarascáil nó ué ráiméis eile atá feicthe againn sa Teach seo agus sa tír tré chéile le leath-chéad blian anuas.
Is ar na scoileanna agus ar na scoláirí óga is mó atáimid ag brath leis an Ghaeilge a shábháil, gan trácht ar a leathadh amach. Ach féach an timpeallacht atá thart ar na scoláirí óg faoi láthair, agus níl mé ag trácht ar thimpeallacht na scoile ach an timpeallacht amuigh ar an tsráid. Má fhéachann tú ar an timpeallacht sin go cruinn mar dhuine fásta, caithfidh tú a admháil gurb é an tuairim a thabharfadh sé do dhuine óg ná gur cuma sa diabhal an Ghaeilge ní amháin leis an saol mhór, ach leis na húdaráis is mó agus is túisce ba chóir í a bheith mar chúram acu.
Féach fiú amháin na leabhair scoile. Is cuimhin liom an uair a tháinig "Litriú na Gaeilge" amach, i 1948, tá mé ag ceapadh. Seo an chóip a cheannaigh mé féin agus bhí sé mar fháinne geal an lae dhom, beagán réasúin, beagán caighdéain, beagán cruinnis sa Ghaeilge, a fheiceáil sa rud nach raibh ach praiseach ann, dar liom féin, roimhe sin. "Litriú na Gaeilge" agus, ina dhiaidh sin, "Gramadach na Gaeilge"; agus ba mhaith liom traoslú le Rannóg an Aistriúcháin a rinne sár-obair le blianta fada anuas, sár-obair gur cuma sa diabhal le Rialtas ar bith sa tír seo í, chun caighdeán agus chun réasún de chineál ar bith a thabhairt isteach do scríobhadh na teanga seo.
Tá caighdeán oifigiúil againn le 30 bliain anuas ach féach an leabhar scoile a fuair mé ó mo mhaicín inniu. Ar an taobh seo tá scríobhtha "Páipéar scrúduithe" agus ar an dtaobh chúl: "Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil le Ceannasaí Oifig an tSoláthair as ucht cead a thabhairt dúinn cóipeanna a dhéanamh de na páipéir scrúdaithe atá sa leabhar seo." Sa chéad áit an focal mar "scrúduithe" agus sa dara háit mar "scrúdaithe". Pé acu atá ceart? An bhfuil fhios ag an Aire? An bhfuil fhios ag a lucht comhairle? Ní dóigh liom é. Nuair a tháinig an caighdeán oifigiúil amach bhí fhios ag an domhan cé acu a bhí ceart ach tá sé dearmadtha anois. Níl mé ag gearán faoi botún chló. Ní botún cló atá i gceist anseo, ach gur cuma sa diabhal ag pé duine atá i gcúram foilsithe an leabhair seo cad tá scríobhtha ar an leabhar. Dá mba chás leis é, ní bheadh a leithéid de bhotún ann.
"Meán-Teist"—an bhfuil an focal sin le fáil i bhfoclóir Dineen nó i bhfoclóir ar bith eile? Cad is brí le "Meán-Teist"? An bhfuil focal Gaeilge "Teist" ann gur ionann le "certificate" é? Tá an focal "Teist" ann ceart go leor, ach ní dóigh liom go gciallaíonn "Meán-Teist", "Intermediate Certificate". Sin botún amaideach, agus ní cóir a leithéid a bheith ar chlúdach leabhair mar sin.
Nuair a fheiceann laidín stuama a leithéid bíonn iontas air ar dtús, ach tar éis tamaill tagann gruaim ar a chroí agus dímheas, ní amháin don teanga ach don saol atá fite fuaite leis an teanga agus an saol polaitíochta chomh maith in a gceaptar gur Gaeil níos fearr muid ná an lucht atá gan Ghaeilge.
Tá leabhar eile agam anseo agus sílim nach bhfuil sé ar eolas ag an gComhlucht Oideachais cé chaoi a litrítear "comhlucht" i gceart de réir an chaighdeáin. Níl fhios fiú amháin ag an gcomhlucht seo cad a chiallaíonn an focal "comhlucht" agus cén chaoi é a litriú.
D'fhéadfadh an tAire a rá nach bhfuil sna pointí sin ach pointí pedainteacha. Mura mbeadh ann ach sin ní chuirfinn am an Tí amú lena leithéid, ach tá sin le feiceáil mórán chuile áit sa tír seo. Ní botúin litrithe amháin atá i gceist, ach gur comhartha iad gur cuma leis na húdaráis pé cruth atá ar an teanga. Mar a dúirt mé go minic as Béarla, is é an dearcadh atá ar na húdaráis ná, "if it is Irish that is wanted any old rubbish will do".
Má théann an buachaill óg amach ar na sráideanna, rud nach féidir leis a sheacaint, feiceann sé comharthaí sráide, na plátaí iarainn atá greamaithe do na ballaí agus ainm na sráide orthu. Tá mé ag rá i ndáiríre go bhfuil níos mó ná 50 faoin gcéad de na comharthaí sráide sin lochtach ó thaobh Gaeilge de. Tá cuid acu comh lochtach sin go bhfuil sé cinnte nár leag oifigeach nó feidhmeannach ar bith súil orthu tar éis iad a bheith péinteáilte: "Fire it out and fit it up, any old slobber will do". Mura mbeadh ann ach sin, cosnaoínn sé airgead. Má táimíd chun comharthaí bhóthar Ghaeilge a bheith againn, ba chóir iad bheith ceart, agus mura bhfuil fúinn ach ráiméis atá in ainm a bheith mar Ghaeilge a chur suas mar ainm sráide, b'fhearr dúinn an t-airgead a spáráil dúinn féin agus gan é a chur amú. Sin é an timpeallacht Gaeilge. Dá gcaithfeadh duine ón taobh seo den Teach anuas ar an chineál ráiméis sin, sé an freagra a gheobhfadh sé ón taobh eile ná "Sure you are not an Irishman at all; sure you do not want the Irish at all"
Is cás linn an Ghaeilge ach teastaíonn uainn go mbeadh beagán measa ag an Rialtas, ag na daoine atá i gcúram na ceiste seo, ar an teanga, an rud atá ina gcúram. Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin go raibh páipéar litreach, notepaper, ag an Roinn Oideachais—ag an Roinn Oideachais, murar miste leat—agus sé a bhí clóbhuailte ar an bpáipéar sin ná ráiméis, agus d'fhéadfadh Béarlóir fháil amach gurbh é a bhí i gceist ag an duine a chum agus a chuir an ráiméis sin i gcló ná "Any reply should be sent to the Secretary". Sin an rud a bhí i gceist aige; ach sé an chiall is túisce a d'fhéadfadh Gaeilgeoir a fháil as an bpraiseach a bhí clóite ná "It would be a crime to send a bird-reply to the Secretary".
Baintear marcanna ó scoláirí mar gheall air séimhithe nó síníthe a fhágáil amach ó aiste, ach tar éis iad bheith ina stát seirbhísí nó ina nAirí féin, is cuma leo sa diabhal síníthe nó séimhithe nó rud ar bith eile seachas beagáinín slabar a fhoilsiú agus dallamullóg a chur ar na daoine.
Ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith eile atá ann seachas snámh in aghaidh easa do na múinteoirí agus do Ghaelgóirí bheith ag iarraidh an taoide a chur siar, mar adúirt duine éigin níos luaithe. Ní ach ag snámh in aghaidh easa atá siad má bhíonn orthu coimhlint agus troid in aghaidh rudaí mar sin ó thaobh an Rialtais agus ón taobh oifigiúil. B'fhearr dóibh éirí as an iarracht agus a saoil a chaitheamh ar rudaí a bheadh fiúntach ar bhealach éigin eile. Is fuath liom é sin. B'fhearr liom gan focal amháin Gaeilge bheith agam riamh dá mb'éigean dom dallamullóg dá leithéid a chur ar na daoine.
Failtím go teoranta roimh an mBille. Níl locht le fáil agam ar an mBord seo. Tá súil agam go ndéanfaidh siad obair fiúntach. Feicimíd é sin de réir a saothair. Ní maith liom an Bord seo a dhamnáil roimh ré, ach mar adúirt mé cúpla uair roimhe seo, ní dóigh liom go bhfuil aon bhealach eile leis an Ghaeilge a shábháil nó a chur chun cinn seachas comhluadar nua Ghaeltachta a bhunú as an nua. Is trua liom é sin a rá, ach tá mé ag ceapadh go bhfuil an misneach beagnach imithe as na Gaeltachtaí atá ann faoi láthair. Tá fhios agam go maith go séanfadh an tAire an méid sin— níl an dara rogha aige ach an méid sin a shéanadh. Ar aon nós, tá an misneach beagnach imithe uathu, agus ní i dtaobh easba eacnamaiochta, tá siad i bhfad níos fearr ó thaobh monarchana agus obair, agus tá airgead i bhfad níos fairsinge ins an Ghaeltacht anois seachas mar a bhí deich nó 20 bliain ó shin. Ach ó thaobh labhairt na Ghaeilge agus a gcroí bheith fite fuaite leis an Ghaeilge agus leis an saol a bhaineann léi, tá mé ag ceapadh go bhfuil a misneach caillte, go bhfuil an saol Béarla ag brú isteach orthu, agus nach féidir le hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn seo nó an Roinn siúd, nó an t-údarás seo nó an scéim siúd, an saol sin a chasadh siar. Ach dá b'fhéadfaí an spiorad comharchumannach a úsáid i gcúrsaí dá leithéid, nó comhluadar nua a bhunú, b'fhéidir an láithreán nua cúpla míle acra, talamh mar sin a cheannach ar shlí ar bith agus é a fheabhsú agus a leasú, agus comhluadar nua a mhealladh isteach ins an láithreán sin ó chuile áird den tír, comhluadar a bheadh comhaonta, daoine díograiseacha chun comharsanacht nua a bhunú, b'fhéidir go mbeadh toradh suimiúil ar an iarracht sin.
Dá gcaithfí airgead ar scéim mar sin, ó thaobh títhíochta, monarchana, curadóireachta, foraoiseachta agus mar sin de, mura mbeadh ann ach Gaeilgoirí díogaisacha, cúpla míle dóibh agus trí prionsabal an chomharchumainn a chur i gcrích acu—iad fhéin a chothú iad fhéin a chaomhnú mar comhluadar, agus spiorad a leathnú amach san tsean-Ghaeltacht, agus misneach a thabhairt ar ais atá á chailliúnt in aghaidh an lae—ní fhéadfadh iarracht mar sin nó tuairim mar sin bheith níos amaidí ná a lán iarrachtaí dá bhfacamar go nuige seo. Ach go dtí go mbeidh iarracht mar seo a mhusclódh suim an phobail, go dtí go mbeimid toilteanach airgead a chaitheamh agus b'fhéidir botúin a dhéanamh, nílimíd sa Teach seo ach ag cur i géill agus ag ligint orainn. Seo an fáth nach gcuirim inniu ach fáilte theoranta roimh an iarracht seo.