Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 2 May 1980

Vol. 320 No. 4

Estimates, 1980. - Vote 29: Office of the Minister for Education.

I move:

That a sum not exceeding £35,143,000 be granted to defray the charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of December, for the salaries and expenses of the Office of the Minister for Education (including Institutions of Science and Art), for certain miscellaneous educational and cultural services and for payment of sundry grants-in-aid.

Tá soláthar iomlán de £503,869,000 déanta i leabhar na meastachán do na seirbhísí oideachais, 1980, nuair a cuirtear na Leithris-i-gCabhair, beagnach £5 mhilliún, ins an áireamh. Má áirítear freisin an dáiliú atá á dhéanamh i leith scoileanna gairmoideachais as Ciste na nIasachtaí Áitiúla, sin £6,644,000, tagann an mór-iomlán atá á chur ar fáil don oideachas i mbliana go dtí £510,513,000. Níl soláthar déanta annseo d'aon Chomhaontú Náisiúnta Pá a dhéanfaí i mbliana. Ag tosach na bliana airgeadais 1979 cuireadh mór-iomlán de £409,791,000 ar fáil do sheirbhísí oideachais na bliana sin: mar sin tá méadú de £100,722,000 ins an soláthar atá á dhéanamh i mbliana i gcomórtas leis an soláthar a deineadh sna meastacháin bhunaidh anuraidh. Beidh os cionn £372 milliún ar fad ag dul ar thuarastail agus ar aoisliúntais, agus tá soláthar déanta annseo do 300 múinteoirí breise a fhostófar i mbliana chun na ranganna móra a laghdú agus chun oideachas feabhais a chur ar fáil i scoileanna náisiúnta. Tá soláthar ann freisin chun 100 post nua mar mhúinteoirí feabhais a chruthú i scoileanna an dara leibhéil.

Barr
Roinn