Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Nov 1980

Vol. 324 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cape Clear Island Ferry.

26.

asked the Minister for the Gaeltacht the up-to-date position in regard to the proposed new ferry for Cape Clear Island; and whether the vessel will be completed in time for service in the 1981 summer season.

Tá tairiscintí faighte do bhád nua ach, ó tharla nach bhfuil glactha le ceann acu go fóill, is ar éigean a d'fhéadfadh an bád bheith ar fáil don samhradh seo chugainn. Táthar ag súil le deimhniú go luath ó Chomharchumann Chléire go mbeidh muintir an oileáin sásta leis an saghas báid atá i gceist.

Did the Minister say that the boat will not be in operation next year? Can the Minister be more specific with regard to the up-to-date situation in relation to the boat? When will the keel be ready and when will the boat be operational?

Tá deachrachtaí faoi láthair le Comharchumann Chléire mar bhí cruinnithe idir ionadaithe an chomharchumainn agus ionadaithe ó mo Roinnse, ionadaithe ón ár gcomhairleoirí, Irish Shipping, agus ionadaithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí, ar an 5ú lá de Mhí na Samhna agus pleú ceist an bháid. Ní hé an bád a bhí molta cheana atá ag teastáil anois ón gcomharchumann iad féin. Mar sin táimid ag fanacht le tuairisc ar ais ó Choiste Reachtála an bháid agus on gcomharchumann faoin saghas báid atá ag teastáil. Chomh luath agus a fhaighimid é sin ar ais beimid sásta dul ar aghaidh.

Is the proposal merely at the discussion stage, seeking reports? Can the Minister be more positive and tell us when this boat will go into operation bearing in mind the inadequacy of the present service?

Tá tairiscintí faighte ag an Roinn ó chomhlachtaí eagsúla agus bhí an Roinn sásta tairiscint a thabhairt do chomhlacht amháin acu sin. Ach ansin tháinig an comharchumann ar ais agus is cosúil nach bhfuil siad sásta leis an saghas báid a bhí a chur ar fáil dóibh. Mar sin tá gá dúinn fanacht go dtiocfaidh siad ar ais chugainn — sílim go ndéanfar é sin go luath mar bhí cruinniú againn dóibh ar an 5ú lá den mhí seo—ag inseacht an sort báid atá ag teastáil. Faoi láthair tá coiste an chomharchumainn ag breathnú ar líon áthrid báid in áiteacha éagsúla le súil go mbeidh siad in ann ceann a chur ar fáil. Act táimid réidh le tairiscint a ghlacadh láithreach agus an saghas báid atá á phlé faoi láthair.

An bhfuil eolas cruinn faighte ag an Rialtas fós ar an saghas báid atá ag teastáil ó mhuintir Chléire?

Bhí eolas faighte againn ach d'aithrigh an comharchumann a n-intinn idir an dá linn. An fhadhb atá ann anois, táimid sásta an tairiscint a ghlacadh ón gcomhlacht agus bheimis sásta dul ar aghaidh láithreach le sin a dhéanamh ach tá deacrachtaí leis an gcomharchumann faoi láthair. Tá súil agam, mar a deirim, de bharr an chruinnithe a bhí ann ar an 5ú lá den mhí seo go mbeidh na deacrachtaí sin sáraithe roimh dheireadh na míosa.

An bhfuil airgead ag an Aire i gcóir deontais le haghaidh an bháid?

Cé mhéid?

Cosnóidh sé £250,000 agus beidh an t-airgead sin ar fáil.

27.

asked the Minister for the Gaeltacht (1) the hourly rate of pay of the ordinary crew members on the Oileán Cléire ferry; (2) whether overtime is payable in respect of (a) emergency journeys, (b) journeys outside the normal schedule, and (c) crewmen who have to attend during the hours of darkness to move the boat into inner harbour on Oileán Cléire because of bad weather and, if not, if she will immediately make provision for overtime payment in such cases; and (3) whether she will immediately make provision for the issue of suitable protective clothing to all the crew.

Is pá seachtainiúil a íoctar le foireann an bháid sin chun seirbhís chuí a chur ar fáil, aon ragobair is gá san áireamh, agus ní bhíonn ráta in aghaidh na huaire i gceist.

Fuarthas moladh le déanaí ón gCúirt Oibreachais ar éilimh thar ceann na foirne agus tá rátaí nua pá molta ar bhonn cuimsitheach: is é tuairim na cúirte nach mbeadh íocaíochtaí forlíontacha faoi mar a luaitear ag (2) sa cheist ag teacht le nádúr na seirbhíse.

Máa tá gá le héadaí cosanta is gnó don fhoireann féin éileamh a chur faoi bhráid an choiste atá i bhfeighil an bháid.

I do not know whether the Minister has ever travelled in these circumstances. Does she not accept that the crew have to operate the ferry in very difficult circumstances and occasionally in very dangerous circumstances and that, because of the hours involved, there should be a special rate of pay and not just an ordinary weekly wage to cover the situation?

Cuireadh an cheist phá seo ar fad os comhair na Cúirte Oibreachais agus rinne an ceardchumann díospóireacht ins an Chúirt Oibreachais mar gheall air. Tá mise anois ag fanacht go bhfaighidh mé tuairisc ar ais ó choiste reachtála an bháid faoi thoradh na cúise os comhair na Cúirte Oibreachais. Shocraigh an Chúirt Oibreachais nach raibh gá le híocaíochtaí speisialta mar gheall ar aon ragobair a dhéantar.

I have one other question. Is the Minister understanding of and sympathetic towards the special situation of these boatmen?

Is she prepared to meet their case in a reasonable fashion?

Déanaim é sin i gconaí ach caithfidh mise glacadh leis an rud a deireann an Chúirt Oibreachais; agus ní haon mhaith domsa glacadh leis an rud a mholann an Chúirt Oibreachais mura bhfuil foireann reachtála an bháid sásta glacadh leis freisin.

We will be back to it.

Barr
Roinn