Sin mar a tharlaíonn in aon Aireacht Stáit eile. Deireann polaiteoirí éigin gur Údarás le Fianna Fáil atá ann. Tá seachtar den Údarás tofa ag muintir na Gaeltachta. Tá 13 baill san Údarás. Toghadh na seachtar go daonfhlathach ag pobal na Gaeltachta. Thug an Teachta Donncha Ó Gallchobhair cinneadh, agus thug an Rialtas an cinneadh, nach mbeadh cead ag aon iarrthóir a bheadh ag dul os comhair pobal na Gaeltachta ainm aon pháirtí polaitíochta a chur i ndiaidh a ainm sa phaipéar toghcháin. Deineadh é sin d'aon gnó i gcaoi nach bhféadfadh aon duine a rá go raibh cúrsaí polaitíochta i gceist agus creidimse go bhfuil a gcúrsaí gnótha déanta ag Bord Udarás na Gaeltachta ar bhonn neamh-pholaitiúil ó shin i leith. B'fhéidir gur athraíodh é sin ó tháinig an Comhrialtas i gcumhacht.
Tá seachtar ball tofa, mar adúirt mé, triúr acu sin is de chuid Pháirtí Fhianna Fáil iad. Tá seisear de na baill ainmnithe. Gabhaimid síos trid an seisear go bhfeicfimid cioca atá ina mball de Fhianna Fáil. Duine amháin acu, agus abróidh mé féin é, gur cheap mise é ar bhun gur sheas sé le pobal Gaeltachta ná raibh aon fheisíre acu ar an Údarás féin, ball a sheas thar ceann Fhianna Fáil i gceantar Ghaeltacht Chorcaigh. Sin ceathrar atá in a mball de Fhianna Fáil as triúr déag.
Tá duine amháin ainmnithe thar ceann na n-oibrithe atá fostaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta ar fad, fear thar ceann an Transport and General Workers Union, fear pearsanach, agus ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a rá gur ball de pháirtí Fhianna Fáil é sin. Tá fear eile ainmnithe thar ceann an Údarás Forbartha Tionscail. Níor chuir mise aon cheist air ar bhain sé le páirtí Fhianna Fáil. An fear atá mar chathaoirleach ar an Údarás, is bainisteoir chontae é, as an gcontae len a mbaineann an tAire é féin. Tá mé cinnte go n-aontódh an tAire liom nach dtéann sé i mbun a chuid cúrsaí bainisteoireachta contae ar bhun polaitiúil. Níl fágtha ach Rúnaí Roinn na Gaeltachta. Ta seisean ann thar ceann Roinn na Gaeltachta lena chinntiú go dtuigeann an tÚdarás, go dtuigeann an Roinn, an gnó atá acu thar ceann dul chun cinn agus forbairt na Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a rá gur fear é Rúnaí Roinn na Gaeltachta—agus tá sé i láthair anseo sa Teach anocht — a chaitheann a shaol ag plé le polaitíocht aon pháirtí polaitíochta. Tá triúr déag ar an Údarás. As an méid sin níl ach ceathrar a bhfuil polasaí Fhianna Fáil acu. Ní sheasann sé sin suas.
Anois, cé tá cúisithe? Tá ar dtús comhaltaí Bhoird an Údarais fhéin. Tá na comhaltaí atá ainmnithe cúisithe. Tá na comhaltaí tofa agus mar gheall gur toghadh iad sin go daonlathach ag pobal na Gaeltachta, chuaigh siad amach, vótáil siad agus thogh siad iad ar Údarás dhaonlathach Gaeltachta. Mar gheall ar sin, tá pobal na Gaeltachta féin cúisithe. Cé eile atá cúisithe? Creidimse go bhfuil príomh-fheidhmeannach na heagraíochta cúisithe, mar is eisean atá freagrach as polasaí an bhoird a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht féin agus a chinntiú go mbeidh na feidhmeannaigh agus iad siúd ar fad atá ag obair laistigh den Udarás ag dul ar aghaidh ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeltachta agus le polasaí an bhoird a cur i gcrích. Ar deireadh, tá siad siúd ar fad atá ag obair taobh istigh den Údarás féin sa gceann áras sna Forbacha cúisithe. Céard atá curtha ina leith? Níl a fhios againn mar níl aon eolas tugtha dúinn ag an Rialtas fós. Mar adúirt mé, tá bord an Údaráis, na baill tofa, na baill ainmnithe agus feidhmeannaigh agus oibrithe an Údaráis cúisithe.
Cuirfidh sé sin lag-mhisneach, orthu siúd atá fostaithe in ard oifig an Údaráis sna Forbacha. Chonaic mise i gcaitheamh na deireadh seachtaine ó fógraíodh é seo san oíche Dé hAoine seo caite an lag-mhisneach atá curtha aige, ní hé amháin orthu siúd atá ag obair go díreach istigh san Údarás ach an lag-mhisneach atá curtha aige orthu siúd atá ag obair sna tionscail ar fud na Gaeltachta, orthu siúd a raibh aon bhaint acu i mblianta a chuaigh thart nó a bhfuil baint acu faoi láthair leis an Údarás. Tá lag-mhisneach orthu siúd. Caithfear an t-aer a ghlanadh agus má chreideann an Rialtas go bhfuil caimiléireacht ar siúl, dá thúisce mar sin a thosóidh an fiosrúchán anois isea is fearr é.
Cén dochar atá déanta ag fógairt an fhiosruithe seo? Ar dtús creidimse agus creidim go gcreideann an tAire freisin é, go bhfuil an t-uafás dochair déanta aige don chomhoibriú agus do na baill atá idir Údarás na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta go ginearálta. Tá dochar déanta aige do na tograí fiúntacha a bhfuil ag eirí leo agus a bhfuil beagnach ceithre mhíle duine fostaithe iontu ar fud na Gaeltachta. Níos measa ná sin, tá amhras cothaithe ag fógairt an fhiosruithe seo in intinn aon tionscloir atá faoi láthair i mbun comhráití no atá ag plé leis an Údarás faoi láthair le tionscal a bhunú sa Ghaeltacht amach anseo agus fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Tá amhras cothaithe aige freisin i measc an lucht airgeadais a chuireann airgead i bhfoirm iocaíochtaí, i bhfoirm iasachtaí ó na bainc mhóra nó aon fhoinse airgeadais eile sa tír.
Nuair a bhí mise mar Aire na Gaeltachta, shocraigh an bord ag an am go ndéanfaimis athbhreithniú ar an gcomórtas forbartha pobail. Labhair mise agus príomh-fheidhmeannach an Údaráis le tionsclóirí móra na tíre seo agus d'iarramar orthu teacht isteach agus tacadh le Údarás na Gaeltachta, tacadh le dul chun cinn pobail bheaga anseo is ansúid ar fud Gaeltachtaí na tíre, agus níl aon dabht ná iad siúd atá ag cur airgid ar fáil do chomórtas forbartha pobail ná gurb iad sin tionsclóirí móra na tíre seo. An bhfuil an tAire in ann a rá an leanfar leis an cineál sin airgeadadh i mbliana nó an chéad bhliain eile. Ní dóigh liomsa go bhféadfadh aon tionsclóir mór geallúint a thabhairt anois go bhféadfadh seisean leanúint ar aghaidh nuair atá airgead cothaithe ag an Rialtas ins an eagraíocht ina bhfuil sé féin.
Tá sé ráite ag polaiteoirí ar an dtaobh sin den Teach gur cuireadh airgead an Údaráis amú i mblianta a chuaigh thart. Tá sé ráite gur cuireadh airgead isteach i dtionscail go raibh sé chomh maith a chur i bpoll. Aontóidh chuile dhuine gur cuireadh airgead i dtionscail nár éirigh leo ar chúis amháin nó ar chúis eile, ach creidimse má rinne an tÚdarás tada ó chuaigh siad i gcumhacht gur thógadar cinneadh láidir, cinneadh misniúil dhá bhliain go leith ó shin nó mar sin nuair a shocraíodar deireadh a chur leis an gcineál sin tionscail, tionscail nach raibh aon tsúil acu go n-eireodh leis amach anseo. Creidim gur cinneadh misniúil é sin do dhaoine a bhí tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus ar chuir sé isteach go mór orthu féin go pearsanta b'fhéidir ina gceantair féin dá gcuirfí deireadh leo siúd.
Nuair a thógadar cinneadh misniúil den tsórt sin, sílimse gur cheart go dtabharfaidh an Rialtas seans dóibh dul i mbun a ngnótha agus má tá tuilleadh de na tionscail seo ar fud na Gaeltachta anseo is ansúd go mbeadh deis acu an cinneadh céanna a thógáil ina leith siúd.
Nuair a bhí mise mar Aire Gaeltachta bhí me géar go minic ar Údarás na Gaeltachta. Bhí mé géar go pearsanta, go priomháideach agus bhí mé géar go poiblí. Mar urlabhraí Ghaeltachta sa bhFreasúra thug mé agallamh do Radio na Gaeltachta tá trí seachtaine ó shin inar dhúirt mé go raibh fadhbanna leis an Údarás. Bhí mé géar ach creidim go raibh mé dearfa agus creidim go bhfuil sé fiorthábhachtach ar mhaithe leis an Údarás agus ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeltachta go mbeadh aon duine, aon pholaiteoir, is cuma ar urlabhraí nó Aire atá i gceist, géar chun maitheasa na heagraíochta, chun maitheasa na Gaeltachta, chun maitheasa na tíre, sa deireadh thiar, go mbeimís géar, go mbeimís criticiuil ach go mbeimís freisin dearfa.
An rud is mó a chuireann alltacht ormsa faoin bhfiosrúchán seo ná an tslí inar fógraíodh é. Níl a fhios agam ar fhógair Rialtas ar bith sa tir seo cinneadh chomh tábhachtach leis an gcineál seo in abairt amháin no i ndá abairt, rud a thuig na paipéir agus na meáin chumarsáide go ginearálta. An rud a fheicimse atá ag tarlú ná rud ar bith a thagann chomh fada leis an tSionainn go gcuirtear stop le haon airgead d'aon áit atá taobh thiar de sin agus go bhfoire Dia ar an Aire, mar tá cosúlacht ar an Aire le breathnú air go bhfuil an-deacrachtaí aige sa Rialtas faoi láthair.
Cuireann sé alltacht orm freisin nuair atá cinneadh le tógáil, is cuma an cinneadh misniúil é, nó cinneadh ceart nó cinneadh mí-cheart, nach é an ComhRialtas a fhógraíonn é ach gur Aire soisialach nach bhfuil ina bhall den Rialtas ar chor ar bith a fhógraíonn an cinneadh seo. Tharla sé i gcás roinnt rudaí eile in iarthar na hÉireann cheana. Tharla sé i gcás cursaí cánach. Tá sé ag tarlú anois gur Aire soisialach a d'fógair an fiosrúchán seo tá seachtain ó shin ann, agus cuireann sé i gceist an bhfuil níos mó cumhachta ag Aire sóisialach nach bhfuil ina bhall den Rialtas ná mar atá ag Aire Rialtais sinsireach a bhíonn istigh ag cruinnithe an Rialtais.
B'fhéidir go raibh sé soiléir nuair a tháinig na Meastacháin amach go raibh rud éigin ag tarlú do Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhreathnaíonn tú ar chúrsaí meastacháin an Údaráis don bhliain seo, feiceann tú ar a bpointe go bhfuil gearradh siar ar mheastacháin chaipitil 37 faoin gcéad seachas mar a bhí anuraidh. Ciallaíonn sé sin go soiléir nach mbeidh deis ag an Údarás, nach mbeadh an t-airgead acu, dul ar aghaidh le monarchana a thógáil, nó na monarchana atá a dtógáil faoi láthair ní bheidh deis acu iad a chríochnú. Má bhreathnaíonn tú ar na meastacháin iomlán do Údarás na Gaeltachta feicfidh tú go bhfuil ciorrú 23.5 faoin gcéad agus ní thógann sé sin an ráta boilscithe ag an am i gceist ar chor ar bith. Má chuireann tú é sin leis, tá sé suas go dtí 40 faoin gcéad. Mar sin, b'fhéidir gur cheart go mbeimís ag súil go mbeadh cinneadh den tsórt sin á thógáil ag an Rialtas atá ann faoi láthair.
Feicimse gur red herring atá sa fógra ar fad. Feicim dáiríre, nuair a labhraíonn an Rialtas faoi bhunreacht, is cuma an bunreacht le, mar a dúirt an tAire aréir, caipiteal C nó c beag atá i gceist, feicim gurb é an bunús atá leis ná go gcreideann an Rialtas seo gur cheart deireadh a chur le Údarás na Gaeltachta. Más fiór é sin, is céim siar é ní hé amháin don Ghaeltacht ná do phobal na Gaeltachta ach don tír ar fad. Beidh suim agam san méid a bheidh le rá ag an Aire mar ní dúirt sé tada san agallamh a thug sé aréir.