Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 May 1982

Vol. 334 No. 7

Adjournment Debate. Údarás na Gaeltachta.

The interest of the Workers' Party in this issue is not just of recent origin. My party's weekly newspaper, The Irish People, has been raising questions about Gaeltarra Éireann and subsequently about Údarás na Gaeltachta since they took over in 1980. We have been raising questions about this matter for the past five years. The reasons for our interest and concern have been based on our interest and concern for the Irish language and the development of the Gaeltacht. Huge sums of taxpayer's money are involved and that means the money of those within the PAYE system. We question whether we are getting value for the money invested.

Our suspicions were sharpened when, despite continuing questioning by us, the national media did not take up the important issues we raised concerning Údarás na Gaeltachta. It is clear from what we have found that things have been going wrong for a very long time and a policy review is long overdue.

The purpose of Gaeltarra Éireann and subsequently of Údarás na Gaeltachta was the industrial development of Gaeltacht areas. By any yardstick that has been a failure because the Gaeltacht continues to decline and because the cost of jobs provided has been an astronomical £100 million for a net creation of 3,000 jobs, most of which were lame ducks if not dead ducks from the start.

Another vital question is why this waste of State resources continues even though each project has to be passed by Údarás na Gaeltachta, the Department of Industry and Energy, the Minister for the Gaeltacht and the IDA. We believe the reason is that proposed industrialisation is not subject to rigorous examination as to viability but results from the operation of a massive patronage system. Every Member wants a factory in his backyard and when advance factories are built it is a question of finding somebody to set up there, whether he will provide five or 20 jobs. The curious thing is that the larger the number of jobs provided the less critical the examination of the viability of the project.

In effect we have had the operation of the worst form of parish pump gombeen politics, a vast system of patronage whereby politicans could provide sops for their areas to cover the lack of any real planning for real industrial development. There was no criticism of this policy because the whole thing fitted into a system and the Gaeltacht was, in effect, a sacred cow and for that reason it was very rarely questioned. Anyone who questioned the validity of spending this money ran the risk of being dubbed a traitor to the language.

The real position is that a lot of money is being made by a small group of sharp gombeen business people while the language and the Gaeltacht slowly die. Is it not ironic that in areas such as Ballymun and Inchicore people who have a genuine interest in developing the language are finding that obstacles are being placed in their way? They have been trying to find a site for a school in Inchicore for the past five years and still have not succeeded.

Last December the Coalition decided to have an investigation into the activities of Údaras na Gaeltachta, a decision brought about mainly through a combination of pressure and exposure in The Irish People and growing concern among the staff of the Údarás at the massive waste of public money. Four months later nothing had been done to investigate anything and the Coalition finally “copped out” by ordering a Fraud Squad investigation. While on the surface that decision seems to be a bigger step than having an internal investigation, in reality it sidesteps the main issue. Why was so much money spent with so little return? Is the strategy of building chewing gum factories on the rocks of Connemara a realistic industrial development when the area is without infrastructure? Who makes the policy decisions? What are the objectives? Are they attainable? The Fraud Squad will not be able to answer those questions. I have no doubt that it is not a question of misappropriation of funds but the misapplication of funds and the Fraud Squad will probably say that there has not been any fraud apart from slight errors in accounting procedures which occur in any company.

There must be a total review of policy in relation to the Gaeltacht from the very basic question of whether it is realistic to talk in terms of saving the Gaeltacht right through to the question of how that can be done.

It is extremely difficult to industrialise geographically remote areas and it is impossible if the infrastructure of roads and telecommunications is not present, apart from the fact that such a policy is attempting to restructure society away from the urbanisation which has been a constant feature of development over generations. It has not succeeded to date and unless there is a serious review of policy it will not succeed in the future. It is no excuse for the Údarás or anybody else to say that failure is due to the lack of infrastructure. The infrastructure did not exist 20 years ago when this policy was conceived and it still does not exist.

Údarás na Galetachta are a good example of how State agencies are abused by the gravy train merchants. CIE are another good example of this. State companies are used to shore up private enterprise and to provide handouts to people who have not any worthwhile economic or industial ideas. There is no reason why a person who has a worthwhile industrial idea should not receive grants from the IDA. Gaeltacht grants are not much larger than IDA grants and the main reason that factories locate in the Gaeltacht is that they are marginal high risk investments. One must compare the treatment meted out to Ardmore Studios by the Minister for Industry and Energy, when they incurred comparatively tiny losses, and the manner in which the Údarás throw money into companies with wild abandon. There is clearly a double-think in relation to the Gaeltacht and industrial development.

The most obvious symptom of the problems of the Údarás arises from the accounts released during the past few days which show a declared loss of £11.5 million for the year 1980. From the proceedings of the last couple of hours I feel that a more realistic figure would be £14.5 million not of a loss but rather a write-off of assets. Reliable sources also indicate that the write-off for the year 1981 could be a further £6 million or £7 million which would make a total write-off for the first two years in the operation of Údarás na Gaeltachta of almost £20 million.

Possibly the most disturbing aspect of it is the question which is continually avoided, and that is the manner in which it would appear that this House has advanced money to Údarás na Gaeltachta over and above the limits set by this House in the 1979 Act which states clearly that the Údarás should not have an advance of more than £50 million. I put a question down to the Minister and I got a written answer the other day which indicates that Gaeltarra had advances of £41.7 million and that a further £22 million was given to Údarás na Gaeltachta, and clearly that adds up to more than £50 million. No good answer has yet been given to me or to anybody else of whom I am aware which indicates how £22 million and £41.7 million can add up to £50 million.

To conclude, it is essential for the Government to establish immediately a public inquiry into the affairs of Údarás na Gaeltachta and to review the policy of development for the Gaeltacht areas.

An sórt cainte atá cloiste againn anocht, bunaithe dár ndoigh ar chúlchaint agus ar ráflaí, atá ag déanamh an-dochar don teanga agus do na Gaeltachtaí agus is mór an trua go bhfuil an Teachta seo ag baint feidhme as an tseift sin chun a ghnó a dhéanamh. Cuireann sé imní orm freisin nach raibh an Teachta úd in ann ná sásta a ghnó a dhéanamh ins an teanga dhúchais, an Ghaeilge, mar tá Gaeilge go líofa ag an Teachta sin. Cén fáth nach mbeadh sé sásta an Ghaeilge a úsáid san Dáil ar an ócáid seo? An amhlaidh go gceapann sé nach mbeidh saorphoiblíocht le fáil aige? An é sin an chúis atá aige maidir leis a ghnó a dhéanamh as Béarla, mar tá Gaeilge go líofa aige? Is minic a chuala mé é ag caint as Gaeilge agus ba chóir go mbeadh sé sásta as seo amach a ghnó a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí na teanga ins an Teach seo ins an teanga dhúchais.

Is amhlaidh go bhfuil an Teachta sin ag tagairt don tuarascáil bliantúil 1980 a foilsíodh le déanaí. Is dócha go bhfuil leathanach 42 ar an gclár infheistíochta ag déanamh trioblóide dó. Foilsítear na híocaíochtaí le gach cuideachta ins an tuarascáil sin agus i gcuntais an Údaráis agus léirítear infheistíochtaí a bhíonn díscríofa. Freisin, tá gach rud soiléir ins an tuarascáil maidir le fostaíocht, scaireanna, deontais chaipitil, deontais oiliúna, agus tá briseadh mion ann des na fo-thionscail, comhthionscail, tionscail eile agus na mion-tionscail ar íocadh deontais ina leith. Ullmhaíodh na cuntais sin san fhoirm a cheadaigh Aire na Gaeltachta le comhthoiliú an Aire Airgeadais de réir alt 18 den Acht un Údarás na Gaeltachta, 1979. Níl rud ar bith ceilte sna cuntais sin agus tá an clár comhardaithe sínithe mar is cóir. Níl stop curtha agamsa le haon fhiosrúchán maidir le cúrsaí Údarás na Gaeltachta. Tá an fhoireann caimiléireachta ag déanamh a ghnó maidir le litir a fuair an t-iar-Aire agus a thug sé os comhair an Rialtais ar an 23 Feabhra 1982.

Níl toradh ar na fiafruithe sin fós agus ní cóir domsa aon tagairt a dhéanamh nó aon ní dá raibh sa litir a lua ag an bpointe seo. Nuair a bheidh toradh na scrúduithe sin ann beidh me lán-tsásta ráiteas a dhéanamh go poiblí. Is léir domsa ag an bpointe seo go mbeidh a lán ráiteas le déanamh ag a lán daoine ag an am sin, agus ba mhaith liomsa ag an am sin cuireadh a thabhairt don iar-Aire, agus do dhaoine eile a raibh baint faoi leith acu le cúrsaí agus le himeachtaí sna Gaeltachtaí le tamall míosa anuas.

An fiosrúchán a luadh sa Dáil ar an 26 Eanáir 1982 ag an iar-Aire agus nach raibh dréacht fiú amháin de théarmaí tagartha ar fáil sa Roinn nuair a ceapadh mise mar Aire, níl aon rud déanta agamsa go dtí seo agus ní chreidim go bhfuil gá lena leithéid. Is é mo thuairim féin go bhfuil an t-iar-Aire ar an intinn céanna liomsa maidir leis an cinneadh Rialtais de 8 Nollaig 1981. Tá seans aige féin ráiteas soiléir a dhéanamh go luath ar a imeachtaí féin san tréimhse íontach a chaith sé dá Aireacht i Roinn na Gaeltachta.

Tá irisí ann san am atá ann anois agus tá feachtas ar siúl acu an méid dochair agus is féidir a dhéanamh d'Údarás na Gaeltachta, agus, ag dul le sin, do theanga dhúchais na tíre seo. Ní chuirfidís isteach ormsa mo dhualgas a chomhlíonadh agus is é sin na Gaeltachtaí a chaomhnú agus an teanga a chothú freisin. Tá caomhnú agús neartú na nGaeltachtaí thar a bheith tábhachtach don tír seo mar is sa Ghaeltacht atá an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht, an teanga bheo. Tárlaíonn gur ceantair iargúlta is mó atá i gceist, le bunstructúr lag agus daonra atá ag dul i laghad le fada agus gan tionscail ar fiú trácht orthu bunaithe ansin go dtí le déanaí. Tagann de sin go léir go bhfuil fadhbanna móra le réiteach ar fud na Gaeltachta. Is d'aonghnó le tabhairt faoi na fadhbanna sin a bunaíodh Gaeltarra Éireann ar dtús agus, ina dhiaidh sin, Údarás na Gaeltachta.

Le blianta beaga anuas tharla géarchéim ola agus cúlú eacnamaíochta ar fud an domhain agus bhí deachrachtaí dá réir le tionscail a bhunú nó a choimeád ar siúl agus bhí na deachrachtaí sin in áiteanna a bhfuil i bhfad níos mó buntáistí acu ná mar atá sna Gaeltachtaí. Chomh maith leis sin bhí srianta reachtúla a thug ar Ghaeltarra scaireanna a ghlacadh ina lán comhlachtaí.

Ní foláir dúinn nithe mar sin a chur san áireamh nuair a bhíonn léirmheas á dhéanamh againn ar a bhfuil bainte amach go dtí seo. Is fíor nár éirigh le roinnt tionscal sa Ghaeltacht agus gur beag an toradh atá fágtha ar airgead poiblí a caitheadh orthu. Ach ní hionann é sin agus a rá nach raibh gach dícheall déanta chun tionscail mhaithe a roghnú agus a fhorbairt. B'fhéidir go rabhthas ró-dhóchasach anois agus arís ach sílimse gurbh fhearr é sin ná bheith róéadóchasach, mar is annamh nach mbíonn baol éigin ag gabháil le tionscal nua: dá ngéillfí don dearcadh diúltach i gcónaí ní fhéadfaí dul chun cinn ar bith a dhéanamh. Ní dóigh liom gur féidir bheith ag súil go n-éireoidh go maith le gach uile thionscal lena gcabhróidh an tÚdarás ach, ag an am chéanna, níor mhaith liom go dteipfeadh ar mhórán acu.

Creidim go bhfuil ceachtanna foghlamtha ónar tharla roimhe seo agus go bhféachfar chuige feasta go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir: tig liomsa a dhearbhú go ndéanfaidh mé féin mo dhícheall chuige sin. Ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir nach raibh agus nach bhfuil eolas ar bith á cheilt ag Gaeltarra ná ag an Údarás: tá sonraí an chaiteachais le fáil sna tuarascálacha agus sna cuntais atá foilsithe. Is féidir teacht ar na híocaíochtaí a rinneadh le gach uile thionscal agus, i gcás na bhfothionscal agus na gcomhthionscal ina mbíonn scaireanna ag an Údarás, luaitear na cinn ina mbíonn infheistíochtaí díscríofa.

Ó mhí Eanáir seo caite rithfeadh sé le duine gurb amhlaidh atá dream éigin ag iarraidh dochar a dhéanamh don Údarás d'aonghnó. Tá rud amháin cinnte agus is é sin nach cabhair ar bith don Údarás ná don Ghaeltacht go mbeadh ráflaí á scaipeadh agus drochphoiblíocht á cothú: is rudaí iad sin a chuireann lagmhisneach ar an eagraíocht agus a dhéanann an obair níos deacra fós trí thionsclaithe a mbeifí ag iarraidh iad a mhealladh go dtí an Ghaeltacht a chur ó dhoras. Is comhoibriú agus tacaíocht a bhíonn ag teastáil ón Údarás le go bhféadfar dul chun cinn mar is mian linn a dhéanamh sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom a rá nach léir domsa go dtí seo go bhfuil gá le fiosrúchán den saghas a luaigh an t-iar-Aire anseo sa Dáil ar an 26 Eanáir. Ar an ócáid sin dúirt sé gur tháinig an t-iar-Rialtas ar chinneadh áirithe ar an 8 Nollaig seo caite, ach, chomh fada agus is féidir liomsa a dhéanamh amach, ní raibh sa chinneadh sin ach go rachadh sé féin agus an tAire Airgeadais i gcomhairle lena chéile agus go dtiocfaidís ar ais go dtí an Rialtas arís. Nuair a ceapadh mise mar Aire, áfach, ní raibh fiú amháin dréacht de na téarmaí tagartha ar fáil.

Níl spéis agamsa i ráflaí éiginnte ach, má tá fianaise ag aon Teachta nó aon duine eile gur tharla caimiléireacht de chineál ar bith in aon ní a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta, iarraim air an scéal a bhreacadh síos, é a shíniú agus a chur chugam. Tig liom a gheallúint go bhféachfaidh mé chuige go scrúdófar aon fhianaise mar sin go fíorchúramach agus go ndéanfar aon ní is gá chun cúrsaí a chur ina gceart.

Mar fhocal scoir, ná bíodh aon eagla ar an Teachta maidir le réamhscoileanna agus bunscoileanna lán-Ghaelacha a bhunú sa chaithair seo. Déanfaidh mise an rud is gá agus is riachtanach chun an Ghaeilge a chothú, ní amháin sna Gaeltachtaí ach thart timpeall na tíre ar fad, agus geallaim é sin dó. Ba mhaith liom anois go mbeadh deireadh leis na ráflaí agus leis an chúlchaint maidir le gníomhaíochtaí agus imeachtaí Údarás na Gaeltachta agus na Gaeltachtaí le fada an lá.

Will the Minister say if he will give a site to Gaelscoil Inchicore?

Ní ceadaítear ceisteanna ar ócáid mar seo.

The Dáil adjourned at 9 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 19 May 1982.

Barr
Roinn