Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Jun 1982

Vol. 336 No. 1

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

1054.

asked the Minister for the Gaeltacht if his attention has been drawn to a statement made by existing board members of Údarás na Gaeltachta that they requested an inquiry into the affairs of the Údarás; and if he will indicate if those elected members are still satisfied that a public inquiry should be held.

Níor chuir aon chomhalta d'Údarás na Gaeltachta in iúl domsa gur mhaith leis go mbeadh fiosrúchán mar sin ann.

1055.

asked the Minister for the Gaeltacht the provisions which have been made in the accounts of Údarás na Gaeltachta for losses for the year ended 31 December 1981.

Is d'aonghnó chun eolas a chur ar fáil do Theachtaí a leagtar cuntais faoi bhráid na Dála agus ní gnách eolas a bhíonn iontu a thabhairt roimhe sin.

1056.

asked the Minister for the Gaeltacht when he expects to have the audited accounts of Údarás na Gaeltachta placed before the Dáil; and the reason Údarás accounts are not the subject of discussion in the Dáil before being made public.

Tá iarrtha agam ar Údarás na Gaeltachta brostú leis an tuarascáil agus na cuntais don bhliain 1981 a chlóbhualadh i dtreo go bhféadfar cóipeanna a leagan faoi bhráid na Dála a luaithe is féidir. Níl aon fhoráil ann faoina mbeadh cuntais an Údaráis le plé sa Dáil sula gcuirfí ar fáil don phobal iad.

1057.

asked the Minister for the Gaeltacht if the 1980 accounts of Údarás na Gaeltachta had been with Members of the Dáil for 21 days prior to their being made public.

Leagadh na cuntais sin faoi bhráid na Dála sular foilsíodh iad agus ní léir dom cén bhaint atá ag 21 lá leis an scéal.

Barr
Roinn