Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Tory Island (Donegal) Landing Facilities .

7.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will provide finance for breakwater and landing facilities on Tory Island, County Donegal.

: Tá iarrtha ar Oifig na nOibreacha Poiblí réamh-shuir-bhéireacht a dhéanamh le go bhféadfar moltaí a cuireadh faoi bhráid mo Roinne le déanaí a mheas. Nuair a bheidh tuarascáil ar fáil ón oifig sin breithneofar an scéal ar fad.

: An nglacann an tAire leis go bhfuil géar-riachtanas leis na háiseanna seo os rud é nach bhfuil na báid bheaga ábalta dul amach i rith an gheimridh agus go bhfuil siad riachtanach chomh maith le haghaidh báid níos mó a chur isteach nó leis na trálaerí a chur isteach i rith an gheimhridh. Chomh luath agus a bhfaighidh sé scéal ó Oifig na nOibreacha Poiblí an gcuirfidh sé airgead ar fáil ansin chun an job seo a chur i gcrích?

: Tá an suirbhéireacht seo le déanamh go fóill. Is é an fáth nár deineadh roimhe seo é ná gur cheap Oifig na hOibreacha Poiblí go mba cheart é a dhéanamh i rith an tsamhraidh nó nuair a bheadh feabhas ar an aimsir toisc go bhfuil sé le déanamh ar an gcósta ansin agus nach mbeadh siad ábalta é a dhéanamh dá mbeadh gaoth mhór ann agus dá mbeadh an fhairrge garbh. Tá súil agam go bhfuil sé idir lámha acu anois. Níl mé cinnte. Bhí sé le tosnú taréis na Cásca agus chomh luath agus a thiocfas tuarascáil uathu ar an suirbhé a bheas déanta acu, beidh mise ábalta breathnú air agus cinneadh a dhéanamh air.

: An bhfuil an tAire cinnte faoin seirbhís seo atá le déanamh ag an OPW? An gcuirfidh sé féin mar Aire Ghaeltachta brú ar an Aire Stáit chun an tseirbhís seo a thosnú taobh istigh de cúpla seachtain nó chomh luath agus is féidir?

: Beidh siadsan ag fanacht le haghaidh feabhas ar an aimsir ar eagla go mbeadh siad ag cur airgid amú.

: An gcuirfidh an tAire brú orthú?

: Cuirfidh mé.

: An n-aontódh an tAire go bhfuil práinn leis an obair seo, mar de réir mar atá ag tarlú i láthair na huaire ní bheidh duine ar bith fágtha i dTóraigh i gceann cúpla bliain eile.

: Glacaim go hiomlán leis an gá atá leis an obair seo. Is sampla amháin é seo de áit a gheobhaidh bás muna ndéanfaí rud éigin. Glacaim le sin. Tá daoine ann faoi láthair atá ag fágáil an oileáin.

: Cad mar gheall ar an aerstráice? An bhfuil sé caillte?

: Ar Oileán Tóraigh?

: Sea, bhí sé á bhreathnú ag an Údarás, nach raibh?

: Níl sé a phlé faoi láthair. Bhuail mé le toscaireacht amháin inné ó Oileán Tóraigh agus níl siad ag caint anois faoi aerstráice——

: Bhi sé faoi bhráid an Údaráis tamall ó shin.

: Bhí, ach chomh fada is eol dom níl suim ag muintir Thóraigh anois ann. Bhí seirbhís helicopter i gceist acu——

: Cad mar gheall air sin?

: Bhí sé sin ann in am ghátair agus beidh sé le fáil sa ghná chaoi as seo amach.

: Ní bheidh seirbhís rialta ann?

: Ní bheidh.

: Bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil aerstráice de dhith ar mhuintir Thóraigh? Má tá airgead le caitheamh ag an Aire ansin tá fhios agam nach priority é aerstráice ach tá aerstráice de dhíth orthu.

: Séard atá mé ag ra, fiú amháin, nar luaigh an toscaireacht é sin inné tú. Is é an chéad rud a bhí ag teastáil uathu ná áis le haghaidh bád a thógáil isteach.

: Tugfar freagra scriófa ar Cheist 8.

Barr
Roinn