Estimates, 1983. - Vote 36: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £14,115,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1983, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Tá beagnach £20 milliún á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Anuas ar an nglaniomlán £14,115,000 atá i Leabhar na Meastachán tá soláthar caipitil neamhvótáilte mar a leanas ar fáil ó fhoinsí eile:

—airleacan a íoctar díreach as an Státchiste: £5.3 milliún atá i gceist i mbliana, agus

—iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe: £110,000 atá údaraithe don bhliain reatha.

Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná:

—£1,000,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht):

—£1,380,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £880,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt;

—£1,383,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus nuachtáin Ghaeilge;

—£1,900,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Gaeilge; agus

—£7,600,000 d'Údarás na Gaeltachta idir caiteachas reatha de chineálacha éagsúla agus caiteachas caipitil ar dheontais: tugann sé sin agus an t-airleacan a luaigh mé an t-iomlán ón Stát don Údarás go dtí £12.9 milliún.

Is ar éigean is gá dom a rá gurbh fhearr liomsa dá mbeadh ar chumas an Rialtais soláthar airgid níos mó fós a chur ar fáil dom i gcaoi go bhféadfainn caitheamh go fial le gach uile dhream a bhíonn ag lorg cúnaimh. Ach, ó tharla go bhfuil laghdú beag i soláthar na bliana reatha i Vóta na Roinne i gcomparáid leis an gcaitheachas anuraidh, níl dul as ach gearradh siar a dhéanamh anseo agus ansiúd. Ag an am céanna táim sásta go ndéanfar dul chun cinn maith ach cur chun oibre go cúramach, tuisceanach, stuama.

Tá an-obair déanta ón mbliain 1929 i leith leis an gcúnamh a thugtar faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus tá rian na hoibre sin le feiceáil go forleathan ar fud na Gaeltachta, áit a bhfuil an caighdeán tithíochta chomh hard ar a laghad agus atá sé i gcearn ar bith eile den tír. Is mór an chreidiúint atá ag dul do mhuintir na Gaeltachta dá bharr sin.

Ó tharla go bhfuil ganntanas airgid ann i mbliana ar chúiseanna atá soiléir tá deontais áirithe nach bhfuil á gceadú. Níl curtha ar fionraí, áfach, ach na deontais is lú a chuirfidh as do mhuintir na Gaeltachta, is iad sin, deontas tógála do dhuine a bhfuil an dara teach cónaithe á thógáil aige agus teach maith aige cheana féin, deontais do sheallaí saoire ar beag an glaoch a bhí orthu le roinnt blianta agus an deontas chun cúlchoire nó fearas dóite soladbhreosla a chur isteach in ionad córais eile. Féachfar chuige go leanfaidh na deontais a bhfuil tábhacht mhór leo do mhuintir na Gaeltachta.

Ceapadh na Scéimeanna Feabhsúcháin d'fhonn saoráidí breise a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta ina mbíonn an Ghaeilge i réim mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail. Cuidíonn na scéimeanna le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta — scéimeanna uisce agus séarachais, muiroibreacha, bóithre áise agus portaigh, hallaí agus coláistí Gaeilge, áiseanna chaitheamh aimsire, cúnamh do chomharchumainn agus saoráidí eile.

Nuair atá soláthar na bliana seo do na scéimeanna feabhsúcháin á chur i gcomparáid le caiteachas 1982, ba chóir a chur san áireamh gur tharla caiteachas eisceachtúil anuraidh: mar shampla, bhain costas mór le bád nua farantóireachta d'Oileán Cléire i gContae Chorcaí agus tugadh cúnamh speisialta éigeandála do chomharchumainn. Ag an am céanna tig liom a rá nár thug sé aon sásamh domsa a fhógairt go raibh an ciste a bhíodh ar fáil do bhóithre laghdaithe agus go gcaithfí díriú go príomha ar bhóithre a raibh deontais ceadaithe ina leith anuraidh ach nach raibh an obair orthu críochnaithe. Ach, faoi mar a luaigh mé cheana, ní raibh dul as ach gearradh siar ag féachaint don ghéarchéim airgeadais.

Tá sé ráite agam go minic cheana gur chóir go mbeadh tionchar an-mhór ag comharchumann áitiúil, ach é a bheith ag feidhmiú go héifeachtach, i bhforbairt iomlán a cheantair feidhme — forbairt eacnamaíoch agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dúchais. Tar éis dom soláthar airgid i bhfad níos mó ná mar a fuair siad riamh roimhe sin a chur ar fáil anuraidh ar mhaithe leis na comharchumainn is cúis díomá dom nár éirigh le roinnt acu eagar sásúil a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí. Is iad féin a bhíonn i mbun oibre ar an láthair agus is orthu atá an cúram féachaint chuige go mbeidh eagar ceart ar na gnóthaí a bhíonn idir lámha acu: ní féidir leo an fhreagracht sin a chur ar an Stát ná ar aon dream eile. Caithfidh siad a aithint chomh maith go bhfuil teorainn leis an gcúnamh is féidir leis an Stát a thabhairt dóibh.

Is é mo thuairim, áfach, gur fiú iarracht eile a dhéanamh chun comhairle a leasa a chur ar chomharchumainn a bhfuil fadhbanna móra acu agus gur trí choiste oifigiúil, mar a bhí ag feidhmiú cúpla bliain ó shin, is fearr is féidir é sin a dhéanamh. Dá réir sin beidh coiste leis an ionadaíocht chéanna á thabhairt le chéile agam gan mhoill.

Is é an ceann is tábhachtaí agus is costasaí—£900,000 measta i mbliana—de na scéimeanna cultúrtha agus sóisialacha a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse ná Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar deontais díreach le mná tí cáilithe sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta ar iostas acu. Bhí ar mo chumas anuraidh an deontas sin a mhéadú go dtí £2.25 in aghaidh an lae do gach dalta ach, le cúrsaí airgeadais mar atá, bhí orm cloí leis an socrú a bhí déanta sular ceapadh mé, is é sin gan aon mhéadú a thabhairt i mbliana. Ar ndóigh, níl sa deontas ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul do na mná tí i leith na bhfoghlaimeoirí: bíonn an chuid eile le fáil ó lucht na gcoláistí Gaeilge a ghearrann táillí cuí ar na tuismitheoirí. Is mian liomsa go mbeadh luach saothair maith ag na mná tí a chuireann cóiríocht shásúil ar fáil do na daltaí agus go bhféachfadh lucht na gcoláistí chuige sin.

Maidir leis an dá nuachtán sheachtainiúla,Inniu agus Amárach, ní miste a rá nach bhfuil éileamh mór ar cheachtar díobh agus nach bhfuil ar mo chumas, leis an nganntanas airgeadais, an cúnamh atá á lorg acu araon a sholáthar dóibh. Tá coiste beag bunaithe agam chun staid an dá nuachtán a scrúdú agus moltaí praiticiúla a chur ar fáil dom a luaithe is féidir maidir leis an tslí is éifeachtaí chun nuachtán fiúntach amháin, a ghlacfadh ionad an dá nuachtán sin agus a thuillfeadh ioncam maith, a chur á fhoilsiú le deontas réasúnach. Tá dóchas agam go mbeidh lucht Inniu agus Amárach páirteach in aon nuachtán nua a bhunófar.

Chomh maith le Bord na Gaeilge bíonn deontais le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge as Chiste na Gaeilge—Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tig leis na heagrais dheonacha cúnamh nach beag a thabhairt i gcur chun cinn na Gaeilge. Beidh tuilleadh le rá agam ar ball faoi Bhord na Gaeilge agus faoin bplean a foilsíodh le déanaí don teanga.

Is cúis sásaimh dom a rá gur méadú a tháinig anuraidh ar an bhfostaíocht lánaimsire faoi scáth Údarás na Gaeltachta; sna tionscail ar chabhraigh Gaeltarra Éireann agus an tÚdarás leo tharla méadú 133 go 4,144 i rith na bliana 1982. Ní beag an dul chun cinn é sin mar tá obair an-deacair le déanamh ag an Údarás chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil—go háirithe ag féachaint don chúlú domhanda eachamaíochta.

Tig liom a lua freisin go bhfuiltear ag súil le roinnt mhaith post eile i dtograí a bhí ceadaithe gan a bheith faoi lánseol i ndeireadh na bliana seo caite agus i dtograí a ceadaíodh ó thús na bliana seo. Chomh maith leis sin tuigim go bhfuil tograí á bplé faoi láthair le sprioc fostaíochta de thart ar 450 post. Anuas air sin tá roinnt deontas ceadaithe ag an Údarás ó thús na bliana chun a chumasú do chomhlachtaí atá i mbun gnó cheana féin obair thaighde agus fhorbartha agus staidéir fhéidearthachta a dhéanamh agus, dá dtiocfadh gnóthaí trádála dá mbarr, d'fhéadfadh fostaíocht a bheith i gceist do 200 duine breise.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú le barr éifeachtachta ar mhaith leis an nGaeltacht agus is é sin an aidhm atá againn go léir. Tig liomsa a dhearbhú go ndéanfaidh mé gach uile rud a bheidh ar mo chumas le féachaint chuige go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir. Bíonn cruinnithe agam go rialta le comhaltaí agus lucht bainistíochta an Údaráis chun cúrsaí a phlé agus fadhbanna a réiteach.

Faoi mar is eol don Teach, beidh Comhchoiste um Chomhlachtaí Státtionscanta Tráchtála le ceapadh go luath agus beidh deis acu díriú ar an Údarás aon uair is mian leo chun tuarascálacha agus cuntais agus torthaí oibríochta i gcoitinne a scrúdú agus moltaí a dhéanamh más cuí. Is deimhin liom go mbeidh an comhchoiste ag iarraidh moltaí a chuideoidh leis an Údarás a chur ar fáil.

Tá Bord na Gaeilge ag feidhmiú anois ón mbliain 1975 i leith — ar bhonnad hoc i dtús báire — agus tá cúram trom leagtha air. Baineann an cúram sin, ar ndóigh, le mórchuspóir tábhachtach náisiúnta atá chomh fairsing agus chomh hiltaobhach le saol an phobail.

Faoi mar is eol don Teach ghlac an Rialtas leis an bplean gníomhaíochta ceithre bliain don Ghaeilge a d'ullmhaigh an bord agus bhí de phribhléid agamsa é a chur i láthair an phobail cúpla mí ó shin. Is fada atáimid ag feitheamh le córas faoina bhféadfaí an teanga a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte. Tá ceithre mhórréimse i gceist sa phlean — an Ghaeltacht, an Pobal, an Stát, agus réimse an Oideachais. B'fhéidir nár miste a rá nach plean cuimsitheach atá i gceist ag an bpointe seo ach plean oibre teoranta ceithre bliana a bhfuil cuid mhaith de na spriocanna ann aontaithe leis na daoine a bheidh á gcur i bhfeidhm. Aon áit nach raibh deis ann na spriocanna a aontú beidh an obair sin ar siúl go leanúnach le daoine agus le heagrais éagsúla i dtreo go mbeidh barr feabhais agus foirfeachta á chur ar an bplean.

Is dóigh liom gur glacadh go maith leis an bplean tríd is tríd agus go mbeidh fonn ar an bpobal comhoibriú lena chur i bhfeidhm. Is é sin an chuid is tábhachtaí den obair, dáiríre: is beag is fiú plean, dá fheabhas é, mura bhféadfar na spriocanna ann a bhaint amach. Is gá gach uile dhream sa tír a chur ag obair as lámha a chéile agus beidh páirt thábhachtach san obair sin ag Teachtaí Dála ní amháin in úsáid na Gaeilge sa Teach seo ach sa tacaíocht is féidir leo a thabhairt ina gcuid oibre agus ina saol príobháideach ar fud na tíre. Beifear ag brath ar Theachtaí dea-shampla agus comhoibriú mar sin a thabhairt go fial.

Ba mhaith liom aird a dhíriú ar an ráiteas gairid ón Rialtas a foilsíodh i dteannta leis an bplean: sílim nach miste cúpla abairt a léamh as:

Glacann an Rialtas leis gur gá, i dtreo go mairfidh an teanga, féachaint chuige go mbeidh an Ghaeilge á húsáid mar ghnáthmheán cumarsáide ag go leor daoine lena chinntiú go mbeidh sí slán feasta. Dearbhaíonn siad mar sin go bhfuil de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacóidh dáiríre leosan a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.

Is ábhar sásaimh domsa go bhfuil aitheantas tugtha ag an Rialtas don chúram atá orthu i leith na teanga agus tá dóchas agam go mbeidh an plean mar thús uruna leis an áit is dual di a bhaint amach don Ghaeilge i saol na hÉireann.

Is mór an chúis áthais dom féin, mar fhear Gaeltachta, go bhfuil sé de phribhléid agam leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith mar chúram orm faoin Rialtas seo agus tig liom a ghealladh go ndéanfaidh mé mo dhícheall ar mhaithe leo araon. Mar chabhair chuige sin iarraim ar an Teach glacadh leis an Meastachán seo.

Ba mhaith liom ar dtús tréaslú leis an Aire i ngeall ar gur toghadh é mar Aire na Gaeltachta. Sílim gurb é seo an chéad uair go raibh deis agam an moladh seo a dhéanamh sa Teach. Tá súil le Dia agam go n-éireoidh go geal leis mar Aire agus go bhfeichfidh mé cúrsaí na nGaeltachtaí uile ag dul chun cinn fhad is a bheidh sé i gceann na Roinne sin.

Ach ní shin an méid atá le rá agam faoin Mheastachán seo. Sílim go dtig liom a rá go fíreannach nach bhfuil tús maith déanta ag an Rialtas, ar dtús, an chaoi a rinne siad fo-Roinn den Ghaeltacht.

Toghadh an tAire ach tugadh cúraimí eile dó, cúraimí i dtaobh Iascaigh agus Foraoiseachta, agus sílim gur céim chun deiridh é sin maidir leis an Ghaeltacht agus maidir le cúrsaí na Gaeltachta a chur chun cinn. Cé gur féidir a rá i leith na n-aireachtaí, an Ghaeltacht, iascaireacht agus a leithéid, go bhfuil dlúth-cheangal eatarthu, ach san am chéanna, nuair a ceapadh Aire don Ghaeltacht don chéad uair, tugadh aitheantas don Ghaeltacht agus seans don Ghaeltacht teacht chun tosaigh. Ach anois tá céim chun deiridh tugtha mar deineadh faillí air: tá cúraimí breise ar an Aire anois, agus faoi Roinn amháin de na cúraimí atá ar an Aire, Iascaigh, tá na deacrachtaí comh mór go bhfuil sé deacair do Aire ar bith teacht i dtír orthu. Dá bhrí sin, tá a fhios agam go n-aontóidh muintir na Gaeltachta liom nach mbeidh deis ag an Aire tada a dhéanamh don Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh an Ghaeltacht amháin mar chúram aige.

Is é trua é nuair a bhí gearradh le déanamh gurb é an Ghaeltacht a chaill. Tá a fhios againn, má theastaíonn uainn an Ghaeltacht a choinneál slán, má theastaíonn uainn go leanfaidh sí ar aghaidh sa chaoi go mbeimid in ann an Ghaeilge a chosaint agus a chaomhnú, go gcaithfimid saol eacnamaíochta na Gaeltachta a fheabhsú. Níl bealach ar bith le sin a dhéanamh ach trí neart airgid a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta le cúrsaí na Gaeltachta a chur chun cinn.

Nuair a cuireadh Ghaeltarra Éireann ar bun i 1965 tháinig feabhas mór i gcursaí eacnamaíochta na Gaeltachta. Bhí cúram faoi leith ag Gaeltarra faoi obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tuigean chuile dhuine na deacrachtaí atá ag tionsclóirí a thagann isteach i nGaeltacht ar bith, is cuma cén áit in a bhfuil siad, i dTír Chonaill, i Maigheo, i nGaillimh, Ciarraí, áiteacha atá i bhfad ó na calafoirt, bailtí móra, tá deacrachtaí faoi leith acu maidir le tionscail a chur ar siúl agus a choinneáil gníomhach iontu. Is maith liom a fheiceáil ó na figiúirí atá curtha os ár gcomhair ag an Aire, cé go bhfuil deacrachtaí ar fud na tíre maidir le tionscail, nach é sin an chaoi a bhfuil sé faoi chúram an Údaráis i láthair na huaire. Beidh tuilleadh le rá agam faoin Údarás amach anseo.

Nuair atáimid ag plé cúrsaí Gaeltachta, caithfimid cuimhniú ar an tír ar fad. Go minic nuair a bhíonn daoine ag caint faoin Ghaeltacht, cuimhníonn siad ar an Ghaeltacht mar áit ar leith. Dár ndóigh tá sí ar leith ar bhealach amháin, ach cuimhníonn siad uirthi mar áit nach mbaineann leis an saol, gur daoine iad sa Ghaeltacht atá sáite amach sa bhFarraige Mhór agus gur sórt dream iad a dteastaíonn cúnamh faoi leith uathu i gcónaí agus gur ceart dearcadh orthu mar sórt leanaí.

Má theastaíonn uainn an Ghaeilge a choinneáil slán caithfimid Gaeltacht a bheith againn. Amach ó na Gaeltachtaí tig linn dearmad a dhéanamh ar shlánú na Gaeilge, ar Ghaeilge ar fad agus ar chúrsaí na Gaeilge. Dá bhrí sin nuair atáimid ag caint ar na Gaeltachtaí, táimid ag caint ar na daoine a choinníonn an Ghaeilge beo sa tír seo, a choinníonn an seod is luachmhaire atá againn slán; agus dá bhrí sin ba cheart don phobal uile a thuiscint céard tá ar siúl againn nuair atáimid ag iarraidh an Ghaeltacht a chosaint agus a shlanú. Táimid dá dhéanadh ar mhaithe linn féin, ar mhaithe na tír uile, agus ní ceart a bheith ag dearchadh ar mhuintir na Gaeltachta, mar a bhíonn cuid de na seoiníní a bhíonn ag caiteamh maslaí le mhuintir na Gaeltachta go minic.

Tá deacrachtaí ann i láthair na huaire maidir leis na Gaeltachtaí agus maidir leis an Ghaeilge a choinneáil slán. An deacracht is mó atá ann ná go bhfuil brú damanta ar phobal na Gaeltachta ó chuile áird, go mór mhór ó na meáin chumarsáide, Nuair a cuireadh RTE2 ar bun, thuigeamar go mbeidh áit faoi leith le fáil ag an Ghaeilge, ag cultúr na Gaeilge sna cláracha ó RTE2. Ach foraoir, ní mar sin a tharlá sé, agus tá sé ag éirí níos measa in aghaidh an lae. Níl aitheantas ar bith dá thabhairt ag RTE don Ghaeilge ná don chultúr sa chaoi a rabhamar ag súil leis ins na cláracha a chuir siad amach nó atá á gcur amach acu i RTE2.

Tá a fhios againn uile an buntáiste a tháinig chuig na Gaeltachtaí nuair a cuireadh Radio na Gaeltachta ar bun, an chaoi ar thug sé na Gaeltachtaí le chéile, an chaoi a thug sé deis do muintir na tíre uile éisteacht le Gaeilge ghlan, bhinn mhuintir na nGaeltachtaí go léir. Thar rud ar bith eile a rinneadh do na Gaeltachtaí, thug Radio na Gaeltachta deis dóibh iad féin a chur os comhair an phobail agus tuiscint níos fearr a fháil orthu féin. Tá brí anois ó mhuintir na Gaeltachta féin gur ceart stáisiún theilefíse Gaeltachta a chur ar bun. Agus ó tharlamid a bheidh ag caint ar bhreis stáisiún áitiúil radio a chur ar bun, sílim gur cheart don Aire agus don Rialtas cuimhniú ar phlean le stáisiún teilefíse a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta go speisialta, nuair nach bhfuil an t-aitheantas riachtanach á fháil ag muintir na Gaeltachta.

Labhair an tAire faoi thithíocht, faoi bhóithre áise agus mar sin de. Aontaím leis go bhfuil cuid mhaith déanta i dtaobh na seirbhísí ar fad le cuidiú muintir na Gaeltachta. Tá moladh muintir na Gaeltachta tuillte ag an Roinn agus ag oifigigh na Roinne i ngeall ar an chaoi a rinne siad comhoibriú le muintir na Gaeltachta agus leis na scéimeanna uile atá dá reachtáil acu ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Ní shílim go bhfuil aon rannóg Stáit eile go bhfuil an ceangal céanna acu leis an phobal agus atá ag Roinn na Gaeltachta le muintir na Gaeltachta agus leis an heagrais atá ag obair ar mhaithe leis an nGaeltacht. Tuigeann an Roinn meon na ndaoine. Tuigeann siad cén cuidiú atá ag teastáil ó na daoine, agus ón am a chuir mise eolas ar Roinn na Gaeltachta agus ag oifigigh na Roinne don chéad uair tá mé in ann a rá go raibh tuiscint acu i gcónaí ar shaol na Gaeltachta, agus má bhí scéim fhiúntach ar bith ag dream ar bith bhí an Roinn sásta éisteacht leis na moltaí a bhí acu agus cuidiú a thabhairt dóibh má bhí deis acu an cuidiú sin a thabhairt dóibh. Molaim iad dá bharr agus tá súil le Dia agam go leanfaidh siad ar aghaidh mar sin.

Is é an trua é nach bhfuil níos mó airgid ar fáil le haghaidh bhóithre áise. Go deimhin tá go lcor airgid caite ar bhóithre áise leis na blianta anuas agus duine ar bith a théann thart ar fud na Gaeltachta tá sé le feiceáil go soiléir an bhuntáiste a tháinig chun na Gaeltachta i ngeall ar an airgead a chaitheadh ar na bóithre sin. Is é an trua nach bhfuil sé sin le rá faoi bhóithre móra na Gaeltachta, mar a déarfá, agus is é an trua arís b'fhéidir nach raibh deis ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo ar aon nós, airgead a chaitheamh ar bhóithre den chineál sin. Ní raibh an cúram sin orthu agus is dócha chomh maith go bhféadfaí a rá nach bhfuair siad go leor airgid sna Meastacháin riamh le freastal ar bhóithre den chineál sin.

Maidir leis na comharchumainn, tá chuid acu atá ag déanamh go maith agus tá cuid acu nach ndéanfaidh go maith choíche. Ón éolas atá agam féin ar na chomharchumainn, sílim dá dtógfadh siad faoin rud atá siad in ann a dhéanamh agus iarracht a dhéanamh ar dtús agus dul chun chinn éigin a dhéanamh go n-éireodh níos fearr leo. Ach tá chomharchumainn ann agus dá mbeadh siad ag brath ar na tuairimí atá acu féin faoi céard ba cheart dóibh a dhéanamh, theastódh Meastachán Roinn na Gaeltachta uilig uatha gcuid lena pleananna a chur i gcrích. Ní bhíonn morán céille le cuid de na moltaí a bhíonn ag go leo acu, ach iad sin atá ag déanamh a gcuid oibre i gceart agus a thugas faoi scéimeanna go ciallmhar éiríonn leo.

Is trua é nach féidir leis an Aire ardú a thabhairt do na mná tí. Tá obair an-mhaith a déanamh anseo i leith na Gaeilge agus is mór an chabhair do na mná tí agus don Ghaeltacht agus do shaol eacnamaíochta na Gaeltachta an t-airgead a fhaigheann siad i gcóir na bpáistí seo a dhéanann freastal ar na cúrsaí Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Tá go leor ráite faoi na nuachtáin Ghaeilge ach is é an tuairim atá agam féin nach féidir an dá pháipéar atá ann faoi láthair a chomhnascadh. Sílim go m'bhfearr iad a fhagáil mar atá siad agus airgead breise a thabhairt dóibh más féidir leis an dá cheann a chur ar aghaidh. Tá an pháipéar GaeltachtaAmárach ag freastal ar phobal na Gaeltachta. Sílim go bhféadfaí níos mó a dhéanamh leis an pháipéar a scaipeadh thart ar fud na Gaeltacht — rud nár deineadh go dtí seo; tá díol ar an pháipéar i gConamara ach sílim go bhfuil sé fíor a rá nach bhfuil ach díol beag air i gcuid de na Gaeltachtaí eile. Tá an nuachtáin Inniu ann le blianta fada. Tá obair mhaith déanta ag an pháipéar agus is é an trua nach bhfuil éileamh níos mó aige, ach tá a fhios againn uilig cen chaoi a tharla sé nach bhfuil an díol céanna ar Inniu agus a bhí sna blianta atá caite. Nuair a rinneadh neamh-shuim den Ghaeilge san Ardteist agus sna scrúduithe poiblí ní raibh an díolachán chomh mór agus ní raibh éileamh air. Sin an fath nach bhfuil ag éirí chomh mhaith leis agus a bhí.

Is léir ó na figiúirí atá curtha os ár gcomhair ag an Aire go bhfuil obair mhaith á déanamh ag an Údarás le fostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí cé go dtuigimid uilig na deacrachtaí atá ann i láthair na huaire. Tá cáineadh á dhéanamh ar an Údarás ó cuireadh ar bun é ach ní shílim go bhfuair sé deis riamh ón phobal nó cuid den phobal ar chor ar bith. Tá sé cáinte ag cuid mhaith daoine; bhí sé cáinte sa Teach seo. Níor tháinig mise riamh leis an gcáineadh sin agus níor phromhaíodh riamh cuid de na ráitais a cuireadh amach maidir leis an Údarás. Ba cheart don Teach seo chuile thacaíocht a thabhairt don Údarás san obair mhaith atá á déanamh acu ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Is rud úr é daoine a bheith tofa ón Ghaeltacht le feidhmiú agus le hoibriú ar mhaithe leis an Ghaeltacht. Bhí siad ag iarraidh sin le fada an lá. Níl siad ansin ach le cúpla bliain agus ba cheart dúinn seans a thabhairt dóibh an obair thábhachtach atá acu le déanamh a chríochnú agus a chur chun cinn. Nílim á rá go bhfuil mé sásta le chuile rud san Údarás. Bhí rudaí san am atá caite nach raibh mé ró-shásta leo Sílim go bhfuil b'fhéidir easpa smachta san eagras féin. Tá mé cinnte go bhfuil rudaí ann go bhféadfaí a fheabhsú ach san iomlán tá obair mhaith á dhéanamh acu. Tá daoine tofa ag muintir na Gaeltachta iad féin le cuidiú leis na Gaeltachtaí agus ba cheart chuile sheans a thabhairt dóibh an job a dhéanamh mar a theastaíonn uathu.

Tá locht amháin agam ar an Údarás i láthair na huaire maidir le tionscal atá i dtrioblóid agus tá ceann i mo Dháilcheantar féin. Sílim nach bhfuil an tÚdarás ag tabhairt an tacaíocht ba cheart dóibh le cuidiú le tionscal atá lonnaithe agus atá ag obair sna Ghaeltachtaí a thabhairt slán. B'fhéidir go bhfuil eolas breise ag an Aire ar an tionscal atá i gceist agam. Tá a fhios aige an tionscal a bhfuil mé ag caint faoi agus b'fhéidir nuair a bheidh sé ag tabhairt freagra go mbeidh sé in ann eolas a thabhairt dúinn faoi céard atá in ann don tionscal seo.

Tá daoine eile atá ag iarraidh teacht isteach anseo agus ní theastaíonn uaim níos mo moille a choinneáil ar chursaí go dtí go mbeidh deis labhartha ag chuile dhuine go bhfuil suim aige sa Ghaeltacht agus san Ghaeilge anseo. Ach ba mhaith liom focal amháin a rá faoi Bhord na Gaeilge agus faoin Ghaeilge.

Sílim go bhfuil plean an-mhaith curtha amach ag Bord na Gaeilge agus go mba cheart dúinn lán-tacaíocht a thabhairt don phlean sin. Maidir leis an Ghaeilge féin, thosaigh Bord na Gaeilge go luath tar éis iad a bhunú le phlean poiblí a rinne an-mhaith don Ghaeilge agus is é an trua é nach raibh níos mó airgid le fáil acu le leanúint ar aghaidh leis an phlean agus le tacaíocht níos fearr a thabhairt do na smaointe a bhí acu agus leis na scéimeanna a bhí acu maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn a chur os comhair an phobail. Ní maith ar bith dúinn a bheith ag caint faoin Ghaeilge mura bhfuilimid sásta lán-tacaíocht a thabhairt do na scéimeanna agus na pleananna atá ag an mbord. Sílim gur féidir linn uilig anseo sa Dáil i bhfad níos mó a dhéanamh le dea-shampla a thabhairt i labhairt na Gaeilge. Tá áthas orm a rá go bhfuil Teachta úr sa Teach anseo — An Teachta Prendergast — a thug cuid againn le chéile agus go bhfuil sé i gceist aige amach anseo tuilleadh cainte a bheith againn faoi céard is féidir linn labhairt na Gaeilge a chur chun tosaigh anseo sa Dáil. Sílim nach bhfuil bealach ar bith níos fearr le cúrsaí a chur chun cinn ná go dtabharfaimid féin dea-shampla don phobal ar fad maidir le labhairt na Gaeilge.

Arís tá diomá orm nach bhfuil níos mó airgid le fáil ag an Aire le cuidiú leis an nGaeltacht agus iarraim air ceist na mbóithre áise a fheabhsú le tuilleadh airgid a fháil ón Rialtas am éigin i gcaitheamh na bliana.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire toisc é bheith ceapaithe mar Aire na Gaeltachta agus is é mo ghuí go mbeidh sé ábalta job maith a dhéanamh. Ní bheidh mé ag caint ach ar taobh amháin de scéal na Ghaeltachta agus is é sin Údarás na Gaeltachta. Aontaím le cuid mhaith a bhí á rá ag an Aire agus ag an iar-Aire, ach ní aontaím leis an iar-Aire, an Teachta Gallagher, i dtaobh Údarás na Gaeltachta. Go deimhin, measaim féin go bhfuil a lán nithe mí-cheart le hÚdarás na Gaeltachta. Ní bheidh mé ag caint anocht ach ar feadh 20 no 25 nóiméad de bharr go bhfuil cainteoirí eile anseo agus is dócha go bhfuil fonn cainte orthusan freisin. Beidh mé ag caint trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.

Tá na milliúin púnt caillte ag Údarás na Gaeltachta, breis is £100 milliún ar fad. Is é an cheist atá ag cur isteach ar mhuintir na hÉireann agus ar mhuintir na Gaeltachta ná, cá bhfuil an t-airgead imithe? Níl an t-airgead ag muintir na Gaeltachta.

It is fair to say that that £100 million which has been lost by Údarás na Gaeltachta has been squandered by fly-by-nights, chancers and the devil knows what who came into the Gaeltacht. The question that everybody is asking now is why are Údarás na Gaeltachta under suspicion? Why are the Fraud Squad actively investigating some of those companies? Why did the Director of Public Prosecutions put a number of cases from the Fraud Squad to be examined to see if prosecution will take place? That is the burning question asked by everybody at the moment who speaks about the Irish language. It is most unfortunate because the Údarás had a tremendous potential if they had snapped up that potential. I must say here tonight that I do not accept what the Minister said to me, that so many extra people are working in the Gaeltacht. I would like to know the PAYE numbers and the PRSI numbers of that mythical figure that he called out and I am quite sure that if all the PAYE and PRSI numbers were counted they would not amount to the figure that we are led to believe. The days of public relations and gimmicks have outlived their usefulness as far as the Gaeltacht is concerned. Indeed, it is safe to say that in the last 23 years in Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta the money spent in industrial development has been in investments which have proved unsound. The strategy of bringing some of those developments to the Gaeltacht must be seriously looked at and examined to see if a proper research was carried out when the money was granted to them originally.

If the Gaeltacht is to survive it must be in a practical way. By all means if you can attract industry there, bring that industry in, but we must look at the response to recent Dáil questions that at the moment there are over 27 empty factories in the Gaeltacht. Tá 27 gcinn agus deirtear linn go bhfuil daoine áirithe anseo is ansiúd chun teacht isteach iontu. Tá sé cosúil leis an seanfhocal, "Mair, a chapaill, agus gheobhair féar", nó seanfhocal eile, "ní chothaíonn na briathir nó bráithre".

Some of the money spent in the Gaeltacht was spent as if there was no limit to it, as if it came from a bottomless pit. The result of all of that is that the language has been undermined and the people have suffered, yet Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta have not yet seriously reconsidered their strategy. It is safe to say that by 1980 many of the Gaeltarra and Údarás companies had got into trouble. It is of no use for any Government, the Fianna Fáil Government or the Fine Gael Government, to prop up lame ducks because some of those ducks are dead already. I feel very sorry here tonight at the way the money has been tossed into the Gaeltacht, yet the ordinary man, woman and child in the Gaeltacht never saw that money. As I said at the outset, a few chancers walked away with millions of pounds and hence now we have the Fraud Squad and the DPP actively pursuing some of those people. I hope that some of these cases will come to the courts and that those who conned the people of the Gaeltacht will face the sentence due to them. When I was Minister for Tourism and when the present Minister, Deputy O'Toole, was in opposition ní raibh mé sásta leis an tslí ina raibh an tÚdarás ag dul. Ní raibh mé sásta leis an tslí ina raibh an t-airgead á chaitheamh acu.

We decided and the Government of the day decided that there should be an inquiry into Údarás na Gaeltachta to see what was going wrong and to improve it if at all possible. Lo and behold, if we took that action, then the chief executive of Údarás na Gaeltachta, Frank Flynn inBusiness and Finance of 23 September 1982, was shooting from the hip and the mouth. Everybody generally got it in the neck from Mr. Frank Flynn: current affairs, Today Tonight, the Irish people and the two Fine Gaelers, Paddy O'Toole and Michael Begley, and one man who slipped out from this paper, the finest man I ever met, Seán O Foghlú. Mr. Flynn said: “There is a conspiracy against Údarás na Gaeltachta.” It is all there in Business and Finance of 23 September 1982. It is amazing how this individual came into prominence in the role of chief executive of Údarás na Gaeltachta. The man who was there, Cathal Mac Gabhann, resigned and made off to other fields and the Údarás met to appoint a chief executive officer. It is very significant that the six Government nominees of the day, nominated by the Government of the day who were a Fianna Fáil Government, voted against Mr. Flynn's appointment but the seven people who were democratically elected by the Údarás following the Údarás elections voted for Mr. Flynn and he was elected by seven votes to six. His election was called “a healthy exercise in democracy”. He promised straight away that he would be more responsive to the demands of the economic-socio culture from the local communities. The first thing that this chief executive officer did when he was appointed was to attack the man who was there before him, Cathal Mac Gabhann.

Less than a year after that the Coalition Government under the Taoiseach, Deputy FitzGerald, decided to hold an inquiry into the affairs of an tÚdarás but we lost the election and that finished that for the time being. The new Minister appointed, Deputy Pádraig Flynn from Mayo, within hours of his appointment said there would not be any investigation into Údarás na Gaeltachta. Deputy Flynn jumped too quickly. After the fraud squad investigation a big question remains unanswered. Why has nobody — that goes for all sides of the House — consistently monitored in the Dáil the failure of Údarás na Gaeltachta and Gaeltarra Éireann? I am aware that there were structural handicaps, that we did not have the roads, the telephones or the infrastructure, but why did we not monitor the industries that were established in the first instance?

It is no harm to say an chúis a bhí i mo cheann nuair a bhí mé ag caint leis an Aire, An Teachta O'Toole i dtaobh an fhiosrucháin san Údarás. I was not satisfied about the way the money was going. I was not satisfied that £150,000 of taxpayers' money could be paid for land in Ballymackeera of 10 acres, £15,000 per acre. We already have an industrial estate run by an tÚdarás. I was not satisfied that £61,000 could be paid for 20 acres of bogland in Ballyferriter. It is strange to relate that about two months ago when that 20 acres went for auction the amount bid for 12 months grazing was £160. That is an indication of the value of that land which was bought for £61,000.

I am not satisfied that when we have four empty Údarás houses in Dingle we should have embarked upon another course of expenditure. We have embarked on an expenditure of £41,000 to develop a site for a regional manager in my own area. Yet an tÚdarás have vacant houses in the town. That is not good enough. The houses that are there are good enough for anybody and we should not have embarked on any expenditure for a new house or pay £41,000 to develop a site. It is not good enough that in last Friday'sIrish Times there was an application for planning permission to carry out an extension to a factory in Miltown. I cannot understand why the advance factory that has just been completed there was not put up for tender. I cannot understand how more than £200,000 was spent on that advance factory. Why were other people not asked to tender for that work?

I could go on for hours about this matter. It is only right to switch into the record of the House that over the last three years the Exchequer paid out to an tÚdarás and Gaeltarra the following figures: in 1980, £15,770,000; in 1981, £17,200,000 and in 1982, £13,162,000. Not one penny of the borrowed £71 million has been repaid to the Exchequer. Worse still, not one penny interest has been paid back to the Exchequer on the money borrowed. A former chief of Gaeltarra Éireann on a television programme said that the State did not have any hope of getting any of that money back.

Despite the cumulative losses and the audited accounts of the Comptroller and Auditor General an tÚdarás continues to have a loan of £71 million from the Exchequer to the full liability and by right that should be a State asset. It is about time that we challenged an tÚdarás to reply to the question, where has the £71 million gone? The people deserve an answer. The people of the Gaeltacht certainly have not seen that £71 million. The time has come for the Minister, Deputy O'Toole, to get a firm of independent financial consultants of international repute to go into an tÚdarás for the purpose of investigating the companies, the balance sheets and the annual reports and ask them if they are satisfied with the way the figures are presented. Just two weeks ago I tabled a question to the Minister for the Gaeltacht asking him when the 1982 annual report of Údarás na Gaeltachta would be published and if a copy would be circulated to Members. Other semi-State bodies give us copies of their annual report but any Member who is looking for a copy of the Údarás report must go to the Library for it. The reply I got to my question was that the report will be ready next month. According to the law of this land the report should have been in this House on 31 March 1983 but although three months have elapsed since that date we are told it will not be ready for another month. We do not have any guarantee that it will be ready within another month.

I should like to ask the Minister where the report is being held up? Is the Comptroller and Auditor General refusing to sign that report? Is it not true that the Comptroller and Auditor General in a reserve comment accompanying the report said that he was not happy that the write-offs were properly accounted for? Is that the reason we are not being presented with the 1982 annual report of Údarás na Gaeltachta, something that could have been debated tonight?

We all read in the newspapers the other day that £217,000 had been give to a company in Galway for making hurleys. An explanation is required as to how that money was spent. The taxpayers are due such an explanation. If what appeared in the newspapers is correct — I have no reason to doubt it — then somebody has a lot to answer for. I do not know how so much money could go for retraining grants, a fire engine or to buy a factory that had already been grant-aided, was sold and bought from the company concerned for more than £206,000. I hope the Minister answers those questions in detail.

The Fraud Squad investigation originally prompted by the Eamon Delaney — RIP — letter is still under way and the findings of the investigation into a number of those companies have been referred to the office of the Director of Public Prosecutions for consideration. In May 1982 Mr. Delaney was suspended pending the outcome of the Fraud Squad investigation but Mr. Delaney died tragically of a heart attack after been publicly identified in theSunday Tribune as the person behind the Fraud Squad investigation. The source of this information was, ironically, Frank Flynn himself.

That month also the RTE current affairs programme transmitted a two-part programme on Údarás and they asked a number of questions. Furthermore, both the ex-Minister, Deputy Paddy O'Toole, and myself publicly exonerated Mr. Delaney and said he was motivated by concern for the national interest and he was not in any way involved in any type of fraud whatsoever. In July 1982 the Government set up an Oireachtas committee to investigate the matter. Deputy Paddy O'Toole informed the Dáil that a document had come into his possession which he handed over to the Fraud Squad. The Minister called for a judicial inquiry into Údarás.

In September 1982, as I have already mentioned, the chief executive, Mr. Frank Flynn, of Údarás accused Begley, O'Toole, Seán Ó Foghlú, RTE and the Irish people of a conspiracy. The Minister here present and I publicly denied that we were involved in a conspiracy. It is very significant that RTE did not issue any statement. In December 1982 there was a change of Government and Deputy Paddy O'Toole was reappointed Minister for the Gaeltacht. In June 1983 the Oireachtas sub-committee investigation was reactivated on the Order Paper. It is about time it was set up.

The chief executive officer of Údarás, despite his behaviour over the last 18 months, is still chief executive officer and he is a law onto himself. Recent replies to Dáil Questions tabled by me are completely unsatisfactory. They demonstrate a contempt for the collective intelligence of the Members of this House. I am told privately, truly or falsely — the Minister, can refute it in his reply — that the chief executive officer has apologised to the Minister, Deputy Paddy O'Toole, and that in no way was he as Minister involved in a conspiracy and that his good name has been cleared. It is sad to relate that one man is dead, Lord have mercy on him, and I am here tonight and my name has not been cleared yet.

Public representatives have been smeared in a disgraceful fashion and concerned citizens and professional broadcasters of RTE have been subjected to unsubstantiated slander and calumny from a person holding high public office. Now I not only publicly demand from the Minister responsible for the administration of Údaras na Gaeltachta the complete exoneration of the late Eamon Delaney, but I publicly demand that the Minister, who was accused of plotting against Údarás by Mr. Frank Flynn, state catagorically that there was not and there is not any conspiracy against Údarás na Gaeltachta and that people like myself, Mr. Seán Ó Foghlú and the Minister as well as all public representatives, acted in the common good and in the interests of the nation as a whole. Furthermore, I demand that the Minister immediately request the resignation of Mr. Frank Flynn, a man who has not only failed clearly as chief executive officer of Údarás na Gaeltachta, who has lost the confidence of his staff and the people of the Gaeltacht but a man who has defied the authority of the Oireachtas and defamed Members of Dáil Eireann and regards himself as accountable to nobody.

In urging the Minister to exercise his statutory powers in this regard I further demand the reactivation of a wide ranging Oireachtas inquiry into the function and performance of the semi-State body charged with responsibility for the Gaeltacht development since 1957. When Mr. Frank Flynn was appointed chief executive officer of Údarás na Gaeltachta he was appointed for a two year probation period which will expire on 6 July next. What do they now do? The next meeting is fixed by Údarás na Gaeltachta for 9 July when Mr. Flynn will be over the probation period. He will get in the back door and they cannot do anything about it. I hope the members of Údarás will sit up, waken up to their responsibilities and take the action that I have outlined here tonight.

Tá trua agam don Aire leis an méid a bhí le n-éisteacht le tamall fada ó ceapadh é mar Aire. Tá ráiteas fada, an-láidir tughta ag an Teachta Begley anseo anocht, agus tá a fhios agam ó bheith ag caint leis go gcreideann sé go daingean agus go láidir an méid atá ráite aige anseo anocht. Ar ndóigh, tá an cead sin aige mar Chomhalta den Teach seo agus mar dhuine pearsanta freisin.

Creidim féin gur súireach an Meastachán atá os ár gcomhair anseo anocht I gconaí tuigimid gurb é an Meastachán do Roinn na Ghaeltachta an ceann is lú a thagann os comhair an Rialtais. Mar sin, nuair a bhíonn gearradh siar le déanamh, 10 faoin gcéad nó 20 faoin gcéad, ar aon Roinn Stáit eile ní bhíonn ann ach fíor-bheagán i gcomparáid leis na milliúin a fhaigheann siad sna Meastacháin ag tús na bliana, nuair a cuireann tú ciorrú 10 faoin gcéad nó aon chiorrú ar chur ar bith ar Mheastachán Roinn na Gaeltachta is ciorrú mór é mar is Meastachán an-bheag é cheana féin.

Mar sin, ceapaim gur mór an trua é gur ghéill an tAire don Aire Airgeadais. Tá a fhios agam an brú mór a bhíonn ar aon Aire Gaeltachta agus é ina shuí le baill eile an Rialtais ag scrudú na Meastachán ach trua mór é, ar aon nós, gur ghéill sé agus gur ghlac se le haon ciorrú ar Mheastachán na bliana seo.

Ba mhaith liom i dtosach rud a rá faoin méid a dúirt an tAire i dtaobh na gcomharchumann. Tá an-suim agamsa, agus ar ndóigh ag chuile Theachta anseo atá ag obair sa Ghaeltacht nó atá as an Ghaeltacht, i gcúrsaí na gcomharchumann, mar creidimid ar fad nach bhfuil aon dabht, in aon eagras poiblí Stáit, más é an tÚdarás atá i gceist, nó an tÚdarás Forbartha Tíonscail nó aon eagrais eile atá ag deileáil le tionsclaíocht no cúrsaí forbartha tionscail, go gcaithfidh deacrachtaí a bheith ann ó am go ham. Mar sin, más féidir eagrais ar nós comharchumainn a mhéadú, más féidir iad a choinneáil gníomhach, iad a chur ar bhun-chloch láidir, ba cheart don Stát é sin a dhéanamh, agus aon chúnamh gur gá a thabhairt dóibh ba cheart é a dhéanamh. Bhí mise i gcónaí go láidir den tuairim nár thug an Stát nó Rialtas do Roinn na Ghaeltachta, fiú amháin nuair a bhí mo pháirtí féin i gceist, a ndóthain cúnaimh nó cuidithe do na comharchumainn chun iad a chur ar bhun-chloch maith.

Sin í an chúis gur cuireadh ar bun le mo linn mar Aire na Ghaeltachta coiste chun féachaint isteach i gcúrsaí na gcomharchumann, le moltaí a chur ar aghaidh, tuairisc a fhoilsiú agus a thabhairt don Aire. Nuair a bhí mise imithe as oifig i 1981 agus an Teachta O'Toole tagtha isteach tháinig an tuarascáil oifigiúil sin os comhair an Aire. Ní fhaca mise é, ní dóigh liom go bhfaca éinne éile sa Teach seo é nó éinne taobh amuigh de. Níl a fhios agam céard a tharla dó, ach cuireann sé an-iontas orm, díomá orm, go gcreideann an tAire gur gá an coiste idirmheánach céanna, leis an mballraíocht céanna a chur ar bun arís le tuarascáil eile a thabhairt chun cinn. Níl a fhios agam céard a tharla ó shin i gcúrsaí comharchumainn Gaeltachta gur gá go mbeadh an coiste céanna ag iniúchadh na gcursaí céanna don dara huair. Bheadh sé i bhfad níos fearr agus i bhfad níos éiteachtaí dá bhfoillseofaí an chéad tuarascáil, dá bpléifí é b'fhéidir le coiste na gcomharchumann féin—creidim go raibh go leor plé acu leis an Aire le deanaí agus go nglacfaí le moltaí uathu féin, mas iad moltaí gur fiú caint orthu.

Rud eile a chuireadh isteach orm go mór agus mé mar Aire—agus tá mé cinnte go n-aontóidh na hiar-Airí eile liom, agus b'fhéidir an tAire é féin—ná nach bhfuil aon deighilt sásúil idir an chaoi a bhfaigheann na comharchumainn deontais, idir dheontais ó Údaras na Gaeltachta agus ó Roinn na Gaeltachta. Chreid mé féin i gcónaí go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá dtiocfadh na deontais ar fad ó cheann amhain nó an ceann eile, ach nach mbeadh cuid den airgead le teacht ón Údarás agus cuid eile le teacht ón Roinn. Bhí dúil agam nuair a thiocfadh an tuarascáil ar fáil gurb shin ceann de na moltaí a bheadh ann, nach rachadh na comharchumainn nó coistí na gcomharchumann ach ag dul ag phlé le dream amháin.

Sin an méid atá le rá agam ó thaobh cúrsaí na gcomharchumann ach go gcreidim nach ceart go gcuirfí an coiste idirmheánach seo ar bun, gur cheart go bhfoilseofaí agus go dtógfaí cinneadh ar na moltaí a bhí sa chéad tuarascáil. Mar sin ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire agus freagra a fháil uaidh, cá bhfuil an chéad tuarascáil nó cé hiad na moltaí a bhí ann.

Maidir leis na mná tí, níl aon dabht ná go bhfuil géarchéim airgeadais ann agus b'fhéidir go gcreideann an tAire agus an Rialtas nach féidir arduithe a thabhairt dóibh ach creidim fhéin i ndáiríre, má bhreathnaíonn tú ar an méid oibre a chuireann siad isteach ní amháin lena dtíthe a mhaisiú agus béilé maithe a chur ar fáil do na scoláirí a bhíonn acu i rith an tsamhraidh, go ndéanann siad an-job ar fad le staid na Gaeilge a chur chun cinn agus gur ceart tuilleadh cúnaimh a thabhairt dóibh agus a chur ar fáil.

Deireann a lán daoine liomsa, agus tá mé cinnte go ndeireann siad le na polaiteoirí eile atá anseo, nach fiú dáiríre scoláirí a choinneáil níos mó. B'fhéidir, mar sin, gur gá breathnú ar an scéim le feabhas a chur air ar bhealach éigin, b'fhéidir í a chur ar bhun níos seasta nó níos éifeachtaí an chuid de atá mar dheontas don bhean tí féin.

An chuid den Mheastachán is mó a chuir olc ormsa ná a laghad airgid atá ar fáil do bhóithre áise. Níl aon airgead ar fáil le caoi a chur ar aon bhóthar nua áise ar fud na nGaeltachtaí ar fad i mbliana agus an t-aon bhealach amháin a bhí ag muintir na Gaeltachta go dtí seo le caoi a chur ar bhóithre áise ná cuid den scéim a bhí ann ó Roinn na Gaeltachta nó cuid den scéim feabhsucháin áitiúil a bhíonn ag na comhairlí contae. Mar sin, níl sé sách maith mar fhreagra ar cheist Dála domsa nó d'éinne eile a rá gur gnó don chomhairle contae é caoi a chur ar na bóithre áise. Caithfidh Roinn na Gaeltachta airgead sásúil a chur ar fáil le caoi a chur ar na bóithre. Nuair a bhí mise ann, tá a fhios ag an Aire, chuir mé béim faoi leith go gcaithfí an méid agus a b'fhéidir den airgead a chur ar fáil chun caoi a chur ar na bóithre. Tá sé tábhachtach gur féidir le daoine a bhfuil móin bainte acu í sin a chur ar an mbóthar, agus ní féidir é sin a dhéanamh i gceantair i gConamara faoi láthair.

Maidir le Bord na Gaeilge, táimid le tamall fada ag fanacht, ag caint agus ag plé agus ag cúiteamh faoi phlean don Ghaeilge, an chaoi is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus mar sin de. Bhí an-áthas orm gur cuireadh plean an bhoird ar fáil. Ba mhaith liom tréaslú le cathaoirleach Bhord na Gaeilge mar sílim go ndearna Seán Ó Tuama go leor den obair chun an plean a chur chun cinn. Is cinnte gur chuir sé brú mór ar go leor de na daoine a raibh plé acu le Ranna Stáit agus le húdaráis áitiúla ag an am. Creidim go mbeidh sé féin agus an príomh-fheidhmeannach nua in ann an plean sin a chur i gcrích mar go gcreideann siad féin sa phlean i dtús agus go bhfuil siad sásta í a bhrú ar aghaidh. Is é an t-aon rud amháin ba mhaith liom a rá leis an Aire ná go bhfuil súil agam go mbeidh an t-airgead atá riachtanach leis an phlean ar fad a thabhairt chun críocha ar fáil ó Roinn na Gaeltachta agus ón Rialtas.

Easaontaím le mo urlabhraí féin faoi chúrsaí na nuachtán i leith ligean don dá nuachtán dul ar aghaidh. Bhí sé de thuairim agam nuair a bhí mé im Aire go mba cheart nuachtán amháin maith, breá folláine, seachtainiúil a bheith ann. Dá mbeadh nuachtán amháin ann a díolfí ar fud na tíre, taobh amuigh de na Gaeltachtaí comh maith le istigh iontu, go bhfeicimís an fás a thiocfadh air sin agus b'fhéidir go bhfásfadh nuachtán nó dó eile as sin. Creidim go mbeadh sé i bhfad níos éifeachtaí dá mbeadh ceann amháin folláin ann ar dtús agus, ar ndóigh, go mbeadh an tacaíocht ceart Stáit le fáil ag an nuachtán sin.

Maidir le Radio na Gaeltachta, tá a fhios againn go léir an mhaitheas atá déanta aige do mhuintir na Gaeltachta mar snaidhmeann sé sin na Gaeltachtaí uile le chéile, nach mbíodh aon cheangal acu le chéile, daoine nár thuig canúintí a chéile. Tá sé i bhfad níos éascaí orainne anois tuiscint a bheith againn nuair a théimid ó thuaidh go Tír Chonaill nó ó dheas go Corcaí nó Ciarraí tuiscint a bheith againn agus léiriú a bheith againn ar chanúintí na nGaeltachtaí sin agus creidim go bhfuil go leor den chreidiúint faoi sin ag dul do Radio na Gaeltachta as an "teilifís" iontach a chuireann siad ar fáil do na Gaeltachtaí. Cuirim an locht anois ar mo Rialtas féin chomh maith agus a chuirim ar an Rialtas atá ann faoi láthair nár cuireadh i gcrích uaireanta breise craolta do Radio na Gaeltachta. Cé go n-aontaím gur maith an rud é agus gur deas a bheith ag caint faoi theilifís Ghaeltachta, creidim gurb é an rud is tábhachtaí a bheith ag caint faoi i láthair na huaire ná níos mó uaireanta craolta a chur ar fáil do Radio na Gaeltachta. Ansin d'fhéadfaimís bheith ag caint faoi theilifís Gaeltachta.

Bhí iontas orm nach raibh tada le rá ag an Aire faoi Arramara Teoranta ina oráid. Creidim go bhfuil athrú dá dhéanamh ar bhaill an bhoird faoi láthair agus ba mhaith liom go labhródh an tAire faoi sin. An bhfuil aon fáth speisialta nach bhfuil daoine áirithe ag seasamh don bhord, an cathaoirleach ina measc, nó an bhfuil fírinne ann nach bhfuil siad ag seasamh? Cé hiad na daoine atá an tAire ag ceapadh ar an mbord. Creidim gur ceann de na Stát-chomhlachtaí ab fhearr a bhí againn sa tír ná Arramara Teoranta, Stát-chomhlacht a bhí ag plé le hachmhainní nádúrtha cosúil le feamainn agus slata mara. An laghdú a tháinig ar chúrsaí fostaíochta sna monarcha a bhí acu, cé go raibh sé go dona ag an am, láidrigh sé an comhlacht féin, agus tá súil agam nach bhfuil sé i gceist go ndéanfaí aon chiorrú nó gearradh siar ar an airgead atá ar fáil ag an gcomhlacht nó ar an líon fostaithe atá sa chomhlacht faoi láthair.

Anois tagaimid go dtí cúrsaí fostaíochta sna Gaeltachtaí. Ar ndóigh tá a lán cainte déanta, ní hé amháin taobh istigh den Teach seo ach ar fud na nGaeltachtaí ar fad, maidir le cúrsaí fostaíochta, an plean nó an straitéis fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Nuair a bhíonn cúlú eacnamaíochta domhanda ann cuireann sé isteach ar chúrsaí fostaíochta nó ar mhéadú fostaíochta in aon tír ach go mór mhór i dtír atá ina hoileán. Mar a dúirt An Teachta Gallagher, cuireann sé isteach i bhfad níos mó ar áiteanna i gceantair Gaeltachta mar atá siad i bhfad ó bhailte, ó chathracha, ó aerfoirt agus mar sin de. Luíonn sé le réasún mar sin go gcuirfeadh an cúlú domhanda atá ann faoi láthair isteach i bhfad níos mó ar na Gaeltachtaí na mar a chuireann sé ar aon áit eile.

Mar sin féin, ba mhaith liom a fháil amach céard iad na hiarrachtaí speisialta atá ar bun ag an Údarás nó atá curtha ar bun ag an Údarás anois le deileáil leis an chúlú domhanda sin. Tá iarrachtaí speisialta dá ndéanamh ag an Údarás Forbartha Tionsclaíochta agus ag SFADCo agus ba mhaith liom a fháil amach ón Aire céard atá á dhéanamh ag an Údarás. Ba mhaith liom freisin a fháil amach céard iad na difríochtaí atá idir an gcéad cnodán deontais atá ar fáil ón Údarás, mar shampla, ag tionsclóir Éireannach agus ag tionsclóir eachtrannach a thagann isteach, agus na deontais atá ar fáil ón Údarás Forbartha Tionsclaíochta nó SFADCo. Bhíodh difríocht mhór ann ach ní chreidim go bhfuil an difríocht céanna anois ann. Níl a fhios agam an maith an rud é sin nó an dona an rud é sin.

Tá deacrachtaí margaíochta i gcónaí ag a lán monarchana ar fud na tíre agus credim nuair a chuirtear deontais ar fáil do mhonarchana go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí breis deontais ar fáil le deimhniú a dhéanamh de go bhfuil cúrsaí margaíochta folláin sna tionscail sin. Ní chuirimid an oiread béim agus ba cheart dúinn ar an taobh sin de chúrsaí fostaíochta go dtí seo.

Maidir le fostaíocht i gConamara féin, tá eastáit i gConamara faoi láthair a bhfuil dífhostaíocht mhór iontu, cuir i gcás, an ceann sa Cheathrú Rua. Bhí go leor deacrachtaí ann ar feadh na mblianta agus níl a fhios agam cén iarracht speisialta atá á déanamh faoi láthair ag feidhmeannaí an Údaráis lena cinntiú nach neartóidh na trioblóidí sin. Creidim ó thionsclóirí a raibh teangmháil agam leo le déanaí go bhfuil deacrachtaí móra agus moill mhór á cur ar thograí a thagann chuig an Aire le ceadú an Aire a fháil. Anois tá a fhios agam nach é an tAire a thug isteach é sin ach gur Aire eile a thug isteach é, Aire Gaeltachta as an pháirtí seo. Teastaíonn uaim a fháil amach an bhfuil sé i gceist ag an Aire O'Toole leanúint leis sin, go mbeadh ceadú an Aire i gceist i gcónaí nó an bhfuil sé i gceist aige uasleibhéal áithrid a chur ar an líon tograí go bhféadfadh an tÚdarás iad féin a cheadú gan cead an Aire a fháil ar dtús. Aon rud a chuireann moill ar fhostaíocht a mhéadú i gceantair Ghaeltachta sílim gur ceart deireadh a chur leis chomh fada agus gur féidir leis é sin a dhéanamh.

Maidir leis an Údarás féin mar adúirt mé ar dtús, bhí go leor rudaí láidre le rá ag an Teachta Begley. Tá neart le rá agam féin ar an Údarás ní hé amháin sa Teach seo ach ar chláracha agus mar sin de taobh amuigh den Teach. Nuair a bhí mé mar Aire rinne mé tréan-iarracht deacrachtaí a bhí ag an Údarás ag an am nó a cuireadh ar mo shúile dhom a bhí acu a réiteach. Níl sé easca rud den sórt sin a dhéanamh nuair nach mbíonn agat ach am gearr, ach faoi láthair táimid ag fanacht leis an dtuarascáil bhliantúil. Creidim féin go láidir agus aontaim leis an Teachta Begley faoi seo, ba cheart go mbeadh an tuarascáil bhliantúil ar fáil ar an 31ú lá de mhí na Márta na bliana seo. Níl a fhios agam an bhfuil sé curtha ar fáil fós do oifigigh na Roinne ag an Údarás féin nó a bhfuil sé fós ag an Údarás nó cá bhfuil sé. D'fheileadh sé don Aire agus dúinn ar fad dá bhféadaimis eolas a fháil faoi sin. Creidim go bhfuil sé sin tábhachtach agus ar ndóigh nuair a bhímid ag caint ar Mheastacháin eile anseo faoi Stát chomhlacht go hiondúil bíonn an tuarascáil bhliantúil ar fáil. Chuir mé ceist ar an Aire tamall ó shin faoi chúrsaí poiblíochta an Údaráis agus faoin rannóg chumarsáide go ginearálta. Mar atá a fhios ag an Aire agus mar atá a fhios ag chuile dhuine anseo tá fadhbanna móra ag an Údarás faoi láthair sa rannóg chumarsáide agus tá na fadhbanna sin ag dul chun cinn. Tá siad ann le tamall fada anois agus níl a fhios agam céard atá ag tarlú mar gheall air, céard atá an tAire ag déanamh mar gheall orthu, nó céard atá baill den Udarás ag déanamh chun deireadh a chur leis na fadhbanna atá ann. An bhfuil fadhb leis an NUJ mar gheall ar an bhfadhb san Údarás féin agus má tá, an bhfuil sé i gceist é sin a leigheas? An bhfuil cúis dlí ag feitheamh nó céard atá ag tarlú? Tá a fhios agam go ndúirt an tAire go raibh sé i gceist aige comharleoir poiblíochta a cheapadh dhá Roinn nó don dá Roinn agus theastaigh uaim a fháil amach an mbeadh Gaeilge ag an gcomhairleoir sin — creidim anois go mb'fhéidir go bhfuil sé ceapaithe, an bhfuil Gaeilge aige, cé hé féin agus an mbeidh sé ag obair don Údarás nó an mbeidh sé ag obair go príomhdha don Aire féin?

Maidir le go leor de na rudaí atá ráite ag an Teachta Begley agus ar dúradh anseo sa Teach seo go minic cheana agus taobh amuigh dhe faoi Fly-By-Nights, cuir i gcás, "Devil Knows Who", rudaí den tsórt sin ar labhair an Teachta Begley futhu, is rud é a chuireann an-imní ormsa agus tá mé ag ceapadh go gcuireann sé imní ar go leor daoine. Ag an am nuair a fógraíodh rudaí den tsórt seo, nuair adúradh go raibh airgead curtha amú, níor chreid mé gur cheart go mbeadh fiosrúchán poiblí dlí i gcúrsaí feidhmiúcháin an Údaráis nó in oibreacha an Údaráis ach d'fhógair an Rialtas é; chuaigh siad ar aghaidh leis, socraíodh go gceapfaí an bord seo le fiosrúchán a dhéanamh agus ansin thit an Rialtas agus tá siad ar ais anois arís. Tuigim nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas dul ar aghaidh leis an bhfiosrúchán poiblí seo; nach bhfuil sé i gceist acu fiú amháin dul ar aghaidh le fiosrúchán ó choiste na Stát Chomhlachtaí atá againn sa Teach seo ach amháin san ghnáth shlí. Sílim gur ab shin é aduirt an tAire ina oráid:

Beidh Comhchoiste an Chomhlachtaí Stáit Tionscail agus Tráchtála le ceapadh go luath agus beidh deis acu díriú ar an Údarás aon uair is mian leo.

Cuirim béim ar na focail sin "aon uair is mian leo". Tá go leor cainte déanta faoi chúiseanna dlí. Tá a fhios againn go raibh an Fraud Squad istigh san Údarás. Rinne mé iarracht eolas a fháil ón Aire agus ón Aire Dlí agus Cirt faoi cén áit a raibh Tuarascáil an Fraud Squad anois, an raibh sé leis an DPP, mar a deireann an Teachta Begley, nó an raibh sé fós leis an Fraud Squad. Tá scamall mór os cionn an Údaráis agus creidim nach n-éireoidh linn an scamall sin a ardú go dtí go mbeidh fiosrúchán ceart againn isteach in oibreacha an Údaráis. Tá mise ag iarraidh ar an Aire anois agus tá mé ag iarraidh ar an Údarás an fiosrúchán sin a chur ar bun láithreach. Iarraim ar an gComhchoiste seo mar ghné antábhachtach ar fad agus an-phráinneach an fiosrúchán seo a chur ar bun. Creidim go bhfáilteoidh feidhmeannaigh an Údaráis agus go bhfáilteoidh muintir na Gaeltachta le fiosrúchán den chineál sin. Mar adeirim, ní laghdóidh an scamall atá os cionn an Údaráis agus ní imeoidh sé uainn go dtí go mbeidh an fiosrúchán ann agus go mbeidh a fhios againn an bhfuil rudaí mí-cheart leis an Údarás nó nach bhfuil.

Tá go leor cainte déanta ag an Teachta Begley faoin "bottomless pit" mar a thug sé air nuair a adúirt sé go raibh airgead á chur amú agus airgead á chur isteach i dtionscail agus gan súil ag éinne go n-éireodh leo aon phinghin airgid brabach a dhéanamh i gcaitheamh na dtréimhse. Níl aon chall domsa a chur in iúl don Teachta Begley ná don Teach seo ná do mo Dháilcheantar féin ach an oiread céard a tharla domsa go polaitiúil nuair a shocraigh mé go dtógfainn cinneadh an bhoird agus go nglacfainn leis, nuair a shocraigh siad ar thionscail áithrid in mo Dháilcheantar féin — níl sé ach cupla míle siar an bóthar uaim — a dhúnadh síos. Nuair a ghlac mise le cinneadh an bhoird agus nuair a shocraigh mé é a dhúnadh síos mar gheall gur chreid mise ag an am agus gur chreid Bord an Údaráis ag an am go raibh dóthain airgid caite ar an dtionscal agus nach raibh aon bhealach ar chor ar bith go bhféadfadh sé brabach a dhéanamh le linn a shaoil agus gur cheart deireadh a chur leis. Tá a fhios againn ar fad céard a tharlaíonn do dhuine nuair thóghann sé cinneadh mar sin. Creidim go bhfuil sé i bhfad níos macánta do Aire Rialtais ar bith cinneadh den tsórt sin a thógáil ná, mar adúirt an Teachta Begley más fíor, a bheith a leanúint ag cur airgid i monarchain nach bhfuil aon tseans dá laghad go n-éireoidh leo.

Creidim dáiríre gur thosaigh an tÚdarás an t-am sin le ar chinní den tsórt sin a thógáil nach leanfádh siad ar aghaidh le deontais a chur ar fáil do mhonarchana nach raibh aon cheist nó aon tsúil ag éinne go n-éireodh leo. Dá bhfaigheadh siad an tacaíocht an t-am sin ón gComhrialtas deireannach nó dá bhfaigheadh siad anois é le cinní den tsórt sin a thógáil agus leanúint leo, go n-éireodh leis an Údarás an sprioc a cuireadh rompu nuair a cuireadh ar bun iad a bhaint amach.

Tá daoine eile le caint agus tá a fhios agam go bhfuil go leor acu a mbeidh rudaí suimiúla le rá acu. Caithfimid glacadh, is dócha, leis an Meastachán atá anseo os ár gcomhair tráthnóna ach, mar adeirim, is suarach an lear airgid atá ar fáil nuair a chuireann tú i gcomparáid é leis na milliúin atá ar fáil do na Rannaí Stáit eile. Ghéill an tAire ró-bhog don Aire Airgeadais nuair a tháinig an brú air agus cuireann sé sin iontas orm ó tharla gur as Maigh Eo an tAire, mar chreid mé i gcónaí go raibh an-teacht aniar in éinne a tháinig as taobh thiar den tSionainn. Bhí an-áthas orm go raibh ar a laghad Teachta amháin ar bhall den Rialtas a tháinig as taobh thiar den tSionainn, agus ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéananh leis an Aire, ó tharla gurb é seo an chéad uair a rabhamar ag caint anseo go h-oifigiúil ó toghadh é mar Aire Gaeltachta, a bheith ar ais mar Aire Gaeltachta. Ceapaim gur maith an rud é an duine céanna a bheith ar ais mar Aire Gaeltachta ar feadh píosa, mar creidim go dtuigeann sé na fadhbanna atá ann agus nuair a thagann duine éigin nua isteach go mbíonn air b'fhéidir sé mhí a chaitheamh ag foghlaim faoi na bhfadhbanna agus ag iarraidh aithne a chur ar dhaoine a bhfuil sé ag obair leo. Ba mhaith liom chuile ádh a ghuí air agus, ar ndóigh, agus muid ag caint air sin, tá mé cinnte go nguímid ar fad chuile ádh ar Rúnaí Roinn na Gaeltachta, fear a raibh timpist fíor dhona aige le deireanach, fear a bhfuil a shaol caite aige féin ag obair thar cheann muintir na Gaeltachta agus a bhfuil ard-mheas ag muintir na Gaeltachta air.

Tá súil agam go nglacfaidh an tAire le cuid de na pointí. Níl mé ag iarraidh bheith ag teacht salach ar éinne agus mé ag caint orthu. Mar adúirt mé, níor aontaigh mé le mo urlabhraí féin i gcuid de na rudaí a bhí sé á rá ach, ar ndóigh, sin duine Gaeltachta amháin agus a tuairimí féin aice agus fear Gaeltachta agus a thuairimí féin aige. Sin mar is fearr, agus b'fhéidir go mbíonn plé agus díospóireacht níos fearr ar Mheastacháin Roinn na Gaeltachta dáiríre sa Teach seo ná mar a bhíonn ar go leor de na Meastacháin eile, mar bímid go léir ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh do mhuintir na Gaeltachta.

Ar dtús ba mhaith liomsa comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire as é a thoghadh mar Aire arís agus tá súil agam gur fada a leanfaidh sé i mbun an dualgais sin agus, chomh maith leis sin, comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Gallagher as a thoghadh mar urlabhraí ar son an Fhreasúra. Sílim go bhfuil an bheirt acu as iarthar na hÉireann agus tá an bheirt acu as ceantair Gaeltachta. Tá tuiscint acu ar na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineas leis an nGaeltacht agus sílim gur maith an rud é sin.

Nuair a bhí an Teachta Gallagher ag caint dúirt sé gur mheas sé gur céim síos a bhí ann go mbeadh níos mó ná freagarthacht Roinn amháin ar Aire na Gaeltachta. Ba mhaith liomsa a rá nach í seo an chéad uair a tharla sé sin go raibh níos mó ná freagarthacht amháin ar Aire na Gaeltachta, agus an dara rud ba mhaith liom a rá, go bhfuil freagarthacht cúpla Roinn ar Aire na Gaeltachta ach cúpla Roinn iad a bhaineann go dlúth leis an nGaeltacht, iascaireacht agus foraoiseacht; tá dlúth-bhaint acu leis an nGaeltacht agus le ceantair Ghaeltachta, agus sílim gur maith an rud é go mbeadh an duine amháin i gceannas go speisialta ar Roinn na Gaeltachta agus Roinn na hIascaireachta, mar sílim gur sin tionscail go bhféadfar níos mó forbartha a dhéanamh air i gceantair Ghaeltachta. Le blianta anuas sílim go bhfuil athrú mór agus athrú bunúsach tar éis teacht ar shaol mhuintir na Gaeltachta agus ar shaol na Gaeltachta féin; is é sin tá forbairt mór eacnamaíochta tar éis tarlú agus anois is beag daoine atá ag fagáil na Gaeltachta agus ag dul thar lear mar a bhí leis na glúnta romhainn. Tá an chuid is mó acu ag fanacht sa bhaile anois ina dtimpeallacht féin agus is breá an rud go bhfuil fostaíocht agus gléasra le cur ar fáil dóibh ina gceantar féin. Sílim gur ceann de na rudaí is suimiúla a dúirt an tAire nuair a bhí sé ag caint, ná in ainneoin na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír faoi láthair agus an uimhir mhór daoine sa tír atá dífhostaithe — agus táimid buíoch de Dhia agus den Aire — nár dearnadh laghdú ar bith ar an líon daoine atá fostaithe sna tionscail sa Ghaeltacht, na tionscail sin a raibh baint ag Údarás na Gaeltachta agus ag Gaeltarra Éireann a tháinig rompu. Lena mbunú tháinig ardú ar an líon daoine atá ansin. Agus mise ag teacht as Dáilcheantar Iar-dheisceart Thír Chonaill, ceann de na rudaí a thug faoiseamh áirithe dom i rith na bliana seo ná go bhfuil tionscail an Dáilcheantair féin, tionscail a raibh monarchana eile ins an tír seo i mBaile Átha Cliath, agus cé gur dhún an mhonarcha i mBaile Átha Cliath síos, go bhfuil an ceann i dTír Chonaill oscailte go fóill agus é ag dul ar aghaidh go maith. Tá súil agam gur fada a mhairfidh an scéal mar sin.

Sílim gur ceann de na rudaí gur cóir do Údarás na Gaeltachta a dhéanamh as seo amach ná béim ar leith a chur ar achmhainní nádúrtha na Gaeltachta. Mar adúirt an Teachta Geoghegan-Quinn ansin, ceann de na hachmhainní nádúrtha atá againn sa Ghaeltacht ná iascaireacht agus sílim gur ceann de na rudaí a d'fhéadfaí dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta in iarthar na tíre ná monarcana le haghaidh próiséail a chur ar fáil a chuirfeadh fostaíocht agus obair ar fáil don líon daoine atá ansin gan obair i láthair na h-uaire.

Ceann de na rudaí eile go bhféadfaí béim a chur air sna ceantair Ghaeltachta ná turasóireacht. Tá cuid de na radharcanna is deise agus is áilne sa tír ansin agus sílim gur chóir níos mo poiblíochta a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta leis na daoine a tharraingt siar ó thuaidh agus ó dheas lena gcuid saoire a chaitheamh ansin. Fá choinne an fhorbairt sin a thabhairt chun críche tá gá le cúpla rud. Ba chóir go ndéanfaí forbairt ar chúrsaí cumarsáide; is é sin bóithre ag dul isteach sna ceantair chomh maith le cúrsaí teil-eafóin agus mar sin de.

Cheana féin, ceann de na scéimeanna a mhealeann a lán daoine chun na Gaeltachta ná scéim na gcoláistí Gaeilge agus tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil beagnach milliún punt curtha ar fáil i mbliana don scéim sin. Tá mé féin buartha, caithfidh mé a rá, nach bhfuiltear ábalta ardú ar bith a thabhairt do na mná tí thar an méid a bhí acu anuraidh ach sílim go dtuigimid cén fáth. Tá géarchéim eacnamaíochta ann agus is dóigh gur sin an príomh-fáth atá leis ach ba mhaith liom moladh a dhéanamh do úinéirí na gcoláistí Gaeilge. Ní hé amháin go bhfaigheann siad deontas ná go bhfuil ioncaim acu ón Stát Chiste ach chomh maith leis sin faigheann siad táillí ó na tuismitheoirí a chuireann na daltaí go dtí na Gaeltachtaí. Níl a fhios agam ar tháinig ardú ar na dtaillí sin i mbliana nó nár tháinig ach b'fhéidir go bhféadfadh únéirí na gcoláistí rud éigin a thabhairt do na mná tí. Tá siad ar fud na Gaeltachta agus tá luach na n-earraí ag dul suas gach bliain agus mura dtugtar rud éigin dóibh ní bheidh oiread proféid acu i mbliana agus a bhí acu blianta eile. Ceann de na rudaí, agus tá an t-am teoranta tuigim tráthnóna——

Tá 25 nóiméid fágtha. There is 25 minutes left.

Do I take it that the Minister comes in——

I take it that there are three other speakers and the Minister.

I will be as brief as I can and I will just take a few more minutes.

Ceann de na rudaí ba mhaith liom a rá ná tagairt a dhéanamh anseo do rud a chuireann isteach orm féin mar ionadaí Gaeltachta agus is é sin na deontais títhe a thugtar do na daoine a thógann títhe sa Ghaeltacht agus sílim gur ceist anchonspóideach í, gur ceist í a chaithfidh an tAire agus a Roinn amharc isteach ann agus rud éigin a dhéanamh mar gheall air. Faoi láthair tugtar dhá mhíle punt do dhuine a thógann teach sa Ghaeltacht agus sílim go bhfuil sé sin an-íseal. Go minic má tá tú i do chónaí i bpáirt eile den tír ní hé amháin go bhfaighidh tú míle punt ón Roinn Comhshaoil ach go minic faightear trí mhíle punt eile mar fhor-dheontas ar iasacht. Is beag duine sa Ghaeltacht a fhaigheann an for-dheontas sin agus ní bhíonn le fáil acu ach dhá mhíle punt.

Mar sin is é an chéad rud ba mhaith liom iarraidh ar an Aire agus ar an Rialtas b'fhéidir, nuair a bheas cursaí eacnamaíochta níos fearr ná rud eigin a dhéanamh le ardú a chur ar an deontas sin, agus an dara rud — agus b'fhéidir an rud is tábhachtaí — ná mar a thugtar an deontas sin amach. Mar adúirt mé, tá daoine ag teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht anois agus b'fhéidir go mbíonn Gaeilge ag duine amháin sa teaghlach agus nach mbíonn an Ghaeilge ar a thoil ag gach duine sa teaghlach ní thugtar an deontas, agus tá mé cinnte go bhfuil sí ar eolas ag na Teachtaí Gaeltachta eile na deacrachtaí móra a dheineann an scéim seo. Tá a fhios agam féin daoine go leor nar fhág an Ghaeltacht ariamh agus nar éirigh leo an deontas sin a fháil. Tá sé ar eolas agam go bhfuil cigirí ag Roinn na Gaeltachta sna ceantair agus go dtéann siad thart go dtí na tithe agus go minic go mbíonn siad ag braith ar chumas páistí óga nach bhfuil fiú amháin ar an scoil go fóill, go mbíonn sé ag braith ar a gcumas sin iad féin a chur in iúl i nGaeilge an bhfaigheann siad an deontas nó nach bhfaigheann. Agus muid i 1983 is náireach an scéal é sin, go mbeadh sé ag braith ar pháiste óg nach bhfuil a trí nó ceithre bliana d'aois an bhfuil an deontas le fáil ag na tuismitheoirí nó nach bhfuil.

Tá a fhios agam go bhfuil sé sin a tarlú i dTir Chonaill; is dócha go bhfuil sé ag tarlú i gceantair Ghaeltachta eile agus sílim go bhfuil sé ag déanamh dochar mór do cheist na Gaeilge agus don Ghaeltacht. Tá a fhios agam cad adéarfaidh an Roinn — go bhfuil siad tar éis scéim úr a chur ar bun, scéim spreagtha na Gaeilge ach is beag maitheas a dhéaneann sé sin do mhuintir na Gaeltachta mar bíonn an t-airgead ag teastáil uathu nuair a bhíonn siad ag tógáil an tí. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire — a thagann ó cheantar Gaeltachta é féin agus a bhfuil tuiscint aige ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht — amharc a thabhairt ar an scéim sin. Nuair a bhí mé anseo anuraidh agus mé ag labhairt ar an dtaobh thall den Teach rinne mé an moladh céanna agus ní dóigh liom gur tugadh aird dá laghad air. Má tá an Roinn i ndáiríre faoin Ghaeilge sílim go ndéanfaidh siad dearcadh isteach ins an scéal sula dtagann an chéad Mheastachán eile os comhair na Roinne. Níl mé ag cur an locht ar na cigirí. Níl na cigirí ach ag iarraidh an riail atá ansin a chur i bhfeidhm agus murar féidir athrú a chur ar an scéal b'fhéidir fá choinne muinín mhuintir na Gaeltachta a fháil go gcuirfí bord éigin ar bun go bhféadfaí a theacht chucu agus iarraidh orthusan dearcadh isteach sa scéal. Sílim gur olc an rud é go bhfuil sé ag brath ar thuairim duine amháin an bhfuil an deontas sin le tabhairt amach nó nach bhfuil. Mar a dúirt mé, tá an t-am teoranta agus níl am agam mórán eile a rá, ach tá áthas orm gur Aire as iarthar na hÉireann atá ann. Sílim gur ócáid stairiúil é seo mar ní hé amháin go bhfuil Aire na Gaeltachta anseo ach tá triúir iar-Airí i láthair — beirt acu atá taréis labhartha — agus b'fhéidir go labharfaidh an duine eile nuair a shuímse síos. Mar sin, go raibh míle maith agaibh agus tá súil agam nár labhair mé ro-fhada.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom tréaslú leis an Aire, an Teachta O'Toole, agus guím gach rath ar a chuid oibre. Maidir leis an Meastachán seo, cuireann sé díomá orm go bhfuil sé chomh lú le £20,000. Taispeánann sé sin an tsuim atá ag an Rialtas seo sa Ghaeltacht agus i Roinn na Gaeltachta. Tá a fhios agam go rí-mhaith go bhfuil an-suim ag an Aire féin sa Ghaeltacht ach níl san Aire ach guth amháin sa Rialtas. Níl aige ach vóta amháin san Rialtas agus tá a fhios againn go rí-mhaith go bhfuil sé deacair aigesan an t-airgead a fháil ón Rialtas. Is féidir leis an Aire bheith cinnte de go bhfaighidh sé lán-tacaíocht uainne ar an dtaobh seo den Teach — b'fhéidir nach bhfuil mórán maitheasa ansin — chun brú a chur ar an Rialas níos mó airgid a thabhairt dó.

Is é an rud is tábhachtaí maidir leis an Ghaeltacht agus an cúram atá orainn go léir ná cuidiú le muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a choinneáil beo. Chun é sin a dhéanamh tá dualgas orainn go léir agus dualgas ar Aire na Gaeltachta fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil go leor deacrachtaí, go háirithe faoi láthair leis an cúlú domhanda atá againn. Caithfidh Roinn na Gaeltachta agus Aire na Gaeltachta gach cuidiú a thabhairt do na monarchana go léir chun na jobanna atá acu a choinneáil. Ba mhaith linn cur leis na jobanna sin ach an chéad chúram atá aige i rith cúlú domhanda ná na jobanna sin a choinneáil. Ceapaim gur cheart deontas spesialta a thabhairt do na monarchana sin chun costais iompair a laghdú. Mar a dúirt an Teachta Gallagher, táimíd cuid mhaith míle ó na calafoirt éagsúla le haghaidh allmhairithe agus onnmhairithe agus ba cheart smaoineamh air sin, deontas a chur ar fáil do na monarchana seo.

Tá monarcha amháin againn sna Doirí Beaga agus tá eagla ar na hoibrithe go bhfuil seans ann go n-aistreofar an tionscal sin go Baile Atha Cliath. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire cinnte de má tá athrú san equity ansin go mbeidh an mhonarcha sin fágtha san Doirí Beaga. Tá foirgneamh sna Doirí Beaga a tógadh le haghaidh stiúideo nua Radio na Gaeltachta. B'fhéidir go gcuirfidh Aire na Gaeltachta brú ar an Aire Poist agus Telegrafa airgead a chur ar fáil chun an stiúideo a oscailt chomh luath agus is féidir. Tá Radio na Gaeltachta ag déanamh an-obair agus labhair an Teachta Geoghegan-Quinn maidir le sin. Tá an ceann atá againne i Dún na nGall ró-bheag agus is ceist phráinneach é go n-osclófaí an ceann eile chomh luath agus is féidir.

Maidir leis na bóithre áise, cuireann sé díomá orm gur laghdú an méid a tugadh ó £200,000 go £50,000. Cuireann sé andíomá orm go bhfuair mise freagra inniu maidir leis na bóithre ar oileán Árainn Mhór. Leis na blianta anuas thug Roinn na Gaeltachta cuidiú don chomhairle chontae agus thaispeáin Roinn na Gaeltachta an tsuim a bhí acu sna hoileáin. Táimid buíoch gur tugadh airgead do hoileán Thóraigh ach le blianta anuas thug gach Aire Gaeltachta £15,000 do hoileán Árainn Mhór ach inniu dúradh liom nach bhfuil airgead ag an Roinn i mbliana le caitheamh ar na bóithre sin. Ba mhaith liomsa go ndéanfadh comhairle chontae Dhún na nGall aon obair is gnáth a dhéanamh orthu. B'fhéidir go ndéanfar ath-smaoineamh air seo agus airgead a chur ar fáil le haghaidh na bóithre ar oileán Árainn Mhór. Tá an chomhairle chontae ag brath ar airgead a fháil ón Roinn.

Maidir leis na mná tí is féidir leatsa a bheith cinnte agus an milleán a chur ar Aire na Gaeltachta ag an am sin, An Teachta Denis Gallagher, ach an Teachta O'Toole atá mar Aire na Gaeltachta anois agus thug sé geallúint do mhuintir na Gaeltachta agus do mhná tí na Gaeltachtaí go dtabhairfadh sé ardú dóibh gach bliain. Is mór an trua nár tugadh an t-airgead sin agus b'fhéidir go ndéanfar ath-smaoineamh air sin.

Caithfidh mé seans a thabhairt do na daoine eile atá ag teacht isteach anois. Arís ba mhaith liom tréaslú leis an Aire agus tá súil agam go bhfaighimid seans eile agus go mbeidh i bhfad níos mó ama againn chun díospóireacht a bheith againn maidir le Roinn na Gaeltachta.

Seo é an ócáid amháin chuile bhliain nuair atá seans againn díospóireacht cheart Ghaeilge a bheith againn sa Teach seo. Tá súil agam go mbeimid in ann gnó na Dála a shocrú níos fearr an bhliain seo chugainn ionas go mbeidh am go leor ag Teachtaí an Meastachán a phlé go ceart, gan trácht ar na Meastacháin eile. Ar an gcéad dul síos gabhaim mo chomhgairdeas leis an Aire as ucht a cheapúcháin mar Aire na Gaeltachta. Tá súil agam go n-éireoidh go han mhaith leis san obair thábhachtach atá idir lámha aige. Níl aon amhras agam go bhfuil cúram an-thábhachtach ar Aire na Gaeltachta — cúram na teanga agus cúram na nGaeltachtaí. Tá a fhios agam go dtuigeann muintir na hÉireann uile gurb í an Ghaeltacht tobar agus foinse ár gcultúir. Mar a dúirt an Teachta Denis Gallagher, brathann ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge ní hé amháin ar mhuintir na nGaeltachtaí ach ar pobal na hÉireann go hiomlán.

Tuigim anois, agus tuigeann gach éinne, go bhfuil deachrachtaí eacnamaíochta ag brú isteach orainne agus dá bhrí sin tá sé an-deacair ar fad tionscail a bhunú. Ach tá sé i bhfad níos deacra tionscail a bhunú agus fostaíocht a chur ar fáil i gceantair iargúlta cois farraige ina bhfuil na Gaeltachtaí suite. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil méadú beag ar an líon atá fostaithe sna Gaeltachtaí thar bliain ó shin. Is maith é sin a chloisteáil.

Beidh deis ag mo chara, Deputy Tunney, cúpla focal a rá, ach caithfidh mé ceist a chur ar an Aire: an bhfuil aon rud beartaithe aige chun dul i gcomhairle le Comhphobal na hEorpa chun airgead breise a fháil chun forbairt na Gaeltachta a chur chun chinn? Faoi mar is eol don Aire, nuair a bhí mé ag caint ar an Mheastachán seo an bhliain seo caite, rinne mé tagairt do socruithe nua atá déanta ag an gComhphobal. An bhfuil aon bheartadh ag an Aire dul i gcomhairle le Coimisiún an Chomhphobail chun cabhair a fháil chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn?

Níl mórán agam le rá ach tá mo dhóthain ama agam chun mo chuid dhíomá a chur in iúl don Aire agus don Teach maidir leis an díospóireacht seo. Tá díomá orm freisin, agus mé ag éisteacht le cainteoirí, faoin béim uafásach atá ar chúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa is í an Ghaeltacht an áit amháin ina bhfuil Gaeilge mar ghnáth theanga. Is í an Ghaeltacht an áit ina bhfuil scoth na tíre seo ina gcónaí. Is í an Ghaeltacht an áit ina bhfuil a fháganns againne dár gcultúr agus saol sóisialta na tíre. Is cuma liomsa go dtarlaíonn sé go bhfuil sé i nGaillimh nó í Maigh Eo nó i dTír Chonaill: ní bheadh sé ann mura mbeadh an Ghaeilge ann. Baineann an Ghaeltacht leis an tír — ní hé áilneacht na háite, bochtanas na háite atá ann — agus más rud é go mbíonn an iomad béime ar chúrsaí eacnamaíochta, gan socrú dá réir a dhéanamh muna bhfuil ann ach go bhfuilimid ag cur isteach na mílte gasúir ag labhairt Béarla tá brabach ansin do na mná tí ach tá an-chailliúint ann maidir leis an Ghaeilge. Má bhímid ag chur tionscal isteach agus muna bhfuil socrú déanta roimh ré go mbeidh an duine is tábhachtaí ann in ann a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, cén mhaith é? An rud is luachmara beidh sé ag éirí níos lú de réir an lae agus ní bheidh Gaeltacht ann ach Galltacht. B'fhearr liomsa airgead a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ach an Ghaeilge a choinneáil beo. Bhí mé i nGaillimh agus i gCiarraí agus i dTír Chonaill le déanaí agus thug mé faoi dearadh nach bhfuil an Ghaeilge sna háiteanna sin mar a bhíodh agus sin an rud go mba cheart dúinn bheith ag díriú ár smaointe air. Muna ndéanaimid é sin, i sé nó seacht mbliain beimid ag caint faoin Ghaeltacht ach ní bheidh aon Ghaeltacht ann. Níor cheart dúinn bheith ag breathnú ar an Ghaeltacht agus ag rá gur áit congested atá ann. Tá sé tábhachtach de bhrí go bhfuil an Ghaeilge ann. Ní bheidh sé tábhachtach níos mó má imíonn an Ghaeltacht agus chomh túisce agus a n-aithnímid gur mar sin atá, is fearr a bheas sé don Ghaeltacht.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí a ghlac páirt san díospóireacht. Tá díomá orm nach bhfuil ach cúig nóiméid agam le freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh orm ach déanfaidh mé mo dhícheall, agus táim cinnte go mbeidh díomá ar dhaoine nach bhfuil mé ábalta plé go mion leis na pointí uile sa ghnáth bhealach. Theastódh uair a chloig uaim dul trí na pointí ar fad.

Aontaím le Deputy Tunney go bhfuil an iomairce béime á tabhairt againn ar chúrsaí airgeadais agus gur rud eile ar fad í an teanga. Ach, ar ndóigh, muna mbíonn daoine ann ní bheidh teanga ann agus ní choinneofar daoine sa Ghaeltacht muna mbeidh fostaíocht ann. Tá, mar adéarfá, "inevitable logic" ag baint leis an rud seo. Ach taobh amuigh de sin, ba cheart go mbeadh níos mó béime ar mheon i leith na Gaeilge agus dá mbeadh an meon ann bheadh an Ghaeilge slán.

Dúradh go raibh cúraimí breise agam agus nach féidir liom an t-am atá ag gabháil leis an Aireacht a chaitheamh air. Ní thagaim le sin ar chor ar bith. Is é an Teachta McGinley a dúirt go bhfuil anbhaint ag an iascaireacht agus an bhforaoiseacht le ceantair Ghaeltachta, agus tá, agus tá daoine sa Teach seo ar aon intinn, a thuigeann ón méid atá déanta agam gur fearr go mór bheith ag plé liomsa ar ghnóthaí iascaireachta, cuir i gcás, atá ar bun sa Ghaeltacht toisc gur féidir liom na ceisteanna a chuireann na daoine seo a fhreagairt agus aon chúnamh is féidir liom a thabhairt mar Aire Iascagh chomh maith le bheith im Aire Gaeltachta. Mar sin, ní dóigh liom go dtagann an dá Aireacht salach ar a chéile. Tá siad ag cuidiú le chéile agus tá súil agam go bhfeicfear go mbeidh siad mar bhuntáiste don Ghaeltacht.

Maidir le bóithre áise, tá an ceart ag an Fhreasúra a bheith ag gearán agus ag clamhsán faoi easpa airgid le haghaidh bóithre áise. Dúirt an Teachta Geoghegan-Quinn nach raibh aon mhaith agamsa bheith ag caint faoi chomhairlí contae agus ag caitheamh anuas orthu toisc nach bhfuil siad ag déanamh a job féin sna Gaeltachtaí. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Is maith an rud dúinn mar Theachtaí Dála go bhfuil suim againn i bhforbairt na Gaeltachta, an mhéar a shíniú ag na comhairlí contae agus a rá leo nach bhfuil a gcion agus a ndualgais á ndéanamh acu ar son na gceantar Gaeltachta go bhfuil siad freagreach astu ina gcontaethe.

Tá fhios agam le blianta fada anuas gur tháinig Roinn na Gaeltachta isteach, chuir siad airgead ar fáil do bhóithre áise agus áiseanna eile, agus gurb iad na comhairlí contae a bhí i ndáiríre freagrach as na seirbhísí seo agus shleamhnaigh siad amach as a ndualgais. Faoi seo, tá comhairle chontae amháin sa tír seo nach bhfuil sásta cúig faoin gcéad den chostas iomlán ar áis faoi leith sa chontae sin a chur ar fáil.

Cén comhairle chontae é sin?

Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá 90 faoin gcéad curtha ar fáil ag mo Roinn agus tá 10 faoin gcéad fágtha agus níl siad sasta é a chur ar fáil. Is bocht an scéal é sin mar, mura mbeadh an áit sin sa Ghaeltacht bheadh 100 faoin gcéad den costas á chur ar fáil ag an chomhairle contae sin. Ba mhaith liom rud amháin a rá faoi na cuntais——

(Cur isteach.)

Ní ach leath nóiméad ag an Aire.

Anuraidh níor cuireadh na cuntais ar fáil go dtí mí Lúnasa. Níl sé sin sásúil agus tá an ceart ag an Teachta Begley, ach chomh fada agus is eol dom beidh cuntais na bliana 1982 ar fáil i mí Iúil.

Tá aiféal orm faoin am, mar bhí a lán le rá agam faoin Údarás agus rudaí eile. Níl deis agam é sin a dhéanamh. Ba mhaith liom arís mo buíochas a ghabháil leis na Teachtaí a ghlac páirt san díospóireacht. Mar adúradh, seo ceann de Meastacháin go mbíonn díospóireacht ceart air agus nach mbíonn aon chaitheamh anuas ann ó thaobh polaitíochta de, go mbíonn daoine sásta seasamh suas agus gearán a dhéanamh faoin a gcuid féin den Teach más gá é ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. Is mór an trua nach ndéantar an rud céanna maidir le Meastacháin eile.

Cuireadh agus aontaíodh Vóta.

The Dáil adjourned at 10.30 p.m. until 10.30 a.m. on Friday, 17 June 1983.