Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Jul 1983

Vol. 344 No. 9

Written Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltachtaí.

426. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá ag obair sna Gaeltachtaí seo a leanas i láthair na huaire: Tír Chonaill, Gaillimh, Maigh Eo, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Gaeltacht na Mí.

427. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon daoine a bhí fostaithe i ngach Gaeltácht, an 31 Nollaig, 1979, 1980, 1981, 1982.

Tógfaidh mé Ceist a 426 agus Ceist a 427 le chéile. Glacaim leis gurb é atá á lorg ná líon na ndaoine a bhí ag obair go lánaimseartha ar 31 Nollaig i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá an t-eolas do na blianta 1979 go 1981 ar fáil sna tuarascálacha a leagadh faoi bhráid na Dála. Tuigim ón Údarás gur mar seo a leanas an líon ar an 31 Nollaig 1982:—

Contae

Líon

Dún na nGall

1,722

Maigh Eo

466

Gaillimh

1,285

Ciarraí

252

Corcaigh

274

Port Láirge

24

An Mhí

121

An tIomlán

4,144

Barr
Roinn