Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1983

Vol. 345 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Kincasslagh (County Donegal) Landing Facilities.

13.

asked the Minister for the Gaeltacht if it is intended to improve landing facilities at Kincasslagh, County Donegal.

Níl feabhsúcháin beartaithe faoi láthair san áit sin.

Ar chuir an tAire fiosruchán ar bun maidir leis an gcé seo?

Cuireadh agus is é an t-eolas a tháinig ar ais ná nach raibh an áit seo ach ceithre mhíle ó Ailt an Chorráin, áit a bhfuil áis le haghaidh bháid agus go bhfuil cé ansin. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom a chur ina luí ar an dTeachta nach í an Ghaeilge gnáth-theanga an cheantair sin. Níl fairsingeacht ar bith le forbairt a dhéanamh. Sin iad cúiseanna ar leith nár bhfiú forbairt a dhéanamh sa cheantar.

An bhfuil a fhios ag an Aire nach féidir báid a thabhairt go dtí Ailt an Chorráin faoi láthair ach gur féidir báid a thabhairt isteach i Ceann Casla, go bhfuil ceist ann maidir leis an dredging? Muna bhfuiltear in ann airgead a chur ar fáil le haghaidh Ceann Casla, an féidir airgead a chur ar fáil le haghaidh Ailt a'Chorrain?

Tá deacrachtaí faoi leith mar atá a fhios ag an Teachta, agus mar atá a fhios ag an Aire, agus mar adúirt mé leis go pearsanta. Tá ceist Ailt a'Chorráin á phlé faoi láthair. Beidh mé i dteangmháil leis an Teachta faoi nuair a bheidh Meastachán na bliana seo rite.

An bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil siad ábalta teacht isteach?

Níl a fhios agam.

Barr
Roinn