Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1983

Vol. 345 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta Estimate.

3.

asked the Minister for the Gaeltacht if the Government propose to make further cut-backs on the Údarás na Gaeltachta Estimate for 1984.

Beidh eolas mar sin ar fáil nuair a fhoilseofar na Meastacháin.

Ar pleadh Meastacháin Roinn na Gaeltachta go fóill ag aon chruinniú den Rialtas.

Ar pléadh todhchaí an Údarás ag cruinniú de chruinnithe an Rialtais le gairid.

Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé ceart nár cóir domsa sonraí aon idir-bheartaíocht a thárla taobh istigh den Rialtas maidir le meastacháin nár foilsíodh go fóill.

An cheist dheireanach ar chuir mé ar an Aire níor bhain sé le Meastacháin chor ar bith; bhain sé le todhchaí na heagraíochta agus chuir mé ceist díreach ar an Aire ar pléadh todhchaí na heagraíochta féin ag cruinniú de chuid an Rialtais le gairid.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire nó ag an Rialtas athruithe ar chomhaltaí Bhord an Údaráis a mholadh, agus cé comh fada uainn agus atá na hathruithe sin le teacht?

Tá iontas orm go bhfuil an Teachta ag tabhairt aird ar ráflaí atá ag dul thart faoin Teach seo agus go deimhin faoin tír maidir le seo. Tá tuarascáil oifigiúil scríofa ag teacht chugamsa faoin chruinniú deiridh a bhí ag an mbord agus cuirfear sonraí na tuarascála sin os comhair an Rialtais.

An bhfuil muinín ag an Aire é fein mar Aire Gaeltachta as Údarás na Gaeltachta?

Tá múinin agam. Dúirt mé cheana é. Cuireadh i mo leith ná dúirt agus go deimhin tá forbairt na Gaeltachta ag braith ar fhiúntas na eagraiochta agus tá a fhios sin ag an Teachta chomh maith liomsa.

An bhfuil muinín ag Aire na Gaeltachta atá mar Aire faoi láthair agus ag an Rialtas i bpríomh-fheidhmeannach na heagraíochta?

Duirt mé go raibh muinín agam as eagraíocht Stáit atá i mbun forbartha na Gaeltachta. Ni dóigh liom go bhfuil se de dhualgas orm seasamh anseo agus dul tríd freagraí an bhfuil muinín agam as daoine áirithe. Níor chuireadh an cheist sin ar éinne sa Teach seo riamh'cheana.

An cheist seo, tá sí tábhachtach agus is í an cheist atá ag tarraingt an ruaille buaille is mó ó tháinig an tAire seo mar Aire Gaeltachta ní amháin an uair seo ach an uair dheireanach freisin, agus sin í an cheist go bhfuil mé ag iarraidh freagra uirthi: an bhfuil muinín ag an Aire mar Aire Gaeltachta as phríomh—fheidhmeannach na heagraíochta, agus is é an príomh-fheidhmeannach ceann na heagraíochta agus an duine is tábhachtaí san eagraíocht.

Is é an bord an chuid den eagras is tábhachtaí agus tá an méid atá ráite agam ráite agus ní abróidh mé——

(Cur isteach.)

Barr
Roinn