Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Dec 1983

Vol. 346 No. 10

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

283. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú de réir na gcúraimí a cuireadh air faoin Acht lenar bunaíodh an tÚdarás; (a) i gcaiteachas an airgid a chuireann an Rialtas ar Fáil dóibh le freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus (b) maidir le tuilleadh postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

284. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil muinín aige as Údarás na Gaeltachta, as foireann an Údaráis agus na hiarrachtaí atá dhá ndéanamh acu le fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

285.

asked the Minister for the Gaeltacht if the Government are aware of the damage to prospects for industrial development and job creation in Gaeltacht areas arising from the events leading to dismissals from the Board of Údarás na Gaeltachta; and the action he now proposes to take in the matter.

Tógfaidh mé Ceisteanna 283 go 285 go huile le chéile.

Faoi mar a mhínigh mé sa Teach seo ar an 17 Samhain, tá fadhbanna áirithe ag Údarás na Gaeltachta. Ach na fadhbanna sin a bheith réitithe — agus tá dóchas agam go réiteofar gan mhoill iad — beidh an tUdarás ag feidhmiú mar is cóir agus beidh muinín dá réir agamsa as comhaltaí agus as foireann an Údaráis maidir le caitheamh an airgid a thugann an Rialtas dóibh chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn agus tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil.

286. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta gur cheart d'Údarás na Gaeltachta níos mó béim a chur ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus a insint cén moltaí atá ag a Roinn chun aghaidh an Údaráis a dhíriú ar na cúrsaí seo.

Táim sásta go dtuigeann Údarás na Gaeltachta an tábhacht a bhaineann le hacmhainní nádúrtha na Gaeltachta a fhorbairt agus, de réir mar a éireoidh go maith le gnéithe áirithe den fhorbhairt sin, go bhféachfaidh an tÚdarás agus pobal na Gaeltachta chuige go ndíreofar orthu.

Barr
Roinn