Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Dec 1983

Vol. 346 No. 10

Written Answers. - Leabhair Scoile.

129. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sí chuige go gcuirfear stop láithreach le leabhair scoile sa Ghaeilge a bheith á gclóbhualadh i Sasana.

Is iad na foilsitheoirí príobháideacha a fhoilsíonn na téacsleabhair scoile.

I gcás na scoileanna náisiúnta roghnaíonn na múinteoirí na leabhair scoile ó liosta leabhar faofa le haghaidh úsáid i scoileanna náisiúnta a eisíonn an Roinn Oideachais ó am go ham. I gcás na scoileanna iar-bhunoideachais is iad na scoileanna féin a roghnaíonn na téacsleabhair lasmuigh de théacsanna áirithe a leagtar síos ag an Roinn i gClár na Meánscoileanna.

Tuigtear dom gur sa tír seo a clóbhualadh na leabhair Gaeilge faofa do na scoileanna náisiúnta, agus na leabhair Gaeilge atá luaite i gClár na Meánscoileanna atá in úsáid faoi láthair sna scoileanna.

Ní miste dhom a rá, áfach, nach bhfuil aon fheidhmeannas oifigiúil ag an Aire Oideachais maidir leis na socruithe a dhéanann foilsitheoirí le haghaidh leabhair a chlóbhualadh.

Barr
Roinn