Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 1984

Vol. 347 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Tory Island (Donegal) Landing Facilities.

3.

asked the Minister for the Gaeltacht when it is expected that a satisfactory agreement will be reached in relation to the provision of adequate landing facilities at Tory Island in order that a ferry boat may be made available.

Comhairlítear dom go mbeadh costas de bhreis ar £1.5 mhilliún i gceist chun saoráidí calaíochta fóirsteanacha a chur ar fáil i dToraigh agus go mbeadh taighde le déanamh sula bhféadfaí tabhairt fúthu. Tuigfear mar sin go dtógfaidh sé tamall sula bhféadfar teacht ar chinneadh críochnaitheach.

An nglacann an tAire leis go bhfuil na háiseanna atá acu anois i mBun Beag agus in Oileán Toraigh, go bhfuil siad san le haghaidh an bháid farantóireachta atá ag dul isteach agus amach agus má tá sin ceart go leor le haghaidh an bháid sin cad chuige go gcaithfimid fanacht ar áiseanna a chosnóidh £1.5 mhilliún le haghaidh bád farantóireachta nua.

Maidir leis an £1.5 mhilliún seo, tháinig sé sin as reamh-scrúdú a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí. Glacaim leis nach bhfuil na saoráidí atá ar fáil oiriúnach nó sásúil mar shaoráidí le haghaidh bád farantóireachta, cuir i gcás, ach is ceist airgid í agus níl na suimeanna seo againn. Anois b'fhéidir go bfhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh air seo le fáil amach an bhféadfaí rud éigin níos saoire a dhéanamh a chuirfeadh saoráidí bunúsacha ar fáil.

Barr
Roinn