d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú d'iarratasóir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).
Written Answers. - Iocaoícht Deontas.
Tuigim nach bhfuil ar intinn ag Údarás na Gaeltachta cúnamh a thabhairt do thionscal den chineál atá i gceist ag an iarratasóir sin toisc go meastar, ag féachaint don chumas táirgthe atá ann agus don mhargadh do na táirgí, gurb amhlaidh a chuirfí isteach ar dhaoine atá sa tionscal cheana.
348. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a chur ar fáil in 1984 le feabhsúcháin ar bhóthar (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe a chríochnú.
Breithneoidh mé an cás sin nuair a bheidh an soláthar airgid do bhóithre i mbliana á dháileadh agam.
349. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas tithíochta a cheadú i leith iarratasóra i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).
Níl deontas tógála iníoctha sa chás sin os amhlaidh nach don iarratasóir a tógadh an teach.
350. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas tithíochta a cheadú i leith iarratasóra i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha).
Ní fhéadfaí deontas a cheadú sa chás sin toisc nach rabhthas sásta go raibh na coinníollacha reachtúla comhlíonta, go háirithe gurbh i an Ghaeilge gnáththeanga an teaghlaigh.