Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 15 Mar 1984

Vol. 348 No. 13

Méastacháin, 1984. - Vóta 37: Roinn na Gaeltachta (Atógáil).

Atógadh an díospóireacht ar an dtairiscint seo leanas:
Go ndeonófar suim nach mó ná £13,489,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
-(Aire na Gaeltachta.)

Más é seo an £40,000 a thug an t-iar Rialtas Fhianna Fáil do Chumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair cúpla bliain ó shin do na háiseanna atá acu ansin, tá súil agam go leanfaidh an tAire atá againn anois leis an nós agus airgead cosúil leis sin a chur ar fáil agus go háirithe i mbliana do Chumann Lúthchleas Gael os rud é gur bunaíodh iad tuairim is céad bliain ó shin.

(Cur isteach.)

Tá mé ag caint faoi níos mó airgid a chur ar fáil agus tá mé ag cuidiú leis an Aire agus táimid go léir ag cuidiú leis ionas go mbeidh sé ábalta dul isteach ag an Rialtas, Rialtas nach bhfuil cara ar bith aige ann agus nach bhfuil cara ar bith againne ann agus Rialtas nach bhfuil cara ar bith ag muintir na Gaeltachta ann agus mar a dúirt mé ar maidin d'imigh siad go léir thar sáile chun monarchana a fháil le haghaidh áiteanna éagsúla sa tír seo ach níor thug siad cuireadh don Aire anseo, rud ba chóir os rud é gur Aire na Gaeltachta é agus dá bhfaigheadh sé tionsclóirí chun teacht chuig an tír seo bheadh a fhios ag an Rialtas gur chuig an Ghaeltacht a thabharfadh sé na daoine sin agus sin an fáth nár tugadh cuireadh duitse. Ach cuirimísne an brú sin orthu. B'fhéidir nach n-aontaíonn an tAire liom ach sin na facts atá amuigh romhainn agus caithfear glacadh leis nach bhfuil suim ar bith ag an Taoiseach ná ag Aire ar bith eile ach caithfear a bheith féaráilte don Aire: dá bhfaigheadh sé seans agus dá bhfaigheadh sé tacaíocht ón Rialtas, b'fhéidir dá bhfaigheadh sé an tacaíocht chéanna ón Rialtas is a thug Rialtas Fhianna Fáil dá Aire Gaeltachta bheadh scéal eile ann.

(Cur isteach.)

Caithfidh tú é sin a rá. Tá fhios agam nach féidir leatsa — mar rud ar bith atá anseo beidh sé scríofa síos — a rá nár tugadh cuireadh duit. Ní féidir sin a rá.

(Cur isteach.)

Is dócha go mbeimidne ar ais chomh maith. Sa bhliain 1979 chuir Rialtas agus aireacht Fhianna Fáil £48,000 ar fáil le haghaidh deisiú bóithre i mo chontae féin sa Ghaeltacht. Sa bhliain 1980 cuireadh £52,500 ar fáil; i 1981 cuireadh £38,280; sa bhliain 1982 £39,517; agus i 1983 go dtí gur chuireamar brú ar an Aire agus brú ar Roinn na Gaeltachta níor cuireadh ach £100 ar fáil do Ghaeltacht Thír Chonaill ach ina dhiaidh sin cuireadh £2,500 ar fáil le haghaidh Toraigh agus ag deireadh na bliana nuair a bhí cúpla punt fágtha sa sparán thug sé tuairim is £8,000 dúinn. Sin laghdú ó thuairim is £50,000 gach bliain go dtí tuairim is £10,000 anuraidh. Ach i mbliana nílimid sa Ghaeltacht ar fad ó Dhún na nGall síos go dtí Corcaigh ag fáil ach £25,000. Nuair a bhí Rialtas Fhianna Fáil ag tabhairt an méid sin do Dhún na nGall, ceapaim go raibh tuairim is £200,000 á thabhairt don Ghaeltacht go léir. Is náireach an rud é agus ba cheart go gcuirfí gach brú ar an Aire chun níos mó airgid a fháil.

Tá droch-dhóigh ar na bóithre go léir sa Ghaeltacht agus go háirithe ar na bóithre portaigh. Is iomaí uair a dúirt an tAire go raibh dualgas ar an chomhairle chontae. Ceapaim go bhfuil dualgas ar an chomhairle chontae ach le haghaidh na LAS schemes, le haghaidh na bóithre áiseanna, bhí £380,000 le fáil anuraidh agus i mbliana tá laghdú £100,000 ansin, laghdú ó £380,000 go £280,000. Ní féidir leanstan ar aghaidh leis sin.

Maidir leis na hoileáin i mo chontae agus i mo dháilcheantar féin — Árainn Mhór, Toraigh agus Inis Bó Finne — agus caithfear a rá go bhfailtím roimh an ráiteas a thug an tAire uaidh i mBun Beag ar an 25 Eanáir nuair a dúirt sé go mbeadh fordheontas le fáil, agus failtím roimhe sin agus tá siúl agam go dtabharfaidh sé——

(Cur isteach.)

Tá na báid sna Cealla Beaga go fóill agus go dtí inné níor tugadh ordú ar bith don bháidchlós tosú ar an obair, agus b'fhéidir go n-amharcfaidh sé isteach san rud sin. Maidir le Toraigh d'iarr mé ar an Aire bád a chur ar fáil le haghaidh muintir Thoraigh chomh maith ach ag an am sin dúirt sé féin liom sa Dáil anseo go mbeadh tuairim is £1,500,000 riachtanach chun na háiseanna a chur ar fáil. Tá a fhios aige go bhfuil bád 50 troigh ag dul isteach is amach an-minic go dtí an oileán agus tá na háiseanna ceart go leor le haghaidh an bháid sin ach cén fáth nach mbeadh na háiseanna ceart go leor le haghaidh bád farantóireachta más féidir leis an Rialtas an t-airgead sin a chur ar fáil. Ní dóigh liom go bhfuil gá le £1,500,000 a chaitheamh ar áiseanna ar Thoraigh, gur féidir bád farantóireachta a chur ar fáil agus tús a chur leis an obair. Tá Inis Bó Finne ag fanacht go fóill ar uisce píopa agus ceapaim b'fhéidir gur cuireadh airgead ar fáil ar Árainn; níor thosaigh an obair go fóill agus b'fhéidir go gcuirfidh an tAire brú ar na Ranna éagsúla, nó b'fhéidir ar an chomhairle chontae os rud é gur toilíodh chuid den airgead ón Roinn a chur ar fáil.

Ba mhaith liom tagairt ar feadh nóiméid amháin nó dhó do ionad traenála AnCO ag an eastát tionscail i nGaoth Dobhair agus iarraim ar Aire na Gaeltachta os rud é go bhfuil dlúthceangal idir Údarás na Gaeltachta agus AnCO, cinnte a dhéanamh de nach ndruidfidh an t-ionad traenála sin go deo agus iarraim air a chinntiú go mbeidh an stádas céanna ag an ionad traenála ansin is atá ag ionad traenála ar bith sa tír seo. Tá catchment area le haghaidh an ionaid sin ón nGaeltacht go léir ach tá go leor daltaí agus ní féidir srian a chur orthu — daltaí ó Chontae na Gaillimhe nó Contae Mhaigh Eo nó ó dheisceart na hÉireann — ag dul go dtí Gaoth Dobhair. Níl an catchment area mór go leor agus caithfear incentive a thabhairt do na daltaí sin dul go dtí Gaoth Dobhair agus an stádas céanna a thabhairt dóibh.

Tá seirbhís fíor-riachtanach á cur ar fáil ag Raidio na Gaeltachta ní amháin don Ghaeltacht ach don tír go léir agus chomh maith le muintir na Gaeltachta a bheith ag éisteacht le Raidio na Gaeltachta, tá muintir ón nGalltacht atá ina gcónaí sa chathair seo agus in áiteanna éagsúla sa tír nach bhfuil mórán Gaeilge acu ag foghlaim Gaeilge le cuidiú ó Raidio na Gaeltachta. Tá an-moladh ag dul do na daoine atá ag obair i Raidio na Gaeltachta ó na stáisiúin go léir, ach tá aithne i bhfad níos fearr agamsa ar an stáisiún raidió atá againn sná Doirí Beaga agus déanann na daoine sin an-obair. Is mór an trua nach bhfuil go leor daoine ag obair leo ar an research atá le déanamh agus nuair a thabharfar isteach an local radio Bill tá súil agam go ndéanfaidh an tAire cinnte de nach gcuirfidh sé sin isteach ar Raidio na Gaeltachta.

Maidir le muiroibreacha, feicim go bhfuil £250,000 ar fáil le haghaidh sin. Cúpla bliain ó shin chuir Rialtas Fhianna Fáil £1 milliún sná Meastacháin don jab sin agus os rud é go bhfuil Aire na Gaeltachta agus an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta anseo ceapaim nach bhfuil aon dul as nach féidir milleán ar bith a chur ar an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta os rud é nach bhfuil seisean ábalta an t-airgead sin a chur ar fáil. Tá an t-ádh orainn b'fhéidir go bhfuil an dá cheann ag an Aire agus os rud é go bhfuil fiosrúchán fós ar siúl maidir le dreideáil Ché Ailt an Chorráin, tá súil agam go mbeidh tusa ábalta an jab sin a thosnú i mbliana chomh maith leis an jab atá le deánamh amuigh ag Trá an tSéipéil ar Oileán Árainn Mhór.

Ba mhaith liom a rá nach bhfuil mé sásta cosúil leis na Teachtaí eile nach bhfuil sásta cé gur tugadh 25p sa lá do na mná tí sa Ghaeltacht. I rith olltoghchán 1981 dúirt Lucht Fhine Gael go dtabharfaí ardú £1 sa tseachtain do na mná tí sa Ghaeltacht. San am sin bhí £2 acu agus níl acu anois ach £2.50. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí agatsa ach ceapaim féin más féidir toghchán Údarás na Gaeltachta agus toghchán na hEorpa a bheith againn ar an la céanna beidh sábháilt £40,000 ansin agus go fíor go mbeidh tú ábalta an t-airgead sin a thabhairt do mhná tí na Gaeltachta ach b'fhéidir nach mbeadh Pól Ó Foighil sásta go leor leis sin. Sin an méid atá le rá agam ach mar fhocal scoir b'fhéidir go smaoineodh Aire na Gaeltachta ar leathnú na Gaeltachta i dTír Chonaill agus tá mé ag smaoineamh go háirithe ar Ard an Rátha agus ar na Gleanntaí. Tá an ceantar taobh amuigh de na bailte móra sin sa Ghaeltacht ach níl na bailte móra sin sa Ghaeltacht.

Tá áthas mór orm an seans seo a bheith agam cúpla focal a rá faoi airgead Roinn na Gaeltachta.

I commence by saying that I live in the parish called Cill Measáin/Dunsamhna —Kilmessan/Dunsany, Contae na Mí, from which the founder of the Irish Co-operative Movement, Horace Plunkett, originated. This is where the very first co-operatives were established, in Dunsamhna agus Cill Measháin. I am very glad that the basic co-operative principles are still very much alive i Gaeltacht Rath Cairn, Contae na Mí today. I suggest that Aire na Gaeltachta should make Gaeltacht Rath Cairn a model pilot development for others to follow. I encourage an tAire to give more incentives to Gaeltacht community co-operatives, to na muinteoirí, to na mná tí and especially to na tuistí who send their children to the Gaeltacht areas. I ask an tAire to encourage proper investment and new ideas. In that manner, one would hope to see major improvements in the use of the Irish language and new Gaeltacht areas being set up and so on.

I am glad to say that in our county, Contae na Mí, we have had a very active and successful co-operative for the past ten years — Gaeltacht Rath Cairn. This co-operative have bought land for development and are planning new schemes, providing housing in the area, electricity and other power, telephone services, water and sewerage schemes and are encouraging the local people to participate in these schemes. They are also providing many summer and special courses during the entire year. They are doing a very good public relations job and are very interested in developing industry within their area also.

Special finance should be provided to Gaeltacht Rath Cairn as a model for future development. At present there are groups of people in the city of Dublin who are very interested, indeed, in setting up small Irish villages close to the city. This idea could spread to many towns and villages all over the country if a full investigation were held into what is taking place in Gaeltacht Rath Cairn. I hope that the Minister is fully aware of what is happening there. I would like lectures, talks, film shows and items of that nature from Gaeltacht Rath Cairn area developed so as to project a better public relations image to towns and villages which might be interested in fostering the Irish language.

I want to place on record in this House that Gaeltacht Rath Cairn are doing an excellent job in promoting the Irish language and culture. However, I am sorry to have to say that the £15,000 which has been granted to Gaeltacht Rath Cairn in the Estimates for 1984 for administrative work and expenses is completely inadequate in this day and age, especially if those who are giving a lot of their time voluntarily are to fulfil their desired objectives. An increase of the aid to them now would be a clear indication of the sincerity of an tAire agus Roinn na Gaeltachta.

I want to draw the Minister's attention to the position of the muinteoirí who come to cover summer courses, for which they would get approximately £100 per week extra. Most of these people would be in the 55 per cent to 65 per cent tax band and would also have to pay 8½ per cent PRSI. For the extra work being done during the summer, these teachers would get £100, reduced at the 65 per cent tax rate to £35, less £8.50, which would leave them with about £26.50p nett per week. These teachers would be getting from £26.50 to £36.50 extra per week for their work. They work from 9 a.m. to 1 a.m., accepting much more responsibility than just teaching the children. Perhaps the Minister for Finance would consider giving special tax free allowances in those cases.

In the case of a bean an tí, the Government gave a mere 25p extra for every pupil per day. That is disgraceful when one considers the rate of inflation. The bean an tí has many responsibilities supervising children and making sure that they come in at the proper time at night and that they conduct themselves properly.

Parents who want to send their children to Gaeltacht areas should be able to claim tax relief on fees. Many people who cannot afford to send their children to these areas would like to do so and it is the duty of the Government to give them that chance by encouraging parents in the form of special tax free allowances as it would be a recognition of their interest in the Irish language. There should also be some type of small allowance for bringing their children in their own cars to the all-Irish schools in Contae na Mí as there is no free transport for many of them. This would confirm the sincerity of the Government in promoting the Irish language.

People in Contae na Mí involved in promoting the language have made great strides. There are national schools in Navan, Drogheda — where many Meath pupils attend — Ashbourne, Baile Ghib and Gaeltacht Rath Cairn. People in Dunshaughlin and Kells are also interested in providing similar schools. We have two all-Irish nursery schools in Navan, one in Kells, one in Baile Ghib, one in Gaeltacht Rath Cairn, one in Oldcastle and one in Ashbourne. The Minister should now be planning a new all-Irish secondary school for Contae na Mí because there is no sense in laying the foundations if you do not build on them.

Bord na Gaeilge should investigate new developments and officers of the board should visit Baile Ghib, listen to the people and encourage them to follow in the footsteps of Gaeltacht Rath Cairn.

I appreciate the work of all Gaeltacht areas but the Gaeltacht in Contae na Mí, being so close to Dublin where one-third of the population of the country live, must be identified as a very important base for future development of the Irish language. I can see ever-increasing demands from people in city areas for this type of culture and education. They want to give their children the opportunity to learn the Irish language, not just because it is the national language but because its culture will stay with their children for the rest of their lives. We could develop Irish drama nights and Irish folk and singing nights in Gaeltacht Rath Cairn. Perhaps we could encourage people from the city to have meals there and we could also arrange family day trips as it is so near the city. This would not involve much expense and perhaps the Minister would consider giving some encouragement to the people in the city who would like to come out to the Gaeltacht by offering a small financial incentive. I am well aware that Government resources are limited but it is not a good enough reason, for giving nothing.

The Minister should keep a close eye on Raidio na Gaeltachta because, as local radio develops, it might be overtaken or replaced. As Gaeltacht Rath Cairn is the smallest Gaeltacht in Ireland and has no representation on the Údarás board, as their candidates failed to be elected under the democratic system, I appeal to the Minister to appoint representatives from areas not represented. I also appeal to the Minister to hold the Údarás elections on the same day as the European elections, thereby saving £40,000, which would go a long a way in encouraging people in the way I have outlined.

Údarás na Gaeltachta should work more closely with the Gaeltacht co-operatives and invest more finance through them. I see that £5 million is provided in the Estimates and possibly 20 per cent, or £1 million, of this should be channelled to the Gaeltacht co-operative system. It would be interesting to see what value the State and the taxpayer would get from this £1 million in that way, rather than going through the Údarás board.

There is more money being spent today on mountain land schemes than on the Irish language. It is time that the whole financial situation was fully investigated. It is no use only doing half the job, a motor car cannot function properly on a flat tyre.

I ask the Minister to consider that the suggestion which was raised in the European Parliament by John Hume, that money could be made available from the European Parliament to promote Irish culture and minority languages, be investigated further.

I have advocated that more action be taken, that new ideas be adopted and that we have belief and trust in those people who are doing a good job. I hope the Minister will take note of my suggestions and try to help those who are helping themselves despite having very little by way of financial resources available to them. Increasingly, people are placing more value on the cultural side of education and more people are interested in having their children educated through the medium of Irish. This is another reason for the Government to give more financial help to Gaeltacht areas and especially to the Gaeltacht area in Contae na Mí, to which I have referred, where the people are willing to provide these opportunities but are not in a position to do so without having extra financial aid available to them.

In Wales, Welsh-speaking people have their own radio and television networks and they are paying their way too. If a Welsh family wish to educate their children from the earliest stage right through university in the Welsh language, they are facilitated in that respect by the British Government. Is there anything wrong with making the same facilities available here to our people who wish their children to be educated through the medium of Irish? There is no use saying in 20, 30 or 50 years time, that we should have done this or that, now is the time.

Tá a fhios agam go bhfuil duine no beirt eile ag iarraidh teacht isteach agus mar sin beidh mé chomh gairid agus is féidir liom. Tá anáthas orm Teachta a chloisteáil ag labhairt anseo thar ceann Gaeltacht Rath Cairn agus tá súil agam go gcloisfimid go minic uaidh. Bhí an óráid a thug an tAire uaidh an-suimiúil. Caithfidh mé, i dtús báire a rá go dtaispeánann sé go bhfuil laghdú sa soláthar atá curtha ar fáil don Aire sa bhliain seo agus de bharr go mbeidh boilsciú de 10 faoin gcéad an bhliain seo ní féidir leis an Aire a rá go mbeidh forbairt agus dul chun cinn níos fearr á dhéanamh an bhliain seo ná mar a bhí anuraidh de bharr go bhfuil laghdú ar an méid airgid a bheas acu.

Is maith liom a fheiceáil go raibh ardú beag an bhliain seo caite ar an líon daoine atá fostaithe ag an Údarás ach is trua gur cailleadh an méid sin postanna, 570 post. Ba mhaith liom a fháil amach cad iad na háiteanna in ar cailleadh na postanna nó cad a tharla, nó an gceapann an tAire an bhfuil aon rud is féidir leis a dhéanamh chun deireadh a chur leis an laghdú no an chailliúint sin san Údarás agus sna Gaeltachtaí. Rud amháin eile ba mhaith liom a rá faoi na 570 post sin a cailleadh: de réir mar is eol domsa, thug an tAire, nó b'fhéidir an tAire a bhí ann roimhe, ordú don Údarás gan ach íocaíocht iomarcaíochta dleathúil a thabhairt do na hoibrithe a chuirfí as a bpostanna. Ní dóigh liom gur tugadh ordú mar sin d'aon chomhlacht eile, comhlacht príobháideach no comhlacht poiblí no comhlacht Stáit ar bith eile agus ní dóigh liom gur cóir ná gur ceart a leithéid a dhéanamh don Údarás amháin.

Rinneadh é in Avoca freisin.

An ea? Ní raibh a fhios agam faoi seo go dtí le deanaí ach iarraim ar an Aire féachaint isteach sa scéal seo arís mar tá daoine ann ag cur an-chuid oibre agus ag cur a gcuid scileanna isteach sa Ghaeltacht agus ag iarraidh forbairt a chur ar aghaidh agus má chailleann siad a gcuid postanna ní cóir go dtiocfadh siad amach le níos lú airgid ná aon duine eile sa tír.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Aire as an méid a dúirt sé ar leathanach a 3. Bhí sé ag rá gur cuireadh ina leith go bhfuil sé ag iarraidh dochar a dhéanamh don Údarás i gcaoi go sroichfí an pointe nuair nach mbeadh an dara rogha ann ach eagraíocht forbartha de shaghas éigin eile a chur ar fáil agus deireann an tAire: "Níl aon fhírinne sa líomhain sin agus go deimhin is mian liom a dhearbhú go bhfuil rún agam féachaint chuige go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú mar eagraíocht lan-éifeachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht agus lena muintir". Anois sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go ndúirt an tAire an méid sin. Creidim an méid a dúirt sé agus aontaím leis an sórt intinne atá aige faoi agus tá súil agam go bhféadfaimid leanúint ar aghaidh leis sin.

Ar an leathanach céanna tugtar an t-eolas dúinn faoin toghchán a bheidh ann i Mí Dheireadh Fómhair. Tá áthas orm faoi sin freisin ach sílim gur cóir don Aire féachaint isteach sna cumhachtaí atá ag an Údarás anois mar sílim féin agus síleann mór-chuid de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil tuilleadh cumhachtaí ag teastáil ón Údarás más féidir leo forbairt ar bith a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, go mór mhór cumhachtaí i gcúrsaí pleanála agus b'fhéidir oideachas freisin agus cumhachtaí eile atá ag na húdaráis áitiúla. De bharr go bhfuil an Rialtas faoi láthair ag féachaint isteach sa scéal faoi na húdaráis áitiúla — local government reform — sílim gur cóir dóibh Údarás na Gaeltachta a chur san áireamh. Chomh maith leis sin, tá tuilleadh daonlathais ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta. Tá siad ag lorg daonlathais ina gcúrsaí féin i dtreo is go bhféadfaidh siad féin i bhfad níos mó a dhéanamh faoi na cúrsaí a bhfuil an tÚdarás ag deileáil leo. Sílim féin gur cóir don bhord uilig a bheith tofa díreach cosúil leis na húdaráis áitiúla, na comhairleoirí sa toghchán seo a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana.

Bhí roinnt daoine cheana ag caint faoi Raidio na Gaeltachta agus easpa cláracha ar an teilifís, agus tá súil agam go bhfuil an tAire agus an Rialtas ag féachaint isteach sa scéal faoi theilifís na Gaeltachta. Sílim féin go mbeadh an-éileamh, ní amháin sa Gaeltacht féin ach ar fud na tíre, ar theilifís Ghaeltachta. Má fhéachann tú ar an méid daoine gan Gaeilge ar bith a bhíonn ag féachaint ar an chlár sin "Féach": ní thuigeann siad chuile rud atá a rá; tuigeann siad i slí cad faoi a bhfuil na daoine sin ag caint ach is maith leo bheith ag féachaint air agus labhraíonn siad faoi agus faoi chláir Ghaeilge eile freisin. Sílim go mbeadh an-éileamh ar theilifís Ghaeltachta dá mbeadh sé curtha ar fáil.

Rinne an tAire tagairt don nuachtán nua seo Anois — Inniu, Amárach, Anois. Cad eile a bhéas ag teacht in eagar? Conus a cheapann an tAire go n-éireoidh le Anois nuair nár éirigh le Inniu? Cad é an rud nua a bhéas ag an bpáipéar seo? Ní thuigim cén fáth go ligeann sé do Inniu imeacht agus go gcabhraíonn sé le páipéar nua eile teacht suas i mí Meán Fómhair seo chugainn. Is Gael-Linn a bhéas i gceannas an pháipéir seo. An gceapann an tAire go mbeidh siadsan níos fearr nó go mbeidh Dónall Ó Móráin níos fearr ag cur an pháipéir ar fáil ná éinne eile. Cén sórt deontais a bheidh sé ag tabhairt don páipéar? Deireann sé san óráid gur shínigh sé conradh. An féidir linn teacht ar an gconradh seo chun a fheiceáil cad é a shínigh an tAire ar ár son faoin páipéar seo. Ba mhaith liom dá n-éireodh leis an bpáipéar. B'fhéidir go bhfuil rud éigin i gceist ag an Aire agus ba mhaith liom cabhrú leis más féidir, nó cabhrú le aon pháipéar Gaeilge gur féidir a chur ar fáil, ach ba mhaith liom a fháil amach cén fáth go mbeidh Anois níos fearr ná mar a bhí Inniu agus go n-eireoidh leis an bpáipéar nua seo.

I leith na ceisteanna a bhí sé ag ardú faoi Bhord na Gaeilge, ba mhaith liom rud beag a rá. Anuraidh bhí sé i gceist ag triúr nó ceathrar againn anseo sa Teach coiste a chur ar bun agus bhí Bord na Gaeilge ag caint linn faoi coiste Dála, nó coiste Oireachtais, nó b'fhéidir coiste Teachtaí a chur ar bun i leith na Gaeilge sa Teach seo. Labhair siad faoi agus bhí cruinniú nó dhó againn ach níor tháinig aon rud as. Ba chóir dúinn teacht le céile arís agus rud éigin a dhéanamh faoin choiste Gaeilge seo a chur ar bun sa Teach.

Bhí an tAire ag caint faoin oifig nua seo — Oifig Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana a cuireadh ar bun anuraidh. Tá sé bródúil as go bhfuil an ceannáras anseo i mBaile Atha Cliath ach cén fáth go bhfuil sé i mBaile Átha Cliath? Cén fáth nach bhfuil sé i nGaillimh nó dTrá Lí nó b'fhéidir Leitir Ceanainn cé nach maith leis an Teachta McGinley go mbeadh sé i Leitir Ceanainn in ionad Gaoth Dobhair. Cén fáth nach bhfuil sé san iarthar in áit éigin — Gaillimh nó Trá Lí nó Tír Chonaill. B'fhéidir go ndéanfadh sé níos mó maitheasa san áit sin. Ní fheicim aon rud — b'fhéidir go bhfuil — san óráid seo go bhfuair an Ghaeltacht aon rud ón social fund nó ón regional fund? B'fhéidir go bhfuair agus b'fhéidir go bhfaigheann ach sílim gur cóir níos mó a dhéanamh chun airgead a fháil ón EEC i gcóir na nGaeltachtaí ó thaobh an social nó an regional fund.

Cad tá Aire na Gaeltachta ag déanamh sa Rialtas chun seasamh in éadan an phlean seo atá ag an ESB chun na stáisiúin bheaga móna a dhúnadh, mar déanfaidh siadsan dochar don Ghaeltacht agus don fhostaíocht san Ghaeltacht. Ba chóir don Aire atá i gceannas na réigiún sin bheith ag troid istigh sa Rialtas in éadan an phlean seo atá ag an ESB. B'fhéidir go bhfuil ach ba mhaith liom a chloisteáil uaidh go bhfuil.

Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an Meastachán seo, agus cosúil le cainteoirí eile níl mé sásta leis an méid airgid atá á chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta. Ar dtús ba mhaith liom cúpla focail a rá faoin méid airgid atá curtha ar fáil i gcóir bóithre sa Ghaeltacht. Na deontais a bhí á dtabhairt do dheisiú bóithre príobháideacha isteach go dtí tigh nó cúpla tigh cabhair mhór do mhuintir na Gaeltachta iadsan. Bhí obair le fáil ag na daoine áitiúla ar feadh cúpla mí, de gnáth i rith an gheimhridh. Cailliúint mhór do na Gaeltachtaí nach bhfuil aon airgead á chur ar fáil don obair sin i mbliana.

Maidir leis na príomh-bhóithre, an rud a dheineann buartha do mhuintir na Gaeltachta ná chomh luath is a thagann tú isteach go dtí an teorainn don Ghaeltacht feiceann tú an difríocht a thagann ar na bóithre. I gContae Chiarraí, cuir i gcás, ó san go Trá Lí nó go Cill Áirne tá bóithre breá acu. D'iarrfainn ar an Aire deontas speisialta a chur ar fáil do bhóithre na Gaeltachta.

An t-ardú a tugadh do na mná tí a choimeádann páistí i rith an tsamhraidh, tá sé an-bheag. Ní mór an chabhair é do mhná tí páisti a choinneáil. Dúirt an tAire go gcaithfear dul ar ais go húdaráis na gcoláistí chun an t-airgead sin a bhaint amach agus a thabhairt do na mná tí. Má chaithfear breis airgid a thabhairt do na mná tí — agus caithfear é a thabhairt dóibh — cá háit as a dtiocfaidh an t-airgead sin ach ó na tuismitheoirí, agus san tslí ina bhfuil rudaí i láthair na huaire, le fostaíocht agus mar sin de, ní bheidh sé ar chumas na dtuismitheoirí a leanaí a chur go dtí an Ghaeltacht ar feadh an 24 lá nó mar sin a bheidís ag fanúint ann.

Sula dtáinig an teilifís isteach, nuair a bhí na sean daoine agus na leanaí in a suí cois tine i rith an gheimhridh, bhíodh na sean daoine ag insint scéalta dóibh agus bhí Gaeilge ar fad ar siúl. Ach ó tháinig an teilifís isteach tá gach éinne ag suí timpeall ag féachaint air. Agus caithfimid cuimhneamh gurb é an teilifís an chéad rud a fhéachann leanbh air sula bhfuil sé ábalta siúl. Istigh sa chliabhán táid ag féachaint amach as an chliabhán, ag féachaint lom díreach ar an teilifís chomh luath is a osclaíd a súile. Chuirfeadh sé ionadh ort an méid Béarla a bhíonn pioctha suas acu, sula mbíd ábalta labhairt in aon chor, ón teilifís.

An rud a bheinn a fhiafraí ar an Aire dá bhféadfadh sé más ga é breis airgid a chur ar fáil ó Roinn na Gaeltachta don teilifís chun na cláracha seo a chur ar fáil go speisialta Dé Sathairn agus maidin Dé Sathairn. Tá clár ar siúl maidin Dé Sathairn, ceathrú uaire a chloig nó mar sin, ach tá na leanaí ansin timpeall an tí maidin Dé Sathairn agus an chéad rud a chuirfidh siad air, an teilifis. Ach ná féadfadh suas go dtí am dinnéir ar a laghad a bheith as Gaeilge agus gan dabht ar domhan an rud a bhímid ag brath air agus ag feitheamh leis ná teilifís Gaeltachta cosúil le Raidio na Gaeltachta. Tá Raidio na Gaeltachta ag déanamh sárobair don Ghaeltacht agus chuirfeadh sé ionadh ort chomh maith an méid daoine a bhíonn ag éisteacht le Raidio na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht agus déanaim comhgháirdeas le Raidió na Gaeltachta as an slí ina bhfuil said ag coimeád na Gaeilge ar siúl sa Ghaeltacht, mar mura mbeadh sin do bheadh an Ghaeltacht ag dul i laige lá ina ndiaidh lae.

Ba mhaith liom a rá cé chomh díomách is atá mé go bhfuil an brú sin ama orainn nach bhfuil deis ag mo chomrádaí anseo agus mé féin ach cúig nó sé nóiméad a bheith againn agus muidne ag trácht ar an rud, na rudaí, is tábhachtaí sa tír seo. Agus tá súil le Dia agam nach dtarlóidh a leithéid arís. Seo é an t-aon ócáid a bhíonn ann labhairt i nGaeilge. Níor labhair chuile dhuine i nGaeilge ach formhór na gcainteoirí is maith leo labhairt i nGaeilge ar rudaí a bhaineann leis an nGaeilge, rudaí a bhaineann chomh díreach sin leis an nGaeilge. Muna bhfuil an Dáil seo sásta a shocrú go mbeidh dóthain ama ag chuile dhuine go mba mhian leis a chuid tuairimí a nochtadh i nGaeilge cruthaíonn sé sin nach bhfuil an tsuim sa teanga go mba ceart dúinn a bheith againn.

Ba mhaith liom ar an ócáid seo a fháil amach cén chaoi ina bhfuil rudaí maidir le ceapachán ardfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom arís a rá cé chomh suaite is a bhí mé le linn an ama sin go raibh daoine agus chomh fada is a bhaineann sé liomsa ní raibh aon suim ceart acu sa Ghaeltacht nó i rud ar bith a bhaineann leis an nGaeltacht ach gur "vested interest" dá gcuid féin a bhí á leanúint acu, cuid acu a bhí ag iarraidh úsáid a bhaint as an Ghaeltacht chun airgead a dhéanamh as agus an masla a thugadar don Údarás agus do gach ar bhain leis an nGaeltacht. Tá súil agam go bhfuil an lá sin caite ach níor mhaith liomsa an deis seo a ligean tharm gan a rá an múisc a bhí orm agus na daoine sin agus an caimiléireacht agus an uisce faoi thalamh a bhí ar siúl maidir leis an Údarás. Ba chuma liomsa dá mbeidís cneasta faoin rud ach tuigimse agus glacaim agus ón méid eolais atá agam ní raibh suim dá laghad acu sa nGaeltacht. Bhíodar ag sodar i ndiaidh pé suim pearsanta atá acu féin sa nGaeltacht.

Luaigh An Teachta Mac Giolla anseo an clár "Féach". Tá daoine ag cur síos ar teilifís don Ghaeltacht. Ba mhaith liom féin go mbeadh a leithéid ann. Molaim, agus tá Raidio na Gaeltachta molta dá mbeinnse i mo thost. Mar sin féin ba mhaith liom go gcoinneoimís agus go ndéanfaimís leathnú ar na cláracha atá ansin cheana féin go mór mhór clár "Féach". Mar atá ráite tá daoine agus bíonn siad ag breathnú ar an gclár sin, daoine nach bhfuil an oiread sin Gaeilge acu, ach is maith leo é agus diaidh ar ndiaidh tá siad ag foghlaim na Gaeilge, tá siad ag teacht isteach air agus tá maitheas á dhéanamh don Gaeilge atá acu, tá siad ag feabhsú in aghaidh an lae. Gach uair a mbíonn siad ag breathnú ar chlár mar chlár "Féach" is mó a neartaíonn an suim atá acu i nGaeilge. Cruthaíonn sé freisin gur féidir leo, gur feidir linne, ar chlár mór na tíre, cláracha dá leithéid a bheith ann agus cé go nglacaim go mba cheart b'fhéidir teilifís a bheith ann le haghaidh na Gaeltachta níor mhaith liom go mbeadh sé ann agus aon laghdú air, agus ar ndóigh tá laghdú ár ndóthain déanta againn ar na cláracha i nGaeilge atá ar an teilifís faoi láthair.

Maidir le daoine a bhíonn ag tabhairt cuairt ar an nGaeltacht, nuair a bhí mise óg dúradh liom agus glacaim i gcónaí gurb í an Ghaeltacht saghas tobar na Gaeilge agus ní theastaíonn uaim go bhfanfadh an Ghaeilge ansin. Caithfear an leathnú a bheith ann agus caithfear a ghlacadh go bhfuil an cead ag daoine sna cathracha atá sásta an Ghaeilge a labhairt an teanga a labhairt is cuma má tá canúint Átha Cliath acu nó canúint ar bith eile agus tá said ag cur a gcuid tuairimí trasna tré mheán na Gaeilge. Is é sin an rud is tábhachtaí. Ach tiocfaidh mé ar ais go dtí na Gaeltachtaí. Teastaíonn uaimse go mbeidh an fíor-Ghaeltacht ann an t-am ar fad. Muna mbíonn is boichte muidne go léir. Tiocfaidh mé ar ais chuig lucht an airgid. Dúirt mé anseo blianta ó shin nár theastaigh uaimse go mbeadh daoine ansin agus na mílte gasúr ag brú isteach ar an nGaeltacht agus iad go léir ceal scríobh a bheith acu ag labhairt i mBéarla. Mar a d'airigh mé féin i mBéal Átha an Ghaorthaidh nó i lár shráidbhaile an Spidéil gasúir ansin ag siúl síos suas agus "It's a Long Way to Tipperary" á chanadh acu. Is fuath liomsa é sin. B'fhearr liom airgead a thabhairt in aisce do mhná tí na Gaeltachta gan bheith ag cur daoine siar chucu in ainm a bheith ag foghlaim na Gaeilge ach iad ag déanamh dochair don Ghaeilge. An plean is fearr an t-am ar fad ná scata díobh istigh, bean an tí, fear an tí agus muintir an tí ag labhairt Gaeilge leo. Ach má chuireann tú isteach scór gasúr níl am ag bean an tí bheith ag caint leo. Tá an chailliúint sin ann. Cuirtear chuig na coláistí iad go léir agus ansin bíonn ranganna acu. Ranganna — d'fhéadfadh na ranganna céanna a bheith ar siúl in áit ar bith eile. Ní fhaigheann siad blas na Gaeltachta, ní fhaigheann siad cultúr na Gaeltachta agus ag an am céanna tá siad ag cur isteach ar ghnáth-theanga na Gaeltachta mar go mbíonn siad féin ag labhairt i mBéarla.

Sula suím ba mhaith liom agus mé ar mo chosa a rá cé chomh huaigneach is a bheas mise i ndiaidh an pháipéir sin Inniu. Glacaim, tá sé ráite ag an Aire, nach mbeidh aon chailliúint ar Phroinsias Mac an Bheatha nó ar Thraolach nó iad sin a raibh baint acu leis an bpáipéar iontach sin. Má tá sé socraithe ag an Aire go gcaithfidh sé imeacht bhuel is dócha gur mar sin atá ach is mór an chailliúint é. Fiú amháin nuair a bhí mise ag múineadh sa scoil thiocfadh an páipéar sin isteach agus bheadh na gasúir á léamh. Thug sé deis do iriseoirí, agus ar ndóigh tá an-chuid iriseoirí atá cáilithe i nGaeilge ag teastáil uainn — bhí deis acu cleachtadh scríbhneoireachta na Gaeilge agus mar sin de ach ní theastaíonn uaim ach a rá cé chomh sásta is a bhí mise leis na daoine a raibh baint acu leis an bpáipéar sin agus go mba cheart don Teach — déanadh an tAire é muna bhfuil sé déanta aige cheana féin — rún buíochais ar a laghad a ghabháil leis na daoine sin.

Ar dtús is mian liom a rá go raibh díomá orm nuair a chonaic mé go raibh gearradh siar ar an méid airgid atá le caitheamh ag an Aire ar Roinn na Gaeltachta i mbliana agus nuair a bhí an tAire ag caint cheap mise nach raibh mórán fuinnimh faoi: d'iarr sé go mbeadh fonn agus fuinneamh orainn agus fúinn ag cur na Gaeilge ar aghaidh ach cheap mise ón Aire féin go raibh lag-mhisneach air, go raibh beag-uchtach air, nach raibh sé chomh fonnmhar chun gnímh is a bhíodh. Tá súil agam nach bhfuil sé sin fíor — b'fhéidir go bhfuil 'fliú air — agus nach bhfuil sé ag tarraingt siar ón nGaeltacht agus ón nGaeilge. Dúirt sé go raibh dualgas air bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt agus tá an dualgas sin air.

Inniu luaite ag ár n-urlabhraí an Teachta Gallagher agus ag an Teachta Tunney. Tá brón ormsa freisin go bhfuil deireadh leis an nuachtán sin. Nuair a bhí mise i mo Uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí thug mé cuireadh speisialta do Chiarán O Nualláin a bhí ina eagarthóir ar Inniu an t-am sin, sáririseoir amach is amach, féith an ghrinn ann, scoláireacht ann, féith na hiriseoireachta ann, agus bhunaigh sé páipéar a bhí ana-mhaith ar fad. Tá fhios ag an Teach gur ón teaghlach sin Ó Nualláin a tháinig sé agus tá sé básaithe anois, go ndéana Dia trócaire air, ach bhrisfeadh sé a chroí dá mba rud é gur cheap sé go raibh deireadh lena pháipéar.

Tá an iriseoireacht ana-thábhachtach. Chuir mise scoláireachtaí ar fáil do iriseoirí nuair a bhí mise i mo Aire Oideachais agus nuair a bhíomar ag comóradh an Phiarsaigh agus tá na hiriseoirí ann agus tá súil go mbeidh postanna le fáil acu. Luaigh an Teachta Tunney Proinsias Mac an Bheatha, luaigh sé freisin Tarlach Ó hUid. Tá siad ag saothrú go dúthrachtach le fada agus tá súil agam go mbeidh postanna le fáil acu ar an bpáipéar nua mar níl cleachtadh chomh mór ag aon dream iriseoirí eile sa tír is atá acu siúd. Tá fhios agam nuair a bhí Roibeárd ina eagarthóir ar Comhar go raibh sé dícheallach, dúrachtach agus go bhfuil cion fir déanta aige ag saothrú na Gaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh leis an nuachtán más gá deireadh a chur leis an nuachtán seo. Níl an t-am agam anois ach tá alt anseo faoi thodhchaí Inniu agus tá sé inspéise agus tá brón orm nach bhfuil an t-am agam é a léamh amach mar is dóigh liom go bhfuil an páipéar seo Inniu ag cnáimhseáil faoin íde a fuaireadar ó Roinn na Gaeltachta. Nílim cinnte an bhfuil sé sin fíor ach ba mhaith liom dá mbeadh níos mó ama agam chun an cheist a phlé.

Dúirt ár n-urlabhraí anseo, an Teachta Donncha Ó Gallchóir, gur chuir an rud a deineadh i leith an Uasal Ó Floinn déistean air agus cuireann sé déistean ormsa. Tá sean-aithne agam ar an teaghlach sin. Tá fhios agam gur chruthaigh sé go maith sa phost agus tá brón orm go bhfuil sé imithe agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leis i bpost éigin eile.

Bhí na daoine atá ina gcónaí ar Oileán Thoraigh ag lorg báid. Níor luadh bád, bád go Toraigh ná bád ó Ghaillimh go hÁrainn i rith na díospóireachta agus ní leor a rá go bhfuil an dualgas sin ar Aire éigin eile — b'fhéidir go bhfuil jab déanta ag an Aire cheana féin faoi sin ach má tá ba mhaith liom é a chlos.

Mar a dúirt an tAire tá súil agam go mbeidh fonn ar na daoine cabhrú leis an nGaeltacht agus go mbeidh fuinneamh fúthu ag cabhrú leis an nGaeltacht. Má chailltear an Ghaeltacht is dóigh liom go bhfuil cuid mhaith dár gcultúir fiúntach caillte againn. Tá aiféala orm nach bhfuil níos mó ama agam labhairt ar an ábhar seo agus tá súil agam go mbeidh faill againn uair éigin eile sa todhchaí an cheist a phlé.

Is ar éigean go mbeidh ar mo chumas cothrom na Féinne a thabhairt don ábhar atá á phlé againn ná do na daoine a ghlac páirt sa díospóireacht seo agus ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Is tráthúil an díospóireacht í toise go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl sa chathair agus go bhfuil Lá'le Pádraig againn ag an deireadh seachtaine. Cruthaíonn sé rud amháin domsa agus don Teach agus go deimhin don tír, tá súil agam, ón phoiblíocht a gheobhaidh sé seo, go bhfuil Teachtaí Dála ábalta díospóireacht a chur ar bun agus páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i rith an lae agus, mar a dúirt an Teachta Wilson agus an Teachta Tunney, bheadh lá eile ann dá mbeadh an t-am againn an cheist seo a phlé agus b'as Gaeilge a bheadh an rud ar fad. Is eiseamláir agus dea-shampla é do mhuintir na tíre a bhíonn ag cur milleáin orainne mar pholaiteoirí toisc go bhfuilimid ag caint faoi athbheochain na Gaeilge agus úsáid na teanga agus gan an rud céanna á dhéanamh againn féin. Cruthaíonn sé inniu, tá súil agam, go bhfuil sé ar ár gcumas a leithéid a dhéanamh agus go dtabharfar aire dó sin nuair a bhéas daoine ag caint amach anseo.

Tá a lán lán rudaí ba mhaith liom a rá. Maidir leis an Údarás, mar a dúirt mé ar maidin tá sé ar intinn agam cloí leis an obair a dhein Údarás go dtí go sárófar na fadhbanna agus go dtí go mbeidh an tÚdarás in ann feidhmiú thar ceann na Gaeltachta agus thar ceann mhuintir na Gaeltachta. Cuireadh ceist orm faoin bpríomhfheidhmeannach agus dúradh gur cheart dom rud éigin a rá faoi céard a thárla agus cén eolas atá agam anois. Ba mhaith liom a rá mar sin, agus is é an Teachta Gallagher a chuir an cheist, go bhfuil drugall orm tada a rá faoi láthair maidir leis an iar-phríomhfheidhmeannach toisc gur ndúirt sé tamall ó shin go raibh sé ar intinn aige cás cúirte a thabhairt ar aghaidh agus nár mhaith liom tada a rá ag an bpointe seo i ngeall air sin. Maidir le ceapachán an phríomhfheidhmeannaigh nua, tá agallaimh ar siúl faoi láthair agus tá súil agam taobh istigh de chúpla seachtain go mbeidh príomhfheidhmeannach nua ceaptha ag an Údarás. Labhair a lán daoine faoin nuachtán. Labhair an Teachta Gallagher, an Teachta Wilson, an Teachta Tunney agus an Teachta Geoghegan-Quinn faoi.

Ba mhaith liom a rá i dtús báire go molaim go hard na hiarrachtaí atá déanta ag Inniu agus ag na daoine a raibh baint acu leis an bpáipéar sin le dhá scór bliain. Nuair a chuaigh mise síos an bóthar seo le páipéar amháin a bhunú bhí dhá pháipéar nuachta ag an am sa tír seo, Inniu agus Amárach. Is éard a bhí ar intinn agamsa go mbeadh comhshnaidhmiú ann agus go dtiocfadh an dá pháipéar le chéile. Bhuail mé leis an dá bhord eagarthóireachta ag an am, le muintir Amárach agus muintir Inniu; mhínigh mé dóibh céard a bhí ar intinn agam agus mhínigh mé dóibh go soiléir gurb é an toradh a bheadh ar an idirbheartaíocht seo ná go mbeadh páipéar amháin ann agus go raibh mé ag súil go mbeadh siad in ann teacht le chéile agus páipéar amháin a bhunú. Céard a thárla ansin ach go ndeachaigh Amárach as agus gur fágadh Inniu leis féin. Ansin chuir mé coiste ar bun chun comhairle a chur orm. Ar an gcoiste sin bhí saineolaithe a bhfuil baint acu leis na meáin chumarsáide agus is é an chomhairle a cuireadh orm ná go mba cheart triail a bhaint as tairiscintí a fháil ó dhaoine a raibh suim acu i bpáipéar nua a bhunú. Fuaireamar chomh fada agus is cuimhin liom seacht gcinn díobh seo. Deineadh scrúdú ar na tairiscintí agus cuireadh cineál mock-up ar fáil chomh maith ó na daoine a raibh suim acu san rud seo, agus i ndeireadh na dála fuair Gael-Linn an conradh a síníodh aréir, agus is é comhlacht neamhspleách anois a bhéas i mbun foilseacháin an pháipéir faoin fhómhair seo chugainn. Maidir leis na daoine go bhfuil baint acu le Anois agus go raibh baint acu ó thús le Inniu, thug mé geallúint dóibh go mbeadh socruithe agus comhaontaithe agam maidir leis an todhchaí chomh fada agus a bhaineann leo siúd. Tá sé sin ar siúl faoi láthair agus beidh idirbheartaíocht ar siúl leo agus is féidir liom a rá nach gcaithfear i leataobh iad. Tá meas agam ar a gcuid oibre agus suim agam san méid atá déanta acu ar son na Gaeilge agus ar son iriseoireachta sa tír seo.

Mar a dúirt mé ar maidin, tá idirbheartaíocht ar siúl maidir le todhchaí na gcomharchumann. Tá sé an-tábhachtach go leanfadh na comharchumainn atá ann, go mbeidís ábalta a gcuid oibre a dhéanamh agus nach mbeidís ag titim siar i bhfiacha cosúil le mar a bhí siad le blianta anuas. Tá mé cinnte gur féidir teacht ar fhoirmle de shaghas éigin a dhéanfadh cinnte de go mbeadh siad ar bhonn shábháilte as seo amach. Maidir leis na comharchumainn eile, tá socruithe á dhéanamh leo siúd chomh maith, tá airgead á chur ar fáil le go mbeidh siad ábalta na tograí tábhachtacha a bhí idir lámha acu cosúil le tí saoire, scéim an uisce, coláistí Gaeilge, iad sin a choinneáil ar siúl. Tograí an-tábhachtacha iad siúd ní amháin do na comharchumainn ach do na ceantair ina bhfuil siad ag obair, agus cuir i gcás maidir leis na coláistí Gaeilge agus na mná tí.

Maidir leis na coláistí Gaeilge, thug mé ardú nach mór, caithfidh mé a admháil, toise nach raibh sé agam i mbliana, ach ní aontaím leis an Teachta Tunney nuair a dúirt sé go mb'fhearr nach gcuirfí gasúir óga chun na Gaeltachta muna mbeadh á dhéanamh acu ach Béarla a labhairt. Ní thiocfainn leis sin ar fad, mar a lán de na gasúir, os cionn 16,000, sílim, anuraidh, a lán de na daoine a théann siar, sin é an chéad taithí atá acu ar an Ghaeltacht agus faigheann siad amach don chéad uair ina saol go bhfuil daoine ábalta a saol a chaitheamh ó mhaidin go hoíche agus ó Luan go Luan ag baint úsáid as an Ghaeilge mar theanga chumarsáide agus feiceann siad gur teanga beo atá ann agus go bhfuil úsáid á baint aisti ag gnáth dhaoine, agus tá an buntáiste sin ag baint le cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht ag na páistí seo.

Ní maith liom cur isteach——

Séard a bhéas ann ná coistí, agus mar tá a fhios ag an Teachta Gallagher, in a lán áiteanna tá coistí ag reachtáil coláistí Gaeilge; is coistí a bhéas ann agus ní cuid de chomharchumann a bhéas iontu, coiste ag dul do choláiste Gaeilge, coiste ag dul do scéim uisce agus rudaí mar sin. Coinneofar ansin iad agus cuirfear deontais ar fáil dóibh. Dúirt Teachta Geoghegan-Quinn go raibh oifigigh áitiúla á dtarraing siar, daoine a bhí ag obair ar son an Údaráis i gceantair iarghúlta agus i gceantair eile ar fud na Gaeltachta. Sin rud a tharla ach tá bord an Údaráis ag plé na ceiste seo amárach chomh fada agus is eol dom agus tá súil agam go ndéanfar réiteach ar an scéal sin.

Maidir leis an toghchán agus am an toghcháin ní thuigim an loighic a bhaineann leis an argóint a thagann ó na binsí sin thall. Cúpla seachtain ó shin anseo bhí raic agus ruaille buaille ar siúl toisc nach raibh an Rialtas sásta fo-thoghchán a bheith ann ar lá faoi leith agus gan é a bheith ar an lá chéanna le toghchán na hEorpa. Inniu tá athrú scéil ann, mar tá siad ag gearán toisc nach bhfuil toghchán an Údaráis ar an lá céanna le toghchán na hEorpa. Agus is é an fáth atá leis sin ná go bhfuil molta dom ag an Roinn Comhshaoil nár cheart é a dhéanamh. Ceapaim féin gur fearr go mór go mbeadh toghchán an Údaráis ag seasamh leis féin agus go mbeadh na fadhbanna a bhaineann leis an Ghaeltacht á bplé leo féin sa Ghaeltacht ar lá faoi leith nó i dtoghcháin faoi leith agus go mbeadh an toghchán sin ann i mí Dheireadh Fómhair. Cuireadh i mo leith, i ngeall ar go raibh iarrthóir dár gcuid — agus tá mé ag caint ar mo pháirtí féin — ball den Údarás, ag seasamh ar son na hEorpa. Go deimhin dá mbeadh an toghchán ar siúl ar an lá céanna ceapaim go gcuideodh sé sin leis agus nach constaic a bheadh ann.

Rud eile nach maith liom faoin rud a chuala mé anseo ón Teachta Gallagher inniu, ná go ndúirt sé go mba cheart domsa a bheith i Meiriceá ag iarraidh an Ghaeltacht a dhíol. Tá mé ag éisteacht le coicíos ó cheannasaí Fhianna Fáil síos tríd chuile bhinse go bhfuil leath an Rialtais imithe go Meiriceá agus tá an milleán á chur ormsa anois toisc nach bhfuilimse ansin.

(Cur isteach.)

B'fhearr liom bheith sa bhaile ar aon nós. Ní thuigim an loighic leis an argóint sin. Ní bheidh an agam dul tríd na rudaí ar fad a dúradh ach amháin é seo ará — agus thagair ceathrar nó cúigear don choiste a bhí le leathnú a sa Dáil, coiste idirpháirtí le leathnú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge. Tá sé sin idir lámha agam. Bhí súil agam go mbeadh sé bunaithe faoi seo. Tá idirbheartaíocht ar siúl ionas go ndéanfar cinnte dhe go gcuirfear ar bhonn ceart é, go mbeidh daoine ábalta freastal ar an gcoiste, go mbeidh runaíocht ar fáil don choiste, agus tá súil agam go ndéanfar é sin go tapaidh. Déanfaidh mé iarracht é a dhéanamh chomh luath agus is féidir liom.

Maidir leis na hoileáin, mar atá a fhios ag Teachtaí Dála cuireadh deontas faoi leith ar fáil do na comharchumainn atá ag feidhmiú ar na hoileáin. Bhí sé d'ádh ormsa mar Aire go raibh mé ábalta fordheontas a fhógairt don bhád farantóireachta do Árainn Mhór cúpla seachtain ó shin. Níor thosaigh bád go fóill ar a gcuid oibre toiso go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl idir an chomharchumann ar an oileán, mo Roinn féin agus an Údarás. Tá an Teachta Gallagher ag gáire. Muidne a chuir an bád ann an chéad lá agus muidne a thosaigh an rud seo. Tá an bád fágtha ansin ó shin agus ní chuirfidh——

(Cur isteach.)

Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.

The Dáil adjourned at 5 p.m. until 2.30 p.m. on Wednesday, 21 March 1984.

Barr
Roinn