Meastacháin, 1984. - Vóta 37: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £13,489,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1984, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeont-ais-i-gcabhair.

Is tráthúil go bhfuil mé le ceist na Gaeltachta a phlé as Gaeilge an deireadh seachtaine seo, seachtain ina bhfuil Lá Fhéile Pádraig.

Breis is £18 milliún atá á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta le go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Suim £13,489,000 atá i Leabhar na Meastachán agus anuas air sin tá soláthar caipitil neamhvótáilte mar seo a leanas ar fáil ó fhoinsí eile:

—airleacan a íoctar díreach as an Státchiste leis an Údarás: £4,500,000 atá i gceist i 1984, agus

—iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe: £100,000 atá údaraithe don bhliain reatha.

Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná:

—£900,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht);

—£1,550,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £800,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil chun bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt;

—£1,383,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge mar aon le tréimhseacháin agus nuachtáin Ghaeilge;

—£2,020,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Ghaeilge;

—£5 milliún agus £1,659,000 d'Údarás na Gaeltachta do chaiteachas caipitil agus reatha: tugann sé sin agus an t-air-leacan a luaigh mé an t-iomlán ón Stát don Údarás go dtí £11,159,000.

Cé go bhfuil laghdú beag sa soláthar i gcomparáid le caiteachas na bliana seo caite táim sásta gur féidir dul chun cinn maith a dhéanamh i mbliana. Is ar éigean is gá a rá gurbh fhearr liomsa go mór dá mbeadh soláthar níos mó ar fáil don obair, a bhfuil tábhacht náisiúnta léi, atá ar siúl ag mo Roinnse agus ag an dá chomhlacht reachtúla atá faoina cúram ach, faraor, leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí airgeadais faoi láthair, ní raibh sé sin indéanta. De réir mar a thiocfaidh feabhas ar na cúrsaí sin, áfach, tá dóchas agamsa go mbeidh tuilleadh airgid ar fáil.

Thug mé le fios nuair a bhí Meastacháin na bliana 1983 á bplé againn sa Teach seo go raibh méadú 133, go dtí 4,144, tagtha ar an líon daoine a bhí fostaithe go lán-aimseartha sna tionscail faoi scáth Údarás na Gaeltachta i ndeireadh 1982. Tá an-áthas orm bheith in ann a rá arís i mbliana gur leanadh den dul chun cinn sin agus gur méadaíodh an fhostaíocht lánaimseartha go 4,261 duine i rith na bliana 1983. Tuigim gur cruthaíodh 687 bpost nua i 1983 i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás ach, ó tharla gur cailleadh 570 post i rith na bliana, ní raibh ach méadú glan de 117 bpost. Cé gur mór an trua go gcailltear fostaíocht ní miste breathnú ar ghlanmhéadú de bhreis ar 100 mar dhul chun cinn sásúil ag féachaint do na fadhbanna ar leith a bhí ag an Údarás anuraidh gan trácht ar na gnáth-dheacrachtaí a bhíonn le sárú ag an eagr-aiocht chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil — go háirithe iargúltacht na gceantar Gaeltachta agus an cúlú domhanda eacnamaíochta.

Cé nach bhfuil an oiread mórthionscal ag teacht ar aghaidh agus a bhíodh, tá gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás chun an drochthionchar ón gcúlú eacnamaíochta a mhaolú sa Ghaeltacht. Tá iarrachtaí ar leith ar siúl chun miontionscail a bhunú agus a fhorbairt agus is fiú a lua gur ceadaíodh cúnamh do thart ar 220 miontionscal anuraidh i gcomparáid le timpeall 200 an bhliain roimhe sin. Tá ardmholadh ag dul don Údarás dá bharr sin agus tá súil agam go n-éireoidh leo leanúint den dea-obair.

Faoi mar a luaigh mé anseo sa Dáil an mhí seo caite, tá ceithre bliana imithe ó bunaíodh an tÚdarás. Tharla athruithe suntasacha sa tréimhse ama sin agus is mithid athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar éirigh leis an Údarás a chuid oibre a chur chun cinn. Beidh struchtúr na heagraíochta le scrúdú agus réimsí freagrachta le leagan amach go soiléir. Beidh plean le réiteach, spriocanna sain-iúla le socrú do gach réimse freagrachta agus slata tomhais le ceapadh i gcaoi go bhféadfar dul chun cinn a mheas sna réimsí éagsúla. Beidh gá le comhoibriú ó chomhaltaí agus ó fhoireann an Údaráis san obair thábhachtach seo.

Ó tharla an tÚdarás a bheith ann — agus Gaeltarra Éireann roimhe — bhí an claonadh ag áisínteachtaí náisiúnta neamhshuim a dhéanamh de na ceantair Ghaeltachta ar bhealach a thabharfadh le tuiscint nár tháinig na ceantair sin faoina gcúram. Déanfaidh mise mo dhícheall lena áiteamh ar áisínteachtaí mar sin páirt níos gníomhaí a ghlacadh, i gcomhairle leis an Údarás, i gcúrsaí na Gaeltachta.

Luaigh mé anseo cheana go bhfuil curtha i mo leith go bhfuilim ag iarraidh dochar a dhéanamh don Údarás i gcaoi go sroichfí an pointe nuair nach mbeadh an dara rogha ann ach eagraíocht forbartha de shaghas éigin eile a chur ina áit. Níl aon fhírinne sa líomhain sin agus go deimhin is mian liom a dhearbhú go bhfuil rún agam féachaint chuige go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú mar eagraíocht lánéifeachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht agus lena muintir. Tá páirt ríthábhachtach ag an Údarás i saol na tíre seo agus go háirithe i saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta mhuintir na Gaeltachta.

Beidh gá le toghchán arís i mbliana chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta seachtar comhalta a thoghadh ar an Údarás. Ní foláir an toghchán sin a bheith ann ar an 12 Nollaig ar a dhéanaí nuair a bheidh cúig bliana imithe ón gcéad toghchán. Is é atá ar intinn agam faoi láthair ná toghchán a chur ar siúl i mí Dheireadh Fómhair.

Tá an-obair déanta ón mbliain 1929 i leith leis an gcúnamh a thugtar faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus tá rian na hoibre sin le feiceáil go forleathan ar fud na Gaeltachta áit a bhfuil an caighdeán tithíochta chomh hard ar a laghad agus atá sé i gcearn ar bith eile den tír. Is mór an chreidiúint atá ag dul do mhuintir na Gaeltachta dá bharr sin. Faoi mar is eol don Teach, baintear feidhm mhaith as na tithe sin chun cuairteoirí, agus go háirithe cuairteoirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, a mhealladh lena gcuid saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht — rud a chuireann le cumas Gaeilge na gcuair-teoirí agus le teacht isteach mhuintir na Gaeltachta.

Tá tábhacht ar leith leis na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht mar go gcabhraíonn siad le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta trí chúnamh a thabhairt le scéimeanna uisce agus séarachais a chur i gcrích, saoráidí calaíochta a fheabhsú, hallaí pobail a thógáil, a mhéadú agus a fheabhsú agus áiseanna chaitheamh aimsire ar nós páirceanna imeartha, pinniúir liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cispheile a sholáthar.

Is gléas cumasach é comharchumann áitiúil, ach é a bheith ag feidhmiú go héifeachtach, chun forbairt iomlán a cheantair feidhme a chur i gcrích — forbairt eacnamaíochta agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dhúchais. Is ábhar sásaimh dom go bhfuil comharchumainn ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta ach faraor tá fadhbanna móra airgeadais ag roinnt acu. Cé gur shocraigh mise cúpla bliain ó shin soláthar airgid i bhfad níos mó ná mar a fuair siad riamh roimhe a chur ar fáil ar mhaithe le comharchumainn Ghaeltachta, ba chúis díomá dom nár éirigh le cuid acu, fiú leis an gcúnamh breise a fuair siad, eagar sásúil a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí. Is iad féin a bhíonn i mbun oibre ar an láthair agus is orthu atá an cúram féachaint chuige go mbeidh eagar ceart ar na gnóthaí a bhíonn idir lámha acu: tá súil agam go dtuigeann siad faoin am seo nach féidir leo an fhreagracht sin a chur ar an Stát ná ar aon dream eile.

Chun a gcuid fadhbanna a scrúdú athuair bhunaigh mé coiste i lár na bliana seo caite. Ar bhonn moltaí a fuair mé ón gcoiste sin thug mé cúnamh speisialta do chomharchumainn ar oileáin roimh dheireadh na bliana. Bhí comharchumainn eile, áfach, nár éirigh leo a léiriú don choiste go bhféadfaí tarrtháil a dhéanamh orthu ar chostas réasúnta i gcaoi go mbeadh gníomhaíochtaí inmharthara ar siúl acu dá éis sin. Le tamall anuas bhí comhráite ag oifigigh ó mo Roinnse agus ó Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn sin agus is oth liom a rá go bhfuil deireadh ag teacht le cúpla ceann acu. Mar sin féin tá dóchas agam go mairfidh spiorad na comharaíochta ar fud na Gaeltachta. Mar chabhair chuige sin tá socraithe agam cúnamh speisialta a thabhairt do choistí nó do chomhiachtaí a leanfaidh den dea-obair a bhí ar siúl agus do chomharchumainn áirithe a mbeidh ar a gcumas teacht slán trí theorainn chiallmhar a chur lena gcuid gníomhaíochtaí. Is cúnamh fíoreisceachtúil atá i gceist don bhliain seo amháin agus íocfar é de réir mar a bheidh airgead á bhailiú ón bpobal mar shíntiúis áitiúla nó mar scaireanna. Ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir gurb é seo an iarracht dheiridh le cabhair thárr-thála a thabhairt agus nach mbeidh cúnamh dá leithéid le fáil arís. Tá súil agam go mbeidh an tacaíocht airgeadais atá riachtanach ag teacht go fial ón bpobal i ngach ceantar.

Is í Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar deontais díreach le mná tí sa Ghaeltacht a mbíonn foghlaimeoirí aitheanta ar iostas acu an ceann is tábh-achtaí de na scéimeanna cultúrtha agus sóisialaclia a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse. Tá an deontas faoin scéim sin méadaithe agam i mbliana go dtí £2.50 in aghaidh an lae do gach dalta nó suas go £60 don ghnáthchúrsa. Is eol dom go gcuirfeadh na mná tí fáilte roimh mhéadú níos mó fós ach caithfear a aithint go bhfuil géarchéim airgeadais ann agus nach bhfuil sa deontas a íocann mo Roinnse ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag dul dóibh i leith na bhfoghlaimeoirí. Is as na táillí a ghearrann údaráis na gcoláistí Gaeilge ar thuismitheoirí na ndaltaí a thagann an chuid eile den teacht isteach agus is gnó do na mná tí féin féachaint chuige, trí idirbheartaíocht le lucht na gcoláistí, go mbeidh luach saothair maith le fáil acu.

Má tá an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis le bheith ar na hiarrachtaí éagsúla atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge is den riachtanas é go mbeidh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil a mbeidh éileamh nach beag air ar mhaithe lena fhiúntas féin agus go nglanfaidh sé cuid mhór dá chostas trí dhíolacháin agus trí fhógraí. Ba mhór an chabhair nuachtán mar sin le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge a chíoradh, le mórfhadhbanna na linne a phlé agus le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Bhí an-áthas orm conradh a shíniú inné chun nuachtán mar sin dar teidealAnois a chur á fhoilsiú on 2 Meán Fómhair seo chugainn. Beidh socruithe go leor le déanamh san idirlinn chun a dheimhniú go mbeidh nuachtán den scoth againn. Is comhlacht neamhspleách faoi scáth Ghael-Linn a bheidh i mbun an fhiontair. Ní miste a lua gur de thoradh tairiscintí a fuarthas mar fhreagra ar fhógra sna nuachtáin agus comhráite ina dhiaidh sin a rinneadh an rogha. Nuachtán Domhnaigh a bheidh ann agus beidh scaipeadh forleathan air i measc an phobail.

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine díograiseacha ar éirigh leo an nuachtánInniu a fhoilsiú go rialta le breis agus dhá scór bliain anuas. Is oth liom nach bhfuil dóthain airgid ar fáil a chuirfeadh ar chumas mo Roinne deontas a íoc le Inniu nuair a thiocfaidh an nuachtán nua amach. Beidh mé ag iarraidh a shocrú, áfach, nach mbeidh daoine a chaith cuid mhór dá saol i mbun an pháipéir fágtha ar an gcaolchuid.

Tá súil agam go mbeidh an-éileamh ag an bpobal ar an nuachtán nuaAnois agus go n-éireoidh go geal leis.

Faoi mar is eol don Teach, ghlac an Rialtas leis an bplean gníomhaíochta ceithre bliana don Ghaeilge a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge agus bhí de phribhléid agarnsa é a chur i láthair an phobail beagnach bliain ó shin. Is fada muid ag fanacht le córas faoina bhféadfaí an teanga a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte agus tá sé sin ar fáil anois sa Phlean, atá bunaithe ar cheithre mhór-réimse gníomhaíochta — an Ghaeltacht, an Pobal, an Stát, agus an tOideachas. Bíonn idirbheartú agus comhphlé ar siúl go leanúnach le daoine agus le heagrais éagsúla i dtreo go mbeidh barr feabhais agus foirfeachta á chur ar an bplean.

Is beag is fiú plean dá fheabhas é mura bhféadfar na spriocanna ann a bhaint amach agus táimid ag brath ar an bpobal uile agus ar gach réimse den saol chun é sin a dhéanamh. Tá súil agamsa go mbeidh tacaíocht láidir ón bpobal don phlean i gcaoi go ndéanfar dul chun cinn fiúntach. Tá dóchas agam nach fada go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil ar fud na tíre agus go háirithe anseo sa Dáil. Is cúis sásaimh dom go bhfuil dearbhaithe ag an Rialtas go bhfuil de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacóidh dáiríre leosan a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.

Chomh maith le Bord na Gaeilge bíonn deontais le fáil ag eagrais dheonacha Ghaeilge as Ciste na Gaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Tig leis na heagrais Ghaeilge an-obair a dhéanamh i measc an phobail ach cur chuige le fonn agus le fuinneamh. Tig leo freisin tacú le gníomh-aíochtaí a chéile i gcaoi go mbeidh comhordú ceart idir na hiarrachtaí éagsúla a bheidh ar siúl. Táim ag glacadh leis, ar ndóigh, go mbeidh tacaíocht fhial le fáil uathu chun na spriocanna faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a bhaint amach.

Tabharfaidh Teachtaí faoi deara go bhfuil fo-mhírcheann nua i Meastachán na Roinne don chéad uair i mbliana — Oifig Eorpach do Theangacha Neamh-fhorleathana — agus go bhfuil £25,000 á chur ar fáil mar chabhair i ndáil le costais oifige i mBaile Átha Cliath. Is cúis sásaimh dúinn gur anseo in Éirinn atá an cheanncheathrú ag an mBiúró Eorpach sin atá i mbun oibre le breis agus bliain agus an cúram air labhairt thar ceann na mionphobal ar fud na hEorpa le hInstit-iúidí an Chomhphobail. Is amhlaidh a ghlactar leis mar fhoras comhairleach do Choimisiún agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le teangacha agus cultúir neamhfhorleathana. Tá súil agam go n-éireoidh leis an mBiúró dul chun cinn fiúntach a dhéanamh sna blianta atá romhainn.

Tá obair mhór le déanamh ag muintir na hÉireann más mian leo an áit is dual di i saol na tíre seo a bhaint amach arís don Ghaeilge. Ní dualgas é sin a bhaineann leis an Rialtas amháin, ná leis an Stát amháin ná leis an gcóras oideachais amháin cé go bhfuil a dtacaíocht siúd riachtanach. Is dualgas é a bhaineann le gach mac máthar agus iníon athar sa tír. Is mithid dúinn uile é sin a aithint go soiléir agus an iarracht phearsanta leanúnach a dhéanamh chun an teanga a labhairt gach uair is féidir agus glacadh le gach deis chun í a chur chun cinn.

Is deimhin liom nach miste bheith ag brath ar Theachtaí chun iarracht mar sin a dhéanamh agus iarraim orthu glacadh leis an Meastachán seo mar chabhair chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghlacadh leis an Rialtas agus leis an Aire mar gheall ar an deis a thug siad dúinn an Meastachán seo a phlé chomh luath seo i mbliana. Seo an chéad uair im chuimhne go raibh deis againn an Meastachán a phlé chomh luath seo sa bhlian, agus ar ndóigh tá sé tábhachtach ó thaobh mhuintir na Gaeltachta agus dul chun cinn na Gaeltachta go mbeadh a fhios ag muintir na Gaeltachta céard tá in ann dóibh agus céard tá leagtha amach ag an Aire dóibh sa bhliain atá romhainn.

Ach nuair a thagaimid go dtí an chuid sin den scéal, faraor, is beag moladh a thig liom a thabhairt don Aire nó don Rialtas i ngeall ar an Mheastachán seo agus an méid atá leagtha amach do mhuintir na Gaeltachta i mbliana. Tá gearradh siar arís ar an suim airgid atá leagtha amach don Ghaeltacht, mar a tharla anuraidh, agus dá bharr sin ní bheidh an dul chun cinn céanna, ná an fhorbairt chéanna, le feiceáil againn sa Ghaeltacht i mbliana agus a bhí le leath scór blian anuas, nó go ceann scaithimh maith eile má leanann an Rialtas seo i réim.

Ar feadh chuid mhaith bliana anuas go dtí dhá bhliain ó shin bhí dul chun cinn an-mhór sna Gaeltachtaí: bhí scéimeanna leagtha amach a chuaigh chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta: bhí deontais le haghaidh chomharchumann, bhí ardú ar dheontais tithíochta agus chonaic chuile dhuine an maitheas agus na buntáistí a bhí ann do mhuintir na Gaeltachta sna scéimeanna sin a tugadh isteach. Cuireadh an tÚdarás ar bun, cuireadh Gaeltarra Éireann ar bun, le forbairtí tionscail a chur ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Chrothaigh sé sin go raibh muintir na Gaeltachta sásta obair a dhéanamh le cuidiú leo ina gceanntair féin nuair a thug an Rialtas deis dóibh é sin a dhéanamh. Caithfidh mé a rá, agus tá mé bródúil as, gurb iad muintir Fhianna Fáil a thug isteach chuile scéim a chuaigh chun tairbhe agus chun maitheasa na nGaeltachtaí.

Bhí caint mhór ar Airí anseo ach níor thug siad isteach aon scéim úr amháin ar mhaithe leis an Ghaeltacht fad is a bhí siad i réim. Níor tharla sé riamh faoi Chomhrialtas gur deineadh maitheas ar bith do na Gaeltachtaí, agus tá mé ag iarraidh anois anseo ó aon Teachta ar an dtaobh eile inseacht dom scéim amháin ar leith a thug Aire ar bith Chomhrialtais isteach ar mhaithe leis an nGaeltacht fhad is a bhí sé in oifig. Tá daoine a tháinig ar ais ó Shasana. ó Albain, a thóg tithe, a thóg a gcuid páistí le Gaeilge agus a thug misneach do na daoine eile a d'fhan sa bhaile, agus tháinig brí úr agus dul chun cinn sna Gaeltachtaí ar fad. Bhí sé le feiceáil i saol soisialta na nGaeltachtaí. Tógadh hallaí, amharclanna, san Ghaeltacht is mó atá againn. Bhí foirne peile acu, bhi deontais le haghaidh pháirceanna peile, agus tháinig forbairt agus brí i saol na nGaeltachtaí i gcoitinne. Rinne Radio na Gaeltachta, b'fhéidir, níos mó ná rud ar bith eile le dul chun cinn na Gaeltachta a chur ar aghaidh agus le misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.

Ach céard atá ag tarlú inniu? Tá daoine anois ag caint ar an nGaeltacht a fhágáil agus dul ar ais ar imirce, agus tá sé sin ag teacht de bharr na hoibre atá ar siúl ag an Rialtas seo. Tá oifigigh na Roinne Leasa Shóisialaigh ag dul thart agus ag baint uathu na buntáistí a bhí acu i gcaoi nach mbeidh siad in ann fanacht ansin níos mó agus go gcaithfidh siad an tír a fhágáil.

Tháinig feabhas mór ar shaol mhuintir na Gaeltachta de bharr na mbuntáistí a tháinig leis na blianta beaga anuas go dtí le déanaí. Bhí siad in ann stoc a thógáil; bhí siad in ann leasú a dhéanamh ar a gcuid feirmeacha; agus bhí muinín níos mó acu ina dtír féin, muinín acu a bpáistí a thógáil sa Ghaeltacht, iad a thógáil le Gaeilge agus saol níos fearr a bheith acu ná mar a bhí ag na tuismitheoirí féin agus iad ag fás suas.

Ach anois, mar a dúirt mé, tá lag-mhisneach orthu — tá siad ag caint ar imirce mar tá gráin acu ar céard atá ag tarlú, agus is bocht an rud é nuair atá daoine a tháinig ar ais lena gcuid muiníne agus a dhíol tithe i Sasana agus in Albain, go bhfuil siad anois ag caint ar imeacht arís. Agus nuair a imíonn siad an turas seo ní thiocfaidh siad ar ais, fiú amháin ar laethanta saoire mar tá gráin acu ar céard atá ag tarlú agus an gcaoi ina bhfuil an saol sa Ghaeltacht de bharr polasaithe an Rialtais seo agus an méid atá ar siúl acu.

Ó tháinig an tAire seo i gcumhacht tharla rudaí a raibh caint mhór anseo futhu, mar shampla, an tÚdarás. Ní raibh sé i bhfad ina Aire gur dhíbir sé cathaoirleach an Údaráis agus beirt bhall den Údarás. Ní raibh tada as bealach déanta ag na daoine sin, ach ba chuma leis an Aire faoi sin.

Bhí siad náirithe ós comhair an phobail, daoine a chaith a saol le dúracht, a bhí sásta feidhmiú mar bhaill den Údarás agus a rinne forbairt a bhí fiúntach agus a bhí tairbheach do mhuintir na Ghaeltachta.

Thug sé leithscéal ag an am dúinn maidir leis na daoine sin a caitheadh as a bpostanna. Bhí caint ar iasachtaí agus rudaí a bhí as bealach. Bhí ráflaí i dtaobh cuid de chomhlachtaí na Gaeltachta go raibh éagóir á dhéanamh acu. Bhí an DPP ag déanamh scrudaithe ar a gcuid comhlachtaí agus bhí sé tugtha le tuiscint don saol mór go raibh rudaí ag tarlú san Údarás nach raibh ceart agus go gcaith-feadh an tAire seo na cúrsaí sin a réiteach agus a chur i gceart san Údarás. D'éirigh leis an príomh-fheidhmeannach san Údarás a chaitheamh as a phost. Déarfaidh sé nach é a rinne é, gurb iad baill an Údaráis a rinne é. Ach rinne seisean cinnte de go mbeadh na baill tofa a dhéanfadh an rud a theastaigh uaidh a dhéanamh leis an duine sin a chaitheamh as a phost. Caitheadh amach é agus bhí scamall, más é sin an focal ceart, os cionn an fhir sin agus os cionn a chuid oibre agus ceist á cur ag muintir na tíre faoi rudaí a bhí á gcur in a leith. Shílfeadh duine go mbeadh ráiteas éigin sa Mheastachán ag insint dúinn céard a tharla ó cuireadh an fear sin as a phost — an bhfuair sé amach an raibh tada mí-cheart maidir leis na hiasachtaí a raibh an oiread sin cainte futhu? Tá sé cúpla mí anois ó tharla sé sin, ó caitheadh amach as a phost é. Ba cheart go mbeadh deis ag an Aire ar rud a bheith scrúdaithe aige ach níl aon fhocal faoi. Cén uair a bheas an t-eolas sin le fáil? Más rud é go raibh cúrsaí ceart agus nach ndearnadh éagóir ar bith, nar tharla rud ar bith a bhí mí cheart san Údarás le linn an fhir sin a bheith in a phríomh-fheidhmeannach, sílim go raibh sé de dhualgas ar an Aire é sin a insint dúinn chomh maith. Thug sé ráiteas do na páipéir cúpla mí ó shin ar an eolas a fuair sé ón DPP maidir leis na comhlachtaí a deineadh scrúdú ar a ngnóthaí, agus tá bród orm a rá go raibh chuile shórt ceart sna comhlachtaí sin.

Ach ní raibh an tAire sásta an t-eolas sin a thabhairt dúinn sa Teach. Cé gur hardaíodh an cheist go mion minic anseo trí Cheisteanna Dála, trí dhíospóireacht ní raibh de mheas aige ar an Dáil a theacht isteach agus an t-eolas sin a thabhairt dúinn. Bhí sé ceart go leor é a léamh sna nuachtáin. Sílim gur scanallach an rud é go mbeadh a leithéid ag tarlú — go mbeadh an t-eolas sin á thabhairt do lucht na nuachtán agus nach mbeadh sé le fáil againn sa Teach. Bheadh duine ag súil mar Bhall den Oireachtas go dtiocfadh leis an Aire nó leis an Roinn an t-eolas a chur thart, fiú amháin i bhfoirm scríbhinne chun deis a bheith againn an rud a léamh sula mbeadh sé le feiceáil sna nuachtáin. Níor tharla sé sin.

Tá rud éigin mí-cheart go bunúsach nuair nach bhfuil Aire sásta an t-eolas sin a thabhairt dá a chairde féin anseo sa Dáil, is cuma iad anseo mar bhaill de pháirtí an Rialtais nó den Fhreasúra. Sílim go bhfuil se tuillte againn uile a leithéid sin de eolas a fháil agus bheimis buíoch den Aire dá ndéanfadh sé a leithéid. Tá mé ag iarraidh arís ar an Aire nuair a bheidh sé ag labhairt anseo inniu a inseacht dúinn cén chaoi a bhfuil cúrsaí maidir le hiar-phríomhfheidhmeannach an Údaráis, an fear a caitheadh as a phost. Tá sé de dhualgas air an t-eolas sin a thabhairt dúinn anseo sa Dáil — ni taobh amuigh den Dáil — an áit a raibh an cheist á plé den chéad uair — an bhfuil tada mí-cheart déanta ag an duine seo; an bhfuil fiosrúchán ar siúl ag an Garda nó ag an DPP faoin ceist, nó an bhfuil sé glan, fíor? Cén eolas atá ag an Aire? Tá mé cinnte go mbeidh chuile dhuine sa Teach ag fiafraigh na ceiste céanna agus ag lorg freagraí sula bhfágaimid an áit seo inniu.

Rinne an tAire tagairt ina óráid don pháipéar úr atá sé i gceist a chur ar fáil agus ar ndóigh beidh fáilte againn roimh pháipéar ar bith a thiocfas amach ar son na Gaeilge agus a dheineas maitheas don Ghaeilge. Cad chuige nach mbeadh? Arís níor thug an tAire mórán eolais dúinn faoin bpáipéar. Ní insíonn sé dúinn go bhfuil deontas ar bith le fáil ag an bpáipéar sin, nó má tá, cé mhéid. Arís, cén fáth nach bhfuil an t-eolas sin le fáil againn? Ó na scéalta atá le cloistéail againn tuigim go bhfuil deireadh á chur le deontas a bhí a fháil ag páipéar os cionn 40 bliain ó shin — 41 bhliain ó Lá le Pádraig seo chugainn cuireadh amach an páipéar den chéad uair. Thuig chuile dhuine a raibh baint aige leis an Ghaeilge an buntáiste agus an tairbhe a bhí sa pháipéar sin don Ghaeilge agus do dhaoine a bhí suim acu sa Ghaeilge. Bhí an úsáid á baint as an pháipéar. Bhí foireann ann a raibh dúracht acu, díleacht don teanga, agus a rinne a gcuid oibre gan mórán pá.

Céard tá i ndán do na daoine sin? Ta cuid acu ó mo dháil cheantair féin, ó Chathair na Mart. Níor innis an tAire duinn céard tá in ann don seisear a bhí fostaithe anseo i mBaile Athá Cliath. An mbeidh siad á gcaitheamh amach as a bpostanna? Ní cheapaim go mbeidh an páipéar seo in ann dul ar aghaidh gan an cuidiú a bhí ar fáil acu ó Roinn na Gaeltachta le blianta anuas, agus is beag a bhí le fáil acu—sílim £1,400 in aghaidh gach eagráin. Má bhí an tAire nó an Roinn mí-shásta leis an bpáipéar, más rud é go raibh sé i gceist acu páipéar níos spéisiúla a chur ar fáil, ba mhaith liom a fháil amach ar cuireadh na moltaí seo os comhair na ndaoine a chuireann amach an páipéar seoInniu nó an raibh sé i gceist go láidreofaí an deontas a bhí le fáil acu. Mar a dúirt mé, níl a fhios againn cén deontas a bheidh le fáil ag an bpáipéar úr, an mbeidh sé níos mó ná an deontas a bhí a thabhairt do Inniu agus má tá, cé mhéad a bhéas le fáil acu. Sílim gur cheart go mbeadh an t-eolas seo curtha os comhair na Dála agus go mbeadh a fhios ag chuile dhuine céard go díreach atá ag tarlú.

Maidir leis na daoine a bhí ag obair arInniu, go bhfuil a saol caite acu ar an obair sin, céard tá i ndán dóibh? An mbeidh scéim airgid ar bith chun teacht i gcabhair orthu? Is ar éigean gur daoine iad a bheas in ann post a fháil in áit ar bith eile agus ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire go gcoinneodh sé na rudaí sin i gcuimhne agus nach bhfágfaí na daoine sin gan cuidiú éigin a fháil ó Roinn na Gaeltachta mas féidir leis an cuidiú sin a thabhairt dóibh. Tá sé tuillte acu de bharr na hoibre dian-dícheallaigh atá déanta acu le os cionn 40 bliain agus níor mhaith liom go bhfágfaí na daoine seo ar an ngannchuid. Bhí léitheoireacht an-mhaith ag an bpáipéar seo nó gur athraíodh polasaí na Gaeltachta ag an gComhrialtas. Bhí léitheoireacht thart ar 20,000 acu aon uair amháin. Tá sé lagh-daithe go mór anois agus níl ach thart ar 6,000 léitheoirí in aghaidh na seachtaine ar an bpáipéar anois. Mar sin féin, tá deontais tugtha do phaipéir eile nach bhfuil leath an díolacháin orthu agus atá ar Inniu.

Maidir leis an pháipéar úr a bhéas á chur amach, arís táimid ag caint faoi ráflaí atá le cloisteáil againn — níl mórán eolais dearfa futhu — gur páipéar Domhnaigh a bheas ann agus go mbeidh sé curtha i gcló cosúil le ceann de na páipéir Domhnaigh go bhfuil díolacháin mór air i láthair na huaire, anSunday World. Níl a fhios agam an mbeidh mórán nochtaigh le feiceáil ar an gcéad leathanach. Tá dúil agam nach mbeimid ag caitheamh drocmhheas ar chúrsaí na teanga agus cultúr na Gaeltachta len a leithéidí sin. Ach rud amháin — agus seo smaoineamh pearsanta — ní hé an Domhnach an lá is fearr do pháipéar úr eile, mar i láthair na huaire tá ceithre cinn againn, agus is maith le daoine páipéar nó dhó do chuid Shasana a cheannach chomh maith. Ar ndóigh tá siad níos saoire ná ár gcuid féin. Ní cheannaímse iad ach sin an scéal a chloisim. An mbeidh an pobal sásta a lámha a chur ina bpócaí arís le páipéar eile a cheannach? Tá súil agam go mbeidh, ach tá amhras orm agus ceapaim gur rud é nach rachaidh chun tairbhe do dhíolacháin an pháipéir seo.

Le dul arais arís go dtí cúrsaí san Údarás, níor inis an tAire dúinn an raibh príomhfheidhmeannach acu tofa in áit an fhir a chaitheadh as a phost ná cén uair a mbeidh príomhfheidmeannach nua tofa. Sílim arís go mba cheart go mbeadh an t-eolas sin le fáil againn. Tá moladh mór ag dul don Údarás i ngeall ar gur éirigh leo postanna breise a chur ar fáil san am i láthair. Is mór an chreidiúint atá ag dul dó in ainneoin an raic a bhí ar siúl le bliain anuas maidir le cúrsaí san Údarás. Tá súil le Dia agam go bhfuil deireadh leis sin agus go dtoghfar príomhfheidhm-eannach a bheidh in ann an obair mhaith a bhí á déanamh ag an Údarás a leanúint ar aghaidh agus go bhfeicfimid tuilleadh fostaíochta ag teacht do mhuintir na Gaeltachta.

Ó tharla go bhfuilimid ag caint ar chúr-saí na Gaeltachta agus ar thionsclaíocht sa Ghaeltacht, sílim go bhfuil sé in am don Údarás níos mó béime a chur ar fhorbhairt na n-achmhainní nádúrtha. Bhíomar san Údarás agus i nGaeltarra roimhe sin ag cloí ró-mhór le tionscail a thiocfadh thar lear agus le stráinséirí a chuirfeadh tionscail agus obair ar fáil sna Gaeltachtaí. Sílim, leis an chaighdeán léinn atá anois ag muintir na Gaeltachta, ag aos og na Gaeltachta, go bhfuil neart daoine san Ghaeltacht a bheadh in ann tabhairt faoi tionscail a lonnadh san Ghaeltacht a mbeadh níos mó cuidiú le fáil acu ón Údarás agus ó Roinn na Gaeltachta. D'iarrfainn ar an Aire go gcuirfeadh sé é sin mar an chéad chloch ar a phaidrín agus ar phaidrín an Údaráis, go mbeadh béim níos mó á chur ar fhorbairt na n-achmhainní nádúrtha.

Is beag gur féidir linn a rá maidir le cúrsaí na hiascaireachta i láthair na huaire. Tá an scéal go hainnis. Tá drocbhail ar chúrsaí iascaireachta. Ach sílim gurbh fhéidir i bhfad níos mó a dhéanamh le forbairt na hiascaireachta a chur chun cinn agus go bhfuil sé in am do chumhachtaí níos mó a bheith i Roinn na Gaeltachta maidir le forbairt na hiascaireachta sa Ghaeltacht. I láthair na huaire tá plé leis an OPW, leis an Roinn Iascaigh, agus má tá forbairt ar bith ag dul chun cinn tógann sé scaitheamh an-mhór sul má fheictear tada déanta i ngeall ar chomh mall, leadránach agus atá an OPW, na comhairlí contae ar amanna chomh maith, agus ní chuidionn sé le forbairt ar bith fiúntach a dhéanamh. Éiríonn daoine tuirseach ag fanacht le cé a thógáil nó le rud ar bith a dhéanfidh tairbhe don Ghaeltacht a bheith déanta.

Is é an trua é go raibh sé le rá ag an Aire go raibh cuid de na comharchumainn ag éirí as mar fhoinsí forbartha do mhuintir na Gaeltachta. Sílim go ndearna na comharchumainn níos mó ná eagras ar bith eile le misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, le muinín a thabhairt dóibh rud éigin a dhéanamh ar mhaithe leo féin. Thug sé deis do na gnáth dhaoine sa Ghaeltacht a lámha a chur ina bpócaí agus airgead a chur ar fáil le cuidiú leo féin chun scéimeanna a chur chun tosaigh a dhéanfadh maitheas don Ghaeltacht. Tá a rian le feiceáil go fóill ar fud na Gaeltachta go léir. Caithfidh mé tréaslú do mhuintir na Gaeltachta leis na blianta i ngeall ar an gcaoi ar thuig siad an tairbhe agus an buntáiste a bhain leis na comharchumainn, mar thug siad gach cabhair dóibh. Sílim go bhfuil go leor den chreidiúint ag dul do Rúnaí na Roinne agus a chuid oifigigh i ndáil ar an cuidiú agus an chabhair a thug siad do na comharchumainn fhad agus a bhí siad ag feidhmiú. Na scéimeanna bainistíochta a tugadh isteach, thug siad deis do na comharchumainn daoine a chur i gceannas ar na comharchumainn a mbeadh tuiscint agus eolas faoi leith acu ar chúrsaí forbartha, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí oibre go ginearálta. B'fhéidir nár baineadh an tairbhe ceart as cuid de na deontais bhainistíochta sin, ach comharchumainn ar bith a raibh bain-istíocht sásúil acu, d'éirigh go maith leo le forbairt a chur ar fáil sna Gaeltachtaí. Tá sé ráite anseo ag an Aire nach mbeidh cuidiú le fáil feasta ag cuid de na comharchumainn sin, agus is mór an trua é, mar cuirfidh sé sin lag-mhisneach orthu. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire ath-bhreithniú air sin agus chuile chuidiú a thabhairt dóibh ionas go mbeadh siad in ann leanúint ar aghaidh mar a bhí siad ag déanamh ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.

Tá rud anseo a chuireann iontas orm, agus is é sin go bhfuil sé dearfa ag an Aire — bhí sé ráite cheana taobh amuigh den Dáil — nach mbeidh na toghcháin don Údarás ann go dtí deireadh na bliana. Bhíomar ag plé cúrsaí fo-thoghcháin anseo le déanaí agus tugadh go leor leithscéal dúinn ó thaobh an Rialtais faoi cén fáth go mba cheart an fo-thoghchán a chur siar: bhí cúrsaí airgid agus obair a bhí le reachtáil sa Dáil tugtha mar leithscéal agus nár cheart go mbeadh daoine taobh amuigh den Dáil ag plé le fo-thoghchán. Cad chuige nach mbeadh an toghchán don Údarás curtha ar bun nuair atá toghcháin na hEorpa ar siúl? Bheadh sábháil airgid ann. San am i láthair táimid go síorraí ag caint ar chostais a shábháil anseo agus ansiúd, agus seo deis don Rialtas an £40,000 atá leagtha amach sa Mheastachán a shábháil má chuireann siad ar bun an toghchán don Údarás an lá céanna le toghcháin don Eoraip.

Táimid aimhreasach, agus caithfidh mé a rá anseo sa Dáil go bhfuil fáth ar leith ag an Rialtas agus ag an Aire leis an toghchán seo a chur siar: tá siad ag iarraidh cuid dá n-ionadaithe féin a chosaint i gcaoi nach mbeidh orthu páirt a ghlacadh i gcúpla thoghchán an lá céanna. Níl tada eile ar siúl ag an Rialtas. Nuair atá Rialtas agus Aire sásta rud mar sin a dhéanamh ar mhaithe len a bpáirtí féin cuireann sé déistean orm. Bheadh seans ag chuile dhuine sna Gaeltachtaí a theacht amach agus vótáil an lá a bheadh toghcháin na hEorpa ann, bheadh ciall leis, bheadh sé sásúil ar chuile bhealach, agus mar a dúirt mé cheana, bheimis ag sábháil airgid, an £40,000 atá leagtha amach sa Mheastachán i gcóir an toghcháin seo.

Tá cúrsaí Bord na Gaeilge luaite ag an Aire. Ar ndóigh ba mhaith linn uilig go mbeadh an bord sin ag dul ar aghaidh go maith agus go mbeadh toradh maith le feiceáil ar a gcuid oibre. Tá plean cuimsitheach leagtha amach acu le cúrsaí na Gaeilge a fheabhsú agus le labhairt na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge a leathnú. Ach arís, ní insíonn an tAire dúinn céard iad na deontais atá leagtha amach aige leis an bplean sin a chur i gcrích. Tá sé ag súil go nglacfaidh an pobal leis na scéimeanna atá ag Bord na Gaeilge, ach arís caithfidh deis a bheith ag an mbord, caithfidh tacaíocht airgid a bheith acu, leis na pleananna sin a chur os comhair an phobail. Níl mé sásta go bhfuil an tacaíocht sin ann i láthair na huaire do Bhord na Gaeilge leis na bpleananna sin a chur i gcrích. Níl an tacaíocht cheart á tabhairt dóibh agus mura mbeidh an tacaíocht sin le fáil acu is beag fiúntas a bheidh ina gcuid oibre.

Maidir leis an oifig Eorpach do theangacha, is dul chun cinn é sin agus tá súil agam go bhfeicimid buntáistí ag teacht don Ghaeilge dá bharr. Is breá an rud é go raibh muintir na hEorpa sásta go mbeadh an phriomh-oifig anseo. B'fhéidir go dtuigfidh ár ndaoine féin go bhfuil fiúntas agus maitheas sa Ghaeilge agus de bharr na hoifige seo a bheith againn go dtuigfidh siad gur ceart dúinn cloí níos mó le labhairt agus dul chun cinn na Gaeilge. Is i an fhadhb is mó atá ag Aire na Gaeltachta ná aghaidh an phobail a dhíriú ar labhairt na Gaeilge ar chuile bhealach. Is é seo Seachtain na Gaeilge ach dá mbeimis cóir nó ceart linn féin bheadh chuile sheachtain ina seachtain Ghaeilge anseo sa Teach. Nílimid mar Theachtaí ag tabhairt an aithint is ceart do labhairt na Gaeilge. Má ordaítear ceist anseo i nGaeilge bíonn scig-mhagaidh ar siúl má labhraíonn duine i nGaeilge anseo sa Dáil go minic ní bhíonn poiblíocht ar bith le fáil aige sna páipéir nuachta, is cuma leo faoi dhuine ar bith a thagann anseo le Gaeilge a labhairt. Mar a dúirt mé, caithfimid aire níos mó a dhíriú ar labhairt na Gaeilge anseo sa Dáil. Tá na comhairlí contae ag tabhairt dea-shampla i láthair na huaire. Rinne Bord na Gaeilge teangmháil leo. Chuir siad cuid dá gcuid oifigeach thart ar fud na tíre le labhairt leis na comhairlí contae agus dá bharr sin tá cuid mhaith de na comhairlí contae ag déanamh iarracht anois len a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Ach faraor, anseo labhraímid í anois is arís nuair atá Meastachán mar seo os comhair na Dála, nó b'fhéidir nuair atá ceisteanna á bhfreagairt ag an Aire, ach taobh amuigh de sin is beag aird atá againn anseo ar an teanga. Nílimid ag cuidiú ar bhealach ar bith le misneach a thabhairt don phobal úsáid cheart a bhaint as an Ghaeilge. Sin rud go gcaithfimid uilig a bheith níos cúramaí faoi le feabhas a chur air sa Teach. Tá sé beagnach bliain go leith ó tháinig Teachtaí le chéile; cuireadh coiste ar bun leis na rudaí seo a phlé. Tá a fhios agam na deacrachtaí atá ag Teachtaí, mar tá coistí ar siúl, bíonn cruinnuithe ag an bpáirtí féin, bíonn obair na ndáil-cheantar le plé acu agus rudaí mar sin, agus is é an trua é nach rabhamar in ann teacht le chéile le plean a leagan amach don Dáil féin chun níos mó úsáid a bhaint as labhairt na Gaeilge anseo. B'fhéidir sula mbeidh an téarma seo caite go mbeidh an tAire in ann coiste a thabhairt le chéile chun iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chúr-saí anseo. Ní ceist do pháirtí ar bith an Ghaeilge ach ceist don Oireachtas ar fad í. Caithfimid bheith i ndáiríre faoi agus caithfimid an dea-shampla a thabhairt sinn féin más mian linn dul chun cinn a fheiceáil maidir leis an Ghaeilge.

I dtaobh scéim na bhfoghlaimeoirí sa Ghaeltacht, tá beagáinín ardú tugtha do na mná tí, agus fáiltím roimhe, ach beidh sé deacair dóibh leis an méid atá dá fháil acu freastal ceart a dhéanamh ar pháistí a théann go dtí an Ghaeltacht chun Gaeilge a fhoghlaim. Ó tharla go bhfuil airgead Stáit á chaitheamh anseo agus á reachtáil, tá Gaeltachtaí ann ar a gcaithfimid súil a choinneáil i dtaobh chaith-eachais. Fiú amháin tuismitheoirí, b'fhéidir go bhféadfaí an cheist a chur go minic an ar mhaithe leis an Ghaeilge a chuireann siad páistí go dtí an Ghaeltacht ar saoire? Tá a fhios agam go bhfuil an chuid is mó de na daoine atá ag cur a gcuid páistí don Ghaeltacht á dhéanamh mar go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus go dteastaíonn uathu go mbeadh a gcuid páistí níos líofa agus go mbeadh siad in ann blas na Gaeilge a fháil ó Ghaelgeoirí dúchais. Ach, mar a dúirt mé, ó tharla go bhfuil an Stát nó an Rialtas sásta an t-airgead a chur ar fáil, bimís cinnte go bhfuil tairbhe á bhaint as mar ba cheart,

Sílm nach dtig le duine ar bith bheith sásta go hiomlán maidir le labhairt na Gaeilge sna scoileanna. Ar ndóigh, sin ceist don Aire Oideachais níos mó ná d'Aire na Gaeltachta. Tá suim ag Aire na Gaeltachta i gcúrsaí Gaeilge, agus más mian linn go mbeadh Gaeilge ag páistí taobh amuigh den Ghaeltacht caithfimid bheith cinnte go bhfuil béim cheart á cur ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna. Níl mise sásta go bhfuil sin á dhéanamh i láthair na huaire. Sílim gur deineadh dochar don Ghaeilge nuair a tugadh isteach an clár úr agus nuair a cuireadh deireadh leis an sean a, b, c a raibh taithí againn air nuair a bhíomar ag múineadh — b'fhéidir gur duine sean-nósach mé. Cuireadh a lán isteach i leagan amach an clár sin agus bhí fiúntas ann. Bhí i bhfad níos mó á dhéanamh don Ghaeilge nuair a bhí sé sin á mhúineadh ná mar atá á dhéanamh ag an gclár úr. B'fhéidir nach raibh na bealaí múinte i gcónaí chomh maith agus ar mhaith le daoine go mbeadh siad, ach san am céanna sílim go raibh an chlár úd i bhfad níos fearr ó thaobh múineadh na Gaeilge ná mar atá an clár sna scoileanna i láthair na huaire.

Leis na cúpla moltaí sin, críochnóidh mé. Ba mhaith liom nuair a bheas an tAire ag tabhairt freagra dúinn sa tráthnóna go mbeadh sé in ann mion-eolas a thabhairt dúinn ar na ceisteanna a chuir mé air i dtaobh cúrsaí an Údaráis agus céard a tharla i dtaobh na ceiste sin ar fad.

Tá áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl in rith Seachtain na Gaeilge ach caithfidh mé a rá gurb é sin an t-aon ní a chuireann áthas orm. Measaim féin — agus tá cruthú agam — go bhfuil na Gaeltachtaí ag fáil bháis agus tá a lán cúiseanna ann sna forbairtí atá déanta agus nach bhfuil déanta le 30 blian anuas. Má tá na Gaeltachtaí ann i láthair na huaire, measaim nach mbeidh siad ann i gceann fiche bliana nó mar sin. Caithfimid a rá eadrainn féin anseo cén fáth go bhfuil an scéal chomh dona agus atá sé. As an Ghaeltacht dom féin agus tá Gaeilge agam ón gcliabhán agus ag mo mhuintir ach ag casadh le gnáth dhaoine na Gaeltachta le cúpla bliain anuas, is féidir liom a rá go bhfuil lag-mhisneach ag teacht orthu arís. Aon seans a bhí acu chun fostaíocht a fháil is léir nach bhfuil an tÚdarás ábalta breis fostaíochta a chur ar fáil sa tslí ina raibh é. Ce go ndúirt an tAire go raibh breis is 600 jobanna anois sa Ghaeltacht agus gur cailleadh breis is 500 nó 400, caithfimid féachaint go géar ar na figiúirí atá curtha amach ag an Údarás i dtaobh fostaíochta. An bhfuil an tAire ábalta a rá liomsa cé mhéad daoine atá ag obair san Ghaeltacht. Tá mé ag rá anois go poiblí nach bhfuil na figiúirí cruinn. An t-aon slí amháin chun iad a chrúthú ná an t-ainm agus an uimhir PRSI a chur ar fáil don Dáil seo. De réir céad tuarascáil Ghaeltarra Éireann i 1958-59 an méid duine a bhí ag obair sa Ghaeltacht ag an am ná 1,344, agus sa bhliain 1982 4,299. Dá bhrí sin b'fhéidir 2,955 a fuair jobanna le 23 bliana anuas. D'fhéadfá a rá 130 sa bliain sna Gael-tachtaí ó Dhún na nGall go Maigh Eó, Tráilí, Ciarraí, Corcaigh, Portláirge agus Contae na Mí. San am céanna is fíor le rá gur chuir an Stát, gach Rialtas, Fianna Fáil, Fine Gael and an Comhrialtas breis is £72,500,000 isteach sa Ghaeltacht idir iasachtaí agus deontais. Nuair a chuireann tú isteach coistí riaracháin ón 1 Aibreán, 1958 go dtí 31 Nollaig 1982, tá breis is £105,118,000 curtha isteach. An bhfuil éinne sa Teach seo a chreideann go bhfuil an oiread sin airgid Stáit caite i gceart chun 2,955 jobanna a chur ar fáil? Sin breis is £39,000 do gach post atá curtha ar fáil sa Ghaeltacht. Sin an costas don Stát. Cá bhfuil an t-airgead imithe? Measaim féin gur bunaíodh breis is 420 monarchana de gach sórt agus anois cé mhéid acu atá fágtha? Ag leathanach 47 den tuarascáil do 1982 den Údarás níl ach 46 liostaithe. Cá bhfuil na comhlachtaí eile imithe? Ní mór ach go bhfuil siad imithe ar shlí na fírinne. Agus cuid des na 46 comhlachtaí atá fágtha, cé mhéid acu siúd atá ann. Níl a fhios againn go dtí go mbeidh an cuntas againn i gcóir 1983. Arís cuirim an cheist cá bhfuil an t-airgead a bhaineann leis na comhlachtaí atá dúnta? Ceist mhór í sin.

(Cur isteach.)

Bhí tusa mar Aire agus thug tú ráiteas uair amháin nach dtiocfaidh cuid den airgead thar nais. Beidh seans agat anois do óráid a dhéanamh agus tá a fhios agam go ndéanfaidh tú óráid mhaith.

Tá mise tar éis a rá go bhfuil breis is £105 mhilliún curtha isteach san Ghaeltacht uilig, agus ní hiad gnáth daoine na Gaeltachta a fuair é. Ta a fhios agat féin é sin. Na daoine a tháinig thar lear, na fly-by-nights, daoine sa tír seo a chuir a n-ainmneacha i nGaeilge chun an deontas a fháil. Tá mé a rá leatsa nach bhfuil mise sa gravy train den Údarás nó aon duine ó mo chlannsa sa gravy train den Údarás. Níl mise ach ag léiriú an droch-bhain-istíocht a bhí ciontach leis an oiread sin airgid a chaitheamh.

In this House recently certain Members of the Opposition accused me of making reckless allegations against Gaeltarra and the Údarás. I now challange those people in the Fianna Fáil Party and the Bord of Údarás na Gaeltachta to deny the statements I have just made about the millions of pounds that have been spent in the Gaeltacht to no avail. The massive losses incurred by over 30 companies seem to be completely unaccounted for. I agree with what Deputy Denis Gallagher said here today: that the mystery of the £170,000 deal between TC Carpets and Express Computer should be resolved once and for all. Can the Minister say truthfully that that £170,000 will ever come back to the Exchequer when the two companies involved in that famous transaction have lost over £9 million between them? Have the two hitherto unidentified Northern Ireland people been identified? The Minister owes to this House and to the country that all the circumstances relating to that famous transaction be publicised.

It is not my duty to point out to Deputy Gallagher that the section of the Údarás Act that the present Minister, Deputy O'Toole, invoked when certain members of the Údarás refused to give the Minister the information he sought was the section which the previous Minister put into the Údarás Act. I think that it is a good section. Everyone is accountable. We are accountable to the electorate. They put us here to do our job as best we can. Sometimes we may not be making a good job of it, but we do our best. The Minister was morally justified in finding out the who, what, where and when of that £170,000 and why it was legalised retrospectively by the Údarás when eventually the matter came to light. These questions must be answered and the sooner the cloud over that £170,000 is cleared the better.

Nobody in this House can justify the spending of State money on pub competitions, fashion shows, beauty competitions all over Ireland, sending a canoeist to Boston, educating a senior civil servant in an American university, luxury runways up to houses which are beside four vacant Údarás houses — the litany goes on and on — while at the same time people in the Gaeltacht will have to depend on social welfare to survive. Rightly, Deputy Gallagher pointed out what is happening now to the social welfare system in the Gaeltacht, and it seems that they will not have it there for very long. I subscribe to his point, that a rethink must take place as a matter of urgency if the Gaeltacht people are to have any kind of decent living in their small holdings in the Gaeltacht area. At the same time, how can we justify spending almost £750,000 on consultants to tell us how to run the Gaeltacht and the Údarás? The latest report called the Trident Report, what did that cost? Well in excess of £100,000 when everybody is paid. Incidentally, the people who made out that report, who were responsible for publishing and doing the research on it, were either part-time or former employees of Údarás na Gaeltachta. It was like taking the devil to court and having to go to hell. Despite the reservations I have just listed here, I am still convinced that the Údarás must remain, provided they are managed in the best interests of every man, woman and child in the Gaeltacht.

The conversion of St. Paul.

Hear me out. If Deputy Geoghegan-Quinn wishes to be personal I can become very personal about the Údarás and subsidiaries of the Údarás.

Deputy Begley without interruption.

To do that the Údarás must examine their role. Chuir sé áthas orm inniu a cloisteáil go bhfuil an tAire ag bhreithniú an tslí a raibh an tÚdarás ag obair.

The Údarás must get rid of the bad apples, re-establish their credibility, get rid of the leeches who have sucked the Irish language for years and drained it dry, create a better climate and concentrate on the development of the natural resources of the Gaeltacht such as fisheries, agriculture, tourism, service industry and small industries.

Ba mhaith liom a rá leis an Aire: tóg bog é i gcoinne na hiascairí atá ann. Go easy on the repossession of boats in Gaeltacht fishing. Cuireadh ceist sa Dáil an lá seo caite i dtaobh na hiascaireachta agus caiteachais. I found from a reply to a simple parliamentary question that £750,000 was to be spent on the transfer of staff from Hume House to the new offices in Dún Laoghaire. How many people are working there? About 130, 135? And it will cost £750,000. Not alone that but massive refurbishing has taken place in an office. That would be a nice subsidy for the Gaeltacht fishermen, if they could get it.

Chuir sé ionadh orm freisin nuair a bhí cás os comhair na cúirte le déanaí. Regarding a case brought to the High Court recently concerning a ministerial order which was made. I would have to place on record my disappointment that the Attorney General did not appeal that decision to the Supreme Court. It is the livelihood of the Gaeltacht fishermen which is involved. It was no trouble to the State to appeal the case of the Wexford farmers to the Supreme Court. The same chance should have been given to the fishermen of west and south Kerry. I hope that the Minister will deal with that matter when replying.

Caithfímid go léir anseo tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht agus aontáim leis an méid a dúirt an Teachta Gallagher i dtaobh na coláistí samhraidh. Caithfimid cuimhneamh gur tháinig titim tubaisteach i líon na scoláirí ag freastal ar na cúrsaí Gaeltachta idir 1982 and 1983. Tháinig laghdú ó 20,000 go 18,800. An cheist anseo ná cén fáth? Tá an freagra simplí. Tá na táillí ró hárd dos na tuis-mitheoirí. Is é an meánchostas i mbliana ná £110 i gcoír gach scoláire, taisteal san áireamh. Do chlann beirt nó triúr tá sé sin an-chostasach ar fad. Níor thug an Roinn Oideachais aon ardú sna táillí ó 1980 agus níor choinnigh na harduithe ó Roinn na Gaeltachta céim leis an mboilsciú. Cuirim fáilte roimh an t-ardú atá tugtha ag an Aire — timpeall 11 faoin gcéad d'ardú ar 1983.

Rud eile a chuireann isteach orm i dtaobh na coláistí samhraidh ná na Coim-isinéirí Ioncaim. Tá siad an-chrua ar na múinteoirí atá ag múineadh sna coláistí. Bhí socrú speisialta dóibh le 12 bhliana anuas. Tá na múinteoirí an-tábhachtach ar fad mar tá suim acu sna páistí leis na blianta fada. Iarraim arís ar an Aire dul go dtí na Coimisinéirí Ioncaim agus cás speisialta a dhéanamh amach dos na múinteoirí. Má tá 60 faoin gcéad den ioncam tógtha uathu níl faic fágtha. Mar thoradh air sin bíonn táillí na gcoláistí samhraidh an-ard do na tuismitheoirí. Caithfidh mé a rá freisin ag an bpointe seo go bhfuil brón orm go bhfuilInniu ag fáil bháis. Páipéar é a rinne a lán don Ghaeltacht le 40 bliain anuas. Cén fáth a bhfuil sé ag imeacht? Tá a fhios ag gach éinne go raibh na costais ró-árd. Is mór an trua é don pháipear agus don fhoireann go bhfuil siad á gcaitheamh ar leataobh. Níl aon chruthú againn go mbeidh an páipéar nua seasta, go leanfaidh sé ar feadh na blianta cosúil le Inniu. An féidir linn go léir anseo teacht le céile chun iarracht a dhéanamh Inniu a choinneáil beo? Tá brón pearsanta orm faoin bpáipéar sin a chailliúint.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil cuid de na comharchumainn cosúil leInniu, agus measaim go mba cheart don Rialtas ciste speisialta a dhéanamh amach láithreach igcóir na gcomharchumann céanna, £1 mhilliún a chur ar leataobh i gcoir an chiste sin. Caithfimid sár-iarracht a dhéanamh na comharchumainn a choinneáil ag obair mar, leis na blianta fada, rinne na comharchumainn a lán rudaí i gcóir na Gaeltachtaí — na coláistí samhraidh, scéimeanna uisce, tur-asóireachta agus rudaí eile nach iad. Thug na comharchumainn misneach dúinn uile. Is cuma cén áit a bhfuil comharchumann i gcruachás, i gCiarraí, i nGaillimh, i nDún na nGall, i gContae na Mí, i bPort Láirge, I gCorcaigh, caithfidh Roinn na Gaeltachta aitheantas a thabhairt don obair a rinneadar le blianta fada anuas. Tá sé an-éasca a rá nach raibh chuile cheann acu ceart ach cad tá ag dul i gceart faoi láthair? Tá monarchana i ngach áit i dtrioblóid agus tá Fóir Teoranta ag teacht isteach chun cabhrú leo. Cén fáth nach mbeadh coiste speisialta ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar na comharchumainn mar má imíonn comharchumann ó áit éigin, sin buille tubaisteach don áit sin. Mar a deir mé caithfidh Roinn na Gaeltachta aitheantas speisialta a thabhairt dóibh. Choimeád siád an Ghaeilge leis na blianta fada agus má bhí mise géar i dtaobh Údarás na Gaeltachta le trí bliana anuas, chuir sé ionadh orm i gcónaí.

I was astonished at the reaction I got from certain people when I criticised the Údarás. I recall distinctly a meeting of Kerry County Council in January 1981 at which I criticised the executive of Údarás na Gaeltachta. I was supported very strongly at that time by councillor Tom Fitzgerald. I spoke of the situation in which the public relations people or the consultants of Údarás were immediately able to get television exposure under the guidance ofFéach. The people involved in that programme, under the direction of Proinsias MacAonghusa headed for the Dingle Peninsula. Mr. MacAonghusa is known some times as “Gulliver” who writes for The Sunday Press. The programme about that visit to Dingle involved first a shot of Begley in black and white and sporting a crew cut. It was from a photograph taken in the mid-fifties at a football match. Then there was shown a picture of myself in colour, a crease in the side of my head, slicker, and wearing spectacles. There followed interviews with two people, one of whom was a member of Údarás and the other who was his first cousin. The interviewer had stayed in the house of the member of Údarás on the previous night. I was not even asked to participate in the programme. It was nothing but a hatchet job and all because I had dared criticise the workings of Údarás.

Was it not amazing that subsequently that member of Údarás had no hesitation in proposing £250,000 for that first cousin in respect of a fish-processing plant? It is still a source of amazement to me that the people of Údarás should have had such instant access to the national television and that the people making the programme had not the decency or the courtesy to ask me to participate in the programme. Where is the justice and impartiality in that? Of course it did not matter one whit to the people of the Dingle Peninsula. They knew what I was talking about. There was evidence before their eyes of the land deals, the empty houses, the vacant factories and the conniving. All that is still there.

I was not surprised when the DPP decided not to go ahead with the prosecution in respect of Údarás. The principal witness had died. It is not for me to dance on the grave of that man. May he rest in peace. He did what he thought he had to do but what amazes me in so far as the DPP is concerned is that he took 18 months to make up his mind although within a matter of weeks he was able to have Pól Ó Faoghail before the courts in respect of the secrets Act. The courts gave their decision on that and that is the end of that story.

Arís deirim le hAire na Gaeltachta go bhfuil job mór le deanamh aige, go gcaithfidh sé an misneach a thabhairt ar ais do mhuintir na Gaeltachta. Caithfidh sé i bhfad níos mó tacaíochta a thabhairt don turasóireacht, go mór mhór sna comhairlí beaga atá i ngach áit den Ghaeltacht anois chun an turasóireacht a mhéadú ar fud na tíre, go gcaithfidh sé gabháil timpeall na Gaeltachtaí agus casadh leis na gnáthdaoine, na hiascairí, na feirmeoirí, na hoibrithe, na páistí scoile, na múinteoirí, na comharchumainn, aon duine atá ag tabhairt obair sa Ghaeltacht, mar measaim féin nach bhfuil mórán ama againn má táimid i ndáiríre faoin Ghaeltacht a shábháil. Caithfimid dul ar aghaidh láithreach, agus caithfidh gach duine againn ár ndícheall a dhéanamh an teanga a chothú agus a thaispeáint don Roinn Oideachais nach bhfuil sé ceart na scoileanna beaga a dhúnadh sna Gaeltachtaí. Agus caithfidh mé a rá go poiblí go bhfuil mé mí-shásta má tá sé sin ar intinn an Aire Oideachais. Tóg na scoileanna beaga, abair 25 nó 30 páistí iontu. Iarraim ar Aire na Gaeltachta a mhíniú don Aire Oideachais nó dul níos fuide agus an tAire Oideachais a thógaint timpeall — ní dhéanfadh sé aon díobháil di in aon chur — chun a thaispeáint di conas atáimid sna Gaeltachtaí. Caithfimid béim a chur ar an oideachas. Caithfimid béim a chur ar na páistí atá ag dul ar scoil. Caithfimid cabhrú leis na comharchumainn. Caithfimid a rá leis an Údarás dul isteach agus caint leis na gnáthdaoine. Arís fáiltim roimh an díospóireacht seo agus is é mo ghuí go mbeidh toradh fónta air.

Aontaím le cuid de na rudaí a dúirt an Teachta Begley ach bhí roinnt de na rudaí a dúirt sé i dtosach nach n-aontaím leo ar chor ar bith. Bheadh sé suimiúil a fháil amach an labhraionn an Teachta Begley thar ceann Pháirtí Fhine Gael nó an labhraíonn Aire na Gaeltachta thar ceann an pháirtí sin. Tá súil agam gurb é an tAire a labhraíonn ar son an pháirtí. Níl a fhios agam féin an ndéanann sé maith dúinn anois, go mórmhór leis an méid dochair agus achrainn agus chuile shórt eile a bhí san Údarás agus sna Gaeltachtaí ar fud na tíre anuraidh agus le dhá bhliain anuas, a bheith ag dul siar ar sin arís agus ag caint air. Níl sé féaráilte bheith ag teacht isteach anseo agus ag rá anois nach raibh an tÚdarás in ann breis fostaíochta a chur ar fáil sa tslí ina raibh sé. Tá an Teachta Begley ag rá rudaí éigin agus dá bhfágáil crochta thuas ansin san aer agus é bheith de chead ansin ag chuile dhuine a gcuid míniú féin a bhaint as focail den tsórt sin. Deir an Teachta, "níl figiúirí an Údaráis cruinn ó thaobh fostaíochta". Tá sé arís ag rá rudaí agus á fhágáil crochta thuas san aer, agus b'fhéidir ag cur i leith an Údaráis go bhfuil siad nó mí-chneastacht de chineál ar siúl acu chomh fada agus a bhaineann le figiúirí fostaíochta. Sin tuilleadh den tseafóid a bhí ar siúl anuraidh ag an Teachta Begley agus ag a chomhleacaithe ar an Údarás. Má tá sé ag dul ag leanúint leis sin anois an bhfuil seans ar bith ag pé duine a cheapfar ina phríomhfheidhmeannach dul ar aghaidh agus an job lena dtoghfar é a dhéanamh i gceart.

Agus mé ag failtiú roimh Mheastachán Roinn na Gaeltachta ní fhéadfainn aontú leis an méid a bhi le rá ag an Aire ina óráid ar leathanach 2 nuair a dúirt sé, cé go raibh laghdú beag sa tsolathár a bhí le fáil i mbliana ag an Údarás nó ag Roinn na Gaeltachta, go raibh dóchas aige mar sin féin go bhféadfaí dul chun cinn maith a dhéanamh i mbliana. Ní féidir dul chun cinn ar bith a dhéanamh, mar atá a fhios ag an Aire, mura gcuirfear breis airgid ar fáil. Ní féidir dul chun cinn níos mó a dhéanamh ná mar a rinneadh anuraidh nó an bhliain roimhe sin mura bhfuil ardú airgid i gceist. Ach bhí suim agam sa méid a bhí le rá aige nuair a dúirt sé ar an leathanach céanna: "Tá dóchas agamsa go mbeidh tuilleadh airgid ar fáil de réir mar a thiocfaidh feabhas ar na cúrsaí sin"— cúrsaí airgeadais a bhí i gceist aige. Tugann sé sin mé go dtí an cheist go mb'fhéidir go bhfuil sé beartaithe ag an Aire meastachán forlíontach a chur ar fáil don Roinn roimh dheireadh na bliana agus ar ndóigh mar dhuine a rugadh is a tógadh sa Ghaeltacht bheadh an-fháilte agamsa roimh mheastachán forlíontach a chuirfeadh airgead ar fáil i gcóir sheirbh-ísí riachtanacha sna Gaeltachtaí ar fad.

Ó tharla gur labhair an tAire ar dtús faoi chúrsaí an Údaráis, labhróidh mise futhu freisin, agus ansin beimid réidh leo go dtí deireadh na hóráide. Thug sé figiúr dúinn faoin fostaíocht lán-aimseartha méadaithe a cuireadh ar fáil anuraidh sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Dúirt sé, agus an ceart aige, go mba mhór an rud é sin, go háirithe nuair a smaoiníonn muid ar na fadhbanna faoi leith a bhí ag an Údarás anuraidh. Agus mé ag caint air anois, ba mhaith liom teacht leis an rud a mhol an Teachta Gallagher agus é ag caint, sé sin faoi thoghcháin an Údaráis. Bhí mise i láthair sa Teach cúpla seachtain ó shin nuair a mhol Fianna Fáil go gcuirfí an fo-thoghchán i Laois/Uíbh Fhailí ar siúl chomh luath agus a b'fhéidir, agus nuair a thug an Taoiseach é féin agus daoine eile sa Rialtas freagra air sin dúirt siad ar dtús go mbeadh costas ag baint leis, go raibh a lán obair thábhachtach le déanamh sa Dáil an tréimhse seo agus go mbeadh sé ag cur isteach ar rudaí den tsórt sin, go mbeadh sé i bhfad níos fearr agus níos éascaí dá rithfí an toghchán sin ag an am céanna le toghchán na hEorpa.

Tá a fhios agam go dtiocfaidh an Teachta Mac Giolla agus aon Teachta a bhfuil a dháil cheantar sa Ghaeltacht go láidir leis an tuairim gur cheart smaoineamh géar a dhéanamh ar thoghchán an Údaráis a chur ar siúl ar an lá céanna le toghchán na hEorpa. Tá a fhios agam nach bhfuil an oiread sin suime in go leor áiteanna i gceantar tuatha sa tír i dtoghchán na hEorpa — ní raibh an uair dheireannach ar aon nós — agus sílimse go gcuideodh sé le suim an phobail a mhúscailt i dtoghchán na hEorpa dá mbeadh toghchán an Údaráis ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ar an la céanna. Chomh maith leis sin, má tá pobal Laois/Uíbh Fhailí in ann trí pháipéar vótála a mharcáil ar an lá céanna, sin páipéar don fho-thoghchán, páipéar do thoghchán na hEorpa, páipéar don reifreann má bhíonn sé ann, is cinnte go mbeadh pobal na Gaeltachta in ann trí pháipéar vótála a shíniú freisin. Tá an tAire ag caint ar na toghcháin a bheith ar siúl i mí Dheireadh Fómhair, tús mí Dheireadh Fómhair nó deireadh mí Dheireadh Fómhair ach tá a fhios againn ar fad go mbíonn an droch-aimsir againn an tráth sin den bhliain. Droch-aimsir uafásach a bhi againn nuair a bhí toghchán an Údaráis ann an uair dheireannach. Bhí sí uafásach agus mar a dúirt mé ó thaobh cur isteach ar obair Dála de beimid ag cur tús le téarma nua, le bliain nua ag an am sin. Beidh go leor, tá mé cinnte, Billí nua agus obair nua curtha os comhair Thithe an Oireachtais agus ó chuile thaobh de sin ceapaim féin mbeadh sé i bhfad níos fearr go dtiocfadh na Teachtaí Dála a bhfuil ceantracha Gaeltachta ina ndáilcheantair le chéile agus dá gcuirfidís ar fad brú ar an Aire Gaeltachta go mbeadh seisean in ann dul ar aghaidh chuig an Aire Comhshaoil agus an brú céanna a chur air leis na toghcháin a bheith ann ar an lá céanna le toghchán na hEorpa. Agus muid ag caint ar an Údarás ba mhaith liom tagairt fíorbheag a dhéanamh don phost mar phríomh-fheidhmeannach. Creidim go bhfuil na chéad agallaimh thart don phost seo. Creidim é sin ó na ráitis a fheicim sna nuachtáin faoi láthair agus tá súil agam, a Aire, nach cinneadh polaitiúil a bheidh sa cheápachán don phríomh-fheidhmeannach nua.Deirim é sin anois lán-dáirire mar is leis an Aire an Bord anois mar atá a fhios againn. Is leatsa í a Aire. Níor cheart go mbainfeadh aon Aire mí-úsáid as cumhacht den tsórt sin. Tá súil agam go mbeidh an príomh-fheidhmeannach nua neamhspleách ar an Aire agus tá súil agam thar rud ar bith eile go mbeidh an príomh-fheidhmeannach in ann brath ar thacaíocht agus ar chomhoibriu an Aire. Níor mhaith liom go deo aris go dtiocfadh sé sa saol go ndéanfaí an cineál céanna ionsaí ar aon phríomh-fheidhmeannach in eagras Stáit is a rinneadh ar an gceann deireadh a bhí san Údarás. Chur an tÚdarás scéim ar bun roinnt blianta ó sin chomh fada is a bhain sé le miontionscail sna Gaeltachtaí agus roghnaíodh mar atá a fhios againn bainis-teoirí réigiúnacha i mbun na dtionscal sin, na mion tionscal sin, agus faoina mbun sin cuireadh ar bun oifigigh no timirí le dul timpeall sna ceantrachaí beaga Gaeltachta le casadh leo siúd a mbeadh suim acu tionscail de chineál eicínt a chur ar bun iad féin nó b'fhéidir i gcomhar le cúpla duine eile.

Tuigim le gairid anuas go bhfuil an tseirbhís sin curtha ar ceal agus tuigim anois má tá dúil ag duine i gceantar beag Gaeltachta dul i mbun miontionscal é féin nó í féin nach dtagann aon oifigeach ón Údarás chuig na ceantrachaí beaga sin agus gur gá do dhuine den tsórt sin dul chomh fada leis an oifig sna Forbacha le fáil amach faoi cén sórt deontas agus cúnamh a bheadh le fáil. Ceapaim gur céim ar gcúl é sin. Níl a fhios agam an raibh eolas ag an Aire faoi sin ach sin é an chaoi a bhfuil sé i gceantar Chonamara faoi láthair ar aon nós agus ba mhaith liom go mbreithneodh an tAire an cás agus ar ndóigh tá an-áthas orainn ar maidin cathaoirleach an Údaráis a fheiceáil anseo in éineacht linn agus tá mé cinnte go mbeidh suim aige freisin é seo a thógáil ag cruinniú de bhord an Údaráis agus oifigigh an Údaráis féin. Agus mé ag caint ar na Forbacha tá a fhios againn go bhfuil oifig bhreá eile sna Forbacha, oifig Roinn na Gaeltachta. Cinneadh é sin, cinneadh a thóg Rialtas a chuaigh roimh an Aire, cinneadh díláraithe. Cinneadh maith a bhí ann agus d'fháiltigh muid ar fad roimhe. Bhí sé de phribhléid agamsa a bheith i mo Aire Gaeltachta nuair a aistríodh na chéad oifigigh de chuid Roinn na Gaeltachta siar go dtí na Forbacha. Ach an cheist atá agam anois don Aire, cén líon den fhoireann i Roinn na Gaeltachta nár aistrigh siar fós agus an bhfuil sé i gceist ag an Aire nó ag an Roinn leanacht leis an scéim díláraithe agus an chuid eile de na hoifigigh cé is moite den Aireacht féin a aistriú siar go dtí na Forbacha. Má tá sé i gceist é sin a dhéanamh cé chomh luath is a dhéanfar é. An ndéanfar i mbliana é nó an chéad bhliain eile?

Anois tiocfaimid go dtí na tithe Gaeltachta agus tá suim airgid mar a bhíonn i gcónaí curtha ar fáil do thithe Gaeltachta agus ceapaim dáiríre aon duine a thaist-ealaíonn go dtí aon Ghaeltacht in aon cheantar den tír go bhfeicfidh siad féin an dea-thoradh atá ar na deontaisí do thithe Gaeltachta mar tá an-fheabhas go deo tagtha ar na cineálacha tithe atá á dtógáil agus cuireann sé maisiúchán ar phobal na Gaeltachta, ar an nGaeltacht féin agus cuireann sé seirbhís bhreá ar fáil don tionscal b'fhéidir is tábhachtaí sna Gaeltachtaí — tionscal na tur-asóireachta. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire an bhfuil sé i gceist aige scéim breactha na Gaeilge a leathnú ar an bhealach. Scéim fíor-thábhachtach a bhí sa scéim sin mar thug sé deis dóibh siúd b'fhéidir nach raibh sa mbaile sa Ghaeltacht nuair a bhí a dteach a dtógáil — chaitheadar dul thar lear nó go Gaillimh nó go Baile Cliath nó go dtí áit éigin eile taobh amuigh den Ghaeltacht le slí beatha nó slí mhaireachtála a thuilleamh — thug sé deis don té sin a dheontas a fháil ón Roinn Comhshaoil agus ansin suas le £800 breise a fháil ó Roinn na Gaeltachta. Creidim gur scéim fíormhaith a bhí ann agus go bhfuil sé ag obair thar cionn sna Gaeltachtaí agus ba mhaith liom b'fhéidir a mholadh don Aire go bhféadfadh sé an scéim sin a leathnú le go dtabharfadh sé cabhair do líon níos mó daoine ná mar atá sé á thabhairt faoi láthair.

Ceist mhór, ceist chasta bóithre sa Ghaeltacht. Tá Rúnaí na Roinne ag gáire. Tá na bóithre go háirithe i gContae na Gaillimhe i ndroch shlí faoi láthair. Beidh go leor iarratas istigh le rannóg miontionscal an Údaráis le feirmeacha éisc a chur ar bun sna poill i mbóithre Chonamara go luath mura ndéanfar rud éigin le deontais bhreise airgid a chur ar fáil dóibh. Tá neart poiblíochta faighte ag an agóid mhór atá ar bun i nGaeltacht Chonamara faoi láthair maidir le caoi a chur ar na bóithre. Níor caitheadh leath phingin rua ar aon bhóthar nó aon obair nua i nGaeltacht Chonamara anuraidh. An t-aon airgead a chaitheadh ná thart ar £4,000 ar oibrithe a chríocnaíodh. Céard a tharla do Dhroichead Mhuinineach? Tá £30,000 nó níos mó le n-íoc ag Roinn na Gaeltachta fós le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Rinneamar go leor cainte faoi Dhroichead Mhuinineach ach níl ach £30,000 íoctha fós agus go tráthúil tá muintir Chomhairle Chontae na Gaillimhe — an bainisteoir agus an t-innealtóir contae — abhfus ag an Aire Comhshaol inniu agus iad ag iarraidh breis airgid le caitheadh ar bhóithre i gContae na Gaillimhe. Tá £30,000 ag dul ó Roinn na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh an tAire ag rá linn um tráthnóna go bhfuil seisean ag dul dá íoc an tseachtain seo chugainn.

Nuair a bhí mise im' Aire Ghaeltachta tháing mé féin agus an tAire Comhshaoil, an Teachta Sylvester Barrett le chéile ag an am agus rinneadh amach scéim no plean cúig nó deich mbliana ag an am go gcuirfí airgead speisialta ar fail do Chomhairle Chontae na Gaillimhe le caitheamh ar na bóithre móra i gceanntar Chonamara. Is scéim mhaith a bhí ann ag an am agus chinntigh sé rud amháin: chinntigh sé nuair a cuireadh airgead ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe le caitheamh ar na bóithre, an bealach ina chaithfí é sin. Bíonn vóta ag an gcomhairle chontae agus níl an tromlach ag muintir na Gaeltachta; tá an rud céanna i dTír Chonaill. Níl an tromlach ag na comhairleoirí chontae ó cheantar na Gaeltachta. Mar sin cailleann siad go leor den airgead a bhíonn ar fáil le caoi a chur ar bhóithre sna comhairlí chontae ar fad. Ceapaimse gur mór an trua nár leanadh leis an bplean sin agus d'iarrfainn ar an Aire dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, an Teachta Kavanagh, agus go mb'fhéidir go bhféadfaí athdhúiseacht a dhéanamh ar an bplean sin lena chinntiú go mbeidh ar a laghad airgead díreach leagtha amach nach feidir é a chaitheamh in aon áit eile ach ar bhóithre na Gaeltachta.

Maidir le scéimeanna feabhsúcháin, theastaigh uaim go díreach a fháil amach ón Aire cé air go díreach a gcaithféar an £1½ milliún nó os a cionn atá ins an Meastachán le caitheamh ar scéimeanna feabhsúcháin. Tá a fhios agam go dtabharfar cúnamh dó scéimeanna uisce agus do scéimeanna séarachais, ach cuir i gcás ó thaobh saoráidí calaíochta a fheabhsú. Labhair an Teachta Begley faoi thionscail na hiascaireachta i gceantair Ghaeltachta agus tá an tionscal sin fíor-thábhachtach, comhtábhachtach leis an tionscal tur-asóireachta, agus i gceantair áirithe b'fhéidir níos tábhachtaí. Ach ní féidir tionscal ceart iascaireachta a bheith ann nó cúnamh a thabhairt do mura bhfuil seirbhís agus saoráidí calaíochta agus ceibheanna maithe ar fáil sna Gaeltachtaí.

Céard a tharla do phlean Ros a Mhíl? An bhfuil aon airgead breise le caitheamh air? Go tráthúil tá an tAire Gaeltachta againn agus tá sé freisin ina Aire Iascaigh. Mar sin tá suim speisialta aige san tionscal iascaireachta, ach mura gcuirfear airgead ceart ar fáil do shaoráidí maithe calaíochta do iascairí beaga na Gaeltachta ní fiú bheith ag caint ar aon chúnamh a thabhairt don tionscal iascaireachta sa Ghaeltacht ar chor ar bith.

Mar a dúirt cainteoirí a chuaigh romham, is gléas fíor-chumasach agus fíor-thábhachtach an comharchumann már tá sé bunaithe ar phobal na háite agus is iad go háirithe nó is mó atá ina sealbhoirí sa comharchumann. Is iad atá i mbun ceannasaíochta, i mbun cathaoirleacht sa chomharchumann. Is iad freisin na daoine i mbun bainistíochta sa chomharchumann agus a bhfuil suim faoi leith acu i nGaeilge agus i gcúrsaí Gaeltachta. Cuidíonn an comharchumann, agus is é is mó b'fhéidir, le dul chun cinn eacnamaíochta i gceantair fíor-iargúlta i nGaeltachtaí beaga ar fud na tíre sna blianta a chuaigh thart.

Bhí suim agam san méid a dúirt an tAire faoi choiste eadrána na gcomharchumann. Mar tá a fhios ag an Aire tharraing mise raic anseo faoin dara coiste a bheith á chur ar bun anuraidh. Níor chuala mise céard iad na moltaí a chuir an coiste sin ar fáil. Tá mé cinnte go mbeimis go léir buíoch den Aire dá bhféadfadh sé na moltaí sin a fhoilsiú dúinn nó a chur ar fáil do na Teachtai Dála a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantair. Bheadh sé fíor-shuimiúil mar tá suim againn ar fad i gcúrsaí comharchumann. Tá cúrsaí airgeadais agus cursaí eacnamaíochta sna comharchumainn go fíor-dhona. Fiú amháin i mo dháilcheantar féin dhún Comharchumann na n-Oileán cúpla seachtain ó shin agus fiacha móra millteacha aige. Dhún Comharchumann Cois Fharraige roinnt míosa roimhe sin agus aris fiacha móra le glanadh don chomharchumann sin freisin.

An rud is tábhachtaí ceapaimse, chomh fada agus a bhaineann sé leis na comharchumann ná bunús ceart air-geadúil a chur futhu. Bhí mé ag caint ar an scéim atá ann faoi láthair go dtugann an tÚdarás deontais do na comharchumainn agus go dtugann Roinn na Gaeltachta deontais dóibh. Bheadh sé i bhfad níos fearr nach mbeadh ach dream amháin acu ag plé leis na comharchumainn. Ceapaim go mb'fhearr leis na comharchumainn é sin freisin agus creidim on méid cainte a bhíonn agamsa leis na comharchumainn gur éirigh níos fearr leo agus iad ag plé le hoifigigh Roinn na Gaeltachta ná mar a d'éirigh leo agus iad ag caint le hoifig an Udaráis. Deireann siad féin é sin agus creidim go gcoth-aíonn sé sin deacracht do na comhairchumainn nach gá a bheith ann déirire agus dá bhféadfhaimís socrú a dhéanamh nach mbeadh ach aon dream amháin nó aon eagraíocht amháin ag plé leis na comharchumann, bíodh sé sin ag an Udarás nó bíodh sé ag Roinn na Gaeltachta, bheadh sé sin i bhfad níos ciallmhaire.

Dúirt an tAire go raibh socruithe déanta aige cúnamh speisialta a thabhairt do choistí na gcomharchumann atá fós i mbun gnó. Cén sórt cúnaimh speisialta? Cúnamh airgid is cosúil atá i gceist. Cé mhéid airgid a bhéas go díreach ann le cur ar fáil do na comharchumainn agus céard atá i gceist agam ansin ná idir an t-airgead atá ann on Údarás agus an t-airgead atá ann ó Roinn na Gaeltachta. Dúirt an tAire go mbeadh sé sin le fáil do choistí nó do chomharchumainn áirithe a mbeadh ar a gcumas teacht slán. Cén chaoi a shocraíonn Roinn na Gaeltachta cé acu de na comharchumainn atá fós i mbun gnó a bhéas in ann teacht slán, agus an bhféadfadh sé na comharchumainn sin a ainmniú dúinn.

Luann an tAire go bhfuil sé ag dul ag cur teora chiallmhar le gniomhachtaí na gcomharchumann. Cén sort teorann í teorann "ciallmhar"? An gciallaíonn sé sin nach mbeidh cead ag na comharchumainn níos mó dul ag plé ach léis na coláistí Gaeilge, scéimeanna uisce agus séarachais, scéimeanna talmhaíochta agus feirmeoireachta? An gciallaíonn sé nach mbeidh deis acu níos mó tionscal deantús-aíochtá a chur ar bun cuir i gcás ina gceantar féin nó nach mbeidh cead acu dul ag plé le meaisíneacht ó thaobh baint na móna de agus rudaí den tsórt sin a bhfuil comharchumann áirithe ag plé leo faoi láthair? Ba mhaith liom dá míneodh an tAire céard tá i gceist aige le teora ciallmhar a chur le gníomhaíochtai na gcomharchumann agus an mbeidh sé féin mar Aire nó an mbeidh an coiste seo ag cur a moltaí ar fáil a shocrós cad é an teora chiallmhar sin.

Tacaím go láidir leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Begley faoi fheirmeoirí na Gaeltachta. An t-aon chineál feirme atá in aon cheantar Gaeltachta ar fud na tíre ná feirm bheag. Carraigreacha is mó atá ann. Tá go leor den fheirm báite de bharr easpa dréanála. Mar sin caitheann na feirmeoirí beaga sa Ghaeltacht brath ar leasa shóisialaigh agus ar liúntais leasa shóisialaigh nó, mar a thugann siad air, dole na bhfeirmeoirí. Chomh fada agus a bhaineann sé le mo dháilcheantar féin agus go háirithe le feirmeoirí beaga i gceantar Chonamara — agus d'ardaigh mé an cheist seo inné leis an Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh — ní chreidim go dtuigeann oifigigh na Roinne sin na deacrachtaí speisialta atá ag feirmeoirí beaga i gceantair Ghaeltachta. Bíonn siad ag dul thart ag toraíocht faoi leapacha agus ag toraíocht taobh amuigh den teach, ag breathnú agus ag comhaireamh géanna agus lachain, cearca agus mar sin de. Níl aon bhaint ag rudaí den tsórt sin le cúrsaí feirmeoireachta i gceantair Ghaeltachta. Tá fadhb mhór eile againn i nGaeltacht Chonamara chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí feirmeoireachta agus sin an tseirbhís tréadlia atá ar fáil i gceantar Chonamara faoi láthair. D'ardaigh mé an cheist seo leis an Aire Talmhaíochta an tseachtain seo caite ar cheist Dála agus ní bhfuair mé sásamh ar bith ón Aire. Tá deacracht mhór ann faoi láthair mar gur fhág duine de na tréadlianna a bhí ag freastal ar cheantar Chonamara, d'fhág sé an ceantar roinnt seachtain ó shin, agus tá an tseirbhís tite go mór sa cheantar. Níl an tseirbhís atá ar fáil anois do na feirmeoirí ansin ar comhleibhéal leis an tseirbhís a bhí ann bliain ó shin nó fiú amháin ar chomhleibhéal leis an tseirbhís atá ar fáil i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. D'iarr mise ar an Aire fordheontas a chur ar fáil le go bhféadfaí tréadlia eile a mhealladh isteach i gceantair Ghaeltachta Chonamara. B'fhéidir go bhfuil an deacracht céanna i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Thír Chonaill. Níl a fhios agam, ach tá súil agam go ndéanfar iarracht feabhas a chur ar an scéal sin.

Maidir le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge tá ardú 25p sa ló tugtha ag an Aire. Bhris tú do chroí, a Aire. Tá mé cinnte go ndéarfadh mná tí na Gaeltachta an rud céanna leat. Tá deacrachtaí móra acu faoi láthair mar dúirt siad anuraidh agus cúig bliana roimhe sin fiú amháin, nuair a bhíomar féin i gcumhacht, nár leor an t-airgead a bhí siad ag fáil ó Roinn na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidís in ann an tseirbhís chéanna nó an leibhéal seirbhíse céanna a chur ar fáil do na gasúir a thagann chucu agus iad ag foghlaim Gaeilge i gcoláistí Gaeilge. Tá fhios againn go bhfaigheann siad airgead ó na coláistí Gaeilge freisin ach cuir i gcás i mbliana i gceantair Chonamara beidh deacrachtaí speisialta mar ba iad Comharchumann Chois Fharraige agus Comharchumann na nOileán a reachtaigh an chuid is mó de na coláistí Gaeilge atá ar fáil sa Dáilcheantar sin agus go háirithe sa Ghaeltacht sin. Beidh deacrachtaí speisialta anois ag na mná tí ag iarraidh an cineál nó an leibhéal deontais céanna nó an leibhéal ard deontais a fháil uathu siúd a bheidh i bhfeighil na gcoláistí Gaeilge i mbliana. Mar sin níl fhios agam ag an tráth seo de an féidir leat aon ardú breise a thabhairt dóibh ach cinnte is fiú go mór breathnú ar an leibhéal deontais atá á fháil acu agus cé uaidh a bhfuil sé á fháil acu. Sin é b'fhéidir an deontas is tábhachtaí i Roinn na Gaeltachta sa mhéid go dtéann sé go díreach chuig pobal na Gaeltachta féin. Ní théann sé chuig aon duine eile ach go díreach isteach i lámha mhuintir na Gaeltachta agus i lámha iad siúd a thugann agus a chuireann an tseirbhís is fearr ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Tugann sé deis agus seans do ghasúir óga ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu.

Failtím roimh bhunú nuachtán nua Gaeilge. Ba duine mé a tháinig isteach anseo anuraidh sa Teach agus a d'easaontaigh le urlabhraí ár bpáirtí féin nuair a dúirt seisean gur cheart go mbeadh dhá pháipéar ann agus gur chreid mise nár cheart a bheith ann ach páipéar maith breá folláin amháin, páipéar a mbeadh díolachán air ar fud na tíre ar fad. BhíInniu againn agus bhí Amárach againn agus tá Anois againn anois. Ta súil agam go mbeidh níos mó áidh ar Anois ná mar a bhí ar an bpéire eile. An t-aon rud amháin a déarfainn faoi ná gur chuir Inniu seirbhís an-mhaith ar fáil i ngné amháin áirithe de shaol an phobail seo agus sin ins na meánscoileanna agus ins na ceardscoileanna agus chuile scoil den dara leibhéal ar fud na tíre. Bhí scéimeanna speisialta acu chomh fada is a bhain sé le haistí, scríobh agus marcanna a bheith orthu agus mar sin de. Rinneadar dianscrúdú chuile bhliain ar na téacsleabhair speisialta a bhí sa Mheánteist agus san Ardteist. Ba sheirbhís fíormhaith í sin, seirbhís ar bhain go leor scoláirí den dara leibhéal úsáid aisti agus teastaíonn uaim go ndéanfaidh an tAire cinnte de go mbeidh seirbhís den chineál sin á cur ar fáil ag an bpáipéar Anois. Is trua liom go mbeidh an comhlacht a mbeidh plé acu leis an nuachtán seo faoi scáth aon eagrais Ghaeilge.

Ní chreidim go bhfuil sé sin folláin chomh fada agus a bhaineann sé le pobal na Gaeilge sa tír seo. Ní chreidim gur cheart go mbeadh aon chomhlacht atá neamhspleách ar an Roinn faoi scáth aon eagrais Ghaeilge cé acu atá an t-eagras sin ag fáil deontas ón Roinn nó nach bhfuil. Ní locht é sin atá agam díreach ar Ghael-Linn. Déarfainn an rud céanna dá mbeadh sé faoin gComhdháil nó faoi Bhord na Gaeilge nó faoi aon eagras eile. Ní aontaim leis 'chor ar bith gur cheart go mbeadh sé faoi scáth eagrais amháin Gaeilge. Nílim ag rá go dtarlóidh sé ach tá an chontúirt ann go bhféadfadh se tarlú go mbainfí úsáid as an nuachtán sin le poiblíocht a thabhairt do na gnéithe áirithe a bhíonn ar siúl ag eagras amháin Gaeilge agus go rachadh sé sin chun donais do na heagraisí eile atá ag obair ar leas na Gaeilge. Maidir le Bord na Gaeilge rinneadh go leor cainte agus tabhairt amach ar feadh na mblianta faoin méid a bhí ar siúl ag Bord na Gaeilge agus céard nach raibh ar siúl acu agus céard ba cheart a bheith ar siúl acu. Creidim féin i ndáiríre go bhfuil an-obair déanta acu agus tá súil agam ó tharla gur ghlac an Rialtas leis an bPlean Gníomhaíochta ceithre bliana seo don Ghaeilge go mbeidh mar a dúirt an Teachta Gallagher an t-airgead leis an bplean a chur i gcrích ar fáil ón Rialtas. Ní fheicim aon chaint anseo ar airgead speisialta a chur ar fáil i Meastachán na bliana seo leis an bplean sin a chur i crích. Creidim go mbeidh airgead mór ag teastáil sna chéad cúpla bliain ach nach mbeidh gá le hairgead mór den chineál sin sna blianta eile mar go n-eireoidh agus go dtarlóidh go leor rudaí as an gcúpla céad bliain tosaigh den phlean. D'aont-óinn freisin go láidir leis an Teachta Gallagher nuair a deir sé go bhfuil go leor cainte ó thainig mise isteach i 1975 — tháinig seisean isteach romham — faoi Ghaeilge agus a húsáid i dTithe an Oireachtais. Tá mé ag cloisteáil le fada faoí chúrsa atá ag dul á chur ar bun i dTithe an Oireachtais i dTeach Laighean le cumas Gaeilge labhartha a chur ar fáil do na Teachtaí ar gach aon taobh den Teach. Tagaimse go láidir leis sin agus ba mhaith liom aontú leis an Teachta Gallagher nuair a d'iarr sé ar an Aire cúram a ghlacadh lena chinntiú go gcuirfi an cúrsa sin ar bun, dá bhféadfaí é, roimh dheireadh an téarma seo chugainn den Dáil agus go mbeadh an cúrsa faoi lánseol nuair a thiocfaimis ar ais anseo tar éis na Cásca. Creidim go bhfuil an-bhá sa Teach seo don Ghaeilge. Má bhíonn tú ag siúl thart sna pasáistí nó istigh ag do lón agus má labhrann tú Gaeilge le daoine chuirfidh sé iontas ort na daoine sa Teach agus na baill den Teach a bhfuil neart Gaeilge acu ach atá cúthaileach mar go gcreideann siad nach bhfuil a gcuid gramadaí ceart. Ní chuireann gramadach isteach ró-mhór ormsa. Creidim go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh cumas Gaeilge labhartha ag duine ná go mbeadh a chuid gramadaí céad faoin gcéad ceart. Tá súil agam, a Chathaoirligh, go bhfuil na heagraisí éagsúla, na heagraisí deonacha, na heagraisí Stáit, na comhlachtaí Stáit, na comhairlí contae, na Boird Sláinte agus iad siúd ar fad ag tabhairt céad faoin gcéad tacaiochta do Phlean Gníomhaíochta Bhord na Gaeilge mar, mura bhfuil, níl aon bhealach go bhféadfar an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha agus mar theanga úsáidte i gcúrsaí gnó sa tír seo. Cuir i gcás ar maidin inniú sa Dáil anois, sampla fíormhaith. Seo í seachtain na Gaeilge; mar sin rinne roinnt Teachtaí sa Teach ar maidin iarracht Gaeilge a úsáid agus chuaigh sé rite leis an Rialtas duine a fháil ar an taobh eile den Teach a bheadh in ann freagra a thabhairt i nGaeilge agus tugadh freagraí ar na ceisteanna i mBéarla. Creidim gurb éard is cúis leis sin ná nach bhfuil an cineál cursa ar fáil a raibh mé ag caint air agus b'fhéidir go bhfuil roinnt de na Teachtaí ar gach aon taobh den Teach cúthaileach chomh fada agus a bhaineann sé le labhairt na Gaeilge. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an tAire ag cur airgid ar fáil arís do Bhord na Leabhar Gaeilge, do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, an Conradh, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, an Comhlachas Náisiúnta, Taibhdhearc na Gaillimhe dár ndoigh, Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Sin iad na heag-raisí ar fad a bhíonn i dteagmháil leis an ngnáthphobal, agus a chuireann fíor-sheirbhís ar fáil do phobal na Gaeilge, ni amháin do phobal na Gaeltachta.

Maidir le oifig Eorpach do Theangacha Neamh-fhorleathana, tuigimse go gcaithfidh sé go bhfuil neart airgid i bpoll éigin sa Bhruiséil le caitheamh ar theangacha neamh-fhorleathana agus nach bhfuilimid ag déanamh ár ndícheall le sciar ceart den airgead sin a fháil dúinn féin in Éirinn. Tá sé tábhachtach go bhfuil an ceannáras á chur ar fáil anseo agus tá súil agam go mbeimid in ann an bru is ceart a chur ar an bureau sin lena chinntiú go mbeidh dóthain airgid le fáil ó Choim-isiún na hEorpa.

Ní féidir an Ghaeilge a chur chun cinn mura bhfuil lán-comhoibriú againn ó na meáin chumarsáide. Labhair Teachta éigin anseo ar maidin faoin chineál droch-mhisneach a thagann ar dhaoine sa Teach seo nuair a ardaíonn siad ceist anseo faoin Ghaeilge nó faoin Ghaeltacht. Má ardaítear ceist i nGaeilge nó má chuirtear síos ar Riar na hOibre ceist i nGaeilge is fíorbheag an phoiblíocht a fhaigheann an cheist ach ó Raidio na Gaeltachta. Sin an fáth, creidim, a bhfuil roinnt mhaith Teachtaí ag cur síos a gcuid ceisteanna i mBéarla mar go gcreideann siad go bhfaighidh siad poiblíocht di. Is mór an trua gurb shin é an cineál meoin atá ag an gcuid is mó de na meáin chumarsáide. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an meán chumarsáide is mó agus is tábhach-taí agus is mó a bhfuil tionchar aige ar phobal na tíre seo, an teilifís, ní chreidim — dúirt me é seo go minic — go bhfuil cothrom na Féinne ar chor ar bith á fháil ag Gaeilge ar an teilifís.

Níl a fhios agam cá bhfuil an locht gur mar sin atá an cás. Níl a fhios agam an mbaineann sé le Bord nó le hÚdarás RTE féin. Níl a fhios agam an bhfuil bá chomh mór agus ba cheart ag an Údarás le cúrsaí cultúrtha agus le cúrsaí Gaeilge. Agus mé ag caint ar chúrsaí cultúrtha, níl mé ag caint go díreach anois ar Ghaeilge agus ar amhráin Ghaeilge, ar dhrámaí Gaeilge agus mar sin de, ach, cuir i gcás, ar ghnéanna de chlár oibre an mheán chumarsáide sin a bhfuil baint acu le hÉirinn, le filí nó cumadóirí nó scríbhneoirí Éireannacha. Níl cothrom na Féinne á fháil acu siúd. Léigh mé, níl a fhios agam an ar cheann de pháipéir na seachtaine seo nó ar cheann de pháipéir an Domhnaigh, gur thug Údarás RTE cinneadh tá seachtain nó coicíos ó shin ann go bhfuil sé i gceist acu anois go mbeadh an dara bealach ar RTE ag craoladh pop ceoil nó pop de chineál éigin ceithre uair is fiche in aghaidh an lae. Chuir sé altacht orm go bhféadfadh údarás de chineál ar bith cinneadh den tsórt sin a thógáil agus níl a fhios agam an bhfuil an cheist sin ardaithe ag an Aire leis an Aire atá i bhfeighil cúrsaí cumarsáide. Mura bhfuil, d'iarrfainn ar an Aire anois an cheist a ardú leis. Má tá cinneadh den tsórt sin tógtha, an bhfuil maith ar bith bheith ag caint anseo faoi chúrsaí Gaeilge agus faoi chomh tábhachtach is atá sé go dtabharfaí deis don phobal Gaeilge a cloisteáil, Gaeilge a fheiceáil á úsáid ag daoine móra le rá comh fada agus a bhaineann sé leo sna meáin chumarsáide. Is am curtha amú é bheith anseo maidin inniu mura bhfaighimid agus an pobal tacaíocht ón mheán chumarsáide is tábhachtaí sa tír agus an ceann is mó a bhfuil tionchar aige go háirithe ar dhaoine óga. Níl deis oideachasúil níos éifeachtaí ná an teilifís chomh fada agus a bhaineann le na páistí beaga, gasúir ag dul ar scoil agus micléinn ollscoile.

Ní fhéadfainn ligean leis an deis seo gan focal speisialta molta a thabhairt le ceannaire agus do fhoireann Raidio na Gaeltachta. Nuair a cuireadh an tseirbhís sin ar fáil dúirt chuile dhuine: "Níl ann ach tuilleadh airgid, mar a deireann an Teachta Begley, síos i bpoll i gceantair Ghaeltachta". D'aontódh an Teachta Begley, tá mé cinnte, agus chuile Theachta eile, fiú amháin mura bhfuil Gaeltacht ina ndáil cheantair, go bhfuil seirbhís den scoth curtha ar fáil ag foireann an raidió sin ó cuireadh ar bun é. An t-aon rud a chuireann isteach orm faoi ná gur mór an feall é nach nglacaimid le huaireanta craolta an mheán chumarsáide sin a leathnú. Roinnt blianta ó shin dúirt ceannaire mo pháirtí féin agus é ina Thaoiseach ag dul ar ais sa Rialtas mar Thaoiseach, go dtabharfaí an cumhacht don Aire Cumarsáide agus go gcuirfi in iúl do RTE gurb é a theastaigh ón Rialtas ná go leathnófaí na huaireanta craolta lena cinntiú go mbeadh an raidió atá ag cur seirbhís breá ar fáil ní amháin do phobal na Gaeltachta ach do phobal na Gaeilge ar fud na tíre, go mbeidís in ann seirbhís iomián nuachta agus cumarsáide a chur ar fáil i rith an lae.

Tá rud éigin suntasach tarlaithe ón uair sin chomh fada is a bhaineann sé leis na meáin chumarsáide agus sin é go mbeidh Bille againn anseo os comhair na Dála go luath chun seirbhís neamhspleách chumarsáide a chur ar fáil sa tír seo. Beidh go leor grúpaí, go leor daoine gnó, go leor daoine b'fhéidir i bhfeighil páipéar nuachta áitiúla, go mbeidh suim acu cur isteach ar cheadúnas cumarsáide a fháil faoin mBille seo. Mura ndéanaimidne cinnte de sula dtarlóidh sé sin go mbeidh an tseirbhís cumarsáide áitiúil atá againn — an t-aon ceann atá againn sa tír seo faoi láthair, an tseirbhís a thugann Raidio na Gaeltachta dúinn — go mbeidh an tseirbhís sin lánaimseartha ar feadh an lae seacht lá den tseachtain, ní bheidh sé in ann dul i gcomórtas leis an tseirbhís nua agus leo siúd a bheas ag cur an tseirbhís sin ar fáil nuair a thiocfaidh sí.

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo freisin le mo bhuíochas féin a chur in iúl do oifigigh Roinn na Gaeltachta, do Rúnaí na Roinne, don leas-Rúnaí agus do na hoifigigh ar fad a bhíonn ag déileáil linn mar pholaiteoirí agus le pobal na Gaeltachta trí chéile, mar cuireann siad seirbhís chumasach ar fáil dúinn ar fad. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghlacadh leo. Imíonn Airí agus tagann Airí ach leanann an Roinn agus na hoifigigh ar aghaidh i gcónaí. Tugann siad sár sheirbhís dúinn agus bheadh bród ag aon duine astu dá mbeidís in aon chéard ar domhan nó i mbun aon ghnó eile sa tír. Tá áthas orm mo thacaíocht a thabhairt don Mheastachán seo. Ní fhéadfaidh aon duine againn, fiú amháin an tAire é féin, a bheith sásta nach bhfuil se níos mó, ach ar a laghad tá dóchas le fáil ón Aire go mb'fhéidir go mbeidh meastachán forlíontach againn roimh dheireadh na bliana.

Aontaím leis an Teachta Geoghegan-Quinn gur seo Seachtain na Gaeilge agus go bhfuil imeachtaí Gaeilge ar fud na cathrach agus sílim gur deas an rud go bhfuil aitheantas á thabhairt anseo i nDáil Éireann don seachtain sin, nuair a tháinig na hAirí le chéile agus nuair a shocraigh siad go mbeadh Meastachán Roinn na Gaeltachta anseo sa Dáil seachtain Lá 'le Pádraig. Níl a fhios agam ar tharla sé sin cheana ach is fearr go mall ná go brách.

Is mór an trua go minic gur an t-aon uair a mbíonn Gaeilge á úsáid anseo sa Dáil ná nuair a bhíonn Meastachán Roinn na Gaeltachta ag dul tríd, agus sílim go bhfuilimid ag cur an Ghaeilge isteach i mbosca. Ba mhaith liom féin go mbeadh an Ghaeilge á labhairt nuair a bheadh Meastacháin eile ag dul tríd an Dáil, Meastacháin leis an Roinn Oideachais, Leasa Shóisialaigh, Iascaireachta nó mar sin. Tá deis againn an Ghaeilge a úsáid anseo. Tá córas aistriúcháin againn agus éinne nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige bíonn sé ábalta a thuiscint cad tá ag dul ar aghaidh.

Aontaím leis an Teachta Geoghegan Quinn freisin, anseo ins an Dáil agus ins an Seanad, cé acu an bhfuil Gaeilge ag na Baill nó nach bhfuil, go bhfuil deathoil don teanga, agus b'fhéidir gur mhaith an rud smaoineamh am éigin go bhféadfaimís teacht le chéile agus uair a chloig sa tseachtain a bheith againn anseo go ndéanfaí díospóireachtaí agus ceisteanna a chur trí mheán na Gaeilge. Sílim go dtabharfadh sé sampla maith do na daoine taobh amuigh a bhíonn ag breathnú isteach anseo agus ag éisteacht le cad tá ag dul ar aghaidh. Nuair a chuimhnimid ar Bhunreacht na hÉireann gurb í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil na tíre sílim go bhféadfaimis níos mó dhéanamh ansin.

Chomh fada agus is eol dom, dúirt an Teachta Gallagher go bhfuil cúpla duine ag teacht le chéile chun coiste a chur ar bun agus rud cinnte a dhéanamh gan mhoill. Sílim gur dúradh é seo i bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a chuir Bord na Gaeilge amach cúpla mi ó shin agus ar ghlac an Rialtas leis. Tá súil agam go mbeifear ábalta rud éigin a dhéanamh taobh istigh de bheagán ama maidir leis an gceist sin. Mar is eol dúinn uilig tá deacrachtaí eacnamaíochta sa tír i láthair na huaire, tá an dífhostaíocht níos airde ná mar a bhí riamh, ach mar sin féin is cúis dóchais dúinn go bhfuil an fhostaíocht ins an Ghaeltacht tar éis dul suas le bliain ainneoin na ndeacrachtaí atá ar fud na tíre. Ní mór an méadú é ach mar sin féin tá breis agus céad duine níos mó fostaithe faoi Údarás na Gaeltachta ins an tír anois ná mar a bhí bliain ó shin agus sílim gur maith an rud é sin.

Luaigh an tAire nuair a bhí sé ag caint go bhfuiltear ag cur béim speisialta ar mhiontionscail anois. Sna blianta a bhí imithe thart mheall Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta monarchana móra isteach go dtí ceantair Ghaeltachta. I mo cheantar féin tá monarchana a bhfuil timpeall 200 duine ag obair iontu agus is maith an rud é sin ach is é an trioblóid le monarchana mar sin go gcuireann siad a lán fostaíochta ar fáil ach nach dtarlaíonn aon rud agus dá ndúnfadh ceann amháin síos dhéanfadh sé an-dhochar don mhaoin atá ag na daoine ins an ceantar ina dtarlódh sé sin. Sílim anois go bhfuil sé de pholasaí ag Údarás na Gaeltachta béim ar leith a chur ar mhiontionscail agus tá go leor daoine ins an Ghaeltacht a bhfuil smaointe acu go bhféadfadh siad gnó a chur ar bun agus cúpla duine a chur ag obair, go minic tionscal atá bunaithe ar acmhainní nádurtha an cheantair. Sílim gur maith an polasaí é agus feicim gur tugadh 220 deontas i 1983 fá choinne miontionscail a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus sílim gur mór an cuidiú é sin fá choinne an líon daoine atá fostaithe a choinneáil in airde.

Tá lúcháir orm le bliain anuas chomh maith go bhfuil an tÚdarás agus an tAire tar éis roinnt réamhmhonarchana a chur i mo cheantar féin, ceantar i nGaeltacht Thír Chonaill a bhí dearmadta le fada, is é sin Cloch Cheann Fhaoilidh ceann des na ceantair is fearr ins an tír agus tá ceithre réamhmhonarchana dá mbunú ansin anois. Níl siad ana-mhór, 2,000 troithe cearnach an ceann, ach mar sin féin sílim go mbeidh sé níos fusa tion-sclóirí a mhealladh isteach fá choinne fostaíocht a chur ar fáil ins an ceantar sin. Agus mé ag caint ar Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de na Gaeltachtaí is mó agus is fairsinge sa tír, tá ceantar amháin ansin agus b'fhéidir ins an bhliain atá romhainn ba mhaith liom iarraidh ar an Aire agus ar Chathaoirleach an Údaráis atá anseo linn feasta go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh maidir leis an cheantar ar a dtugaimid an Ghaeltacht Láir, timpeall Baile na Finne agus thart ansin. Bhí monarcha bheag ann roinnt blianta ó shin. Dúnadh é agus ní dhearnadh mórán ó shin. Ceantar é a ndeintear dearmad de go minic agus b'fhéidir sa bhliain atá romhainn go ndéanfar iarracht tionscal de chineál éigin a mhealladh isteach ansin. Tá feirmeoirí ansin, feirmeoirí caorach agus b'fhéidir go bhféadfadh sé bheith bunaithe ar an talmhaíocht nó ar an fheirmeoireacht.

Ceann de na deacrachtaí a bhí sna ceantair Ghaeltachta le blianta ná na daoine a bhí ansin, nach raibh fostaíocht ar fáil dóibh agus go mb'éigean dóibh imeacht go dtí pairteanna eile den tír agus thar lear. Is maith an rud go bhfuil críoch curtha leis sin anois beagnach agus go bhfuil daoine ag teacht ar ais as Albain, as Sasana agus tíortha eile agus iad ag tógaint tithe agus ag cuartú fostaíochta sa bhaile ina gceantar féin. Cé go bhfuil sin ag tarlú agus cé gur maith an rud é, cuireann sé deacrachtaí inar mbealach mar go minic nuair a thagann na daoine sin ar ais ceann des na chéad rudaí a bhíonn le déanamh acu ná teach úr a thógáil agus ar ndóigh cuireann siad isteach ar dheontas tithíochta agus tos-naíonn na deacrachtaí ansin.

An scéim atá sa Ghaeltacht ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair fá choinne deontais a thabhairt le haghaidh teach úr nó feabhsúchán tí sa Ghaeltacht, ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire agus ar an Roinn breathnú ar an Acht sin mar sílim go gcaithfear rud éigin a dhéanamh ina thaobh. Deireann an tAcht go gcaithfidh an teaghlach ar fad Gaeilge a bheith acu sula bhfaigheann siad deontas tí agus tá a fhios againn go léir na deacrachtaí atá againn leis an Acht sin. Tig liom sampla a thabhairt díobh. Cuir i gcás go dtagann duine éigin ar ais as Sasana agus gur phós sé fad is a bhí sé ansin, tagann sé féin agus a bhean abhaile; cuireann sé isteach ar dheontas tí agus mura bhfuil Gaeilge aige féin nó ag a bhean, ní éiríonn leis deontas a fháil. Inniu féin fuair mé litir ó Roinn na Gaeltachta maidir le duine i mo cheantar féin, fear a rugadh agus a tógadh i dTír Chonaill agus go bhfuil Gaeilge aige níos fearr ná duine ar bith sa Teach seo agus níos fearr ná go leor sa Ghaeltacht. Tháinig sé ar ais agus chuir sé isteach ar dheontas tithíochta fá choinne teach úr agus de réir an litir anseo níl siad chun an deontas a thabhairt dó go dtí go dtabharfaidh sé a bhean go dtí Litir Ceanainn agus go ndéanfar í a scrúdú agus muna bhfuil Gaeilge ar a toil aici ní bhfaighidh sé an deontas.

Sílim go bhfuil rud éigin mícheart leis an riail sin. D'fhéadfaí a rá má tá tú i do chónaí sa Ghaeltacht agus fonn pósta ort, muna bpósann tú bean as an Gaeltacht ní éireoidh leat deontas tithíochta a fháil. Cuir i gcás feirmeoir anois. Má tá feirmeoir ina chónaí i bpáirt den tír agus má chuireann sé isteach ar dheontas feirmeoireachta, ní gá go gcuirfear scrúdú ar an bhean maidir le cúrsaí feirmeoireachta fá choinne aon deontas a fháil. Ach sin mar atá sé sa Ghaeltacht.

An fear seo a bhfuilim ag caint air, muna bhfaigheann sé an deontas ní labhróidh sé sin Gaeilge feasta, agus is mó an dochar a dhéaneann sé seo don Ghaeilge ná rud ar bith eile. Cuir i gcás má tá páistí ann sa teaghlach go minic nuair a chuirtear an scrúdú tá sé ag brath ar chumas páiste atá b'fhéidir trí bliana nó ceithre bliana, tá sé ag brath ar chumas Gaeilge páiste chomh hóg sin an n-éiríonn leo an deontas a fháil nó nach n-éiríonn. Mar a dúirt mé tagaimse trasna ar chás mar seo go minic agus tá mé cinnte go dtuigeann Teachtaí eile go bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantair, go dtagann siad trasna ar an rud céanna agus sílim gur chóir don Roinn, agus ba mhaith liom iarraidh ar an Aire, breathnú ar an riail seo mar sílim go bhfuil sé in am é a athrú, nó leasú éigean a dhéanamh air.

Tagann cás eile isteach i m'intinn. Tá fear eile sa Ghaeltacht, chuir sé isteach ar dheontas tithíochta agus ceadaíodh deontas £2,000 dó agus íocadh £1,000 den airgead ach sular íocadh an chuid eile den airgead phós sé bean as Albain agus ar ndóigh ní raibh mórán Gaeilge aici agus sé an rud a dúirt an Roinn leis, ní amháin nach raibh siad sásta an £1,000 eile a ceadaíodh a thabhairt dó ach chuir siad litir chuige ag iarraidh an chéad £1,000 a chur ar ais agus tá sé sin ag tarlú agus sílim gur chóir breathnú ar an scéal mar a dúirt mé agus go bhfuil sé in am rud éigin a dhéanamh mar gheall air.

Ar fud na tíre tá an dearcadh nuair a bhímid ag caint ar an Ghaeltacht nach bhfuil aon rud i gceist ach deontaisí. Fuair mé féin fiú amháin i mo chontae féin — deirtear liom má tá tú sa Ghaeltacht gheobhaidh tú deontas faoi choinne aon rud; ní shílim go bhfuil sin fíor — sé an t-aon deontas breise chomh fada agus is eol domsa atá le fáil ó thaobh tithíochta de sa Ghaeltacht deontas ná £2,000 má chomhlionann tú na coinníollacha. In aon pháirt eile den tír gheobhaidh tú £1,000 ach in aon pháirt eile den tír tá statisticí ann a chruthaíonn i mBaile Átha Cliath nó áit ar bith eile má tá tú ag tógáil tí go bhfaighidh tú an fordheontas morgáiste — a mortgage subsidy — agus gheobhaidh tú £3,000 breise. Ach ins an Ghaeltacht is beag duine go bhfuil teacht isteach acu agus a fhaigheann iasacht a fhaigheann an mortgage subsidy. Cé go bhfuil deontas de £2,000 is beag duine a fhaigheann an £3,000 breise. Sílim gur mhaith an rud go dtuigfí gur mar sin atá.

Cuid des na deacrachtaí eile a fheicimse sa Ghaeltacht i láthair na huaire ná deacrachtaí oideachais. Mar a dúirt mé tá daoine ag teacht ar ais, tá oibrithe ag teacht arais agus go minic bíonn Gaeilge agus Béarla ins an teaghlach agus nuair a théann siad to dtí an scoil bíonn deacr-achtaí ansin mar tá oideachas trí Ghaeilge ins an Ghaeltacht agus sílim gur mhaith an rud go mbeadh naonraí nó naíscoileanna ar fud na Gaeltachta. Tá go leor acu ann faoi láthair agus tá moladh ag dul do Bhord na Gaeilge agus don Roinn as an tacaíocht atá siad á tabhairt dóibh. Sílim gur chóir go mbeadh naonraí i ngach ceantar sa dóigh go mbeadh deis ag na páistí óga dul go dtí an naoínra sula dtéann siad go dtí an bhunscoil agus go mbeadh eolas acu ar an nGaeilge nuair a théann siad isteach leis na naoínáin ins an bhunscoil.

Ceann des na deacrachtaí eile atá ann sa Ghaeltacht maidir leis an oideachas i láthair na huaire ná téacsleabhair, nó easpa téacsleabhair ba cheart dom a rá. Nuair a bhí mé féin i mbun teagaisc sa Ghaeltacht bhí an réimse an-chúng ar fad. Nuair a bhíomar ag déanamh ábhar cosúil le stair agus tíreolaiocht bhí téacsleabhair amháin agus b'éigean do na páistí is do na múinteoirí brath ar an téacsleabhar sin. Má dhéanann tú comparáid le páirteanna eile den tír, anseo i mBaile Átha Cliath nó taobh amuigh den Ghaeltacht b'fhéidir go bhfuil sé théacsleabhar agus is féidir leis an múinteoir an ceann is taitneamhaí agus an ceann is fearr leis féin agus an ceann is fóirsteanaí do na daltaí a phiocadh. Ins an Ghaeltacht tá easpa téacsleabhar agus na téacsleabhair atá ar fáil ins na hábhair eile sílim go bhfuil an caighdeán Gaeilge an-ard. Cuir i gcás an téacsleabhar staire do rang a sé ins an bhunscoil tá an caighdeán Gaeilge ann agus ins an téacsleabhar tíreolaíochta i bhfad níos airde ná an caighdeán a bheadh ins an ghnáthleabhar Gaeilge. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh faoi sin.

Sílim féin gurb iad na daoine is fearr fá choinne téacsleabhair a chur ar fáil ná múinteoirí a bhfuil taithí agus cleachtadh acu ar pháistí agus b'fhéidir gur mhaith an rud go gcuirfí scéim ar bun chun go ligfí múinteoirí ar siúl ar feadh bliana nó cúpla bliain sa dóigh go mbeadh siad ábalta sraitheanna iomlána téacsleabhair a chur ar fáil a bheadh fóirsteanach do pháistí Gaeltachta. Ceann des na rudaí eile — b'fhéidir nach mbaineann sé le Roinn na Gaeltachta amach is amach ach baineann sé le Gaeilge ar aon chuma — sílim féin go bhfuil caighdeán na Gaeilge ins na coláistí oiliúna ar fud na tíre imithe síos go mór le blianta.

Tá sé ar eolas go coitianta anois go bhfuil múinteoirí go leor ag teacht amach cáilithe mar mhúinteoirí agus ar chuma éigin nach bhfuil cumas na Gaeilge acu chomh maith agus a bhí ag na múinteoirí a tháinig amach 10 mbliana nó 15 bliana ó shin. Nuair a bhí mé féin sa choláiste oiliúna anseo i mBaile Átha Cliath agus bhí an tAire é féin sa choláiste céanna cúpla bliain romham agus cúpla duine eile san Teach fosta, go minic bhí go leor des na hábhair agus go leor des na léachtaí trí mheán na Gaeilge. Tá cuimhne agam go ndearna muid tíreolaíocht trí mheán na Gaeilge ins an choláiste oiliúna agus stair agus matamaitic agus mar sin de. Chomh fada agus a thuigim inniu is beag ábhar agus is beag léacht atá á dhéanamh trí mheán na Gaeilge ins na coláistí oiliúna.

Sílim gurb é sin ceann des na fáthanna go bhfuil caighdeán na Gaeilge i measc na múinteoirí imithe i léig le blianta anuas agus sílim ar ndóigh gurb é an dara fáth go bhfuil caighdeán na Gaeilge imithe in ísle le blianta anuas ná gur cuireadh deireadh leis na coláistí ullmhúcháin. Ag breathnú thart ins an Teach anseo anois tá triúr againn ar a laghad a chuaigh tríd an córas sin, is é sin go gcuirtí scoláireachtaí ar fáil do dhaoine a raibh fonn orthú dul le múinteoireacht agus a rachadh go dtí coláiste ullmhúcháin. Bhí siad sna Gaeltachtaí. Bhí siad i mo Ghaeltacht féin. Tír Chonaill. Bhí ceann i nGaillimh, ceann i Maigh Eo, ceann i gCorcaigh agus ceann i gCiarraí agus ceann anseo i mBaile Átha Cliath fá choinne Eaglais na hÉireann. Is é an teanga a bhí á labhairt ansin ó chuamar isteach go dtángamar amach tar éis ceithre bliana ná an Ghaeilge, agus na daltaí a bhí sna coláistí ullmhúcháin, nuair a chuaigh siad isteach sna coláistí oiliúna thóg siad an Ghaeilge leo agus bhí tionchar an-mhór acu sna coláistí oiliúna agus sílim gur céim mhór ar gcúl ó thaobh na Gaeilige agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge gur cuireadh deireadh leis an chóras agus nár cuireadh aon rud fiúntach ina áit. Mar a dúirt mé tá an caighdeán Gaeilge sna coláistí oiliúna anois agus i measc na múinteoirí a thagann amach íslithe go mór agus sílim gurbh fiú dearcadh air. Baineann sé le Roinn na Gaeltachta chomh maith leis an Roinn Oideachais.

Bhí mé ag caint tamall ó shin ar dheontais tithe i mo chontae féin agus deontais eile a bhaineann leis an Ghaeltacht agus ba mhaith liom a rá go bhfuil oifig Roinn na Gaeltachta i dTír Chonaill suite i Litir Ceanainn, baile atá taobh amuigh den Ghaeltacht ar fad. Duine as an Ghaeltacht a bhfuil fadhb le plé nó ceist le cur nó scrúdú le déanamh caithfidh sé dul ar an mbus nó ina ghluaisteán féin agus go minic dul 40 nó 50 míle go dtí Litir Ceanainn agus is mór an trua é go bhfuil oifig Roinn na Gaeltachta i dTír Chonaill suite taobh amuigh den Ghaeltacht agus b'fhéidir go ndearcfadh an tAire agus an Roinn ar an cheist agus go bhféadfaí é a thabhairt isteach go dtí an Ghaeltacht. Ar an taobh eile den scéal, tá oifig Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill suite istigh ins an Ghaeltacht agus ní fheicim aon fáth ar bith nach mbeadh oifig Roinn na Gaeltachta i gceartlár na Gaeltachta in ionad í a bheith taobh amuigh de.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don deontas eile a thugann cuid mhór trioblóide dúinne ins an Ghaeltacht is é sin an deontas scoile. Nuair a bhí mé féin ar scoil £5 a bhí i gceist; ach anois tá £10 i gceist agus is é an rud atá ansin ná go dtagann cigire na Roinne thart gach uile bhliain agus go gcuireann sé scrúdú ar na daltaí ar scoil agus má shíleann sé go bhfuil caighdeán na Gaeilge ard go leor gheobhaidh sé deontas £10. Muna bhfuil sé ard go leor ní thugann sé dó é. Tá sé mar ábhar conspóide faoi láthair. Tá go leor ceantair Ghaeltachta agus diúltaíodh an deontas seo dóibh. Rinne mé moladh ar na baill, nuair a chuirtear scrúdú ar na páistí sna scoileanna muna bhfuil an cigire sásta lena gcaighdeán Gaeilge, nach cóir dó an deontas a dhiúltú ansin, gur chóir dó dul go dtí na tuismitheoirí agus an cás a phlé leo agus ansin go dtig leis cinneadh a dhéanamh. Go minic nuair a théann cigire isteach i scoil — agus tá eolas ag muinteoirí air seo — bíonn na páistí cúthaileach, b'fhéidir go minic go mbíonn siad scanraithe, agus nach gcuireann siad iad féin in iúl i gceart. Ba mhaith liom go ndearcfadh an tAire air sin agus go mb'fhéidir go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh, is é sin go dtabharfadh an cigire cuairt ar an teaghlach sula ndiúltaíonn sé an deontas d'aon duine.

Thagair Teachtaí eile do mheáin chumarsáide sa Ghaeltacht agus ba mhaith liom cuidiú leis an méid a dúradh agus focal molta a thabhairt do Raidió na Gaeltachta. Sílim ó cuireadh ar bun é i 1972 go bhfuil an-obair déanta acu ar cúpla slí fá choinne leas na Gaeltachta. Sílim go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis na Gaeltachtaí a chur in aithne dá chéile. Na blianta ó shin dá gcasfaí fear as Tír Chonaill agus fear as Gaeltacht Chiarraí ar a chéile ní bheadh a fhios acu cad a bheadh á rá acu. Bheadh sé deacair orthu a chéile a thuigbheáil. Ach sílim anois, agus na daoine ag éisteacht leis le deich mbliana, go bhfuil aithne i bhfad níos fearr ag na Gaeltachtaí ar a chéile ná mar a bhíodh. Chomh maith leis sin sílim go gcuireann an raidió seirbhís iontach ar fáil do na ceantair Ghaeltachta go speisialta chomh fada is a bhaineann sé le nuacht náisiúnta agus le nuacht áitiúil. Go forleathan i mo cheantar féin aon rud atá ag dul ar aghaidh, dá bhfaigheadh duine bás nó dá dtiocfadh duine ar an saol, tá sé go léir ar Raidió na Gaeltachta agus sílim gur an-sheirbhís é.

Tá sé chomh maith le páipéar nuachta ar bith - rud a thugann mé chomh fada leis an méid a bhí le rá ag an Aire maidir leis an bpáipéar úr nuachta atá á bhunú,Anois. Is cúis lúcháire agus is cúis áthais dúinn go bhfuil beartaithe ag an Aire agus ag an Roinn agus ag Gael-Linn an páipéar úr seo a chur ar bun. Sílim gur rud maith é go mbeidh sé ar fáil go náisiúnta gach maidin Domhnaigh mar sin í an mhaidin a bhíonn muintir na Gaeltachta agus muintir na tíre uilig amuigh agus faigheann siad an páipéar ar a mbealach abhaile nó ag dul chuig an Aifreann nó ag an seirbhís ag a mbíonn siad agus má bhíonn an páipéar seo le fáil an mhaidin céanna sílim go gcuirfidh sé go mór leis an díolachán.

Is mór an trua go bhfuil deireadh leInniu, páipéar a bhain mé féin agus go leor daoine eile nuair a bhíomar ar an meánscoil go leor taithnimh as. Sin an t-aon pháipéar a bhí le fáil againn nuair a bhíomar ar an meánscoil. Thagadh sé isteach againn gach maidin Dé Sathairn agus bhíodh cúpla uair a'chloig tait-neamhacha againn ag dul tríd an bpáipéar sin agus chuir sé an-sheirbhís ar fáil do lucht meánoideachais sa tír ar feadh na blianta anuas. Bhíodh aistí ann agus ceisteanna scrúdaithe agus freagraí orthu agus mar sin de. Ach sílim b'fhéidir gurb é an t-aon mhíbhuntáiste go minic a bhí le Inniu nach raibh siad ag plé go díreach leis an nGaeltacht ach go raibh siad ag plé le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht agus go speisialta le meánoideachas. Tá súil agam go mbeidh meascán ceart ins an pháipéar úr. Tá súil agam go bpléfidh siad leis an Ghaeltacht agus le cúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht agus le cúrsaí náisiúnta. Beimid ag fanacht lena fheiceáil nuair a bheidh sé ag teacht amach ins an Fhómhar seo chugainn.

Na coláistí Gaeilge, d'éirigh leis an Aire méadú a thabhairt do na mná tí i mbliana, 25p sa ló nó £1.75 sa tseachtain. Ba mhaith linn go léir go mbeadh sé ábalta níos mó a thabhairt ach tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí eacnamaíochta ann. Sílim gurb í an Teachta Geoghegan-Quinn a dúirt nár bhris an tAire a chroí agus muna bhfuil dul amú ormsa nuair a bhí sí féin ina hAire sílim gur thug sí 10p sa ló agus ar a laghad tá sé níos fearr ná an 10p a tugadh. Tá súil agam go mbeidh méadú breise le fáil ins an bhliain seo chugainn mar tá an boilsciú sa Ghaeltacht cosúil le gach páirt eile den tír.

Mar fhocal scoir, ag caint ar mo cheantar Gaeltachta féin, sé sin ó Chloch Cheann Fhaoilidh sa tuaisceart, paróiste Ghaoth Dóbhair, na Rossa, Gleann Cholm Cille, Cill Charra agus An Charraig, ceantar an-fhairsing atá ann agus má chuireann tú na hoileáin san áireamh, Toraigh, Árainn Mhór agus Inis Bó Finne sílim gur dócha go bhfuil níos mó cain-teoirí dúchais ansin ná b'fhéidir i gcontae eile sa tír.

Ba mhaith liom focal molta a thabhairt don Aire as cuid de na rudaí atá déanta aige le tamall anuas. Dúirt sé an uair dheireannach a bhí sé i dTír Chonaill go raibh sé sásta fordheontas a thabhairt fá choinne bád farantóireachta Arainn Mhóir a chur ar an uisce sa deireadh thiar thall. Bhí lúcháir mhór orainn é sin a chloisint mar tá scéal an bháid fhar-antóireachta seo ag dul ar aghaidh le blianta. Ceadaíodh an bád i 1976 agus anois i 1984, ocht mbliana ina dhiaidh sin, faoi dheireadh thiar thall beidh sí ag freastal ar mhuintir an oileáin agus sílim go bhfuil sé in am gur mar sin a bheadh.

Mar a dúirt mé, tá an méad atá fostaithe ag Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill ag dul in airde le bliain agus is maith an rud é sin. Tá súil agam go leanfaidh an scéal ar aghaidh sa bhliain atá romhainn. Tá go leor rudaí eile ann sa chontae cosúil le céibheanna go bhfuil deontais de dhith orthu agus tá súil agam i rith na bliana go mbeidh roinnt airgid á chur ar fáil ag an Aire fá choinne céibheanna, fá choinne breis a chur leo agus iad a chóiriú, in Alt an Chorráin, Bun an Inbhir agus An Bun Beag, áiteanna mar sin. Tá siad ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta, tá siad ag freastal ar na hiasc-airí, agus tá súil agam go mbeidh airgead á chur ar fáil ag an Aire.

Mar a dúirt mé, tá lúcháir orm go raibh deis agam seachtain na Féile Pádraig cúpla focal a rá ar Mheastachán Roinn na Gaeltachta.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá ar an Meastachán seo. Níl a fhios ag na daoine go léir san tír go bhfuil dhá Ghaeltachta i gContae na Mí, Rath Cairn agus Baile Ghib. Is beag iad ach is gníomhach iad agus is tabhachtach an obair atá ar siúl acu.

It is not well known that we in County Meath have a couple of Gaeltachtaí. They may be small but they are important, active and vibrant. They justify the wisdom some 50 years ago of setting up the Gaeltacht in what was formerly known as the Pale. I am pleased to say that in areas of Meath today the language and the development of the Gaeltacht are vibrant and active.

When I speak about the Gaeltacht it is no secret that one of our Gaeltachtaí, Rath Cairn, epitomises all that the Gaeltacht was intended to be. Unfortunately the Gaeltacht at Gibbstown has not been as successful for reasons which are well known. The difficulty there was that the people came from Donegal, Mayo and south Kerry. It is difficult to know what a man from north Donegal or south Kerry is saying in any language, never mind the Irish language with different dialects and we had a problem there from the start. However, the language is still flourishing there. All the people in Rath Cairn came from Connemara and the Gaeltacht there has flourished and developed. It has been like a tree with branches spreading out into County Meath and there is an enormous desire for the development of the Gaeltacht.

One thinks first of the language but there must also be employment, housing and educational facilities. There are industries giving employment in both Rath Cairn and Baile Ghib. There have been difficulties but we hope they will survive the recession. We have Turmec in Baile Ghib and very active comhar cumainn in Rath Cairn and Baile Ghib. In Rath Cairn they have been the springboard from which the Gaeltacht has continued to propagate its objectives and ideals. I hope that comhar cumainn in Gaeltacht areas will receive as much assistance as possible from the Department. No matter how small a Gaeltacht is, it should be encouraged in every possible way.

It is important to retain jobs in Gaeltacht areas so that we can enable people to live in the environment of this choice. There are private sites available for housing in Rath Cairn and all the services are provided, as well as sporting facilities and telephone communications. One hears that some Gaeltacht areas are not developed but in County Meath all the necessary services are provided.

Unfortunately County Meath is not designated as a disadvantaged area and we do not obtain certain FEOGA grants to which Gaeltachtaí on the western seaboard are entitled. I do not know what can be done about it. The whole island should have been designated a disadvantaged area, at least for a temporary period following our entry to the EEC.

The continued development of small Gaeltachtaí is important and constructive planning is necessary. A good social and economic life is enjoyed in the Meath Gaeltacht and I have been happy to participate in the social life from time to time. It has always been most enjoyable to go to the Gaeltachtaí in my constituency. They have very active courses in drama, Irish music and the propagation of the language. They also have active group water schemes to ensure that people living in the area will have adequate supplies, although part of my constituency in east Meath suffers from water supply problems.

Some people think that Meath is an area of grassland and very prosperous people and they do not realise that there are bogs in the county which need development. They have been an untapped source of energy for many years but with the assistance of Bord na Móna this development is now taking place. It is horrifying that we have been importing coal and other energy requirements while native sources of fuel have been untapped. The comharcumainn are showing much initiative in this respect. They have also provided sporting facilities as part of the development of social life.

Gaeltachtaí all over the country seek extensions from time to time but because of the size of the Gaeltachtaí in County Meath it is important that our case for an extension should receive active and favourable consideration. A couple of years ago when Deputy Flynn was Minister for the Gaeltacht the Rath Cairn Gaeltacht was extended but not to a very large extent. Due to the development of social and economic life there, the Department should look closely at the possibility of further extension. The Meath Gaeltacht, although small, has not received the attention which Gaeltachtaí in other areas have received. Not since the initiation of Gaeltachtaí 50 years ago have they been in such need of attention. The extension of the Meath Gaeltacht would be of great assistance in the development of the language and social and cultural life. I hope that the Minister will give it consideration. The Gaeltachtaí in Meath are like a tree with branches spreading out. Navan today has an all-Irish primary school. Of course Rath Cairn and Baile Gibb have their own schools but in the Fior-Gaeltacht areas such schools have spread into Navan — one of my offspring is attending that school — Ashbourne and Dunshaughlin where designs are afoot to set up all-Irish primary schools.

In Navan originally an attempt was made to buy a site to build an all-Irish primary school but due to pressure on public finances etc., this objective was unattainable in the foreseeable future. At the moment the all-Irish school in Navan is housed in St. Paul's primary school which was opened in September 1981 and has spare classrooms. Unfortunately, the all-Irish school must leave that premises next September. About 90 to 100 students are at present attending that school. That indicates the demand that exists there for an all-Irish school. The local VEC are to accommodate them in September next, provided that the new vocational school which is due to be opened in Navan next September is ready. Therefore, the Navan all-Irish school has the problem that at the moment it seems they will have nowhere to go in September unless the new vocational school is ready. The VEC have considered the application of Scoil Éanna — the school I am referring to — and have applied to the Department of Education for sanction to let out some of the rooms of the present vocational school which will then be the old vocational school, to Scoil Éanna. However, that school is now in the no-man's land of not knowing where it will be next September. I appeal to the Minister to impress on the Department of Education that the objective of finishing the new vocational school in Navan be achieved next September so that the all-Irish Scoil Éanna can be accommodated in the old vocational school. That is of paramount importance in the development of the Gaeltacht in County Meath and of the Irish language in a development town such as Navan.

A similar situation exists in Ashbourne, just about ten miles from here, where a couple of prefabs accommodate about 150 students. They applied to the Department some time ago for funds to purchase a site in Ashbourne with a view to providing an all-Irish primary school there. Although this was sanctioned by the Department of Education, the site has not yet been bought by the Department. It is anticipated that in September next about 180 pupils will be attending that all-Irish school. I was in there on Tuesday morning talking to the headmaster and I saw the students. They are working under extreme difficulty out of pure desire and love of cultivating, propagating and fostering the Irish language. The desire of the parents in development areas such as Ashbourne and Navan to send their children to an all-Irish primary school rather than the local national school is healthy and it underlines the wisdom and the ambitions of those who went before us trying to preserve the language which has suffered from so much suppression and depression in our history. On the eastern seaboard where the population is in the midst of an explosion the desire of parents that their children have a knowledge of the Irish language is a healthy sign and the Department should assist this aspiration in every way possible.

In Dunshaughlin, 15 miles from here, a group of people are setting up an all-Irish primary school and they also are facing financial difficulties and looking for facilities and accommodation so that their children can be taught through the medium of the Irish language. Here again this healthy aspiration should be assisted by the Department in every way possible. We are facing enormous cutbacks, particularly in education and health, and these may affect the Department of the Gaeltacht also. Areas of the Gaeltacht were hoping for financial assistance which was not available. I will give an example. We in the Meath Gaeltacht do an enormous amount of good work for the Irish language, particularly in Rath Cairn in the summer with students and people from Dublin and also abroad coming to learn the Irish language. The housewives of Rath Cairn accommodate the students during the spring and summer and this year those housewives will receive the enormous increase of 25p a week for housing these students. I need not say that those housewives will not be able to buy a great deal with that amount of money.

In regard to the extension of the Meath Gaeltacht, the land which was subdivided in the Gaeltacht areas comprised the normal Land Commission farms which by today's standards were uneconomic. If people are to farm in the Gaeltacht areas the Land Commission should acquire land with a view to distributing it to the holders of uneconomic land. The Department of the Gaeltacht should exercise what pressure they can on the Department of Agriculture requesting them to look at the land situation in the Meath Gaeltacht area with a view to making the holdings more economic. Here we run into difficulty with the Land Commission who are not acquiring any land because they have no money to acquire land. We are back to square one in the finance area. I hope that when money becomes available this matter will be considered.

I and many people are concerned about Raidio na Gaeltachta in view of a Bill to come before the House in relation to local radio. There is no question about it, Raidio na Gaeltachta have done enormous work. They give a highly efficient radio service and provide valuable information and an insight into the people of the Gaeltacht. It is listened to quite significantly in County Meath. When the last general election results were being announced Raidio na Gaeltachta were completely ahead of the posse, with the other stations coming behind. They were able to prophesy at lunchtime on the day of the count who would or would not be elected. I was listening to the Meath tallymen doing their work and could reckon at lunchtime that my seat was reasonably safe, but read in the newspaper the next morning that my seat had been lost. One does not know what to believe these days. Thank goodness, I am still here agus bhféidir go mbeidh mé. Raidio na Gaeltachta will have to take care that their position is not jeopardised by the setting up of the local radio stations.

I want to make a plea, as a candidate standing for the European elections — the only one in the House at present — but I do not wish to bring up again the postponement of the local elections. The European elections will be held on 14 June, with a referendum also in relation to the vote being given to British nationals living here. The Údarás elections are due in October and it would be plain commonsense to hold the Údarás and European elections on 14 June. That would save the inevitable cost of a separate election in October. Apart from the cost saving, it would prove beneficial in being an incentive in the Gaeltacht areas to vote in the European elections. While that would be more true of the western seaboard, it would also be of considerable assistance in encouraging people to vote in the two small Gaeltacht areas in my county of Meath. I ask the Minister to consider favourably the request which we on this side of the House will be making that the Údarás and the European elections be held on the same day.

Mr. C. Coughlan

Tá áthas orm go bhfuair mé deis cúpla focal a rá faoin Meastachán seo agus ba mhaith liom tagairt go gineáralta do chuúpla pointe. Ar dtús ba mhaith liom a rá má taimid dáirire anseo maidir le forbairt na Gaeltachta agus le caomhnú ar dteanga dhúchais caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar atá déanta againn go dtí seo. Ins na Meastacháin seo ní fheicim go ndéanfar mórán dul chun cinn i mbliana.

Is é an rud is tábhachtaí ná forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha atá againn — turasóireacht agus iascaireacht. Sa chéad áit níor mhór i bhfad níos mó airgid a chaitheamh le córas ceart bóithre, teileafóin, uisce agus rudaí mar sin a chur ar fáil sa Ghaeltacht. I ngach ceantar Gealtacha agus i mo cheantar féin — agus tá mé ag caint anois ar an taobh tíre thart ar Ghleann Cholm Cille agus Ard an Rátha agus fágfaidh mé na háiteanna níos faide siar ag Pádraig Ó Gallchóir anseo, beidh sé ag tagairt orthu — tá droch-bhail ar fad ar na bóithre atá againn, agus is féidir a rá gur cineál ábhar gáire anois agus údar gáire an córas teileafóin atá againn i láthair na huaire agus moladh dúinn agus dúradh linn go bhfuil córas uathoibreach ag teacht ach ní fios go cruinn cén uair a thiocfaidh sé. Bhí sé le bheith againn i mbliana agus anois deirtear nach mbeidh sé againn go dtí an bhliain seo chugainn agus b'fhéidir go leanfaidh an scéal ar aghaidh mar sin. Anois tá go leor áiteanna gan uisce reatha go fóill agus séarachas agus ní maith ar bith dúinn a bheith ag caint faoi thionscail agus faoi thurasóireacht gan na saoráidí bunúsacha seo — bóithre maithe agus uisce píobaithe agus córas maith teile-afoin a bheith ar fáil ar dtús.

Maidir leis an iascaireacht de arís i dTir Chonaill, agus déarfainn go bhfuil an scéal céanna amhlaidh in áiteacha eile ar fud na tíre, tá rudaí ag dul in olcas. Cloisim féin go bhfuil báid á dtógáil ar ais anois ag Bord Iascaigh Mhara mar nach féidir leis na hiascairí íoc astu agus go mór mhór ins na ceantracha Gaeltachta ba mhaith liom a mholadh don Aire más féidir chor ar bith é deontas speisialta a thabhairt do iascairí na Gaeltahcta chun cabhrú leo báid agus gléasra iascaireachta a cheannach díreach mar a thugtar deontas speisialta do dhaoine chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

Léireodh sé sin ar a laghad gur cás leis an Rialtas slánú agus forbairt na Gaeltachta agus bheadh sé i bhfad níos saoire sílimse agus i bhfad níos tairbhí ná na milliúin punt a chaitheamh le daoine a choinneáil díomhaoin nó as obair. Anois pointe amháin a bhí mé a lua anseo — chonaic mé go raibh £800,000 mar chaith-eachas caipitil chun bunstructhtúr na Gaeltachta a fhorbairt. Anois ón ráiteas sin — sin an rud a raibh mé ag caint ar roimhe sin faoi na bóithre, uisce píobaithe agus mar sin de tá an suim airgead sin atá ann atá ag cur ar fáil don Ghaeltacht ar fad — táimid ag caint anois ar na Gaeltachtaí ó Thír Chonaill go Ciarraí, an Rinn agus Gaeltacht Ráth Cairn agus Áth Buí i gContae na Mí — thiocfadh leat an t-airgead sin go léir gan aon stró ar bith a chaitheamh i nGaeltacht amháin agus déarfainn dá gcuirfeá an t-airgead sin go léir i nGaeltacht Thír Chonaill nach dhéanfadh sé gnaithe. Níl ann ach sop beag nach fiú tracht air nuair a chuireann tú na Gaeltachtaí go léir isteach sa chás.

Fágann sin thart ar £750,000 do scéimeanna feabhsúcháin eile san nGaeltacht agus, má tá sé ceadaithe, ba mhaith liom ceist a chur an gcuirfeadh an tAire in iúl dúinn cén sórt scéimeanna feabhsúcháin atá i gceist aige agus na háiteacha atá sé ar intinn aige na scéimeanna seo a chur ar fáil. An bhfuil calafoirt ar na scéimeanna seo mar tá go leor den obair sin ba cheart a dhéanamh ar fud na nGaeltachtaí. Agus arís labhair an Teachta McGinley tamall ó shin agus luaigh sé na háiteachtaá i dTir Chonaill agus tá mé cinnte go mbeidh Teachtaí as Gaeltachtaí eile ag teacht le scéimeanna go leor iascaireachta agus deisiú céanna agus mar sin de. Arís thiocfadh leat an méid atá fágtha a chaitheamh air sin amháin.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi na hoileáin atá againn féin. Bhí muintir Thoraigh ansin ag iarraidh saoráidí nó áiseanna speisialta don oileán chomh maith le tithe agus tá géar-ghá anois le seirbhís heilicaptair ansin agus bád far-rantóireachta don oileán. An bhfuil sé i gceist ag an Aire na seirbhísí riachtanacha seo a chur ar fáil? Sílim féin go mba cheart go mbeadh ar a laghad heileacaptar amháin a bheadh lonnaithe i dTír Chonaill agus d'fhéadfaí úsáid a bhaint as chun dul i gcabhair ar, cuirimid i gcás, daoine a bheadh i gcontúirt ar farraige, rud a tharlaíonn go minic amach ó chósta Thír Chonaill agus tá sé níos fearr ná bheith ag fanacht ar heileacaptar as áit éigin eile teacht. Minic go leor tagann siad nuair a bhíonn sé ro-mhall. Dá mbeadh na háiseanna seo ar fáil chuideodh siad go mór le muintir Thoraigh agus b'fhéidir go dtiocfadh daoine mar ba mhaith leo go dtiocfadh daoine ar chuairt isteach chun an oileáin agus áit iontach mhaith é nó beidh sé ina áit iontach mhaith do scoláirí le teacht ansin agus ag an am céanna chuideodh sé le muintir an oileáin. Bhí mé istigh ann minic go leor agus tá Gaeilge ar fheabhas ag muintir an oileáin agus is mór an trua nach bhfuil úsáid á baint as don mhuintir óg a thagann i rith an tsamhraidh ansin le Gaeilge a fhoghlaim. Muna bhfuil sé ar intinn rud éigin mar sin a dhéanamh tá an chontúirt i gcónaí ann go dtréigfidh na daoine na hoileáin mar a tharla sé dúinn féin. Tá cúpla oileán bánaithe anois agus níor mhaith an rud é go mbeadh siad uilig mar sin. Ach muna mbeidh slí maireachtála éigin acu agus go háirithe ag na daoine óga tarlóidh sé. Níl neart air.

Feicim go bhfuil ardú mór tagtha ar theacht isteach na mná tí sa Ghaeltacht. Tá deontas anois 25p breise sa lá dóibh do scoláirí a bhíonn ar chúrsaí samhraidh. Is mór an méadú í seo sa lá atá inniu ann agus cinnte anois beidh na mná tí ábalta feabhas an-mhór a chur ar an chineál bí atá siad á chur ar fáil leis an méadú breá groí seo. Níl mé ag rá go dtiocfadh sé chomh fada sin ach bhí mé ag smaoineamh ansin go mbeadh siad ábalta buideál líomanáide a chur ar fáil gach dara lá. Fiú amháin dá mbeadh ná mná tí ag fáil thart ar £5 sa lá ní bheadh aon bhrabach mór le déanamh acu agus má tá sé ar intinn ag Roinn na Gaeltachta rud fiúntach a dhéanamh do mhná tí na Gaeltachta ba cheart i bhfad níos mó ná 50p nó 25p sa lá a thabhairt dóibh. Ní choinn-íonn sé seo céim ar chéim leis an méadú ar an gcostas maireachtála ón bhliain seo caite agus má smaoiníonn tú mar sin air ní méadú ar bith é.

Bhí an Teachta McGinley ag caint ar an deontas £10 atá ar fáil ag micléinn sa Ghaeltacht arb í an Ghaeilge an gnáththeanga. Sílim anois nuair a bhí mé fhéin ag teagasc sa Ghaeltacht tamall maith ó shin £5 a bhí ann agus de réir a chéile tháinig sé i bhfad le £10 agus tá mé ag déanamh go bhfuil sé seasmhach anois le tamall. Nach gceapann an tAire anois go mba cheart méadú maith mór a dhéanamh ar an deontas sin sa chaoi go mbeidh fiúntas éigin ag baint leis.

Cás amháin eile a raibh mé ag smaoineamh air ansin agus luaigh an Teachta McGinley é chomh maith sin faoi na deontais do thithe Gaeltachta. Tá cásanna ar eolas agam féin agus tá siad ar eolas ag gach Teachta déarfainn, áit a dtagann daoine isteach chun cónaí sa Ghaeltacht: tá mé ag caint ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu nó b'fhéidir beagán agus a bhfuil a gclann ag dul ar scoil agus beidh neart Gaeilge acusan taréis tamaill, ach na daoine seo tá sé i gceist acu fanacht sa Ghaeltacht. Níl sé i gceist acu dul isteach agus a bheith ar siúl arís i gceann cúpla blian; tá sé ar intinn acu fanacht sa Ghaeltacht agus na páistí a thógáil ann. Go minic ní bhíonn na deontais Ghaeltachta le fáil acu mar measann an cigire, cibé é fhéin, nach bhfuil dóthain Gaeilge acu agus mar sin ní thabharfaidh sé dóibh é. Bhuel b'fhéidir go bhfuil an ceart aige ar dhóigh amháin cinnte. Tá siad ag foghlaim na Gaeilge agus beidh sí ag an clann amach anseo agus níor cheart sílimse pionós a chur orthu mar nach bhfuil Gaeilge chomh líofa acu féin agus atá ag an muintir atá ina gcónaí sa Ghaeltacht le blianta. Agus i gcásanna mar sin sílim nach ceart rialacha daingne dochta a bheith i bhfeidhm maidir leis na daoine sin. Ní mór a bheith níos réasúnta ná sin leo.

Ba mhaith liom i bhfad níos mó a fheic-eáil á dhéanamh do na Gaeltachtaí ach is dóigh liom an méid airgid atá curtha ar fáil i mbliana nach ndéanfaidh sé mórán difir dáirire. Ní bheidh ann ach rud beag anseo agus ansiúd agus is mór an trua sin agus tá mé cinnte go mbeidh díomá ar mhuintir na Gaeltachta mar go raibh siad ag súil le níos mó ná corr-scéim anseo agus corr-scéim eile ansiúd. Níl amhras ar bith ann gur mar sin a bheidh an scéal nuair a roinnfear suas an méid áirithe airgid atá curtha ar fáil. Níl ann dáiríre ach ag cur paistí ar bhríste nuair atá gá le péire nua.

Tá súil agam nach bhfuil duine ar bith sásta — níl an tAire é féin sásta — go gcaithfimid teacht isteach anseo le Meastachán agus go bhfuil an Meastachán sin tuairim is £77,000 níos lú ná an Meastachán a thug sé isteach anseo bliain ó shin. De réir an boilsciú atá againn chaill Roinn na Gaeltachta agus an Ghaeltacht i bhfad níos mó ná an £77,000 de laghdú maidir leis an Meastachán atá á thabhairt isteach inniu.

Tá go leor airgid de dhíth orainn san Ghaeltacht os rud é go bhfuil cuid mhaith fadhbanna móra le réiteach againn. Cuireann sé díomá orm nach bhfuil go leor á dhéanamh ag an Rialtas ná ag Roinn na Gaeltachta chun na fadhbanna seo a réiteach. Is soiléir nach bhfuil suim ar bith ag an Rialtas san Ghaeltacht os rud é gur cuireadh tuairim is 13 cloigeann de na hAirí thar sáile chun tionsclóirí a mhealladh isteach chuig an tír seo ach fágadh Aire na Gaeltachta sa bhaile. Cad chuige nár cuireadh Aire na Gaeltachta amach leis na hAirí eile ionas go mbeadh sé ábalta tionsclóirí a mhealladh isteach anseo.

Tugadh cáinaisnéis isteach san Dáil tamaillín ó shin agus an lá sin níor luaigh an tAire Airgeadais faic fá dtaobh den Ghaeltacht, fá dtaobh de Roinn na Gaeltachta ná fá dtaobh de mhuintir na Gaeltachta. Tá dualgas ar an Aire a chinntiú go mairfidh an Ghaeltacht, an teanga agus an cultúr atá againn ansin. Faoi láthair is mór an trua go bhfuil an Ghaeltacht ag meath agus tá sé ag meath. Caithfidh an Rialtas, an tAire agus muidne gach cuidiú a thabhairt don Aire chun cosc a chur ar an meath sin. Ní dóigh liom gur leor an rud é go mbeidh Gaeltacht, teanga agus cultúr againn muna mbeidh postanna agus fostaíocht ar fáil san Ghaeltacht ionas go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann maireachtáil san Ghaeltacht.

Ní dóigh liom go bhfuil mórán á dhéanamh faoi láthair chun na postanna atá chomh riachtanach sin a chur ar fáil. Níl morán á dhéanamh ag an Aire é féin ná ag Údarás na Gaeltachta. Tá barúil láidir agam go bhfuil níos mó tairbhe sna monarchana beaga sa Ghaeltacht ná i gcuid de na monarchana móra a bhí a dtógáil go dtí seo. Tá níos mó tairbhe sna monarchana atá ag tabhairt jobanna buana do thuairim is 30 nó 40 daoine sa Ghaeltacht ná na monarchana seo atá ag tabhairt 100 jobanna mí-bhuan do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé an-deacair tionsclóirí a mhealladh isteach sa Ghaeltacht, agus ba cheart go dtabharfaí gach cuidiú do mhuintir na Gaeltachta féin chun na monarchana beaga a chur ar fáil. Tá dualgas ar an Roinn deontais níos fearr a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta atá ag tosnú monarchana atá ag brath ar bhun ábhair as an nGaeltacht fein cosúil le tionscal na hiascaireachta.

Brathann slanú ár dteanga ar fhostaíocht agus ar oideachas agus mura mbíonn an fhostaíocht agus an t-oideachas ar fáil don aos óg amach anseo beidh deireadh lenár dteanga agus leis an nGaeltacht. Ba cheart go dtabharfaí níos mó airde ar na tionscail atá agus a bheid ag brath ar an bun ábhar atá sa Ghaeltacht cosúil le tionscal na hiascaireachta, mar a dúirt mé. Ta ceann eile atá ag brath go mór ar bhun ábhar atá sa tír seo againn agus go háirithe sa chontae seo againne, agus tá a fhios agam go mbeidh an tAire ag tabhairt an scéil seo chuig an Rialtas agus fágfaidh mé mar sin é, is é sin monarcha "Sam Spudz" atá ag brath an bhun ábhar atá acu ansin.

Ceapaim go bhfuil muinín caillte ag tionsclóirí agus ag muintir na Gaeltachta ón am — agus caithfear seo a rá — a thosaigh na ráflaí a tháinig ón taobh sin den Teach maidir le Údarás na Gaeltachta. Ach tar éis dúinn a chruthú nach raibh fírinne ar bith sna ráflaí sin rinne na ráflaí sin an-damáiste do Roinn na Gaeltachta agus go háirithe d'Údarás na Gaeltachta. Níl na ráflaí sin ag cuidiú linne daoine agus tionsclóirí a mhealladh isteach. Cé gur cruthaíodh é, na daoine a chuir amach na ráflaí sin níor tháinig siad isteach sa Teach seo chun a rá linn nach raibh an ceart acu agus nach raibh fírinne ar bith sna ráflaí sin. Is mór an trua nach ndéanfaí é sin.

Tar éis sin briseadh triúr bhall de Údarás na Gaeltachta as na poist a bhí acu os rud é nach raibh siad sásta cloí le ordaithe a tugadh dóibh. Anois tá tromlach de na baill sin i bpócaí Aire na Gaeltachta agus níl guth ar bith againne ná níl guth ar bith ag muintir na Gaeltachta in Údarás na Gaeltachta. Is náireach an rud é sin agus ceapaim féin go dtabharfaidh muintir na Gaeltachta freagra do Aire na Gaeltachta agus don Rialtas chomh luath is a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta againn.

Molaim don Aire go mbeidh an toghchán ar an lá céanna is a bheidh toghchán na hEorpa. Chailleamar tuairim is £77,000 anuraidh ach feicim go bhfuil tuairim is £40,000 sa Mheastachán le haghaidh an toghcháin sin agus más féidir linn an dá thoghchán a bheith againn ar an lá céanna beidh sábháil de £40,000 againn. Is iad muidne ar an dtaobh seo den Teach — Fianna Fáil — a chuir tús le Údarás na Gaeltachta cé go raibh go leor geallúintí ag teacht ón Rialtas ag an am sin idir 1973 agus 1977 ach bhí ar muintir na Gaeltachta fanacht go dtí go raibh Fianna Fáil i gcumhacht chun Údarás a chur ar bun. B'fhéidir nach bhfuil an tAire fein á dhéanamh ach ceapaim go bhfuil an Rialtas ag iarraidh Údarás na Gaeltachta a bhriseadh ach tá mé sásta chomh fada is a bheidh an tAire, an Teachta O'Toole, ansin nach mbeidh siad ábalta é sin a dhéanamh ach choinneodh sé a shúil ar a phost féin.

Maidir le cúrsaí tithíochta ba chóir duinn breathnú siar na blianta go dtí an t-am ar tugadh deontais le haghaidh tógáil tithe i dtosach. Ag an am sin bhí an deontas ard go leor chun an bun ábhar a cheannach le haghaidh tí agus ansin bhí na daoine a bhí ag tógáil na dtithe seo ábalta na tithe a thógáil le saothar an teaghlaigh agus saothar a gcomharsan. Caithfear an deontas sin a ardú. Níor ardaíodh an deontas sin le fada an lá agus caithfear é a ardu ionas go mbeidh muintir na Gaeltachta ábalta leanúint ar aghaidh chun na tithe is breátha sa tír — agus tá na tithe is breátha san tír sa Ghaeltacht — a thógáil agus caithfear leanúint ar aghaidh leis sin.

Tá go leor daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil ábalta deontas a fháil os rud é go gcaithfear an Ghaeilge a bheith go líofa ní amháin ag an athair agus ag an máthair ach ag gach duine den teaghlach. Agus os rud é nach bhfuil sé chomh líofa sin ag cuid de na páistí nó b'fhéidir ag an máthair nó ag an athair, os rud é nár tógadh sa Ghaeltacht iad ní fhaigheann siad an deontas seo atá chomh riachtanach chun teach a thógáil. Caithfidh siad cur isteach chuig an Roinn Comhshaoil chun deontas a fháil agus ansin deir an Roinn linn gur féidir leo cur isteach le haghaidh an £800 nó scéim spreagadh na Gaeilge ach tá sé deacair go leor é sin a fháil chomh maith. Ní fada roimhe seo ní raibh teach ar bith á thógail ag an chomhairle chontae sa Ghaeltacht os rud é go raibh an deontas a bhí le fáil againne ansin réasúnta ard ach anois tá ar an chomhairle contae tithe a thógáil sa Ghaeltacht — scheme houses and SI houses. Caithfidh siad iad sin a thógáil anois os rud é nach bhfuil muintir na Gaeltachta ábalta a dtithe féin a thógáil agus más mian leo an teach sin a cheannach amach mar a déarfá, bíonn orthu tuairim is trí scóir punt a íoc sa tseachtain ag comhairle chontae ar bith, go háirithe Comhairle Chontae Dhún na nGall chun an teach sin a cheannach.

Sin facts agus ceapaim más féidir ardú a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta le haghaidh tithe a thógáil nach mbeidh orthu dul chuig an chomhairle chontae chun cuidiú a fháil. Tá deacracht agus deacrachtaí móra maidir leis an deontais scrúdú teanga. Ní dóigh liom go bhfuil sé féareáilte go mbeidh Gaeilge líofa ag gach duine ón leanbh sa chliabhán tríd an teaghlach go léir. Mar a dúirt mé tá go leor daoine ag teacht ar ais ó Albain agus ó Shasana — ar ndóigh de réir na ndeacrachtaí atá againn anois beidh go leor de na daoine sin ag dul ar ais go dtí Albain agus Sasana chomh luath is a bheidh obair le fáil acu ansin.

Cuireadh an díospóireacht ar ath-ló.