Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 Apr 1984

Vol. 349 No. 6

Written Answers. - Grant Payments.

479.

Mr. Coughlan

asked the Minister for the Gaeltacht when the first and second instalment of a Gaeltacht new house grant will be paid to a person (details supplied) in County Donegal as his new house is almost completed.

Scrúdófar an obair a luaithe is féidir agus beidh íocaíocht ag brath ar an dul chun cinn a bheidh déanta. Ní bheidh an tráthchuid dheiridh iníoctha, áfach, go dtí go mbeidh an obair ar fad críochnaithe go sásúil agus fianaise theidil curtha ar fáil don Roinn ag an iarratasóir.

480.

Mr. Coughlan

asked the Minister for the Gaeltacht when the balance of a Gaeltacht housing grant (£300) will be paid to a person (details supplied) in County Donegal.

Ceadaíodh deontais le haghaidh oibreacha feabhsúcháin, soláthar uisce, saoráidí séarachais agus seomra folctha sa chás sin. Rachaidh cigire de chuid mo Roinne chuig an iarratasóir a luaithe is féidir agus, má bhíonn na hoibreacha críochnaithe go sásúil, íocfar fuílligh na ndeontas.

481.

Mr. Coughlan

asked the Minister for the Gaeltacht if grant aid is available from his Department towards the cost of providing extra bedroom accommodation in houses which are overcrowded in Gaeltacht areas; and the amount of such grants.

Níl deontas sonrach le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le haghaidh seomraí leapan breise den saghas atá i gceist ag an Teachta ach is féidir iarratas ar dheontas feabhsúcháin suas go £750 a bhreithniú d'obair mar sin.

Barr
Roinn