Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 28 Jun 1984

Vol. 352 No. 5

Written Answers. - Foilseacháin Ghaeilge.

48. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an raibh sé ar eolas aige go raibh obair fhiúntach ar siúl ag an bhfoilseachán Inniu agus an inseoidh sé cén fáth gur chuir sé deireadh le deontas Roinn na Gaeltachta.

49. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth ar cuireadh deireadh leis an deontas a bhí dhá thabhairt don pháipéar Gaeilge Inniu.

50. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar eolas aige go gcaithfear daoine as a bpostanna i gCathair na Mart i ngeall ar gur gearradh amach an deontas a bhí dhá fháil ag an bhfoilseachán Gaeilge Inniu agus an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an scéal leis na postanna a choinneáil slán.

51. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhféadfadh sé a chur in iúl an dtabharfaidh sé cothrom na féinne d'fhoireann Inniu a d'oibrigh chomh dian sin le blianta fada ar thuarastal beag.

52. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé cinneadh práinneach go ndéanfar soláthar cóir pinsin don fhoireann a d'oibrigh ar Inniu ó 1943 i leith.

53. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na socruithe atá déanta ag Roinn na Gaeltachta maidir le páipéar úr i nGaeilge a chur ar fáil.

54. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé na socruithe atá déanta maidir leis an nuachtán nua Gaeilge.

Tógfaidh mé Ceisteanna 48 go 54 le chéile.

Anseo sa Dáil ar an 15 Márta ghabh mé buíochas ó chroí leis na daoine díográiseachta ar éirigh leo an nuachtán Inniu a fhoilsiú go rialta le breis agus dhá scór bliain anuas agus chuir mé in iúl go mbeinn ag iarraidh a shocrú nach mbeidh daoine a chaith cuid mhór dá saol i mbun an nuachtáin fágtha ar an gcaolchuid. Tig liom a rá go leanfaidh an gnáthdheontas do Inniu gach seachtain go dtí an 24 Lúnasa seo chugainn. Nuair a thugtar deontas mar sin ní fostaíocht amháin a bhíonn i gceist agus is oth liomsa nár éirigh le lucht Inniu i bhfad níos mó cóipeanna a dhíol in aghaidh na seachtaine.

Faoi mar a dúirt mé sa Dáil ar an ócáid chéanna, tá socruithe á ndéanamh go bhfoilseofar nuachtán nua dar teideal Anois ar an 2 Meán Fómhair seo chugainn agus tá súil agam go mbeidh anéileamh air agus go n-éireoidh go geal leis.

Barr
Roinn