Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Oct 1984

Vol. 352 No. 10

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

353.

asked the Minister for the Gaeltacht when the 1983 report of Údarás na Gaeltachta will be published; if a copy will be circulated to each member of the Oireachtas; and the reason accounts have not been circulated within the 90 day period set out in the Gaeltacht Act.

Tá tuarascáil agus cuntais Údarás na Gaeltachta don bhliain 1983 leagtha faoi bhráid gac Tí den Oireachtas le seachtain agus beidh siad ar fáil don phobal go luath. Ní gnách cóip a chur chuig gach Comhalta den Oireachtas ach seolfar cóip chuig aon Chomhalta a chuirfidh in iúl gur mhaith leis/léi ceann a fháil. Níl aon fhoráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, maidir le cuntais iniúchta an Údaráis a chur timpeall laistigh de thréimhse áirithe ama.

354.

asked the Minister for the Gaeltacht the responsibility, if any, that the Comptroller and Auditor General has in relation to verifying that moneys invested by Údarás an Gaeltachta in their subsidiary companies are secure.

355.

asked the Minister for the Gaeltacht the extent of responsibility he has for ensuring that all moneys invested by Údarás na Gaeltachta in subsidiary companies are properly accounted for in the audited accounts of Údarás na Gaeltachta; and where losses occur, who becomes liable to pay for all outstanding debts.

Tógfaidh mé Cheist a 354 agus Ceist 355 le chéile.

Cuirtear cuntais Údarás na Gaeltachta faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus bíonn an ghnáthfhreagracht mar iniúchóir air ina leith. Aon infheistíocht a dhéanann an tÚdarás is caiteachas de chuid an Údaráis í agus bíonn sí le hiniúchadh aige sa ghnáthshlí. Déanann an tÚdarás socruithe i gcásanna áirithe le féachaint chuige go dtabharfar cuntas cuí ar an airgead a infheistítear.

Is é an tArd-Reachtaire atá mar iniúchóir do chúig cinn d'fhochuideachtaí an Údaráis. I gcás na bhfochuideachtaí eile is iniúchóirí seachas an tArd-Reachtaire a bhíonn ag plé leo ach faigheann seisean cuntais iniúchta uathu mar aon le faisnéis i dtaobh na nósanna cuntasaíochta agus iniúchóireachta a bhíonn i bhfeidhm. Cuireann an tArd-Reachtaire tuarascáil ar fáil ar chuntais an Údaráis agus is leor domsa í. Foilsítear an tuarascáil sin.

Nuair a thiteann caillteanais ar fhochuideachtaí an Údaráis bíonn na gnéithe uile le breithniú i ngach cás ar leith agus ní thugtar gealltanas roimh ré faoi ghlanadh na ndliteanas — cé gur ghlan an Stát iad i gcásanna áirithe go dtí seo.

356.

asked the Minister for the Gaeltacht if he has evidence, by way of audited accounts, that subsidiary companies wholly owned by Údarás na Gaeltachta made £200,000 profits in the first six months trading in 1984.

I gcás fochuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta is don bhliain iomlán a ullmhaítear cuntais iniúchta ach bíonn sonraí ar fáil ó chuntais bhainistíochta i rith na bliana. Is cuideachtaí teoranta príobháideacha atá i gceist agus ní gnách a dtorthaí trádála a fhoilsiú: b'fhearr cloí leis an nós sin ach, ar ndóigh, níor mhiste eolas cuí a thabhairt do Chomhchoiste Oireachtais.

357.

asked the Minister for the Gaeltacht (a) the number of wholly owned subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta now in liquidation and the number of official liquidators who have been appointed since January 1980; (b) the number of companies that ceased to trade since 1 January 1980, and who have not, as of this date, appointed official liquidators; and (c) the names of all subsidiary companies who have presented audited accounts to the Údarás for years ended 31 December 1978, 1980, 1981, 1982 and 1983.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas atá an t-eolas maidir le fochuideachtaí dá chuid atá imithe as gnó agus nach bhfuil foirceannadh déanta orthu (agus cinn nach bhfuil faoi lánúinéireacht an Údaráis san áireamh):

—Is é a líon iomlán ná 18 agus is ó thús 1980 a d'imigh 13 acu as gnó.

—Tá leachtaitheoirí ceaptha ar 13 acu agus is ó thús 1980 a ceapadh iad uile.

—Níl leachtaitheoirí ceaptha ar 4 acu a d'imigh as gnó ó thús 1980 ná ar cheann eile a d'imigh as gnó roimhe sin.

Tá liosta de 22 fhochuideachta i Sceideal 1 le cuntais iniúchta an Údaráis don bhliain 1983 agus léirítear sa cholún deiridh na dátaí is déanaí do na cuntais atá iniúchta uathu ach amháin i gcás Alum Teo ina dtuigtear go bhfuil cuntais iniúchta go 31 Nollaig 1983 faighte ó shin.

Seachas Alum Teo. agus Meic Teo., atá ar an liosta sin agus atá imithe as gnó, agus Infheistíocht Teo., cuideachta shealbhaíochta nach raibh ag trádáil, tuigtear gur go dtí na dátaí seo a leanas atá cuntais iniúchta ar fáil do na fochuideachtaí eile:

—go dtí 31 Nollaig 1983: Gael-Crann Teo., Crann Teo., Innealtóireacht Chúil Aodha Teo., Tréan-Earraí Teo., Plastarra Teo., Contek Teo., Congora Teo. agus Uniflora Teo.;

—go dtí 31 Nollaig 1978: GT Carpets Ltd., Soltoys Ltd., Rosree Products Ltd.,

—go dtí an dáta a luaitear i ngach cás: Asil Teo. (2.6.78), Westcon Teo. (31.12.76), Tógáil Teo. (1.11.76) agus Comhlacht Muc Éireann Teo. (8.10.76).

358.

asked the Minister for the Gaeltacht (a) the number of empty factories now in the possession of Údarás na Gaeltachta; (b) the number of new jobs created by Údarás na Gaeltachta between 1 January 1980 and 30 September 1984; and (c) the number of job losses in companies assisted by Údarás na Gaeltachta between 1 January 1980 and 30 September 1984.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

—go bhfuil 18 bhfoirgneamh dá chuid sa Ghaeltacht folamh faoi láthair ach go bhfuil tograí in áirithe nó á bplé do chuid mhaith acu;

—nach gcuirtear figiúirí fostaíochta le chéile ach i lár agus i ndeireadh na bliana agus gur figiúirí measta atá ar fáil go fóill do lár 1984; agus

—sa tréimhse 1 Eanáir 1980 go 30 Meitheamh 1984 gur tháinig méadú 3,520 ar na poist lánaimsire sna tionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann agus ón Údarás agus gur tháinig laghdú 3,676 ar na poist sin.

359.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state, arising out of his reply to Parliamentary Question No. 276 of 8 November 1983, the estimated additional cost of consultancy assignments to 30 September 1984.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur bhain costas timpeall £56,000 le hobair chomhairleoireachta ó thús Deireadh Fómhair 1983 go dtí deireadh Méan Fómhair 1984.

Barr
Roinn