Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Oct 1984

Vol. 353 No. 4

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

518.

asked the Minister for the Gaeltacht arising out of his reply to Parliamentary Questions Nos. 354 and 355 of Tuesday, 16 October 1984 if he will state (a) the number of subsidiary companies which suffered trading losses and whose liabilities were cleared out of grant-in-aid money provided to An Údarás by Roinn na Gaeltachta and the total amount of such payment; (b) the number of subsidiary companies formed as limited liability companies by Údarás na Gaeltachta; and (c) the reason the liabilities of certain subsidiary companies of Údarás na Gaeltachta were taken over; and the reason the same practice did not apply to all subsidiary companies under the control of Údarás na Gaeltachta.

Bíonn fochuideachtaí uile Údarás na Gaeltachta ina gcuideachtaí teoranta. I ndeireadh gach bliana tugtar liosta de na cásanna a bhíonn i bhfeidhm i dtábla 7 den tuarascáil a fhoilsítear agus tugtar eolas faoin gcaiteachas Stáit i ngach cás i sceideal 1 leis na cuntais iniúchta. Tá tuarascáil agus cuntais 1983 leagtha faoi bhráid na Dála.

Mura féidir fadhbanna airgeadais a bhíonn ag fochuideachta a réiteach trí na gnáthbhealaí tráchtála is gnách scaireanna breise a cheannach inti — seachas deontas a thabhairt di — mar chabhair chun dliteanais inghlactha a ghlanadh. Is amhlaidh a thagtar ar chinneadh i ngach cás ar leith tar éis na gnéithe uile a bhreithniú.

519.

asked the Minister for the Gaeltacht arising out of his reply to Parliamentary Question No. 358 of Tuesday, 16 October 1984, the number of vacant factory units as at 31 December 1979, 1980, 1981, 1982, 1983 in which Údarás na Gaeltachta held equity.

Glactar leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná líon na bhfoirgneamh de chuid Ghaeltarra Éireann/Údarás na Gaeltachta a bhí folamh sa Ghaeltacht. Tuigtear ón Údarás gur mar seo a leanas a bhí an líon sin i ndeireadh gach bliana a luaitear: 1979, 22; 1980, 23; 1981, 30; 1982, 26; agus 1983, 16.

Léirítear sna cuntais iniúchta is déanaí go raibh glanluach de bhreis ar £37 milliún ar fhoirgnimh an Údaráis i ndeireadh 1983 agus tuigtear ón Údarás go raibh 167 de na foirgnimh sin nach raibh folamh.

520.

asked the Minister for the Gaeltacht the total State funds from all sources invested in G T Carpets, Ltd., from the date of incorporation to (a) 31 December 1983; and (b) to 30 September 1984; and the total write-off of such money as at 30 September 1984.

I gcuntais iniúchta Údarás na Gaeltachta don bhliain 1981 léiríodh caiteachas £3,925,526 ar scaireanna i gCairpéidí G T Teoranta agus £536,421 ar dheontais a íocadh leis an gcuideachta sin: níor cuireadh leis an gcaiteachas ó shin. I nóta le cuntais iniúchta an Uáis don bhliain 1982 luadh go raibh an infheistíocht sa chuideachta díscríofa in iomlán.

Barr
Roinn