Tairgim:
"(1) Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 17ú Deireadh Fómhair, 1984, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste (da ngairfear an Comhchoiste don Ghaeilge) a bhunú ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann agus 4 chomhalta de Sheanad Éireann.
(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh
(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus
(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,
agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na blianna ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).
(3) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe.
(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.
(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.
(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.
(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.
(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.
Is cúis áthais ar leith domsa an tairiscint seo a mholadh don Dáil. Bhí tairiscint ar aon dul léi os comhair an tSeanaid an mhí seo caite agus glacadh léi d'aonghuth. Is é an gnó atá ceaptha don Chomhchoiste ná athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh (a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus (b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Is ar éigean is gá dom fiúntas an chuspóra sin a mhíniú don Teach seo ach ba mhaith liom glacadh leis an deis chun tagairt a dhéanamh do phointí a fheictear dom a bheith tábhachtach.
Faoi mar is eol don Teach bhí sé de phribhléid agamsa mí Aibreáin na bliana seo caite an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986, a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge ar iarratas ón Rialtas, a chur i láthair an phobail go foirmiúil thar ceann an Rialtais. Is fada a bhíomar ag tnúth le córas faoina bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte agus anois tá modh oibre chuige sin leagtha síos sa phlean réalaíoch atá ar fáil dúinn. Is cuimhin libh go bhfuil spriocanna sonraithe sa phlean sin le freastal ar cheithre réimse de shaol na tíre ar ghá dul i bhfeidhm orthu ar mhaithe leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht, an pobal, oideachas, agus an Stát.
Is cúis sásaimh eile dúinn gur glacadh go maith tríd is tríd leis an bplean agus go ndearnadh dul chun cinn sásúil sa chéad tréimhse bliana d'ainneoin na ndeacrachtaí éagsúla a bhí le sárú agus tá ár mbuíochas tuillte dá réir ag Bord na Gaeilge. Moladh go sonrach sa phlean go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais chun staid na Gaeilge a bhreithniú ó thráth go chéile. Chuir Seanadóirí ó gach taobh tairiscint i dtaobh na Gaeilge os comhair an tSeanaid agus bhí díospóireacht dhíograiseach, spreagúil thart ar bhliain ó shin faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, faoi staid na Gaeilge i gcoitinne agus faoina bhfuil i ndán di amach anseo. Chuaigh mé ar aghaidh ina dhiaidh sin chun an cheist a scrúdú agus, cé nach beag líon na gComhchoistí a bhí ag feidhmiú cheana, d'aontaigh an Rialtas, i ngeall ar thábhacht na Gaeilge, gur cheart Comhchoiste eile mar atá i gceist sa tairiscint seo a chur ar bun ar mhaithe leis an teanga.
Tá iarrachtaí éagsúla ar siúl le fada chun an Ghaeilge — agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide — a chur chun cinn agus, i gcaoi go mbeidh an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis orthu, beidh a gcion féin le déanamh ag ionadaithe poiblí a mbíonn tionchar acu ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Ach áit níos feiceálaí agus níos suntasaí a bheith ag an nGaeilge in imeachtaí agus in obair na Dála agus an tSeanaid is cinnte go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí treisiú go mór leis na hiarrachtaí sin agus dea-shampla a thabhairt chun daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Bíonn tábhacht mhór le cinnireacht ó dhaoine sa saol poiblí. Is dá bharr sin atá i gceist sa tairiscint atá os bhur gcomhair go ndíreoidh an Comhchoiste ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin imeachtaí foirmiúla na Dála agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin. Moladh slite áirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a dheimhneodh go mbeadh roinnt Gaeilge á húsáid go rialta i dTithe an Oireachtais. Is iad seo a leanas na moltaí sonracha a rinneadh:—
(i) sa chás go mbeadh ceisteanna as Gaeilge curtha ar an gclár, go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeist sa Dáil (1983), agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge (ó 1984 amach); nó mar mhalairt air sin, go leagfaí amach tréimhse áirithe le haghaidh ceisteanna Gaeilge lá amháin gach seachtain.
(ii) go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge den chuid is mó de, ar an Dara Céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad agus go mbeadh mír as Gaeilge in óraidí scríofa an dara céim ón Rialtas agus ón bhfreasúracht.
(iii) go molfadh an Rialtas do gach Aire ar ócáidí oiriúnacha a mbeadh tuairisc ghinearálta ar obair a Roinne á tabhairt aige don Dáil nó don Seanad, mar shampla, nuair a bhíonn meastacháin na Roinne á bplé — (a) go dtabharfadh sé cuntas ar fheidhmiú pholasaí na Gaeilge sa Roinn, agus (b) go mbeadh an mhír seo nó mír shubstaintiúil eile dá óráid i nGaeilge.
Is iad na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí féin, ar ndóigh, is fearr a thuigeann na slite is éifeachtaí leis an nGaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais agus is deimhin liom go mbeidh ar a gcumas cur leis na spriocanna sin agus a léiriú do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre, agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, go bhfuil siad go láidir taobh thiar de na hiarrachtaí atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge. Dá réir sin beimid ag súil le moltaí fiúntacha ón gComhchoiste chomh scioptha agus is féidir.
Ceangailte go dlúth le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad tá an tseirbhís Ghaeilge a bhíonn ar fáil ón earnáil phoiblí — ar a n-áirítear ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí — ag daoine a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Is gá go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bhíonn á n-iarraidh agus go léireofaí dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus gur le fonn agus le fáilte a chuirfí ar fáil iad.
Tá faitíos orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba mhaith linn uile é a bheith. Is measa fós an scéal, faraor, i gcás na Gaeltachta. Is ag treisiú leis an mBéarla, agus go háirithe lena leathadh, a bhíonn formhór mór na n-oifigeach ón earnáil phoiblí a dtagann pobal na Gaeltachta i dteagmháil leo nó faoina n-anáil. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil meas acu uirthi is mó fonn a bheidh orthu féin a dteanga dhúchais a thréigean. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a úsáid a bheidh fostaithe ag ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis áitiúla i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.
Tá tábhacht as cuimise leis an nGaeltacht sna hiarrachtaí atá ar siúl chun an Ghaeilge a leathadh. Fad a mhairfidh an Ghaeltacht beidh dóchas ann ach dá dtarlódh, de dheasca neamhshuime nó fuarchúise, go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht is beag dóchas a bheadh fágtha. Nuair a luaitear Gaeltacht de ghnáth is ceantair ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt go coitianta a bhíonn i gceist. Ach faraor tá an Ghaeilge ag trá léi go tapaidh in áiteanna. Tá cúiseanna leis sin, ar ndóigh, sa mhéid go bhfuil Béarla á bhrú ar mhuintir na Gaeltachta ar an iliomad slí, mar shampla, trí na mórmheáin chumarsáide agus go háirithe tríd an teilifís, trí institiúidí Stáit, tríd an gcóras rialtais áitiúil agus trí fhorbairt na tionsclaíochta. Caithfear a thuiscint nach aonad inmharthana inti féin an Ghaeltacht ar féidir léi feidhmiú uaithi féin gan beann ar an gcuid eile den tír: is cuid bhunúsach den tír í a mbíonn tionchar láidir ag imeachtaí in áiteanna eile uirthi. Is mór an chúis misnigh do mhuintir na Gaeltachta bá an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a bheith leo mar tá sláinte na Gaeltachta ag brath go mór ar na hiarrachtaí a dhéantar sa chuid eile den tír chun an Ghaeilge agus an cultúr dúchais a chur chun cinn. Is cabhair nach beag an oiread sin measa a bheith ar an nGaeilge ar fud na tíre.
Is práinneach an gnó é díriú ar mheath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chosc. Cibé feabhas a chuirfear ar na hinstitiúidí atá ag plé leis an nGaeltacht beidh gá le tacaíocht mhuintir na Gaeltachta féin chomh maith mar gur orthusan dáiríre a bhraithfidh a bhfuil i ndán don Ghaeltacht. Táimse sásta go bhfuil an mianach agus an cumas i bpobal na Gaeltachta le féachaint chuige go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo ina measc ach an tacaíocht is dual dóibh a fháil ón earnáil phoiblí agus ó mhuintir na hÉireann i gcoitinne.
Is sa bhunscoil a thagann formhór na ndaoine sa tír seo — lasmuigh den Ghaeltacht ar aon nós — i dteagmháil don chéad uair leis an nGaeilge: is ar an scoil freisin a bhíonn an chuid is mó acu ag brath chun eolas ar an nGaeilge a fháil agus líofacht sa teanga a bhaint amach. Ní féidir a rá go mbíonn cumas labhartha sa Ghaeilge ag daltaí i gcoitinne ag fágáil na scoile dóibh agus is mór an trua é sin. Chun é sin a leigheas is é an bunriachtanas ná go gcuirfear béim níos láidre ar chumas labhartha na Gaeilge a chothú. Léiríonn suirbhé a rinne Institiúid Teangeolaíochta Éireann le déanaí i gcomhar le Bord na Gaeilge gur mian le formhór mór an phobail go mbeadh an Ghaeilge á múineadh sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna. Is maith an bhunsraith í sin le tógáil uirthi.
Is gá freisin, ar ndóigh, go mbeadh caighdeán sásúil bainte amach ag múinteoirí sa Ghaeilge féin agus cleachtadh faighte acu, le linn a dtréimhse oiliúna, ar úsaid na Gaeilge mar mhéan teagaisc in ábhair eile. Ba chóir go bhfaighidís oiliúint chomh maith sna modhanna múinte teanga is nua-aimseartha agus go mbeidís eolach ar thorthaí an taighde idirnáisiúnta is údarásaí ar mhúineadh teangacha.
Baineann míbhuntáiste bunúsach le daltaí a bhíonn á múineadh trí Ghaeilge sa mhéid nach leor a mbíonn de théacsleabhair oiriúnacha Ghaeilge ar fáil, go háirithe ag an dara leibhéal, gan trácht ar léitheoireacht thacaíochta i nGaeilge. Tá an cheist sin ag déanamh tinnis dúinn le fada agus is mithid réiteach a fháil uirthi.
Roimhe seo is ar réimse an oideachais go príomha a bhíothas ag brath chun athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Is fíor go bhfuil tábhacht an-mhór leis an oideachas mar chabhair chun an teanga a mhúineadh don aos óg ar mhodh ceart proifisiúnta. Ní leor, áfach, a dheimhniú go mbeidh cumas Gaeilge ag daoine óga mura gcuirtear deiseanna ar fáil dóibh sa ghnáthshaol lasmuigh de na scoileanna chun úsáid a bhaint as an gcumas sin. Ní foláir mar sin ócáidí oiriúnacha a eagrú chun líon maith daoine a mhealladh de réir a chéile chun less a bhaint go nádúrtha as cibé Gaeilge atá acu.
Ní gá a rá gur leis an bpobal ar fad an teanga. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh gach uile dhuine, a bhfuil fonn air a chion a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge, cén chaoi a luíonn a ghníomh féin isteach leis an méid a bhíonn ar siúl ag daoine agus ag dreamanna eile ar son na teanga. Féachann an plean lena dheimhniú go dtosófar ar thimpeallacht a chruthú ina bhféadfaidh daoine an Ghaeilge á úsáid ina gcúrsaí laethúla agus a bheith cinnte lena linn sin go mbeidh bá an phobail leo, go mbeidh tacaíocht acu ón Stát agus ó údaráis eile agus go mbeidh bunseirbhísí riachtanacha trí Ghaeilge ar fáil dóibh. Maidir leis an teanga féin ba chóir go bhféadfaí bheith ag súil go leathnófar raon a húsáide sa tslí go mbeidh na feidhmeanna uile aici a bhaineann le teanga bheo nua-aimseartha agus go mbeidh foclóir agus leaganacha cainte á bhforbairt inti a bheidh ag freagairt don saol, don mhachnamh agus don teicneolaíocht nua-aimseartha.
Léiríonn daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad den daonra go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí glacadh leis gur cainteoirí líofa iad sin ar fad is mór an rud é go bhfuil a gcumas sa teanga ina chúis mhórtais dóibh: is mithid teacht i dtír ar an gcumas sin. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Tá tionchar an-láidir ag an teilifís ar shaol na ndaoine ach is mór an trua nach féidir a rá go bhfuil freastal sásúil á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí tríd an meán sin. Le forbairt na teicneolaíochta tá súil agam gur féidir feabhas mór a chur ar an scéal ach iarracht speisialta a dhéanamh. Tá géarghá le cláir bhreise i nGaeilge do dhaoine óga ach go háirithe agus is deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil ag éirí le RTÉ freastal níos fearr orthu.
Fiú amháin mura féidir a rá go bhfuil staid na Gaeilge chomh sláintiúil agus ba mhaith linn tá comharthaí dóchais ann. Orthusan áirítear an líon mór daoine atá báúil leis an teanga agus bródúil aisti, na daoine i ngach cearn den tír a bhfuil bunús maith Gaeilge acu, an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na naíscoileanna Gaeilge, an t-éileamh atá ag fás ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lánGhaeilge ar fud na tíre, an obair mhór atá á déanamh ag Radio na Gaeltachta, an litríocht nua-aoiseach atá tagtha chun cinn sa Ghaeilge, an úsáid is féidir a bhaint as modhanna nua teicneolaíochta i múineadh na teanga agus chomh fonnmhar agus a glacadh leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Is mian linn uile an Ghaeilge a choimeád ina teanga bheo agus a húsáid a leathnú agus tá an-dóchas agamsa go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh ach cur chuige le fonn agus le fuinneamh. Táim cinnte go mbeidh moltaí fiúntacha ag teacht chugainn ón gComhchoiste chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích.