Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Island Harbour Repairs.

21.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a grant available for the further repair of the harbour on Inisboffin Island, County Donegal.

Dheisigh Comhairle Chontae Dhún na nGall an piara ar Inis Bó Finne cúpla bliain ó shin le cabhair dheontais ó mo Roinnse agus, má tá gá le hoibreacha cothabhála, is gnó don chomhairle iad a chur i gcrích. Ní miste a lua go bhfuil deontas lánchostais £18,000 ceadaithe agam le tamall chun crann tochrais a chur ar fáil don oileán.

An mbeadh an tAire sásta airgead a chur ar fáil chun feabhsú a dhéanamh ar an ché ansin dá bhfaigheadh sé iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus an mbeadh an t-airgead seo ar fáil do 1985 — os rud é nach deontas an-mhór a bheadh ann?

Mar is eol don Teachta is dualgas na comhairle contae obair chothabhála a dhéanamh ar na piaraí seo, ní bhaineann sé le aon Roinn Stáit. Má tá caipiteal á íoc le caitheamh ar áiseanna nua nó cur le áiseanna ann sin ceist eile ar fad. Ach maidir le Comhairle Contae Dhún na nGall ba mhaith liom a iarraidh ar an Teachta a thionchar a chur ag obair ansin le go bhféadfaí £18,000 a chur ar fáil do na daoine seo. Ní féidir é a dhéanamh go dtí go nglacfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall cothabháil an chrainn tochrais.

Ag an bpointe seo an bhfuil Roinn na Gaeltachta sásta deontas a chur ar fáil do chéanna nua cosúil le cinn istigh anseo, nó an bhfuil an polasaí athraithe maidir le airgead atá ag Roinn na Gaeltachta chun céanna nua a chur ar fáil sa Ghaeltacht?

Is ag an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta a bhíonn an dualgas muir oibreacha substaintiúil a dhéanamh ar chéanna. Níl an Ghaeltacht, agus go deimhin ní raibh riamh, ach amháin ag plé le jobanna beaga, ag deisiú céanna agus ar chur píosaí leo.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tabhairt tacaíochta ach amháin do chéanna nach bhfuil mórán airgid le híoc le haghaidh dheisiú nó céanna úra a thógáil?

Sin é an nós imeachta a bhí ann agus a bheidh ann. Níl aon athrú air.

Os rud é gurbh é sin an polasaí a bhí acu, cad chuige ar dhúirt siad am éigin anuraidh nó i mbliana go mbeadh siad sásta 50 faoin gcéad de £1 mhilliún a thabhairt do ché áirithe agus anois tá siad a rá nach bhfuil siad sásta pingin rua a thabhairt as Roinn na Gaeltachta le haghaidh cé mar sin?

Níl a fhios agam céard faoi a bhfuil an Teachta ag caint.

An bhfuil an tAire sásta dul i dteagmháil leis an Aire Stáit don Roinn céanna agus an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus a iarraidh ar an Aire sin a insint dó na freagraí a thug sé ar cheisteanna istigh anseo ag deireadh na seachtaine seo caite, agus ansin beidh a fhios ag an Aire?

22.

asked the Minister for the Gaeltacht when it is proposed to carry out the necessary repairs and development to the harbour at West End, Tory Island, County Donegal.

Tá deontas lánchostais £25,000 ceadaithe agam chun crann tochrais a chur ar fáil ag Camus Mór. Comhairlítear dom, áfach, go mbainfeadh costas de bhreis ar £1.5 milliún le saoráidí calaíochta lánsásúla a fhorbairt i dToraigh agus níl caiteachas mar sin beartaithe faoi láthair.

Cén Roinn Stáit a bhfuil sé mar dhualgas orthu cuidiú a thabhairt do na hoileáin chun na céanna a fhorbairt?

Tugann Roinn na Gaeltachta deontas beaga le haghaidh cur le céanna gurb í an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta a chaitheann airgead substaintiúil agus gurb í an chomhairle chontae atá freagrach as chothabháil.

An nglacfaidh an tAire leis nach bhfuil go leor éisc á dtabhairt isteach ansin chun an-chuid airgid a chaitheamh istigh ansin agus go mba cheart an dualgas san a bheith ar Roinn na Gaeltachta os rud é gur oileán san Ghaeltacht atá ann. Go dtí seo thug Roinn na Gaeltachta deontas lánchostais le haghaidh oibreacha mar seo agus an bhfuil sé féaráilte bheith ag iarraidh cabhrach ar an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta os rud nach mbeadh siad san sásta cuidiú ar bith a thabhairt dóibh.

Tá sé sin ceart go leor, ach caithfear na rudaí seo a mheá ar an méid daoine a bhfuil tú ag tabhairt seirbhíse dóibh agus chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn Iascaigh agus Foraiseachta, ar an méid éisc atá á dhíluchtú ag an bpointe sin.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta scéim deontas do shaoráidí calaidh a scrúdú do mhuintir na n-oileán i gcaoi go gcuirfí feabhas mór ar na háiseanna atá ann i láthair na huaire.

Bímse sásta i gcónaí breithniú báúil a dhéanamh ar iarratais réasúnta ó oileáin Ghaeltachta chun feabhas a chur ar na háiseanna a bhíonn acu.

An nglacfaidh an tAire leis gurbh í an tslat tomhais céanna atá ann le airgead a chur ar fáil do chéanna oileán agus do chéanna san mhór-thír. Ó tharla go bhfuil gá le céanna do mhuintir na n-oileán le freastal ar a gcuid gnóthaí taobh amuigh de iascaireacht an n-aontóidh sé nach ceart bheith chomh dian leis an slat tomhais le airgead a chur ar fáil do chéanna agus áiseanna eile do mhuintir na n-oiléan.

Ní ceist slat tomhais é. Is iad oifigigh na nOibreacha Poiblí a réitíonn na rudaí seo sa phlean. Sin í an tslat tomhais atá againn. Le ceithre bliana anuas, tá os cionn £920,000 caite againn ar shaoráidí calaíochta ar mhaithe le hoileáin Ghaeltachta. Baineann an chuid is mó den chaiteachas sin le Árainn Mhór agus Alt an Chorráin, cuir i gcás, le haghaidh bád farantóireachta ansin. Chomh maith leis sin tá airgead a chur ar fáil leis an piara i gCill Rónáin a críochnú.

An nglacfaidh an tAire leis go bhféadfaí scéim a chur ar fáil i gcaoi nár ghá an t-airgead a chaitheamh in aon bhliain amháin? Cuir i gcás scéim trí bliana nó, fiú amháin, cúig bliana nuair a bheadh cuid mhaith caiteachais i gceist agus go bhféadfaí sa chaoi sin obair mhaith a dhéanamh leis na háiseanna seo a thabhairt do mhuintir na n-oileán, mar níl siad acu i láthair na huaire.

Ba cheart don Teachta smaoineamh air gur de réir mar atá rialacha ann faoi láthair ón Roinn Airgeadais agus chuile Roinn eile, nach féidir glacadh le scéim go dtí go mbeidh an t-airgead ar fad soláthraithe sa Mheastachán. Ansin nuair a thugann tú é sin amach do chonraitheoir níl aon tionchar agat air. Tig leis é a críochnú i gceann sé mhí nó i gceann bliana. Dá mbrisfí suas é i bpíosaí agus é a leathnú amach ar feadh cúig bliana, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr é a dhéanamh mar sin, ach ní féidir é sin a dhéanamh faoi na rialacha atá againn faoi láthair.

Sílim go bhfuil an tAire ag iarraidh a bheith rud beag simplí maidir leis na cúrsaí seo. Tá a fhios aige go rí-mhaith nach mbíonn conraitheoirí i bhfeighil na n-oibreacha seo ar fad a bhíonn ar siúl ag an OPW. Nuair a tharlaíonn nach conraitheoir atá i gceist ach Rannóg Stáit, thiocfadh leo siúd an obair a bhriseadh suas i gcaoi go ndéanfaí í i dtrí nó i gcúig bliana agus job ceart a dhéanamh.

Níl mé ag iarraidh a rá go bhfuil an Teachta simplí ach tá deacracht bunúsach anseo, nach féidir glacadh leis an job a dhéanamh go dtí go mbeidh an t-airgead ar fáil. Ansin caithfidh tú conraitheoir a fháil agus cé acu go ndéantar é i gcúig piosaí nó i bpíosa amháin, ag an bpointe seo ní féidir a iarraidh air an job a dhéanamh i gcúig píosaí.

Barr
Roinn