d'Aire na Gaeltachta cad iad leibhéil éagsúla na ndeontaisí tithíochta atá ar fáil óna Roinn, agus cén dáta a socraíodh méid na ndeontaisí sin; agus an bhfuil sé i gceist aige na deontaisí ar fad a ardú chun tionchar an bhoilscithe ar chostaisí a chur san áireamh.
Written Answers. - Deontaisí Tithíochta.
30. D'fhiafraigh
Is faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 to 1979, a íocann mo Roinnse deontais tithíochta agus baineann rátaí na ndeontas atá i bhfeidhm le hoibreacha ar tosaíodh orthu ó 1 Samhain 1977 ar aghaidh: níl leasuithe orthu beartaithe faoi láthair. Tá sonraí na ndeontas i dtábla a chuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Seo a leanas an tábla:
An deontas is mó |
|
£ |
|
Teach cónaithe a thógáil |
2,000 |
Teach cónaithe a fheabhsú |
750 |
Saoráidí sláintíochta a chur ar fáil: |
|
—Córas uisce phíopaithe |
360 |
—Córas séarachais |
300 |
—Seomra folctha le huisce te |
600 |
—Seanchóras uisce agus séarachais a fheabhsú |
170 |
Seomra breise do chuairteoirí (Trí sheomra ar a mhéid i gcás aon tí) |
270 |
Bíonn na huasdheontais 50 faoin gcéad níos airde ar oileáin amach ón gcósta.