Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre agus Céanna sa Gaeltacht.

1. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid atá leagtha amach i bplean an Rialtais le haghaidh bhóithre sa Ghaeltacht.

2. D'fhiafriagh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid atá leaghta amach i bplean an Rialtais do thógáil agus do dheisiú céanna sa Ghaeltacht.

3. D'fhiafriagh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon deontais a chur ar fáil d'oibreacha ar chéanna i gConamara i 1985.

4. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeidh bóithre Gaeltachta, seachas iad siúd atá ar liosta innealtóireachta na Roinne, á gcur san áireamh le haghaidh dheontais bhóithre i 1985.

5.

asked the Minister for the Gaeltacht the provision made in the 1985 Estimates for the repair and improvement of access roads and bog roads in Galway Gaeltacht.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 1 go 5 le chéile. Foilseofar eolas faoin airgead a bheidh ar fáil don bhliain 1985 i gCuid III de Mheastachán mo Roinne — tá Cuid I agus Cuid II foilsithe cheana — agus tiocfar ar chinneadh maidir le caiteachas an airgid sin i dtráth cuí.

An bhfuil an tAire ag rá ag an bpointe seo nach bhfuil a fhios aige cé mhéad airgid atá le caitheamh i mbliana ar bhóithre Ghaeltachta? Níl a fhios agam cén fáth ar thóg an tAire céanna agus bóithre le chéile.

Is é an fáth ar thóg mé na ceisteanna sin le chéile ná go bhfuil na ceisteanna ag baint le caiteachas caipitil agus tá siad ag teacht faoin subhead céanna. Maidir le caiteachas ar bhóithre is gnáth don Aire Comhshaoil eolas a thabhairt maidir le caiteachas ar bhóithre náisiúnta faoi phlean an Rialtais. Ach ní miste a rá go mbeifear ag iarraidh an oiread airgid agus is féidir a chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht. Maidir leis an eolas atá foilsithe sa leagan coimrithe faoin soláthar iomlán de chaiteachas caipitil tá £825,000 in aghaidh £800,000 don bhliain seo. Maidir le muir oibreacha beidh siad sin san áireamh san bhfigiúr sin. Sin an fáth gur tógadh an dá cheist le chéile.

Shíl mé go dtuigfeadh an tAire agus an Roinn mo cheist. Tá mé ag caint mar gheall ar bhóithre áise, bóithrí portaigh, na gnáth dheontais a bhíonn á n-íoc amach ag an Aire. Ní bheinnse ag chur síos ceisteanna chuig Aire na Gaeltachta a bhaineann leis an Aire Comhshaoil. An bhfuil an tAire in ann a rá ag an bpointe seo an mbeidh airgead ar bith le caitheamh ar bhóithre áise sna Gaeltachtaí i mbliana agus cé mhéad?

Baineann an cheist a chuir an Teachta le caiteachas faoi phlean an Rialtais le haghaidh bhóithre sa Gaeltacht, agus maidir leis an cheist sin beidh airgead á chaitheamh ar bhóithre.

An bhfuil sé sin socraithe go fóill ag Roinn an Aire féin?

Tá sé socraithe ach níl sé foilsithe.

An bhfuil sé fíor go bhfuil an tAire ag tógáil ceisteanna 1 go 5 le chéile?

Tá mé, 1 agus 5 san áireamh.

Má bhreathnaíonn an tAire ar cheist 5 feicfidh sé go bhfuil baint aige siúd le bóithre áise agus bóithre portaigh.

Maidir le bóithre áise do 1985, nior foilsíodh an t-eolas seo go fóill agus foilseofar an t-eolas ar fad le chéile sa Mheastachán.

An bhfuil sé fíor nach bhfuil an Roinn ag glacadh le aon iarratais ó na Gaeltachtaí éagsúla le haghaidh dheontais do bhóithre áise nó do bhóithre portaigh a dheisiú le dhá bhliain anois?

Níl sé sin fíor. Tá an t-airgead gann ach le dhá bhliain anuas tá deis curtha ar bhóithre áise agus bhóithre portaigh.

An bhfuil sé sásúil go dtiocfadh an tAire isteach anseo ag iarraidh dallamullóg a chur ar an Teach. Tá a fhios ag gach éinne a dhéanann staidéar ar Leabhar na Meastachán agus caiteachas na Roinne ó tháinig sé isteach an t-am seo mar Aire go bhfuil na deontais do na bóithre áise agus na bóithre portaigh gearrtha amach ar fad aige. Bhí suim beag airgid curtha ar fáil sa chéad bhliain le h-íoc as bóithre a bhí ceadaithe an bhliain roimhe sin ó bhí Fianna Fáil i gcumhacht. Caithfidh an tAire glacadh leis nach bhfuil sé fíor a rá gur féidir le muintir na Gaeltachta iarratais a chur isteach go dtí a Roinn chun deontas a fháil le bóithre áise a dheisiú. Tá an scéim sin curtha ar ceal ag an Aire i leith aon iarratas nua.

Sin ráiméis.

Nach bhfuil sé fíor?

Níl sé fíor.

An nglacfaidh an tAire leis gur iarr Roinn na Gaeltachta meastacháin ó chomhairlí chontae áirithe taobh istigh de thrí seachtain ó shin agus cad a tharla do na meastacháin sin?

Níl aon chinneadh déanta agamsa nó ag mo Roinn faoi aon chaiteachas go dtí seo maidir leis na meastacháin sin?

Coicís ó shin chuaigh duine as pháirtí Fhine Ghael chuig Comhairle Chontae Dhún na nGall agus d'iarr an duine sin ar innealltóir áitiúil san chomhairle chontae meastachán a thabhairt le haghaidh na bóithre seo agus dúirt sé gur tháinig an scéal ón Aire go raibh £6,000 le teacht, agus tá na bóithre go léir seo ag dul isteach i dtithe pearsanta agus lucht tacaíochta an Aire féin.

Tá Teachta amháin ag rá nach bhfuil aon bhóithre áise á ndeisiú; tá Teachta eile ag cur i mo leith go bhfuil siad á ndeisiú. Get your act together, mar a déarfá, thall ansin.

Tá an tAire ag cur rud éigin i mo leith——

Caithfidh an Teachta ceist a chur. Tráth na gCeisteanna atá ann.

Tá mé ag cur ceist ar an Aire an bhfuil sé sásta go bhfuil lucht tacaíochta Fhine Ghael ag iarraidh meastachán le haghaidh na mbóithre seo; níl siad déanta ach cuireadh eolas ar fáil ag an am sin go mbeadh £6,000 ar fáil ag Comhairle Chontae Dhún na nGall. Níl an t-airgead sin ar fáil ach tá muintir Fhine Ghael ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhuintir Dhún na nGall.

Níl aon dallamullóg á chur ar éinne. Má deirimse anseo go mbeidh airgead ar fáil beidh airgead ar fáil agus níl bréag á insint.

An bhfuil an tAire ag rá ag an bpointe seo nach bhfuil a fhios aige cé mhéad airgid a bhéas á chaitheamh ar chéanna sa bhliain seo romhainn?

Tá sé seo le foilsiú sa ghnáth bhealach agus níl tada mí-cheart nó contráilte leis. Foilseofar na figiúir seo sa ghnáth bhealach sa Mheastachán.

Nach féidir leis an Aire a insint dúinn cé mhéad atá le caitheamh?

Ní inseoidh mé go dtí go mbeidh an Meastachán foilsithe.

Ceist 6. We cannot spend all day on these questions.

Cé mhéad airgid a bhéas curtha ar fáil le hagháidh bhóithre áise agus portaigh sa bhliain 1985 má tá sé i gceist go mbeidh an scéim seo faoi lánseol ansin?

Socrófar é sin sula bhfoilseofar na figiúir sin.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil sé sin socraithe fós?

Socrófar iad in am len iad a chur isteach sa Mheastachán a foilseofar.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil cinneadh déanta faoi seo fós.

Ní gá domsa eolas a thabhairt don Teach faoi céard atá ar siúl i mo Roinn ó lá go lá. Foilseofar na figiúir.

(Cur Isteach.)

Two Deputies should not be on their feet at the same time.

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil cinneadh déanta faoi seo fós?

Ní gá domsa eolas a thabhairt don Teachta faoi céard atá ar siúl agam i mo Roinn ó lá go lá. Foilseofar na figiúir.

Cén fáth nach bhfuil an tAire sásta an t-eolas seo a thabhairt don Teach?

Foilseofar na figiúir seo in am tráth. Foilsítear iad chuile bhliain agus bíonn an t-eolas le fáil ansin. Ní thugtar réamheolas ar na nithe seo sula bhfoilsítear na figiúir.

An n-aontóidh an tAire liom go bhfuil sé deacair orainn glacadh leis go mbeidh an scéim seo faoi lánseol sa bhliain 1985 nó go raibh sé faoi lánseol sa bhliain 1984 no 1983 nuair nár chuireadh——

I am calling on the Minister to answer Question No. 6.

6.

asked the Minister for the Gaeltacht the amount allocated for Gaeltacht road improvement grants in County Galway in each year since 1977.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a thug Roinn na Gaeltachta do bhóithre i gContaethe Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chorcaí, Phort Láirge, Chiarraí, i ngach bliain ó 1972 go 1984 agus an dá bhliain sin á gcur san áireamh.

8.

Mr. Coughlan

asked the Minister for the Gaeltacht the amount of moneys allocated to each Gaeltacht area for roadworks in each of the years 1980 to 1984, inclusive.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 6 go 8 le chéile. Léirítear caiteachas mo Roinne ar bhóithre i ngach contae Gaeltachta ó 1972/73 i leith i dtábla a chuirfear timpeall sa tuairisc Oifigiúil.

Seo a leanas an tábla:

Bliain

Dún na nGall

Maigh Eo

Gaillimh

Ciarraí

Corcaigh

Port Láirge

£

£

£

£

£

£

1972/73

57,156

51,538

59,755

20,127

8,073

1973/74

35,469

40,453

37,144

28,166

550

1,125

1974 (9 mí)

68,189

39,613

54,600

18,822

2,920

1,200

1975

31,732

23,799

55,278

18,785

1976

63,181

29,352

79,664

51,817

3,500

2,763

1977

34,805

66,654

33,719

40,366

7,109

1978

72,957

64,834

68,812

38,768

10,930

1,756

1979

48,293

85,907

85,546

45,500

12,000

5,400

1980

52,496

86,876

143,374

42,511

10,059

6,806

1981

35,140

46,481

283,169

27,924

5,681

3,525

1982

39,417

73,922

180,247

21,267

5,810

5,760

1983

11,100

12,718

20,456

10,548

1984 (go dtí seo)

An mbeadh an tAire sásta a chur in iúl don Teach trí fhigiúir: an méad airgid a chuireadh ar fáil sna blianta 1982, 1983 agus 1984?

Ní gnáth eolas a thabhairt ar fhreagra a thugtar i bhfoirm tábla.

Níl an tAire sásta na trí fhigiúir sin a chur ar fáil don Teach anois? Cén fáth?

De ghnáth ní chuirtear an t-eolas seo ar fáil.

Tarlaíonn sé go minic nuair a bhíonn Airí sásta an t-eolas a thabhairt don Teach go ndéantar é sin, ach níl an tAire sásta agus cruthaíonn sé sin——

Ní chruthaíonn sé tada.

——go bhfuil gearradh siar uafásach déanta aige, chomh mór sin nach fiú a rá go bhfuil scéim ag obair ar chor ar bith.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontais a chur ar fáil do dheisiú bóithre i nGaeltacht Dhún na nGall agus má tá, cé na bóithre atá i gceist agus cé mar a roghnófar iad.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontais a chur ar fáil do dheisiú bóithre i gConamara agus má tá, cé na bóithre atá i gceist agus cé mar a roghnófar iad.

Tógfaidh mé Ceist Uimhir 9 agus Ceist Uimhir 10 le chéile.

Déanfar bóithre a mbeidh airgead le caitheamh orthu i mbliana a roghnú gan mhoill i gcomhairle leis na comhairlí contae.

An bhfuil an tAire ag rá go mbeidh airgead ar fáil agus má tá an t-airgead sin ar fáil an gcaithfear cuid de ar na bóithre roimh dheireadh na bliana nó roimh an Nollaig mar is gnáth?

Sin rud a bhaineann leis na comhairlí contae.

An nglacfaidh an tAire mar gheall ar an méad airgid a mbeidh ar fáil le haghaidh na comhairlí contae, Dún na nGall, Corcaí, Ciarraí agus Gaillimh——

Agus Maigh Eo.

Agus Maigh Eo — is dócha go mbeidh cúpla punt ansin chomh maith. An gceaptar go bhfuil sé féaráilte nach bhfuil a fhios ag comhairle chontae ar bith go foíll an méid airgid atá le fáil acu, na bóithre atá le cóiriú agus níl ach seachtain amháin fágtha ó seo go dtí an Nollaig? An bhfuil sé sin féaráilte?

Níl mé ag rá go bhfuil sé féarailte nó nach bhfuil ach tá mé ag rá an méid seo, gur ag na comhairlí contae ata sé réiteach leis an obair a dhéanamh. Ní ormsa atá an dualgas sin agus beidh airgead ar fáil dóibh.

An nglacann an tAire go bhfuil locht an mhór ar Aire na Gaeltachta nó Roinn na Gaeltachta os rud é nach bhfuil siad ag tabhairt ach seachtain amháin fiú chuig comhairle chontae ar bith chun na bóithre seo a roghnú agus a dheisiú? An glacfaidh an tAire leis go bhfuil a Roinn ag chur dallamullóg arís ar na comhairleoirí contae, ag tabhairt airgid dóibh, ar láimh amháin agus, ar láimh eile caithfear na bóithre seo a bheith déanta roimh an Nollaig agus tá fhios aige go maith nach mbeidh siad déanta agus go mbeidh an t-airgead seo ag teacht ar ais arís.

Níl dallamullóg á cur ar éinne.

An n-aontódh an tAire go bhfuil sé amaideach dó a bheith ag teacht isteach anseo agus gan freagra sásúil a thabhairt ar cheist ar bith atá curtha síos againn maidir le bóithre? An n-aontóidh sé go bhfuil sé amaideach a bheith ag fágáil na comhairlí contae gan eolas ar bith faoi céard atá le caitheamh sna Gaeltachtaí agus muid ag teacht suas go dti tús na bliana? Cén chaoi gur féidir le innealltóirí meastacháin a réiteach nuair nach bhfuil fhios acu cén airgead atá le caitheamh.

Tá fhios ag an Teachta go bhfuil na meastacháin déanta cheana féin ar a lán, lán de na bóithre ata i gceist anseo agus nach gá ach na figiúir a thabhairt amach.

Os rud é nach bhfuil an tAire sásta na bóithre i nDún na nGall a thabhairt dúinn an nglacfaidh sé gurb iad seo na bóithre atá roghnaithe, gurb iad seo na bóithre a chuaigh muintir Fhine Gael chuig an innealtóir áitiuíl futhu agus gur iarr siar ar an innealtóir sin meastachán a thabhairt dóibh agus go bhfuil na bóithre go léir seo ag dul chuig tithe ina bhfuil lucht tacaíochta Fhine Gael ina gcónaí. Ní féidir linne na bóithre seo a roghnú maidir leis na L.A.S. schemes mar nach dtagann siad taobh istigh de na rialacha ach tá duine éigin ag briseadh na rialacha. An bfuil an liosta feicthe ag an Aire?

Nil aon liosta feicthe agam. Nil aon chinneadh déanta agam agus tig leis an Teachta é sin a chur i bhfráma agus é a chur ar an mballa más maith leis.

Barr
Roinn