Meastacháin, 1985. - Vóta 37: Roinn na Gaeltachta (Atógáil).

Atógadh an díospóireacht ar an rún seo a leanas:
Go ndeonófar suim nach mó ná £13,961,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
—(Aire na Gaeltachta)

Ní aontaím in aon chor leis go bhfuil rudaí chomh dona sa Ghaeltacht i láthair na huaire agus a mhaíonn sé. Sílim go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta sa tír agus na deacrachtaí eacnamaíochta tugtha chun feabhais againn i láthair na huaire. Sílim go bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh go maith sna ceantair Ghaeltachta i láthair na huaire.

Maidir le mo cheantar féin, Tír Chonaill, is dócha, b'fhéidir, an contae is mó a bhfuil ceantair Ghaeltachta ann, tá forbairt eacnamaíochta ag dul ar aghaidh, go speisialta ins na ceantair Ghaeltachta agus tá infheistiú ag dul ar aghaidh agus sílim go bhfuil buíochas ag dul don Rialtas as an méid atá á dhéanamh acu.

Bhí mé ag dul siar i mo intinn ansin agus ní shílim go bhfuil coláiste amháin i nGaeltacht Thír Chonaill i láthair na húaire nach bhfuil infheistíocht mhór ag dul ar aghaidh i gcúrsaí oideachais — i gCloch Chionnaola, Gaoth Dobhair, na Rosainn, Cill Garbháin, Gleann Cholm Cille. Tá infheistíocht oideachais ag dul ar aghaidh i ngach ceantar acu sin, scoileanna úra á dtógáil agus ag cur breis le scoileanna atá ansin cheana féin. Sílim gur comhartha maith é sin mar taispeánann sé go bhfuil fás ag teacht ar phobal na Gaeltachta. Ní raibh sé mar sin sna blianta a chuaigh thart agus tá roinnt déanta againn anois agus tá fás ag teacht ar an bpobal. Tá an Rialtas ag cur airgid isteach i dtógáil scoileanna agus ag cur píosaí le scoileanna agus mar sin de agus is é sin an cruthú go bhfuil gá le níos mó áiseanna oideachais sa Ghaeltacht ná mar a bhí go dtí seo.

Fuair mé eolas sa Dáil cúpla seachtain ó shin go raibh níos mó daoine fostaithe i monarchana sa Ghaeltacht i dTír Chonaill ag deireadh 1984 ná mar a bhí i dtús 1984. Cuireadh breis agus 300 post úr i nGaeltacht Thír Chonaill i rith 1984. Caithfidh mé a rá ag an am chéanna gur cailleadh postanna ach nuair a bhí an dá chuid san áireamh bhí beagnach 200 post breise san Ghaeltacht ag deireadh 1984 thar mar a bhí ag tús 1984.

Ní aontaím go bhfuil rudaí chomh dona agus a dúirt an Teachta Ó Gallachóir. Is é an t-eolas atá againn i dTír Chonaill ná go bhfuil daoine ag teacht ar ais go fóill, daoine a d'fhág an Ghaeltacht sna blianta thart, tá siad ag fágáil Sasana agus Meiriceá agus ag teacht ar ais go dtí a gceantar féin go fóill. Ní hiad go bhfuil daoine ag fágáil na Gaeltachta ach tá an sruth ag teacht ar ais. Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach go gcuirfí béim ar fhostaíocht sa Ghaeltacht mar is é sin an rud atá riachtanach faoi choinne an pobal a choinneáil sa tír — fostaíocht a chur ar fáil dóibh in a gceantar féin. Tá go leor de sin ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Aire agus a Roinn.

Sílim gur cóir, san am atá romhainn, go gcuirfí béim níos mó ar mhion-tionscail agus go gcuirfí béim níos mó ar na scileanna atá ag muintir na Gaeltachta agus úsáid a bhaint astu sin. Tá eolas againn uilig sna blianta a chuaigh thart go minic gur cuireadh monarcha mór ar siúl. B'fhéidir go raibh os cionn 100 daoine ag obair ann, agus má tharlaíonn aon rud do mhonarcha mar sin, briseann sé an croí i gceantar, ach má chuirtear a lán mion-tionscal ar fáil, má tharlaíonn aon rud do cheann acu ní bhíonn an buille chomh tubaisteach. Sílim gur cóir go gcuirfí béim speisialta ar acmhainní nádurtha na Gaeltachta agus ceann de na hacmhainní is fearr dá bhfuil in iarthar na tíre agus go speisialta san Ghaeltacht ná iasc agus iascaireacht. Go traidisiúnta leis na cianta bhí eolas ag muintir na Gaeltachta agus bhain siad a saol agus a mbeatha amach ag iascaireacht. Sílim gur cóir béim a chur air sin. Mar shampla, ba chóir go mbeadh béim níos mó ar mhonarchana próiseásála ar an mórthír agus de réir mar a thuigim is é sin an dearcadh atá ag an Aire agus ag an Rialtas go gcuirfí monarchana mar seo ar siúl ar an mórthír fá choinne an t-iasc a thugtar i dtír a phróiseásáil sula gcuirtear thar lear é. Ceann de na hacmhainní eile atá sa Ghaeltacht ná an áilleacht atá ag baint leis an cheantar. Ó sin tagann turasóireacht. Sílim go bhféadfaí forbairt a dhéanamh sa Ghaeltacht maidir le cúrsaí turasóireachta de, áiseanna a chur ar fáil do thurasóirí agus na daoine a théann go dtí an Ghaeltacht fá choinne laethanta saoire. Tá fhios agam go bhfuil deontas á íoc dona mhacasamhail sin, do thithe ósta agus mar sin. Ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh. Na daoine a fhágann an tír seo gach bliain agus a théann thar lear do laethanta saoire, ba chóir dúinn iarracht níos mó a dhéanamh iad a mhealladh go dtí iarthar na tíre agus go dtí an Ghaeltacht. Ba ábhar sásaimh agus ba chúis dóchais dúinn sa cháinfhaisnéis ag tús na bliana gur laghdaíodh an ráta ó 18 faoin gcéad go dtí 10 faoin gcéad ar dhaoine a fhanann i dtithe ósta, agus is cuidiú é sin do dhaoine a bhfuil fonn orthu a gcuid saoire a chaitheamh in Éirinn agus go speisialta sa Ghaeltacht.

Thagair an Teachta Gallagher fosta do oideachas sa Ghaeltacht agus tá deacrachtaí oideachais sa Ghaeltacht i láthair na huaire, mar sílim go bhfuil an saol ag athrú sa Ghaeltacht. Sna blianta a chuaigh thart bhí an t-aonteangachas i réim ach leis an saol ag athrú agus daoine ag teacht ar ais agus teilifís agus mar sin, caithfimid níos mó béime a chur ar an dátheangachas — bilingualism — sna blianta atá romhainn. Tá deacrachtaí sna scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre mar an chuid mó de na scoileanna anois, tá daoine ag teacht isteach a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus tá daltaí eile ag teacht isteach a bhfuil Béarla ó dhúchas acu. Bíonn deacrachtaí ag na múinteoirí lena leithéid sin. Sin an fáth go gcuirim fáilte ar leith roimh na scéimeanna atá ar fud na nGaeltachtaí na naíonraí lán-Ghaelacha agus sílim gur chóir mbeadh sé mar pholasaí againn naíonraí mar seo i ngach ceantar scoile sa Ghaeltacht, go dtabharfadh sé deis do na páistí óga teacht isteach agus dul i dtaithí ar an teanga sula dtéann siad go dtí an bhunscoil. Tá go leor acu ann cheana féin agus tá síúil agam go gcuirfear leo san am atá le teacht sa dóigh go mbeidh ar a laghad ceann i ngach paróiste agus más féidir é ceann i ngach ceantar scoile.

(Cur isteach.)

Ní shílim go gcuirfidh sé isteach chomh mór sin ar chumann na múinteoirí má bhíonn siad ag plé leis na páistí roimh an mbunscoil. Sílim gurb é an rud atá ag cur isteach ar chumann na múinteoirí ná b'fhéidir na scoileanna lán-Ghaelacha. Tá deacracht ansin agus sílim trí chomhráití gur féidir é a bhruascailt.

Ceann de na deacrachtaí eile atá ag na scoileanna sa Ghaeltacht i láthair na huaire — agus rinne mé tagairt dó cheana féin — ná na téacsleabhair Ghaeilge. Cuir i gcás, ábhair cosúil le matamaitic, stair agus tíreolaíochta. Tá an mhéid seo téacsleabhair an-chumhara ar fad. Ní bhíonn raon mór ag an dalta nó ag an múinteoir.

Níl siad chomh leathan agus atá ag na scoileanna a dheineann na hábhair trí Bhéarla. Tá a fhios agam go bhfuil comhlacht foilseacháin an Rialtais, An Gúm, ag cur téacsleabhar ar fáil i láthair na huaire, agus go raibh comhlachtaí príobháideacha eile, ach mar sin féin sílim go bhfuil gá le breis oibre a dhéanamh anseo. Mholfainn féin go mbeadh cead ag múinteoirí atá ag teagasc sa Ghaeltacht agus go bhfuil tuiscint mhaith acu ar riachtanais na ndaltaí agus riachtanais na múinteoirí, go bhféadfaí bliain nó dhó saoire a thabhairt dóibhsean le tuarastal sa dóigh go bhféadfadh siad dul i mbun na hoibre seo agus réimse ceart téacsleabhar Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí sa Ghaeltacht sa bhunscoil agus go mórmhór san iar-bhunscoil. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí an-mhór ag na iarbhunscoileanna téacsleabhair a fháil sa dóigh gur féidir leis na daltaí leanúint ar aghaidh ón chúrsa bun-oideachais go dtí an dara leibhéal. Má táimid i ndáiríre faoi oideachas trí Ghaeilge caithfimid rud éigin a dhéanamh mar gheall air.

Thagair an Teachta Gallagher agus an tAire féin do na hoileáin. Tá oileán amháin i dTír Chonaill a bhfuil deacracht acu i láthair na huaire, is é sin Oileán Arann Mór, oileán lán-Ghaeltachta go bhfuil an saol ag athrú ann fosta le cúpla bliain anuas, go speisialta ó cuireadh an bád farantóireachta ar fáil. Tá beagnach céad daoine san oileán sin i láthair na huaire ag freastal ar scoileanna cónaithe ar an mórthír. Ceann de na deacrachtaí atá acu ná go bhfuiltear ag cur deireadh leis na scoileanna cónaithe, agus i gceann cúpla bliain eile ní bheidh ann ach scoileanna lae. Tá éileamh san oileán sin i láthair na huaire ar scoil iarbhunoideachais a chur ar fáil ar an oileán agus bhí toscaireachtaí agus mar sin ag na hAirí agus araile agus tá súil agam go dtabharfar éisteacht don éileamh a rinne muintir Árainn Móir faoi scoil iarbhunoideachais a chur ar fáil ar an oileán sin.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na coláistí Gaeilge. Na daoine atá taobh amuigh den Ghaeltacht, an chéad aithne a chuir go leor acu ar an Ghaeltacht ná trí na coláistí Gaeilge. Daoine ó Bhaile Átha Cliath agus ó chathracha eile in oirthear na tíre, is é an chéad eolas a chuir siad ar an Ghaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta ná a gcuairt i rith an tsamhraidh go dtí na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire, don Roinn agus don Rialtas go dtug siad ardú suntasach de 20 faoin gcéad ó £2.50 in aghaidh an lae go dtí £3 in aghaidh an lae ó Roinn na Gaeltachta do na daltaí a bhíonn ag freastal ar na scoileanna sin.

Sílim go dtabharfaidh sé uchtach do mhná tí na Gaeltachta freastal a dhéanamh ar na daltaí sin. Le blianta bhí siad ag iarraidh breis airgid agus is ardú é sin de 20 faoin gcéad agus tá an ráta boilscithe i láthair na huaire idir a 5 faoin gcéad agus a 6 faoin gcéad. Táimid thar a bheith buíoch den Aire as é sin a dhéanamh. Dúirt sé ina óráid gur fhreastail 14,500 dalta ó pháirteanna éagsúla den tír ar na coláistí Gaeilge anuraidh. Agus dúirt sé gur mhaith leis fosta go mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga sna coláistí sin agus sna ranganna sin nuair a bhíonn na daltaí sa Ghaeltacht. Aontaím leis sin. Sílim gur mór an trua é go rachadh daltaí go dtí an Ghaeltacht agus go mbeadh siad ag caint Béarla fad agus a bhíonn siad sa Ghaeltacht. Ach tá deachrachtaí, agus b'fhéidir gur mhaith an rud go mbeadh scrúdú de chineál éigin le déanamh ag na daltaí sula dtéann siad chuig an Ghaeltacht sa dóigh gur féidir linn bheith cinnte de go mbeidh sé ar a gcumas an Ghaeilge a thuiscint agus an Ghaeilge a labhairt fad agus a bhíonn siad ansin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil na coláistí sin ag déanamh an-obair agus go bhfuil creidiúint mhór ag dul do na múinteoirí a bhíonn ag teagasc iontu. Ní amháin go gcaitheann siad na gnáth-uaireanta ag teagasc ó 10 a clog go dtí tar éis nóin ach cuireann siad uaireanta breise isteach le cúrsaí spóirt, ag dul go dtí na tránna agus mar sin de. Tá an-chreidiúint do na múinteoirí a bhíonn ag teagasc iontu agus cuireann siad a gcroí agus a n-anam isteach ins an obair a bhíonn idir lámha acu.

Ba chúis lúcháire dúinn fosta an ráiteas a rinne an tAire Cumarsáide agus Aire na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin go bhfuil breis uaireanta craolta á gcur ar fáil do Raidió na Gaeltachta. Ó cuireadh an raidió ar bun i 1972 sílim go bhfuil an-obair déanta aige chun na ceantair Ghaeltachta go léir a chur in aithne dá chéile. Sular cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun bhí an-deacracht i gcónaí ag daoine i dTír Chonaill, cainteoirí dúchais as Corcaigh agus Ciarraí a thuiscint. Ach trí bheith ag éisteacht leis an raidió anois tá na Gaeltachtaí tar éis aithne a chur ar a chéile agus tuigeann siad a chéile. Agus cé nach bhfuil nuachtán laethúil Gaeltachta againn i láthair na huaire sílim go bhfuil an raidió ag freastal chomh maith le nuachtán ar phobal na Gaeltachta.

Bhí mé féin ag éisteacht leis lá maidir le cad a bhí ar siúl i ngach ceantar Gaeltachta, an nuacht; cad atá ag dul ar aghaidh; má fhaigheann duine bás tá sé sin uilig ar an raidió agus tá siad ag cur anseirbhís ar fad ar fáil agus tá lúcháir orm go bhfuil leathnú á dhéanamh faoi láthair ar na huaireanta craolta, trí huaire in aghaidh an lae. Moladh amháin ar mhaith liom a dhéanamh go mb'fhéidir go bhféadfadh an raidió freastal níos mó a thabhairt ar aos óg na Gaeltachta. Sílim go mbíonn na daoine meánaosta agus na daoine is sinne gurb shin an lucht éisteachta is mó atá ag an raidió i láthair na huaire agus ba uafásach agus b'olc an rud é dá gcaillfeadh siad an t-aos óg mar lucht éisteachta. Níl a fhios agam cén dóigh is fearr leis sin a dhéanamh. Tá an-suim ag an aos óg sa cheol agus sa phopcheol i láthair na huaire agus tuigim go bhfuil riail dhaingean ag Raidió na Gaeltachta nach mbaineann siad le popcheol má tá Béarla ann. Is minic a bhím féin ag taisteal ar fud na tíre agus gheobhaidh tú ceol ón Spáinn, ón Iodáil agus ón Ghearmáin agus go minic níl liricí sa teanga sin. Bíonn na liricí i nGaeilge ach ní fhaigheann tú ceann i mBéarla ariamh. B'fhéidir go bhfuilimid ag dul ró-fhada leis an riail sin. B'fhéidir gur fiú athbhreithniú a dhéanamh ar an riail sin, mar ní fheicim féin aon rud mí-cheart le daoine a bhíonn i mbun na gcláracha agus an chaint agus mar sin á dhéanamh i nGaeilge, agus má tá an t-amhrán i mBéarla níl a fhios agam an ndéanfadh sé an oiread sin difríochta.

Tá a fhios agam go bhfuil comhairle do Raidió na Gaeltachta agus b'fhéidir go ndéanfadh an Chomhairle an cheist sin a scrúdú arís. Sin ceann de na slite leis na daoine óga a mhealladh dá mbeadh an saghas ceoil a bhfuil suim acu féin ann le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. Muna bhfuil sin le cloisteáil is dócha go rachaidh siad go dtíchannel nó staisiún éigin eile.

Ins an am atá le teacht, tá súil agam go ndéanfar rud éigin cinnte faoi bhealach teilifíse a chur ar fáil cé acu teilifís Gaeltachta amháin nó teilifís náisiúnta agus cláracha i nGaeilge. Ní shílim go bhfuilimid ag déanamh go leor i láthair na huaire maidir lena gcearta a thabhairt don Ghaeltacht leis na cláracha Gaeilge a chuirimid ar fáil. Is beag acu a bhíonn ar an teilifís agus tá géar-ghá le scrúdú a dhéanamh air sin agus níos mó acu a chur ar fáil.

Taca an ama seo anuraidh nuair a bhí Meastachán Roinn na Gaeltachta anseo againn, bhí caint ar an bpaipéar úrAnois— páipéar ata á fhoilsiú anois le roinnt míonna agus a bhfuil aithne agus eolas againn go léir air. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé scríofa go taitneamhach agus, mar a dúirt an Teachta Gallagher, iontach suimiúil, agus ábhair éadrom agus ábhair troma meascaithe le chéile, cé gur chuala mé daoine atá sa Teach anseo a rá go mbíonn deacrachtaí é a fháil ina gceantair féin. Ba mhór an trua é nach mbeadh sé le fáil i ngach ceantar sa tír agus chomh fada is a bhaineann sé le Tír Chonaill agus na ceantair Ghaeltachta ansin, bíonn sé le fáil gach maidin Domhnaigh agus tá súil agam gur fada a mhairfidh a réim.

Is cúis áthais dom fosta go bhfuil an Comhchoiste Oireachtas Gaeilge bunaithe, agus tá lúcháir orm féin go bhfuil sé de phribléid agus de onóir agam a bheith mar bhall ar an Choiste sin. Tá súil agam idir seo agus an chéad Mheastachán eile go mbeidh deis againn obair go leor a dhéanamh fá choinne dul chun cinn na Gaeilge a chur i bhfeidhm anseo agus taobh amuigh. Tá 11 baill ar fad ar an gcoiste agus mar a dúirt mé is dócha go mbeimid ag teacht le chéile gan mhoill ó tharla go bhfuil na hainmneacha luaite anois agus tá go leor gur féidir linn a dhéanamh.

Tagradh anseo inniu, lá mar seo nuair a bhíonn Meastachán Roinn na Gaeltachta ann, go labhraíonn gach duine i nGaeilge agus mar sin de. Sílim gur sin ceann de na deacrachtaí atá ann le blianta, go bhfuilimid ag cur na Gaeilge isteach i mbosca agus go n-úsáidimid í chomh fada agus a bhaineann sé le Meastachán Roinn na Gaeltachta agus ábhar a bhaineann leis an Ghaeltacht agus taobh amuigh de sin gur beag úsáid a bhaintear as an Ghaeilge anseo. Ceann de na smaointe a rith liom féin gur chóir go mbeadh deis b'fhéidir am éigin gach seachtain an Ghaeilge a úsáid anseo sa Teach, go mór mhór ar Thrá na gCeist, agus ar ndóigh, sin rud gur féidir leis an choiste a phlé san am atá le teacht agus tá súil agam go mbeimid ábalta aontú le chéile moltaí éigin a dhéanamh ina thaobh sin.

Ba mhaith liom tagairt fosta a dhéanamh do na hoileáin agus an chuid is mó de na hoileáin ar chósta na tíre oileáin Ghaeltachta iad, agus mar a dúirt mé tá dul chun cinn déanta, go speisialta chomh fada agus a bhaineann le oileán Árann Mór i mo cheantar féin. Tá athrú mór tagaithe le bliain, fiú amháin, ar shaol an oileáin ó chuir an tAire an bád farantóireachta i seirbhís idir Alt an Chorráin agus Árann Mór agus tá meadú an-mhór ar an líon cuairteoirí atá ag dul go dtí an t-oileán sin. Bhí eagla ar an chomharchumann i dtosach nach mbeadh siad in ann an tseirbhís a reachtáil gan fordheontas mór a fháil, ach ón eolas atá agam go dtí seo sílim go bhfuil sé beagnach ag díol as féin agus is maith an rud é sin.

Pointe a ba mhaith liom a dhéanamh ina thaobh sin go dtugann daoine a gcuid gluaisteán agus a gcuid carranna isteach go dtí an t-oileán agus go bhfuil gá le feabhas a chur ar na bóithre ar Oileán Árann Mhór. Cuireadh, sílim, £10,000 ar fáil anuraidh fá choinne sin, agus tá an chomhairle contae leis an rud céanna a chur ar fáil. Tá súil agam go mbeidh tuilleadh le teacht i mbliana mar tá an trácht ag dul i méid go mór ó tháinig an bád farantóireachta ó chuaigh sé isteach i seirbhís. Dul chun cinn eile a rinneadh i rith na bliana ná an méadú suntasach a tugadh do dheontais tithe úra sa Ghaeltacht. Le blianta anois bhí an deontas ag £2,000 an teach agus is breá an rud go bhfuil sé ardaithe anois go dtí £3,000 agus má tá tú i do chónaí ar oileán go bhfuil an t-ardú ó £3,000 go dtí £4,500. Sílim go spreagfaidh sé tuilleadh daoine sa Ghaeltacht le tithe úra a thógáil dóibh féin. Mar a dúirt an Teachta Gallagher agus an tAire, tá an caighdeán tithíochta sa Ghaeltacht anois chomh hard nó b'fhéidir níos áirde ná i go leor páirteanna eile den tír. Sílim go gcuideoidh an cinneadh seo é a choinneáil mar sin. Ar ndóigh cé go bhfuil an deontas ardaithe tá deacrachtaí againn go fóill le thabhairt amach an deontais sin agus mar Theachta a bhfuil ceantar mór Gaeltachta aige le freastal a dhéanamh air, tá a fhios agam cuid de na deacrachtaí a bhíonn againn.

Nuair a théann na cigirí amach agus mar sin le scrúdú a dhéanamh ar dhaoine a chuireann isteach fá choinne an deontais go minic ní bhíonn siad i dteideal an deontas a fháil agus tá sé an-deacair ag na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht tuiscint cén fáth nach bhfuil siad ag fáil an deontais. Tá a fhios agam nuair a rinneadh na rialacha atá sa Roinn, na rialacha a bhfuil na cigirí ag gníomhú fúthu, go raibh dífríocht mhór idir saol na Gaeltachta ansin agus mar atá anois. Nuair a rinneadh an riail sin is beag duine a bhí ag teacht ar ais go dtí an Ghaeltacht. Is beag tionchar a bhí ag teacht ón taobh amuigh isteach go dtí an Ghaeltacht agus na daoine a bhí ina gcónaí san Ghaeltacht 20 nó 30 nó 40 bliain ó shin nuair a rinneadh na rialacha seo, bheul aon-teangachas a bhí i réim, bhí an Ghaeilge i ngach teach agus is beag focal Béarla a bhí i dteach ar bith. Tá sin tar éis athrú agus is beag ceantar Gaeltachta anois nach bhfuil dátheangachas ann. Ní shílim go bhfuil na rialacha atá ann i láthair na huaire fóirsteaneach nó oiriúnach do chúrsaí mar atá ann sa Ghaeltacht anois. Cuir i gcás, duine gurb éigean dó an Ghaeltacht a fhágáil san am a chuaigh thart, agus go bhfuil sé ag filleadh abhaile anois agus b'fhéidir nach bhfuil Gaeilge ag an bhean nó ag an chlann ní fhaigheann an duine sin deontas Gaeltachta. Caithfimid scrúdú a dhéanamh ar an Acht agus é a leasú. Tá súil agam go ndíreoidh an tAire a intinn air sin sa bhliain atá amach romhainn. Tá cásanna ar eolas agam féin, daoine a chuir isteach iarratas ar deontas do theach úr Gaeltachta agus thóg siad an teach agus níor éirigh leo an deontas a fháil mar nach raibh caighdeán sa Ghaeilge ard go leor sa bhaile. Chuir siad iarratas isteach ansin ag an Roinn Comhshaoil agus is é an rud a tharla sa Roinn Comhshaoil go raibh an teach thar 345 nó 346 troigh cearnacha agus bhí sé ro-mhór fá choinne an deontas Comhshaoil agus tá sé fágtha anois gur thóg siad tithe úra sa Ghaeltacht agus nach bhfuil siad ag fáil deontais ó aon duine, mar go ndeachaidh siad go dtí an Ghaeltacht ar dtús agus gur diúltaíodh iad ó thaobh na Gaeilge de agus nuair a chuaigh siad go dtí an Roinn Comhshaoil, dúradh leo nach raibh an teach oiriúnach, nár chomhlíon siad na coinníollacha fá choinne an deontais. Sílim gurbh fhiú n-áird a dhíriú air sin. Tá Údarás na Gaeltachta ar bun anois le sé bliana, o 1979 chomh fada agus is eol dom. Tá difríocht idir Údarás na Gaeltachta agus an gnáthbhord Stáit.

Ar an ghnáth-bhord cuireann an tAire nó an Rialtas a gcuid ball féin isteach ann ach san Údarás tá an comh-dhéanamh difriúil. Tá cuid de na baill tofa ag muintir na Gaeltachta, seachtar, agus ta an chuid eile ainmnithe. Nuair a bhíonn daoine tofa agus daoine ainmnithe cothaíonn sé deacrachtaí.

Dúirt an tAire go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an Údarás i láthair na huaire, go bhfuil an comhchoiste anseo sa Dáil ag déanamh scrúdú agus go bhfuil siad ag cur tuairisce ar fáil. Rud ciallmhar é sin mar nuair a chuirtear bord úr mar sin ar bun, nuair a bhíonn sé ag gníomhú ar feadh cúig nó sé de bhlianta sílim go bhfuil feidhm agus gá le ath-bhreithniú a dhéanamh air agus féachaint an féidir rudaí a fheabhsú. Chomh fada agus is eol dom tá an tÚdarás ag iomaíocht leis an IDA fá choinne tionscal a mhealladh isteach go dtí an Ghaeltacht agus chomh fada agus is eol dom níl buntáiste ar bith ag an Údarás ar an IDA. Ó tharla go bhfuil an Ghaeltacht chomh fada sin ó bhaile Átha Cliath agus chomh fada sin siar, ba chóir go mbeadh buntáistí ag an Údarás, atá freagarthach as tionscail sa Ghaeltacht, thar mar atá ag an IDA. Ar ndóigh tá deacrachtaí eile sa Ghaeltacht fosta chomh fada agus a bhaineann le cumarsáid ach i dTír Chonaill le bliain nó dhó anuas tá dul chun cinn mór déanta i gcúrsí cumarsáide. Bhí 49 malartáinmanual control i nDún na nGall suas le dhá bhliain ó shin agus tá cuid acu sin anois tar éis dul uathoibritheach nó automatic le bliain. Tá súil agam gur gearr go mbeidh an contae uilig agus go speisialta an Ghaeltacht uilig uathoibritheach. Cuideoidh sé sin go mór le tionscal agus le cúrsaí cumarsáide sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn déanta le bliain, agus tá £19 milliún á chur ar fáil i mbliana. Tá deontas tithíochta imithe in airde agus na deontais a thugtar do na coláistí Gaeilge agus níl dabht ná go bhfuil borradh úr sa Ghaeltacht. Tá an t-aos óg ansin agus tá oideachas maith á chur ar fáil dóibh agus tá fonn orthu uilig fanacht sa bhaile agus a saol a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá cuid acu atá anseo i mBaile Átha Cliath agus i bpáirteanna eile den tír ag obair agus tugann siad aghaidh ar a mbaile ag an deireadh seachtaine, mar go síleann siad go bhfuil an saol níos fearr ansin ná mar atá taobh amuigh. Silim i mbliana, méid a chonaic i rith na Cásca go mbeidh fás mór ar an méid turasóirí a bheas sa tír i mbliana agus go rachaidh sé sin chun tairbhe agus chun sochair don Ghaeltacht fosta. Mar a dúirt me ag an tús, fáiltím roimh an mheastachán seo agus déanaim comhgháirdeas don Aire sa mhéid atá déanta aige le bliain anuas agus tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh leis an dea-obair sna blianta atá romhainn.

Tá áthas orm go bhfuair mé seans labhairt anseo ar Mheastachán Roinn na Gaeltachta agus an chéad rud, ag féachaint tríd an méid a dúirt an tAire, ní dóigh liom go ndearna sé iarracht ar aon airgead a chur ar fáil ar son bóithre a fheabhsú. Tá príomhbhóthair i nGaeltacht Mhúscraí agus nuair a bhíonn tú ag imeacht ó Chorcaigh go Trá Lí nó ó Chorcaigh go Cill Áirne chomh luath is a thagann tú isteach ó Chorcaigh go dtí teorainn na Gaeltachta tá an bóthar go dona agus an-olc. Chomh luath is a thagann tú isteach más rud é go bhfuil tú ag teacht ó Chiarraí go dtí teorainn na Gaeltachta ní bheidh aon chomharthaí bóithre ná aon rud eile curtha suas ann. Tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil tú sa Ghaeltacht mar níl pingin caite ar an mbóthar sin agus tá go leor airgid caite ar na bóithre ag gach taobh díobh. Do luaigh mé é seo anuraidh agus ní fheicim go bhfuil aon airgead curtha ar fáil i mbliana i gcóir an deisiúcháin seo, gan bacaint leis na bóithre príobháideacha. Bhíodh deontais le fáil chun iad seo a dheisiú thar na blianta agus tá deireadh curtha leis sin chomh maith. Nuair a cuireadh an deontas seo ar fáil chabhraigh sé go mór le muintir na Gaeltachta mar bhíodh na feirmeoirí beaga ag obair ar na bóithre seo chun iad a fheabhsú agus iad a leathnú agus do chaithidís an geimhreadh ag obair ar chúpla ceann de na bóithre seo in áiteanna chun tuarastal a thuilleamh.

Tá áthas orm gur thug an tAire cúpla pingin breise do na mná tí a bhí ag coimeád na ndaltaí ag na cúrsaí samhraidh. Ach bhí mé ag féachaint amach an raibh aon phingin in aon chor á chaitheamh ar na coláistí samhraidh chun cabhrú leo sna cúrsaí teagaisc, chun na mná tí a íoc agus chun na múinteoirí a íoc. Os rud é nach bhfuil aon chabhair in aon chor á tabhairt i mbliana dóibh siúd is é an t-aon rud amháin atá fágtha ag na coláistí samhraidh le déanamh ná breis airgid a lorg ó na tuismitheoirí agus nuair a dhéantar é seo ins an tslí ina bhfuil rudaí faoi láthair tá roinnt mhaith de na tuismitheoirí nach bhfuil aon abair acu agus níl aon teacht isteach acu ach andole. Níl aon rud fágtha acu ach na leanaí a choimeád sa bhaile mar ní féidir leo an saghas airgid atá ag teastáil a chur suas ná a dhíol do na colaístí samhraidh. Dá bhrí sin níl na leanaí ag foghlaim na Gaeilge ná ag teacht go dtí na Gaeltachtaí mar ba cheart dóibh. Is mór an trua go bhfuil an saghas rud seo ag tarlú agus do bheinn ag fiafraí den Aire an ndéanfaidh sé féachaint eile a thabhairt air agus roinnt airgid a chur ar fáil do na coláistí samhraidh nó deontas a thabhairt dóibh.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire. Nuair a bhí ceapacháin á ndéanamh sa Státseirbhís thar na blianta bhí timpeall 10 faoin gcéad de na háiteanna curtha i leataobh do mhuintir na Gaeltachta. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire an bhfuil an tseirbhís seo á fáil ag muintir na Gaeltachta ar feadh an ama nó an bhfuil an spás sin ann dóibh. Ceist eile a mhaith liom a fhiafraí de ná cén fáth nach bhfuil na státseirbhísigh atá ag obair i nGaeltacht Chorcaí ag fáil an aitheantais chéanna is atá á fháil ag státseirbhísigh sa phost céanna i nGaeltachtaí eile. Tá Gaeltacht Mhúscraí, nó Gaeltacht Chorcaí in iomlán níos lú ná na cinn eile agus níl an teacht isteach céanna á fháil acu is atá á fháil ag daoine a bhfuil an post céanna acu i nGaeltachtaí eile.

Nuair a bhíonn státseirbhísigh á gceapadh don Ghaeltacht is dóigh liomsa nach bhfuil dóthain béime á cur ar an nGaeilge. An bhfuil na státseirbhísigh seo atá ceapaithe sásta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le muintir na Gaeltachta nuair a bhuaileann siad leo? Mar is é a mhalairt de scéal atá againne i gCorcaigh. Tá daoine ceapaithe le déanaí sa státseirbhís ar imeall na Gaeltachta agus nuair a bhuaileann siad seo le muintir na Gaeltachta bíonn siad ag tabhairt íde béil dóibh nó ag tabhairt fúthu nuair nach labhraíonn muintir na Gaeltachta leo as Béarla. Is náireach an scéal é sin mar gan dabht ar domhan sna Gaeltachtaí tá muintir na Gaeltachta, nó mórán acu, go mbfhearr leo, agus go dtiochfadh sé i bhfad níos fusa orthu, a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Más rud é go bhfuil státseirbhísigh ceapaithe agus ag dul isteach sna Gaeltachtaí agus ar imeall na nGaeltachtaí agus an saghas rud seo ar siúl acu is náireach an scéal é agus is dóigh liom gurb é tosach an deiridh é do mhuintir na Gaeltachta.

Os rud é nach bhfuil deontais bhreise le fáil ag coláistí samhraidh, bhí moladh le déanamh agam ansan — b'fhéidir go bhfuil sé déanta ag roinnt eile — go ndéanfadh an tAire féachaint ar an moladh seo maidir leis na coláistí traenála a bhí sna Gaeltachtaí thar na blianta — bhí ceann i Múscraí, bhí ceann i nDaingean Uí Chúise, bhí ceann i nGaillimh nó cúpla ceann acu i dTír Chonaill. An mbeadh aon seans ann go n-osclófaí na coláistí traenála seo arís. Tá sé soiléir nach bhfuil an teanga chomh maith is ba cheart go mbeadh ag na múinteoirí bunscoile atá ag teacht amach ó dúnadh suas na coláistí seo. B'fhéidir nach aon díobháil dá dtabharfaí ar ais iad arís sna Gaeltachtaí. Bheadh siad ag bualadh le muintir na Gaeltachta an fhad is a bheadh siad ag caitheamh a dtréimhse traenála agus ag foghlaim na Gaeilge nuair a bheadh siad lasmuigh den choláiste, mar tá an Ghaeilge ag muintir na háite.

Chuir an cainteoir deireanach ansin ceist mar gheall ar théacsleabhair agus a leithéid sna scoileanna, ach tá rud amháin nach féidir liom a thuiscint, cén fáth go bhfuil na téacslabhair Ghaeilge seo clóbhuailte i Sasana? Tá roinnt acu clóbhuailte i Sasana agus gan dabht ar domhan tá deontais faighte ag daoine chun an obair seo clóbhuailte a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus tá siad ag tabhairt fostaíocht do mhuintir na Gaeltachta agus is mór an trua é agus is mór an náire nuair a chífeá leabhar Gaeilge agus é clóbhuailte i Sasana.

Ag imeacht go dtí tithíocht, tá áthas orm gur thug an tAire deontas breise i gcomhair tithe nua sa Ghaeltacht agus cuirimid fáilte roimhe. Tá ceist eile anseo i dtaobh feabhsúcháin — deontais i gcomhair tithe a fheabhsú. Nuair a chuireann duine ón nGaeltacht iarratas isteach go dtí Roinn na Gaeltachta i gcomhair feabhsúcháin, más rud é nach n-éiríonn leis an deontas a fháil ó Roinn na Gaeltachta, b'fhéidir go mbeadh roinnt den obair tosnaithe aige sula bhfaigheadh sé amach nach bhfuil éirithe leis an deontas a fháil. An rud go mbeinnse ag fiafraí faoi ná nuair a chuirreann sé isteach iarratas go dtí an Roinn Comhshaoil deirtear leis: "Tá tú déanach. Bhí an obair tosnaithe agat. Ní féidir linn an deontas a thabhairt duit ón Roinn Comhshaoil". An mbeadh aon seans go ndéanfadh an t-iarratas amháin an gnó? Nuair a thagann an cigire nó an t-innealtóir amach ó Roinn na Gaeltachta feiceann sé an teach sula mbíonn aon rud déanta in aon chor leis agus d'fhéadhfadh an t-innealtóir amháin an job a dhéanamh. D'iarrfainn ar an Aire féachaint isteach sa scéal seo.

Mar gheall ar an Údarás agus Bord an Údaráis, is trua nach bhfuil níos mó daoine ceaptha ón Ghaeltacht ar an mbord seo. Faoi láthair is státseirbhísigh, seisear acu, atá ceaptha i dteannta iad siúd atá tofa ag muintir na Gaeltachta. Má leanann an saghas seo rud ar aghaidh, ní bheidh puinn maitheasa san Údarás mar más státseirbhísigh a bheidh ag plé gnó i leith fostaíochta nó deontais, ní bheidh fostaíocht ná deontais á chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. An rud a thuig mé nuair a bunaíodh an tÚdarás ná go mbeadh muintir na Gaeltachta ag labhairt ar a son féin, agus leis na ceapacháin atá déanta le haghaidh sé mhí nó go dtí deireadh na bliana, is státseirbhísigh atá curtha isteach.

Ba mhaith liom dá dtógfadh an tAire cúpla ceann de na pointí sin agus rudaí a dhéanamh a rachadh chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. Tá súil agam gur ar son na Gaeilge a bhímid ag obair le chéile anseo. Níl aon dabht ná go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag déanamh job an-mhaith agus dá mbeadh níos mó de na cláracha teilifíse i nGaeilge, thiocfadh feabhas mór ar staid na teanga. Ba cheart an leathuair an chloig nó mar sin a thugtar don Ghaeilge a leathnú amach go cúpla uair an chloig ar a laghad. Tá súil agam nuair a bhunófar teilifís na Gaeltachta go mbeidh sé sin ar fáil ag muintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an Aire, Pádraig Ó Tuathail, as an Meastachán seo a chur os comhair na Dála. Tá airgead nach beag á chur ar fáil ann d'ainneoin na ndeacrachtaí airgeadais atá againn i láthair na huaire. Beagnach £19 milliún atá á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge. Thar na mblianta, tá infheistíocht mhaith déanta leis an airgead seo ón taobh shóisialta de gan trácht ar an bhfostaíocht atá cruthaithe agus an fhorbairt atá déanta ar fud na Gaeltachta.

Maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht is breá a fheiceáil go bhfuil méadú tagtha ar an líon daoine atá fostaithe go lán-aimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Ag deireadh 1984 bhí suas le 4,400 daoine fostaithe ann. Is toradh maith é sin ag féachaint don chúlú eacnamaíochta agus go háirithe ag féachaint go bhfuil postanna á gcailliúint i réimsí eile sa tír. Maidir leis na tionscail a fhaigheann airgead ón Údarás, measaim gurb iad na tionscail is fearr a oireann don Ghaeltacht ná na cinn atá beag agus a chuireann earraí d'ard-chaighdeán ar fáil. Déanaim comhghairdeas le Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag dul sa treo cheart agus go bhfuil an dul chun cinn seo á thógaint san áir eamh ina gcuid pleananna.

Bhí a lán droch-phoiblíocht faigthe faoi Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta le blianta fada. Tá cosúlacht ar an scéal go mbíonn níos móprima donnas ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ná in áit ar bith eile sa Stát. Nach féidir leis na fórsaí go léir a bhfuil na haidhmeanna céanna acu teacht le chéile go síochánta agus a gcuid pleananna a chur i gcrích de réir Building on Reality.

I congratulate the Minister. I decided to speak on this Estimate because there is a need for goodwill towards the language and the Gaeltacht. We have come through a period during which there has been considerable controversy and various upheavals. Deputy Denis Gallagher wanted an explanation for all the problems that have arisen in the Gaeltacht and in Údarás na Gaeltachta. All these complaints are making it much more difficult to retain the language and keep the Gaeltacht together.

That is right.

He spoke about the success of small industries in the Gaeltacht, saying they would now be under siege because of the change in IDA policy. Industries in the Gaeltacht have nothing to fear because they have proved to be efficient and their products are of high quality. The Government are giving them a further opportunity through the venture capital provisions in the Finance Bill. We should encourage the extension of the provisions made by the Minister allowing relatives to invest in family businesses and take advantage of the tax free allowances available. People from the Gaeltacht who have relatives in any part of the country will encourage them to come back.

The people in the Gaeltacht have shown a particular resilience. Politicians have not been successful in that area because they have spent too much time grousing about it. There is also a problem regarding the retention of the Irish language. The Action Plan for Irish published by Bord na Gaeilge for 1983-86 set out in detail a programme for that period and many items have already been implemented. However, the plan is too ambitious and I do not think the people who drew it up took account of the economic situation and the financial restrictions. You must cut your cloth according to your measure.

In "Trom agus Eadrom", Liam Ó Murchú set out to create goodwill towards the Irish language and had great success in that regard. I know an tAire has placed confidence in Bord na Gaeilge and he reappointed Seán Ó Tuama as chairman. Professor Ó Tuama teaches Irish in University College, Cork, but he is very ambitious and some of his criticisms are personal. In an article inAnois a couple of weeks ago, when referring to the Irish language and the plan, he was far too political and I do not think that will help the language.

Another problem is that anything connected with the Gaeltacht is in bits and pieces in various Departments. One section is in the Department of Education, another in the Department of the Environment and major cultural bodies such as Comhaltas Ceoltoírí Éireann are operating outside Roinn na Gaeltachta. The Minister should consider ways in which to take on board Comhaltas Ceoltoírí and the GAA, who are trying to preserve our national culture which is going downhill. From time to time I made representations to the Minister for Finance regarding the position of VAT on hurleys as hurling is a national game which should be preserved, and that starts with our youth. Roinn na Gaeltachta should be involved in some way with Cumann Luithchleas Gael and some aid should be given to the GAA to reduce the cost of hurleys. We will have to have a rethink regarding our national culture to see what improvements can be made.

It is a long time since I spoke in Irish and I am afraid I did not make a very good job of it but I will try harder in future. I will make a contribution in Irish in the House in future because if we do not make an effort in this House we cannot expect the nation to follow.

Is féidir leis an Chathaoir a rá gur thug an Teachta dea-shampla ar a laghad sa mhéid go ndearna sé iarracht.

Ní féidir an Ghaeilge a aithbheochaint gan í a labhairt. Tá a bheag nó a mhór Gaeilge ag furmhór mór muintir na hÉireann faoi láthair ach cé is moite de scaifte beag de dhaoine díograiseacha is beag Gaeilge atá le cloisteáil. Tá fáthanna éagsúla leis sin, ceann amháin díobh nach bhfuilmuid ag tabhairt dea-shampla sa Dáil nó sa tSeanad do phobal na hÉireann i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe. Tá mé measartha cinnte dá gcuirfeá ceist ar Theachta Dála ar bith faoina dhearcadh i leith na Gaeilge go n-abródh sé nó sí, go rabhthas go mór i bhfabhar leis an nGaeilge, go raibh grá acu don teanga dhúchais agus go raibh siad sásta rud ar bith a dtiocfadh leo a dhéanamh le cúis na Gaeilge a chur chun tosaigh. Thiocfadh leis sin uilig a bheith fíor; ach, má tá, is beagán toradh atá le feicsint mar 'sé fírinne an scéil nach labhartar Gaeilge ach go fíor-annamh sa Teach seo agus is beag Gaeilge a chloistear san fhoirgneamh ar a dtugtar Teach Laighean air.

Fad agus atá an scéal mar sin is beag iontaobh a thig le muintir na Gaeltachta a bheith acu as dáiríreacht lucht na Dála agus caithfidh gur ábhar dímhisnigh dóibh gur mar sin atá. Nuair atá ábhar mar seo á phlé againn sa Dáil labhartar Gaeilge de ghnáth agus is mar sin is ceart dó a bheith. Ach más é an t-aon am amháin a labhartar Gaeilge sa Dáil ná nuair atá cúrsaí na Gaeilge nó na Gaeltachta á phlé sé atá á dhéanamh againn nó go bhfuilmuid ag cur na Gaeilge i saghas ghetto agus ag taispeáint don saol gurbh é ár mbarúil nach bhfuil ár dteanga dhúchais sásúil do ghnáth obair na Dála a phlé.

Gléas cumarsáide is ea an Ghaeilge agus is ceart ábhair éagsúla a phlé trí mheán na Gaeilge agus an Ghaeilge a úsáid san dóigh céanna ina n-úsáidtear Béarla. Dá mbeadh sé sin á dhéanamh againn is mór an tógáil chroí a thabharfadh sé do mhuintir na Gaeltachta agus tá mé cinnte go dtiocfadh borradh agus fás i gcúrsaí na teangan sa Ghaeltacht féin dá bharr, rud atá a dhíth go géar i láthair na huaire. Tá súil agam go dtiocfaidh moltaí fónta ón choiste úr idirphairtí atá bunaithe agus go gcuirfear i gcrích iad. Bhí an t-am ann nuair a ghlac furmhór den phobal le teagasc Dubhglas de hÍde. Ní mar sin atá an scéal anois. Ní féidir a ghlacadh leis go dtuigeann an gnáthdhuine ná an polaiteoir ná fiú an múinteoir féin tábhacht na Gaeilge don náisiún. Is gá é a athmhíniú. Ní mór teagasc bunúsach a thabhairt arís. Ní leor seanmóirí i nGaeilge don bhfíreán.

Sí an Ghaeilge ár dteanga dhúchais. Bhí sí mar mheán cumarsáide ag muintir na hÉireann i bhfad sula raibh Béarla ina mheán cumarsáide fiú i Sasana féin. Tá sí ar an ghné is tábhachtaí dár gcultúr agus chuidigh sí le muintir na tíre seo a mhúnlú ina n-aonad mar náisiún. Ins an lá atá inniu ann tá an Ghaeilge i mbaol agus tá mé féin den bharúil go gcaithfidh an ghlúin seo í a shábháil nó go gcaillfear go deo í. Bá mhór an chúis náire dúinne mar Éireannaigh dá gcaillfí an Ghaeilge i ndiaidh í a bheith ann mar mheán cumarsáide sa tír seo ar feadh níos mó ná dhá mhíle bliain.

Níl aon dabht ann ná gurb í an Ghaeltacht an ghné is tábhachtaí i leith athbheochan na teangan. Gan an Ghaeltacht a bheith ann i mo bharúilse bheadh sé fánach againn a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus ar an ábhar sin tá sé thar a bheith tábhachtach ní hamháin an Ghaeltacht a choinneáil ina haonad beo, ach gach rud is féidir a dhéanamh lena neartú agus a leathnú. Féach mar a labhraíonn daoine Eabhrais in Iosrael.

Mar a dúirt mé cheana féin tá an Ghaeltacht i mbaol. Tá roinnt mhaith teaghlach sa Ghaeltacht nach bhfuil ag tógáil a gclann le Gaeilge agus de réir mar a chloisim tá a leath de na páistí atá ag freastal ar na bunscoileanna sa Ghaeltacht nach bhfuil an deontas £10 á fháil acu. Is tubaisteach an rud é sin. Blianta ó shoin nuair a chuir mé aithne ar an Ghaeltacht den chéad uair bheadh sé dochreidte go dtarlódh a leithéid. Ach tá sé sofheicthe anois má leanann an scéal mar atá nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha. Tá sé iontach tábhachtach mar sin go ndéanfaí an cheist a iniúchadh go mion le teacht ar na príomhfháthanna go bhfuil an scéal amhlaidh agus ansin ár n-iarrachtaí a dhíriú ar na fadhbanna a shárú agus sin uilig a dhéanamh gan mórán moille.

Deirtear go bhfuil an dearcadh ag roinnt mhaith daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht go bhfuil an Béarla níos tábhachtaí ná an Ghaeilge agus gur sin ceann de na fáthanna go bhfuil meath ag teacht ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ní thiocfadh milleán ar bith a chur orthu más mar sin atá mar ní fheiceann siad thart orthu sa tír i gcoitinne ach Béarla ar fad, fógraí as Béarla, foirmeacha iarratais as Béarla, an dlí ag feidhmiú go minic as Béarla, Béarla amháin ag roinnt mhaith bainisteoirí monarcan, Béarla amháin, beagnach ar RTÉ go mór mhór ar bhealach a dó, fíorbheagán Gaeilge ins na nuachtáin, agus Béarla ina lán lán áiteanna eile nach iad, agus mar a dúirt mé cheana féin Béarla ar fad, chóir a bheith, sa Teach seo. Caithfear mar sin tréaniarracht a dhéanamh le tábhacht na teangan a chur ina luí ar mhuintir na Gaeltachta arís — ní trí phlámás ná trí sheanmóirí ach trí dheashampla a thabhairt agus trí na háiseanna uilig a chur ar fáil dóibh atá de dhíth lena saol a reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge, a chinntiú go mbeidh ar a gcumas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Ranna Stáit agus le Comhairlí áitiúla agus sin a dhéanamh cionn is gur sin a gceart. Agus a chinntiú go bhfaighidh siad foirmeacha iarratais i nGaeilge mar cheart agus nach mbeidh orthu iad a iarraidh tar éis foirm i mBéarla a dhiúltú. Agus a chinntiú go mbeidh siad ábalta a dhul isteach i gcúirt dlí agus a gcás a phlé trí Ghaeilge amháin, ní trí theangaire, cionn is nach bhfuil, b'fhéidir, Gaeilge ag an ngúistís nó an ag an mbreitheamh.

Bhí mé i gcónaí den bharúil — tá mé fós den bharúil — go gaicthfear tréaniarracht a dhéanamh le hobair a chur ar fáil sa Ghaeltacht do mhuintir na Gaeltachta. Sin é an fáth gur chuir mé tús le feachtas mór tionsclaíochta nuair a bhí mé i mbun Roinn na Gaeltachta agus gur cuireadh tús den chéad uair sa tír seo leis na deontaisí do dhéantúis bheaga. Bunaíodh ag an am sin mar rud amháin an tEastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair, rud a ba chúis leis na sluaite de mhuintir Ghaoth Dobhair a theacht abhaile arís ó Albain agus ó Shasana. Ní hamháin gur chuidigh na déantúis úra seo le hobair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ach cuidigh siad go mór le hathrú meoin sa Ghaeltacht. Roimhe sin ní raibh ag na fir sa Ghaeltacht ach an imirce le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann, agus as sin d'fhás an dearcadh sa Ghaeltacht narbh fhiú fear ar bith d'fan sa bhaile. Is cuimhin liom go maith teacht ar an dearcadh sin blianta fada ó shoin. Nuair a cuireadh na monarchana nua ar bun, afach, tháinig athrú air sin agus ní hé amháin gur fhan na fir óga agus na mná óga sa bhaile ach tháinig daoine ón cheantar agus a gclann, a bhí tar éis cur fúthu in Albain agus i Sasana, 'na' bhaile agus chuaigh siad i mbun oibre sa bhaile.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir go ndearna na monarchana nua seo dochar don Ghaeilge, gur Béarla a bhí ar siúl ag an lucht bainistíochta. I cuimhin liom gur dúradh sin liom ag an am ach an freagra a bhí agamsa ná go raibh laghdú mór ag teacht ar an líon daoine sa Ghaeltacht cheal oibre agus muna raibh muid sásta obair a chur ar fáil dóibh nach mbeadh daoine ann le teanga de chineál ar bith a labhairt. Ag an am chéanna, thuig mé na deacrachtaí agus ba í an aidhm a bhí agam ná cúrsaí speisialta a chur ar bun do dhaoine a bhí fóirsteaneach don bhainisteoireacht agus do theicneoirí i dtreo is go mbeadh ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl mé sásta ar chor an bith leis an méid atá déanta fá dtaobh de seo agus nuair a rinne mé fiosrú ar na mallaibh faoi caithfidh mé a rá nach raibh mé sásta leis an méid atá á dhéanamh faoi láthair. Ba cheart an cheist seo a iniúchadh le fáil amach cad iad na cúrsaí atá ar fáil, cé méid úsáid atá á bhaint astu ag na déantúisí dá dteicneoirí agus dá mbainisteoirí. Dé réir mar is eol dom is beag é. Ar an ábhar sin, ba cheart anois díreach níos mó cuidiú a thabhairt san limistéar sin, agus a chur in iúl do na teicneoirí agus do na bainisteoirí cá háit a bhfuil na cúrsaí ar fáil agus a mholadh dóibh úsáid a bhaint astu. Muna ndéantar sin agus má leantar le córas ina bhfuil Gaeilge mar mheán cumarsáide ag na hoibrithe agus Béarla ag na daoine atá os a gcionn ní fada nach mbeidh Gaeilge ar bith á labhairt. Tá sé seo práinneach agus ba mhaith liom a chlos ón Aire caidé tá beartaithe aige leis an fhadhb seo a réiteach.

Ní shílim go bhfuil go leor á dhéanamh sa Ghaeltacht le súile na ndaoine a dhíriú ar an gcuidiú atá le fáil ón Stát nó ó Údarás na Gaeltachta do dhaoine ar mian leo tús a chur lena ngnó féin. Ós rud é gur cuireadh tús blianta ó shin leis na deontais do dhéantúis bheaga sa Ghaeltacht ba chóir go mbeadh feidhm ar dóigh á bhaint as na deontaisí sin anois.

Dúradh cuid mhaith faoi Údarás na Gaeltachta ar na mallaibh agus ar an ábhar sin ní abróidh mé mórán fá dtaobh de ach seo. Bhí dhá aidhm ag Gaeltarra Éireann, an comhlacht a bhí ann roimh Údarás na Gaeltachta, agus is dócha go bhfuil an dá aidhm chéanna ag Údarás na Gaeltachta, b'shin an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a leathnú sa Ghaeltacht agus an tionsclaíocht a fhorbairt sa Ghaeltacht. Ag glacadh na deacrachtaí ollmhora a bhí, agus atá, ann i leith na déantúsaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht, caithfear a adhmháil go dearnadh obair fiúntach sa limistéir sin. Tá a fhios agam gur theip ar roinnt de na déantúis ach theip ar dhéantúis in áiteacha eile faoin tír fosta. D'éirigh go maith le cuid de na deantúis a bunaíodh sa Ghaeltacht agus ar a laghad tig linn a rá go bhfuil a lán daoine ag obair sa Ghaeltacht faoi láthair nach mbeadh ag obair ann murach an méid a rinneadh leis an tionsclaíocht a fhorbairt ann. Ar an taobh eile dhe, caithfidh mé a rá gur ar éigin a rinneadh mórán fá dtaobh den chéad aidhm. Tá sé le tuigbheáil go mbeadh an aird is mó dírithe ar na tionscail, ach más é an aidhm a bhí ann an Gaeilge a chothú agus a láidriú, ba chóir go mbeadh tosaíocht ag an aidhm sin. Sa mhéid atá ráite agam cheana féin thug mé roinnt moltaí a shílim a bheadh ina gcuidiú leis an chéad aidhm a chur i gcrích.

Dúirt me cheana féin go raibh laghdú tagtha ar an méid teaghlach atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge. Ceann de na fáthanna atá leis sin ná go bhfuil tuismitheoirí ann ar bheagán Gaeilge. D'imigh, mar is eol dúinn, a lán lán de mhuintir na Gaeltachta thar lear. Phós siad ansin, i Sasana, in Albain nó san Oileán Úr agus tháinig siad ar ais 'na' bhaile, an fear nó an bhean gan Ghaeilge, nó b'fhéidir an clann gan Ghaeilge.

I gcásanna mar seo ba cheart go mbeadh áiseanna ar fáil a chuideodh leis an tuismitheoir nó leis na tuismitheoirí an Ghaeilge a fhoghlaim, ach go cinnte ba cheart go mbeadh áiseanna oideachais ann do pháistí dhá bhliain is trí bliana d'aois gan Ghaeilge, na háiseanna sin curtha ar fáil ag an Stát saor in aisce sa Ghaeltacht. Tá áiseanna mar seo fíorthábhachtach agus má tá na figiúirí atá agam ceart — sé sin go bhfuil 50 faoin gcéad de na páistí ins na bunscoileanna sa Ghaeltacht nach bhfuil an deontas £10 á fháil acu — tá sé soiléir chomh tábhachtach atá sé na háiseanna sin a bheith ar fáil. Blianta ó shoin nuair a thug me cuairt ar an Bhreatain Bheag le fáil amach caidé mar bhí staid na Breathnaise sa tír sin dúradh liom go raibh an Bhreathnais i mbaol i mbunscoil ar bith ina raibh trian de na daltaí ag labhairt Béarla mar mheán cumasáide. Taispeánann sé sin chomh tábhachtach agus chomh práinneach atá sé tabhairt faoi chabhair a thabhairt do thuismitheoirí agus do pháistí sa Ghaeltacht nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Ba mhaith liom dá n-inseodh an tAire dom nuair atá sé ag tabhairt freagra ar an díospóireacht seo cé acu an bhfuil gach bunscoil sa Ghaeltacht ina scoil lán-Ghaelach — sé sin le rá scoil ina bhfuil na hábhair uilig á dteagasc trí mheán na Gaeilge amháin ach amhain an Béarla — nó an bhfuil scoil ar bith ann nach bhfuil na hábhair uilig á dteagasc trí mheán na Gaeilge. I mo bharúilse, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh gach scoil sa Ghaeltacht ina scoil lán-Ghaelach. Fiú más ga níos mó airgid a chaitheamh air, caithfear áiseanna níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta i leith iarbhunoideachais, agus chomh fada agus is féidir é, sin a chur ar fáil sa Ghaeltacht féin. Bhí mé ag fiosrú faoi na cúrsaí a bhí á dteagasc trí mheán na Gaeilge ins na coláistí réigiúnacha, go háirithe ins na coláistí atá ag freastal ar na Gaeltachtaí éagsúla agus caithfidh mé a rá go raibh mé iontach buartha faoina laghad a bhí á dhéanamh. Fiú mura bhfuil na gnótha seo faoi chúram Aire na Gaeltachta ba cheart dó é a iniúchadh agus dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais faoi. Mar a dúirt mé cheana féin, is beag ama atá fágtha againn.

Tá sé de chúram ar RTÉ, de réir dlí, freastal a dhéanamh ar an Ghaeilge lena caomhnú agus a neartú. Ní féidir a rá go bhfuil sin á dhéanamh. Tá sé deacair a thuigbheáil mar tá aithne agam ar roinnt de na baill atá ar an Údarás agus tá a fhios agam go bhfuil siad seo go mór i bhfách leis an teanga agus gur mhaith leo dá mbeadh an teanga á labhairt go forleathan ar fud na tíre. Más mar sin an scéal, caithfidh go bhfuil neamairt á dhéanamh faoin Ghaeilge ag leibhéal éigin eile agus is ceart an cheist seo a scrúdú agus iarracht a dhéanamh ar dhearcadh níos fearr i leith na Gaeilge a chothú ag an leibhéal sin.

Is cuimhin liom blianta fada ó shin nuair a bhí Bille RTÉ ag gabháil tríd an Dáil gur aithin mé, go mór mhór ar chósta thoir na hÉireann, dá mbeimís ag lorg barraíocht cláracha teilifíse i nGaeilge gurb é an rud a tharlódh ná go dtiontódh daoine go cláracha ar BBC nó ITV agus nach gcuideodh sé sin linn ár gcultúr féin a choinneáilt beo, ach níor shíl mé ag an am a laghad cláracha teilifíse Gaeilge a bheadh ar RTÉ 20 bliain ina dhiadh sin. Caithfidh mé a admháil go bhfuil cláracha fiúntacha as Gaeilge ar RTÉ ach níl go leor díobh ann agus ós rud é gur ar an Ghaeltacht atá muid ag caint inniu caithfidh mé a rá nach bhfuil freastal mar is ceart á dhéanamh ag RTÉ ar mhuintir na Gaeltachta.

Tá tionchar ollmhór ag an teilifís ar dhaoine i gcoitinne agus ar an ábhar sin tá, i mo bharúilse, dochar thar cuimse á dhéanamh don teanga sa Ghaeltacht nuair nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh ag RTE ar an Ghaeltacht. Ní amháin sin, ach i nGaeltacht Thír Chonaill tá BBC agus ITV le fáil gan deacracht ar bith. Bhí mé iontach buartha nuair a bhí mé i nGaeltacht Thír Chonaill ar na mallaibh agus nuair a chonaic mé an teilifís i ngach teach agus cláracha Béarla amháin ar fáil ag na daoine ansin. I dtithe ina mbíodh na seanchaithe tamall beag de bhlianta ó shoin, tithe nach raibh focal Béarla le clos riamh iontu, caidé bhí iontu anois ach an bosca sa chúinne ag stealladh Béarla ar fud an tí. Ní ar mhuintir an tí a bhí an locht ach orainne nach bhfuil ag comhlíonadh ár ndualgaisí dófa.

Dúirt mé cheana féin nach bhfuil go leor cláracha Gaeilge ar RTÉ do lucht na Gaeilge ar fud na tíre, gan tagairt don Ghaeltacht. Leis an fhírinne a rá ní bheidh go leor cláracha ar RTÉ go ceann i bhfad le freastal ar mhuintir na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh níos mó cláracha Gaeilge ar RTÉ ach sé mo bharúil nach é sin réiteach na faidhbe. Caithfear teilifís áitiúil, agus cláracha Gaeilge ar fad air, a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Aithníonn achan duine anois gur ceann de na céimeanna ar aghaidh is fiúntaí riamh a chuidigh leis an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht ná bunú Raidió na Gaeltachta; éisteann achan duine leis sna Gaeltachtaí éagsúla. Is cuimhin liom am amháin nuair a bhí duine ag teacht go dtí an Ghaeltacht le labhairt ag cruinniú agus nuair nach raibh mórán ama agam scéal a chur thart fá dtaobh de, d'fhiafraigh mé de mhuintir na háite caidé a thiocfadh liom a dhéanamh. Cuireadh ceist orm an mbeadh tagairt don rud ar Raidió na Gaeltachta agus nuair a dúirt mé go mbeadh, dúradh liom nár ghá dom a thuilleadh a dhéanamh, go mbeadh fios an scéil ag achan duine, rud a bhí. Más mar sin atá, nach bhfuil sé soiléir gur mór an rud ar fad é teilifís dá gcuid féin a bheith ag muintir na Gaeltachta. Tá sé indéanta agus níl a dhíth anois ach an toil a bheith ag an Rialtas agus ag RTÉ an gníomh sin a cur i gcrích.

Bhí agus tá na coláistí Gaeilge ina chuidiú mhór do mhuintir na Gaeltachta. Chuidigh an teacht isteach uathu leis na mná tí. B'ionann is feachtas turasóireachta é na sluaite páistí ag teacht ó gach aird den tír leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Ba chineálta agus ba dheas a bhí muintir na Gaeltachta leo agus ba mhór mar a chuidigh siad leis na daoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt ar dhóigh taitneamhach. De réir mar is eol dom nil an oiread céanna daoine óga ag tarraingt ar an Ghaeltacht agus a bhíodh. Ceann de na fáthanna atá leis sin ceapaim, ná go bhfuil sé ag éirí róchostasach agus ar an ábhar sin mholfainn don Aire agus don Rialtas níos mó airgid a chur ar fáil i dtreo is go dtiocfadh leis na coláistí na táillí a ísliú. B'fhiú go mór é, agus tá mé cinnte dá ndéanfaí é, go rachadh sé chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta agus do chúis na Gaeilge go ginearálta ar fud na tíre. Mar a dúirt mé cheana féin is mór an cuidiú na coláistí Gaeilge le hairgead a chur ar fáil ins na ceantair Ghaeltachta sa Samhradh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach gur Gaeilge amháin a labharfadh na daltaí a bheas ag freastal ar na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir go ndéanfadh sé dochar thar cuimse dá rachadh na mílte páiste go dtí an Ghaeltacht agus Béarla á labhairt acu. Tá riail an Bhéarla ag na coláistí uilig agus tá sé ráite ins na billeoga go gcuirfear duine ar bith de na scoláirí a labhródh Béarla 'na bhaile agus nach ceart do thuismitheoirí ar bith scoláirí a chur go dtí an Ghaeltacht nach raibh sásta an riail sin a choinneáil. Tá mé den bharúil go bhfuil cuid de na coláistí nach bhfuil ag coinneáil súil mar is ceart ar an ngné sin faoi láthair, go bhfuil siad ag glacadh le scoláirí nach bhfuil caighdeán na Gaeilge sách ard acu i dtreo is go mbeadh siad ábalta an riail a luaigh mé a choinneáil. Ba mhaith liom a iarraidh ar lucht stiúrtha na gcoláistí sin a bheith níos cúramaí fá dtaobh de seo. Bhí mé im Rúnaí i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste ar feadh na mblianta. Tuigim chomh tábhachtach is atá an riail sin i leith na Gaeilge agus fiú ndáiríribh don scoláire chomh maith agus sílim go dtuigeann achan duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht chomh maith é.

Bhí an-áthas orm agus ba mhór an onóir dom é a bheith i láthair ag an gcomóradh caoga bliain i Ráth Cairn i gContae na Mí ar na mallaibh. Tá sé caoga bliain ó shin ó tháinig daoine ón nGaeltacht go dtí Contae na Mí den chéad uair. Ba as Gaeltacht Chonamara formhór mór na ndaoine a tháinig go dtí Ráth Cairn. D'fhág siad a gceantair dhúchais ag an am, iad brónach ag fágáil slán ag a gcomharsain agus leis an áit inar rugadh agus a tógadh iad, ach diaidh ar ndiaidh ghlac siad leis an áit úr agus glac an áit úr leo. Tá moladh mór ag dul dóibh as ucht chomh dílis is a bhí siad don teanga — agus an lá atá inniu ann tá an Ghaeilge á labhairt go líofa ar fud a cheantair agus tá an dul-chun-cinn déanta ag muintir na Gaeltachta sin. Nuair a bhí mé im Rúnaí Parlaiminte d'Aire na Gaeltachta iarradh orm lán-aitheantas mar Ghaeltacht a thabhairt do Ráth Cairn. Bhí argóint curtha ina éadan sin, mar nach dtiocfadh leat comparáid a dhéanamh eatarthu, cuir i gcás talamh na Mí agus talamh Chonamara. Ach shíl mise gurbh fhiú an gradam a thabhairt dófa, rud a rinne mé agus shíl mé go raibh sé saoithiúil gur dhúirt duine de na daoine sa cheantar liom an oíche a raibh mé ann go ndearna mé sin nuair, leis an fhírinne a insint, go raibh sé dearmata agam féin. Go mba fada buan muintir Gaeltachta Ráth Cairn. Ní haon ionadh gur dhúirt daoine a bhí i láthair gur trua nach raibh na céadta áiteacha cosúil leis ar fud na tíre.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom traoslú le Liam Tóín iar-Rúnaí Roinn na Gaeltachta. Rinne sé cion fir don Ghaeilge agus don Ghaeltacht fhad agus a bhí sé ina Rúnaí. Bhí an t-ádh orm go ndeachaigh mé isteach sa Roinn sin roinnt míosa i ndiaidh dó a bheith ceaptha ina Rúnaí. Bhí an bheirt againn an-óg agus an-díograiseach. Chuir muid atheagar ar Ghaeltarra Éireann agus chuir muid tús le ré úr tionsclaíochta sa Ghaeltacht. Chuir muid atheager ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ba dhuine é a bhí iontach díograiseach, a chaith cuid mhór dá chuid ama ins na Gaeltachtaí éagsúla i dtreo is go raibh aithne phearsanta ag a lán de mhuintir na Gaeltachta air, rud nach gnách i leith Rúnaithe Ranna Stáit. Ta súil agam go mbeidh am ar dóigh aige ar phinsean dó.

Éirím le heagla agus imní mar is é seo mo cheád iarracht ceist a phlé trí Ghaeilge. Tá náire orm a admháil nach bhfuil ach Gaeilge lag agam. Déanfaidh mé an-chuid dearmad ach déanfaidh mé mo dhicheall. Creidim, mar a dúirt an Teachta Donal Carey níos luaithe, gur cheart agus gur chóir daoine gan Gaeilge láidir dul isteach i ndíospóireacht ar an Mheastachán seo chun tábhacht na Gaeilge agus tábhacht na Gaeltachta a thaispeáint. Tá sé i gceist agam cúpla focal a rá faoi óg-eagrais Ghaeilge — ábhar go bhfuil a lán suim ag an Teachta Tunney ann — agus cúpla focal freisin ar chomhobair.

Baineann tabhacht faoi leith leis na hógeagrais Ghaeilge chun suim inár gcultúr féin a spreagadh sa ghlún óg. Tá súil agam go dtiocfaidh fás ar bhallraíocht agus ar ghníomhaíocht na n-eagras seo sna blianta atá romhainn. Athníonn an Rialtas tábhacht na n-ógeagras chun freastal ar óige na tíre. Is brea liomsa, mar Aire go bhfuil freagracht orm i dtaobh gnothaí óige, a rá go ndéanfaidh mé gach dícheall cás na n-ógeagras a throid ag bord an Rialtais. Tá a fhios agam go mbeadh chuile thacaíocht agam ó mo chara, Aire na Gaeltachta.

Mar Aire um Gnóthaí Óige tá cúram ar leith orm i dtaobh airgeadú Feachtas. Bunaíodh Feachtas in 1980. Ag deireadh na bliana sin bronnadh deontas Stáit air den chéad uair, deontas de £1,000. In 1984 fuair Feachtas £14,300. Cabhraíonn an deontas seo le fostú oibrí lán-aimseartha. Is fiú a rá freisin gur éirigh le Feachtas deontas a fháil atá i bhfad níos mó ná an deontas a fhaigheann aon eagras eile atá ar aon mhéid leis. Creidim go léiríonn é seo an tuiscint atá ag an Rialtas agus agam féin ar thábhacht na n-ógeagras Ghaeilge. Sar a gcríochnaím faoi Feachtas, inné i gCeisteanna bhíomar ag plé an choiste faoin Bhreitheamh Costello. Ar son an Fhreasúra cháin an Teachta Fahey an coiste sin. Ní dóigh liom go raibh sé ag tabhairt cothram na féinne don choiste. Ceapaim gur thuig siad go maith cé chomh tábhachtach is atá an teanga agus ár gcultúr. Ball an-éifeachtach den choiste sin ab ea iar-chathaoirleach Feachtas, sí sin Mary Hanafin.

Faigheann Ógras deontas ó Roinn na Gaeltachta ach ag an am céanna cuirim féin deontas speisíalta i leith fostaíochta oifigeach lán-aimseartha ar fáil dó. £7,000 a bhí i gceist i 1984. Is léir ó shin go bhfuil an Rialtas toilteanach tacaíocht faoi leith a thabhairt do aidhmeanna "Feachtas" agus "Ógras" agus go bhfuil iontaoibh againn gur féidir leo forbairt a dhéanamh anois agus amach anseo.

Mar is eol díbh go léir um an dtaca seo, tá sceim á reachtáil ag an Roinn Saothair chun fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga idir 17 agus 25 bliain d'aois. Tá an scéim ann le roinnt blianta ach ón uair a bunaíodh an tobhach fostaíochta don aos óg — is é sin the youth employment levy — tháinig méadú mór san airgead a bhí ar fáil. Chosain an scéim níos lú ná £1 milliúin in 1981 agus anuraidh tugadh amach níos mó ná £6 milliúin. Mar is eol díbh freisin, rinneadh roinnt eathruithe don scéim ag tús na bliana seo agus lainseáladh é faoin teideal nua "Comhobair" nó Teamwork.

Nuair a bhí oifigigh mo Roinne ag ullmhú na mbilleog eolais don scéim seo deineadh cinneadh don chéad uair ceapaim agus ag aon seasamh bunreachtúil na Gaeilge san áireamh, go ndéanfaidh na caipéisí seo a fhoilsiú go dhátheangach. Dar ndóigh, thug mé féin lán-tacaíocht don chinneadh seo. Bhí an Teachta Faulkner ag caint faoi fhoirmeacha iarratais níos luaithe agus ceapaim go mbeidh sé an-sásta leis an fhoirm seo — an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla.

Tá áthas orm a rá go bhfuil litir molta faighte ag mo Roinn ó Údarás na Gaeltachta de bharr an t-aitheantas atá tugtha don Ghaeilge sna billeoga eolais faoi "Comhobair". Is léir go bhfuil tóir faoi leith ar an scéim nua seo "Comhobair". Tá na hiarratais ag teacht isteach ar nós tuile mór ón uair a foilsíodh é i mí Éanair seo caite. Anuraidh fuair mé tuairim 700 iarratas. I mbliana dealraíonn sé go mbeidh suas le 1,800 againn roimh Nollaig. Is cúis sásaimh domsa a fheiscint go bhfuil roinnt maith eagras Gaeilge ag baint úsáid as "Comhobair" chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid aidhmeanna cultúrtha. Imeasc na n-eagras Gaeilge ar ceadaíodh deontas dóibh faoin scéim seo i mbliana tá Conradh na Gaeilge, Coiste Áitiúil an Oireachtais i gCorcaigh, Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus Feachtas.

Focal faoi Chonradh na Gaeilge. Tá deontas ceadaithe chun ocht dtimire agus maor a fhostú ar feadh sé mhí chun plean forbartha don Ghaeilge a chur chun cinn i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Beidh na fostaithe ag obair imeasc an phobail chun craobhacha den Chonradh agus an ógeagras "Ógras" a bhunú. Chomh maith leis sin déanfar Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí eile a eagrú chun deiseanna a chur ar fáil don phobal a gcuid Ghaeilge a úsáid agus a fheabhsú. Tá comórtas bliantúil ag Glór na nGael a aithníonn an baile is gníomhaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol laethúil. Bunaíodh an comórtas i 1971 faoi choimirce Chumann na Sagart agus imeasc na bpatrún don chomórtas tá Uachtarán na hÉireann, Dr. Hillery agus an Cáirdinéal Ó Fiaich. Ceann eile ná an Biúro Eorpach suite i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Tá sé deimhnithe ag an mbiúro na teangacha neamh-fhorleathana Comhphobail a chur chun cinn agus a chosaint agus tá deontas ceaptha chun beirt a fhostú ar feadh sé bliana ag déanamh obair oifige.

Freisin, ceadaíodh deontas eile i leith tionscal forbartha i gceantair Ghaeltachta agus san iomlán tá níos mó ná £140,000 ceaptha agam do scéimeanna go bhfuil dlúth-bhaint acu leis an nGaeltacht. Cé go bhfuil an-chuid iarratas ag teacht ba mhaith liom a rá le muintir na Gaeltachta go príomha agus le heagrais sa tír uilig, gur féidir le heagras ar bith a bhfuil bun-aidhmeanna sóisialta nó cultúrtha acu, cumann óige nó pobail, mar shampla, iarratas a chur isteach chun cabhair a fháil faoin scéim. Tá breis eolais faoi chomhobair le fáil ó mo Roinn, ón Rannóg Gnóthaí Óige.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom beagán a rá faoin nGaeilge. Is eol daoibh ar fad, is dócha, go bhfuil plean gníomhaíochta foilsithe ag Bord na Gaeilge chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Tá an Rialtas tar éis glacadh le moltaí an phlean seo. Ó thaobh na Roinne Saothar de agus go mór mhór an Rannóg Gnóthaí Óige ba mhaith liom a dhearbhú go bhfailtím roimh comhfhreagras i nGaeilge agus go ndéanfar freastal caoi ar a leithéid.

Is cuimhin liom go ndúirt mise anseo ar Mheastachán na Gaeltachta cúpla bliain ó shin agus mé i ngleic leis an Teachta Kelly go nglacaimse go daingean gurb í tábhacht na Gaeilge ná go ndéanfadh sé níos fearr mar Éireannaigh muid dá mbeadh sí againn go léir. Mura raibh an tuairim sin agam, ní bheadh an tsuim atá agam sa Ghaeilge agus ag iarraidh é sin a chruthú is é an chéad rud ba cheart dom a dhéanamh ná comhghairdeas a dhéanamh leat féin de bhrí go raibh sé de mhisneach agat an Chathaoir a ghlacadh agus Gaeilge ar siúl agus comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Carey gur tháinig sé isteach. Duine eile cosúil liom féin nach bhfuil Gaeilge aige ón gcliabhán ach go raibh air í a fhoghlaim agus go raibh sé de mhisneach agus de shuim aige freisin óráid a thabhairt is ea an tAire Stáit an Teachta Birmingham. Ba mhaith liom freisin chomhghairdeas a dhéanamh leis an gCeann Comhairle. D'admhaigh sé nach raibh dóthain Gaeilge aige, cheap sé, chun dualgaisí an phoist sin a chomhlíonadh ach feictear domsa ar a laghad go bhfuil sé fábhrach don Ghaeilge agus, tar éis dhá bhlian go leith, go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge aige anois ná mar a bhí agus é ag tosnú. Sin é an rud atá i gceist.

An rud is mó agus sinne anseo ag cur síos ar an nGaeltacht ná go bhfuilimid ag cur síos, measaim féin, ar an nGaeilge. Ní bheadh suim dá laghad agamsa sa Ghaeltacht marach go bhfuil an Ghaelilge ann, agus de bhrí gurb í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge teastaíonn uaim go bhfanfadh sí mar atá, go mbeadh sí ann i gcónaí.

Rinne an tAire tagairt don Roinn Oideachais agus an tionscal. De réir mar a fheictear domsa is é sin an áit ina bhfuil an locht. Níl a fhios agam an bhfuil sé ann d'aon ghnó ach caithfidh mé féin a rá pé Gaeilge atá agam gur fhoghlaim mé féin í i gcoinne thoil na scoile. Nuair a bhí mise ar scoil bhain na ceachtanna le slí maireachtála nach raibh aon scil agamsa iontu. Bhímís i gcónaí ag léamh agus ag fáil scéalta faoi iascaireacht agus sléibhte agus ag obair le caoirigh agus beithígh agus, faoi mar a dúirt mé, ní raibh scil dá laghad againne. Ní fhacamar an fharraige, ní fhacamar portach ar bith ach shílfeá, muna raibh tú in ann móin a bhaint, nach bhfaighfeá scrúdú ar bith. Sin an chaoi ina raibh sé. Níl mé ag cur milleáin ar éinne faoi leith mar gheall air sin, ach sílim go raibh botún uafásach ann gur tugadh le tuiscint nach raibh cead agat Gaeilge a labhairt, muna raibh tú sásta cloí le slí bheatha nár bhain leat féin.

Rud eile, maidir leis an nGaeilge ar scoil, shílfeá gur bhain sé le rudaí nár thug aon tsásamh do dhuine, nach raibh cead acu gáire a dhéanamh i nGaeilge. An fhilíocht, bhain sí le rudaí a bhí duairc agus gruama a chuirfeadh an páiste ag gol in ionad ag gáire agus ní maith an rud é sin agus tú ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son teanga ar bith.

Rud eile a bhain leis, agus sin an fáth go bhfuil mé féin ag iarraidh daoine a mhealladh chun tabhairt faoin Ghaeilge, is cuma cé mhéid a bhíonn acu, agus mise ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus mé i gcomhluadar daoine ón nGaeltacht agus daoine nach iad, bhí mé i gcónaí den tuairim nach raibh na daoine sin sásta ceadúnas labhartha a thabhairt dom mar nach raibh mé ach ag iarriadh í a fhoghlaim agus bhídís ag caitheamh anuas ar mo chanúint, ag caitheamh anuas ar easpa coraí cainte agus rudaí mar sin agus á rá gur canúint na cathrach a bhí agam.

Chuirfeadh sin éadóchas ar dhaoine agus shílfeá gurb é a bhí i gceist ag na "purists" seo nach raibh cead ag duine í a labhairt ach, níos mó ná sin, ní raibh siad sásta saghas "L" plate a thabhairt duit. Munar eírigh leat a bheith chomh paiteanta i labhairt na Gaeilge ó thuas ní raibh fáilte romhat. Sin é an tuairim a bhí ag mo comráidí nach raibh sásta tabhairt faoi Ghaeilge a fhoghlaim. Anois sna scoileanna sin níos déanaí, chuir an Stát an dualgas ar an gcóras oideachais Gaeilge a chur á múineadh sna scoileanna ach ag an uair sin ní raibh taithí ag na múinteoirí agus thug siad faoi Ghaeilge a mhúineadh sa chaoi céanna agus a mhúin siad Gréigis nó Laidin agus ó mhaidin go hoíche bhí tú ag éisteacht leis an modh coinníollach, an gineadach uatha agus an gineadach iolra, agus ní raibh mise in ann fiú amháin an struchtúr gramadaí a thuiscint mar ní raibh aon tsuim agam inti. Agus murach go raibh sé de ádh orm go raibh múinteoir taistil i bhFionghlas, a thiocfadh ann istoíche agus a cheannódh as a phóca féin oráistí agus milseáin agus go rabhamar sásta tabhairt faoi Ghaeilge a labhairt ina chomhluadar, ní bheadh suim agamsa sa Gheilge nó pé Gaeilge atá agam ní bheadh sé ann mar, ag éirí as sin, thuig mé go raibh fáilte romham i gcomhluadar daoine a bhí ag labhairt Gaeilge agus nach raibh i gceist ach go ndéanfainn iarracht mo chuid tuairimí a thabhairt don duine eile pé slí gur éirigh liom é a dhéanamh. Níos déanaí nuair a chuaigh mé chun na Gaeltachta thuig mé é sin freisin agus ní raibh muintir na Gaeltachta ag cur ceisteanna orm faoin tuiseal ginideach nó an modh coinníollach, díreach mar a tharlaíonn sé inniu.

Tá daoine ann agus aithne agamsa orthu agus, a chathaoirligh, aithne agatsa orthu agus téann siad go dtí an Fhrainc nó go dtí an Ghearmáin. Tá Teachtaí Dála agus mise ina gcomhluadar agus mé san Fhrainc agus san Iodáil agus sa Ghearmáin agus níl ach b'fhéidir scór focal acu sa teanga sin ach tá siad sásta iarracht a dhéanamh faoin teanga sin a labhairt. Níl siad sásta tabhairt faoin nGaeilge cé go bhfuil na céadta focal acu ach tuiscint i bhfad níos fearr acu ar an nGaeilge. Aithním féin go dtéann sé sin ar ais go dtí an dearcadh a bhí ann nuair a bhí siad ar scoil nó mí-thuiscint atá orthu maidir le labhairt na Gaeilge. Mar a dúirt mise níos luaithe, ní bheadh aon suim agamsa sa Ghaeltacht murach go bhfuil an Ghaeilge ann mar mhodhcainte, meán cumarsáide agus níos tábháchtaí ná sin caithfimid smaoineamh, maidir leis an nGaeilge, go bhfuil an teanga sin níos ársa ná an Béarla. Is san teanga sin atá fealsúnacht na ndaoine go léir a chuaih romhamsa. Sin é an saibhreas is mó atá san teanga agus uair ar bith, tarlaíonn sé go minic, agus dul amú ormsa agus mise ag iarraidh mo bhreith a thabhairt ar rud ar bith, deinim iarracht dul ar ais san nGaeilge agus comhairle á fháil ón teanga sin, os na seanfhocail. Is ann a théinn níos luaithe ná mar a rachainn go dtí an Béarla nó teanga ar bith eile. Caithfimid smaoineamh air go bhfuil an teanga sin ann leis na céadta, leis na mílte bliain. Tharla sé gur imigh an t-aicme ard, gur cuireadh an ruaig orthu san agus gur imíodar agus nach raibh fágtha sa tír seo ach ná daoine bochta agus an teanga acu agus mar sin d'imigh an faisean ann agus is rud an-thábhachtach é an faisean. Ar an bpointe sin agus mé chun tagairt bheag a dhéanamh do scoláireachtaí ag dul chun na Gaeltachta, measaim féin go ndearna Gay Byrne níos mó ar son scoláirí a chur chun na Gaeltachta mar gur luaigh sé dhá uair i mo héisteacht fhéin le déanaí go ndeachaigh beirt ghasúr leis féin go dtí an Ghaeltacht anuraidh nó arú anuraidh agus é ag rá cé chomh sásta is a bhí sé leis an gcaoi ar éirigh leo sásamh a bhaint as an saol agus Gaeilge a fhoghlaim.

Ní maith liomsa bheith ag cur síos ar airgead a thugaimid do mná tí na Gaeltachta. Dhá bhliain ó shin nó trí bliana ó shin bhí iníon liom féin sa Ghaeltacht agus chuir sé an-díomá orm nuair a chuaigh mé ag tabhairt cuairt uirthi agus chonaic mé í istigh le suas le scór cailiní eile sa teach céanna, í féin le Béarlóirí eile agus céard a dhéanfaidís ach Béarla a labhairt? Tá sé an-deacair agus táimid ag obair in aghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta muna mbíonn ann ach cé mhéid airgid a thabharfaimid do na mná tí. Buntáiste amháin leis na scéimeanna sin nuair a bhí mise ag freastal orthu, ná nach mbíodh sna tithe ach b'fhéidir triúr nó ceathrar agus bhí fear an tí agus bean an tí sásta labhairt linn i nGaeilge. Ní raibh siad chomh gnóthach i rudaí eile. Smaoinigh ar bhean an tí sa Ghaeltacht agus í ag iarraidh béilí agus rudaí a ullmhú ar son scór cailíní nó buachaillí. Ní bheadh aon am aici Gaeilge a labhairt leo. Céard a tharlaíonn ná go gcuireann sí a clann féin go dtí iarthar na Gaillimhe, Maigh Eo nó áiteanna éigin eile ionas go mbeidh deis aici leabaí agus rudaí a chur ar fáil do na cuairteoirí. Ní bhíonn comhluadar an tí fiú amháin ag na daoine óga, agus is cailliúint mhór é sin. Bheinnse sásta a mholadh don Aire go dtabharfadh sé níos mó airgid do bhean an tí ar bith a bhéas sásta níos lú gasúir a ghlacadh, go mbeadh céimeanna ann agus bean an tí ar bith nach raibh ag glacadh ach le beirt, thabharfainn níos mó airgid di mar bheadh sí sásta rud éigin níos tábhachtaí ná béili nó leaba a thabhairt do na scoláirí sin; bheadh sí sásta an Ghaeilge a thabhairt dóibh.

Rinne mé tagairt ansin do Gay Byrne agus faisean. Fág an tír nó bí sa faisean. Sin rud, is trua liom nár bhain le labhairt na Gaeilge sa tír seo. Rud tábhachtach é, agus dúirt an Teachta Faulkner go raibh sé sásta lucht an press a fheiceáil anseo agus iad ag éisteacht. Tá sé sin an-tábhachtach. Tharla sé sna blianta atá caite nach mbíodh mórán le feiceáil sna páipéirí ag éirí as aon díospóireacht a bhí anseo trí Ghaeilge. Is maith liom go bhfuil an press anseo anois agus tá súil agam go mbeidh siad sásta a chur in iúl go raibh Teachtaí Dála anseo ag labhairt i nGaeilge maidir le cúrsaí a bhain leis an nGaeilge.

Rinne an tAire tagairt do thionchar na teilifíse. Measaim fhéin go mba cheart dó bheith ag smaoineamh ar airgead a chur ar fáil agus teilifís na Gaeltachta a chur ar fáil freisin. Mar a dúirt an Teachta Faulkner, sin dochar an-mhór na laethanta seo — an telly agus an Béarla istigh i lár an teaghlaigh. Tuigimid cé chomh maith agus a d'éirigh le Raidió na Gaeltachta agus molaim go mór Raidió na Gaeltachta. Molaim lucht "Féach" agus cláracha eile atá ar theilifís ach níl a ndóthain ann. B'fhearr liomsa airgead a chaitheamh ar theilifís na Gaeltachta a chur ar fáil ná rud ar bith eile. Tá mé cinnte go mbeadh an-tsuim ag lucht na cathrach agus daoine eile i dteilifís na Gaeltachta dá mbeadh sé ann, díreach mar atá suim acu i Raidió na Gaeltachta.

Caithfimid smaoineamh ar an raidió agus an teilifís atá ann. Muna mbeadh suim agat i gcúrsaí Afraic Theas nó An Lebanon nó Lár Mheiriceá, shílfeá nach raibh rud ar bith eile ag tarlú sa tír. Gach maidin agus mise ag éisteacht leis an raidió is rudaí a bhaineas le tíortha eile atá i gceist. Tá nuacht ag baint leis an Aetóip nó áit ar bith eile. Measaim fhéin go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí as bheith ag éisteacht leis an raidió agus go bhfuil siad ag éirí éadóchasach faoin telly mar go mbíonn an oiread sin tagairt do rudaí nach mbaineann go díreach linn féin.

Nuair a bhí mise ag múineadh tháinig mé isteach i scoil — tá mé ag teacht ar ais ar an dochar atá ann — agus ní raibh saghas eagla ar mhúinteoirí cur síos ar rudaí seachas rudaí eile agus iad ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh. Chuaigh mé féin isteach mar gur thuig mé nach mbeadh lucht na Roinne ina aghaidh. Bhí mé féin sásta labhairt leis na gasúirí, agus mé ag iarraidh "cosnochtaithe", míniú an fhocail abair a chur in iúl, in ionad cur síos ar bhean ón Ghaeltacht agus í ag siúl cosnochtaithe ar na bóithre sa Ghaeltacht, rinne mé tagairt do Sandy Shaw ar ardán agus í ag amhránaíocht agus í cosnochtaithe, mar gur thuig na daoine óga ag an uair sin go mbíodh Sandy Shaw ag amhránaíocht agus í cosnochtaithe. Ní raibh aon leisce orm labhairt leis na lads nó leis na cailíní sa scoil faoi chips a cheannach i nGaeilge, faoi cónai i flat i nGaeilge, faoi cur síos ar Dickie Rock nó ar Johnny Giles ar an uair sin i nGaeilge, bheith ar cur síos ar sacar nó ar rud ar bith a raibh suim ag an ngasúr ann. Sin é an deis is fearr chun suim na ngasúr a mhúscailt. Ní dhéanfaidh tú go deo é agus tú ag iarraidh a mhúineadh dóibh cén chaoi a n-oibríonn an túirnín lín, rud nach bhfaca siad riamh cheana. Tá seans níos fearr agat é a dhéanamh trí rud a bhfuil baint acu leis.

Bhíodh "Fiche Ceist" agus rudaí mar sin ar siúl agus chonaic mé go raibh i bhfad i bhfad níos mó suime ag na gasúir bheith ag éisteacht liomsa ag plé leis na rudaí sin agus go raibh Gaeilge á fhoghlaim acu seachas iad a bheith istigh le múinteoir eile a bhíodh i gcónaí ag cur síos ar an modh coinníollach nó briathra neamhrialta. Tá daoine ag freastal ar an ollscoil agus ní thuigeann siad i gceart briathra neamhrialta. Cén fáth go mbimís i gcónaí ag tosnú leis an rud deacair? Shílfeá nach raibh i gceist againn ach lagmhisneach a chur ar na gasúirí. Leithscéal a bhí ann an uair sin, b'fhéidir, nár thuig na múinteoirí a mhalairt ach tuigeann siad anois é. Ba cheart dúinne é sin a chur in iúl dóibh, gur cuma linne cén t-ábhar a bhíonn ann an fhad is a bhíonn siadsan ag iarraidh deis a thabhairt do na gasúir Gaeilge a labhairt agus suim a bheith acu sa Ghaeilge.

Ní féidir liom suí síos gan clamhsán éigin a dhéanamh agus tá mé saghas consistent sa mhéad seo. Dúirt mé ó chianaibh gurb é buntáiste a bhí ag baint leis an nGaeilge ná go ndéanfadh sé níos fearr mar dhaoine muid.

Anuraidh agus arú anuraidh agus níos buailte ná sin chuir sé fearg agus díomá ormsa agus mé ag éisteacht le daoine ag cur síos ar dheacrachtaí, ar thrioblóidí agus, b'fhéidir ar pheacaí Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ráite anseo ag daoine — agus shíl mé nach raibh siad ag déanamh maitheasa don Ghaeltacht ná do rud ar bith sa tír seo — i gcónaí nach raibh peacaí sa tír seo ach sa Ghaeltacht, nach raibh peacaí in údarás ar bith ach in Údarás na Gaeltachta. Tá peacaí i ngach áit a mbíonn daoine. Ach b'fhéidir gur thug Údarás na Gaeltachta agus daoine a bhain leis cúis casaoide do na daoine sin, agus fiú amháin le déanaí. Ag an uair sin séard a bhí i gceist shilfeá ná an taobh seo ag tabhairt faoin taobh sin. Ach anois tá an scéal níos measa mar tá daoine atá istigh sa taobh sin ag tabhairt faoin Ghaeltacht. Ní dhéanfaidh sé sin maitheas don Ghaeltacht ná do Údarás na Gaeltachta ná do "chúis na Gaeilge" mar a thugaimid air.

Anois ta muid ag éisteacht le duine nó daoine a rá nó mise ag léamh sa pháipéar, go mbaineann, b'fhéidir, an post is tábhachtaí maidir le Údarás na Gaeltachta le cúrsaí polaitíochta amháin nó go raibh saghas tuisceana ann dá mbeadh duine áirithe sásta votaí a bhailiú do pháirtí ar bith go bhfaigheadh sé mar chúiteamh an post tábhachtach sin. Ní maith an rud é sin agus déanann sé an-dochar. Sin é an fáth go mbíonn daoine ag rá go bhfuil sé in am, b'fhéidir, gan a thuilleadh airgid a thabhairt do lucht na Gaeltachta mar go bhfuil an saghas caimiléireachta seo in ainm a bheith ann.

Níl a fhios agam nuair a bheidh an tAire ag freagairt an bhfuil sé chun tabhairt faoi sin. Is féidir leis an Aire é féin a chosaint faoi rudaí a dúradh faoi é féin agus faoin Taoiseach ach bhí sé saghas intuigthe go raibh an post sin le fáil nó ar fáil do dhuine mar chúiteamh polaitíochta. Ní maith an rud é sin agus ní hé an sampla go mba mhaith liomsa a bheith ag tabhairt. Bheadh sin le rá agam ba chuma cén Rialtas a bheadh ann mar ní éireoidh linn fhad agus bhéas an dearcadh sin ag na daoine agus, níos tábhachtaí ná sin, nuair a bhéas cruthúnas acu go bhfuil sé sin i gceist.

Tuigim go bhfuil mo chara Tomás Mac Giolla le teacht isteach. B'fhéidir go bhfuil daoine eile ag teacht isteach. Tuigim nach dtiocfaidh an tAire isteach go dtí 3.30 agus beidh mé féin réidh le mo chuid smaointe taobh istigh de dhá nó trí nóiméad agus tá súil agam go mbeidh dóthain ama ag an Teachta Mac Giolla ina dhiaidh sin.

Ní gá domsa a rá go bhfuil slí maireachtála agus caighdeán áirithe tuillte ag muintir na Gaeltachta. Tá sé sin intuigthe. Ní féidir linn a bheith ag iarraidh nó a bheith ag súil go mbeadh muintir na Gaeltachta sásta le haon ísliú sa chaighdeán maireachtála. Caithfimid a bheith aireach, b'fhéidir go raibh an oiread sin le fáil maidir le tithíocht, go raibh daoine ann agus gur oibrigh siad é sin ar a son féin seachas ar son na Gaeilge. Tá a fhios agam féin in áiteanna sa Ghaeltacht, de bhrí go raibh na deontais sin ar fáil, gur thóg daoine tithe ann ionas go mbeadh buntáiste acu féin nár bhain le leathnú ar bith den teanga nó rudaí a bhain leis an nGaeltacht. Is dóigh go mba cheart dúinn a bheith cúramach maidir le rud ar bith a bhíonn ar fáil.

Mar fhocal scoir, ní ceart go dtiocfadh tionscal ar bith sa Ghaeltacht muna mbeadh muidne sásta go bhfuil an Ghaeilge ag na daoine a bhéas i bhfeighil an tionscail sin. Is féidir a fheiceáil go bhfuil Gaeilge sna monarchana, maith go leor, go bhfuil Gaeilge ag b'fhéidir rúnaí ón áit, ach tarlaíonn sé go han-mhinic, nach mbíonn an oiread sin Gaeilge ag na daoine go mbíonn na postanna móra acu. Nílímid ag tabhairt an dea-shampla do lucht na háite má fheiceann siad é sin go mór mhór nuair is eol dúinn go bhfuil fuíollach daoine sa Ghaeltacht anois agus na cailíochtaí acu dul i mbun rud ar bith, is cuma cén áit, sa Ghaeltacht, sa chathair nó ar an Mór-roinn é agus má tá tionscail ag teacht isteach agus muna bhfuilimid in ann a thaispeáint go bhfuil Gaeilge ag an té ina mbun sin agus é ag teacht isteach, ba cheart moill a chur air go dtí go mbeadh duine ón áit nó duine go mbeadh ar a chumas a chuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is féidir liom a rá nach raibh mé dian ar an Aire sa chaoi a tharlaíonn anseo go minic agus muid ag caitheamh anuas. D'fhéadfainn a lán eile a rá ach táim den tuairim céanna a bhí agam sula tháinig mé isteach sa Teach, ó tháinig mé isteach. Ba mhaith an rud é dá dtuigfimís go léir céard tá taobh thiar den Ghaeilge, go dtuigfimís go léir an saibhreas atá ann, a bhaineann le rudaí seachas aitheantas mar Éireannaigh. D'fhéadfaimís aitheantas mar Éireannaigh a fháil dá gcaithimís éadaí faoi leith, dá gcaithimís an seamróg i gcónaí. An fhealsúnacht a thagann chugainn ó na hÉireannaigh go léir a chuaigh romhainn — ins an Ghaeilge amháin atá sé sin le fáil, i gcaoi nach bhfuil sé le fáil in áit ar bith eile agus tá mise lán cinnte dá dtuigimís i gceart é, is cuma má táimid in ár suí ar an taobh eile nó ar an taobh seo, bheimís níos fearr mar Éireannaigh. Go raibh maith agat.

Caithfidh mise chomh maith tréaslú leis an Aire Stáit agus a rá gur cheap mé féin go raibh togha na Gaeilge aige ach ar ndóigh ní féidir liom tréaslú leis an Aire agus is trua liom nach raibh an Teachta Tunney níos déine ar an Aire, mar chuir óráid an Aire an-díomá ormsa chun an fhírinne a rá, mar dúirt sé na rudaí céanna agus a dúirt sé anseo mí na Samhna seo caite, rudaí go n-aontódh chuile dhuine leo ach gan a rá cad atá á dhéanamh aige féin futhu. Sílim go dtaispeánann an óráid seo nach bhfuil polasaí nó smaoineamh fiú amháin leis an Ghaeilge ná na Gaeltachta ag an Aire agus go bhfuil sé ag feitheamh le rud éigin a theacht, b'fhéidir ón gComhchoiste, b'fhéidir ón Údarás nó áit éigin. I leith an Údaráis, tá sé á rá go bhfuil sé in am breathnú siar ar thorthaí a chuid oibre agus breathnú ar aghaidh feáchaint an féidir éifeachtúlacht an eagrais a fheabhsú agus mar sin de, agus tógfaidh sé tamall an scrúdú seo a dhéanamh. Is trua go bhfuil sé go fóill ag breathnú ar an Údarás agus ceist an Údaráis gan polasaí a bheith aige go fóill faoi. An rud a deireann sé anseo, dúirt sé an rud céanna mí na Samhna seo caite. Tá imní orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba chóir dó a bheith. Tá an scéal níos measa fós i gcás na Gaeltachta. Nuair a fheictear do mhuintir na Gaeltachta nach bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin Ghaeilge agus nach bhfuil meas acu uirthi is beag fonn a bheidh orthu a dteanga dhúchais a úsáid agus a chaomhnú. Tá an ceart aige agus deireann sé gur den riachtanas é mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an teanga a úsáid a bheidh fostaithe ag Ranna Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus Udarais Áitiula i bpost a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.

Anois tá sé sin an-fíor agus tá an ceart ag an Aire ansin agus duirt sé sé mhí ó shin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a úsáid a ba chóir a bheith fostaithe ag Ranna Rialtais. Cé eile díreach? Tá daoine á rá sin le blianta fada, le caoga bliain anuas agus go mór ml ór le deich mbliana anuas. Caithimid an cheist a chur, cad é atá sé á dhéanamh faoi seo? Ar ardaigh sé an cheist leis na hAirí eile nó ar ardaigh sé an cheist seo ag an gcomh-aireacht? Nuair a cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach bhí daoine ag ceapadh gur sna scoileanna amháin a bhí an Rialtas ag caint faoi sin, an Comhrialtas 1969 sílim. Cuireadh deireadh leis an Ghaeilge éigeantach agus d'aontaigh an chuid is mó de na daoine leis sin. Ach ní raibh siad ag ceapadh go raibh an Rialtas ag cur deireadh leis i gcás fostaíochta chomh maith, go mór mhór sna Gaeltachtaí, nach raibh siad anois ag cur mar cheann de na cáilíochtaí don phost go mbeadh an Ghaeilge acu, gur caitheadh é sin amach leis an Ghaeilge éigeantach.

Cén fáth nár chóir na cailíochtaí a leagan síos? Tá na cáilíochtaí leagtha síos do phostanna eile. Cen fáth nach féidir na cáilíochtaí sin a leagan síos do phostanna go mór mhór sna Gaeltachtaí, go gcaithfí Gaeilge a bheith acu? Mura ndéantar sin beidh an tAire ag rá an bhliain seo chugainn freisin go bhfuil sé de riachtanas mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an teanga a úsáid a ba chóir a bheith fostaithe ag na Ranna Stáit.

Tá an rud céanna á rá tríd síos an óráid atá aige á labhairt faoi theilifís. Dúirt sé arís nach gá a lán a rá faoi thionchar na teilifíse ar shaoil an phobail i gcoitinne. Duirt an tAire — ní mise atá ag caint:

Tá súil agus tá súil againn uilig go ndéanfar gach iarracht chun freastal níos sásúla a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí tríd an meán sin.

Tá súil aige ach cad tá sé ag déanamh faoi? Seo an dualgas atá ar an Aire, Aire na Gaeltachta, agus is dócha gurb é Aire na Gaeilge freisin. Tá an cúram sin air siúd anois. Bhíodh sé ar Airí Oideachais ach tá an dualgas ar an Aire anseo rud éigin a dhéanamh faoi seo.

Ar labhair sé leis an Aire Cumarsáide, ar labhair sé le héinne faoi seo, faoi dhroch-staid na teilifíse? Ar labhair sé faoin cheist a bhí á phlé ag na Teachtaí Faulkner agus Tunney mar gheall ar theilifís na Gaeltachta?

Sin rud atá siad ag caint faoi sna Gaeltachtaí le blianta fada anuas freisin agus cad é díreach atá an tAire ag déanamh faoi seo? Ar chuir sé plean riamh os comhair an Rialtais faoin chaiteachas a bheadh ag teastáil? An bhfuil aon rud déanta aige faoi? Ba mhaith linn meon an Aire faoin gceist seo a fháil amach. Ní féidir leis a ra mar atá na hAirí eile go léir a rá nach bhfuil an t-airgead ann faoi láthair ach dá mbeadh an t-airgead aige gurb é seo an rud a dhéanfadh sé. Ba thús é sin le polasaí deimhneach eigin. Ach níl sé sin ag teacht ón Aire. Nil sé ag rá go ndeánfaidh sé é seo, go ndéanfaidh sé iarracht ar bith faoi na ceisteanna seo.

Labhair sé faoi Chomhchoiste den Oireachtas don Gaeilge. Is dócha go mbeidh sé ag rá gurb é sin an rud mór a rinne sé nuair a bhí sé ina Aire. Caithfear a rá nuair a ardaíodh an cheist seo ar dtús go bhfios domsa ag cruinniú faoi bhráid Bhord na Ghaeilge i mí Aibreán 1983, bhí mé i láthair. Bhí an Teachta McGinley i láthair agus an Teachta Prendergast agus sílim an Teachta Gallagher nuair a moladh é seo agus ghlacamar an cúram seo orainn go gcuirfimís an coiste ar bun. I dtús báire an rud a bhí i gceist ná coiste a chur ar bun sa Teach seo agus bhí cruinniú amháin againn ina dhiaidh sin agus shocraigh na Teachtaí uilig go raibh Gaeilge acu nó go raibh suim acu sa Ghaeilge a bhailiú le chéile agus labhairt faoi choiste a chur ar bun sa Teach seo. Bhí an cúram sin, sílim ar an Teachta Prendergast ach níor tharla an cruinniú sin riamh. Bhíothas ag chur ceisteanna anois agus arís ach ní raibh aon chruinniú eile. D'ardaíodh é sa tSeanad agus is ón Seanad a tháinig sé agus faoi dheireadh i mí na Samhna 1984, bhí díospóireacht againn anseo agus d'aontaíomar, mar a deireann an tAire, d'aonghuth go gcuirfí an Comhchoiste seo ar bun i 1984 agus cailleadh é ansin ar feadh sé mhí agus cuireadh ar bun é cúpla seachtain ó shin. D'ainmníodh seachtar Teachtaí Dála, ceathrar Seanadóirí mar chomhaltaí den Chomhchoiste seo cúpla seachtain ó shin díreach in am don díospóireacht seo is dócha. Bheadh sé go dona muna mbeadh Comhchoiste curtha ar bun agus an díospóireacht ar siúl againn tar éis dúinn an socrú a dhéanamh an tseachtain seo caite. Agus ansin tá an tAire ag rá go bhfuil sé cinnte go dtiocfaidh moltaí praiticiúla agus rí-fhiúntacha uathu gan aon rómhoill. An é sin an mhoill atá sé ag caint faoi, cúpla bliain chun an rud a chur ar bun, socrú a dhéanamh i mí na Samhna agus an coiste a ainmniú cúpla seachtain ó shin agus gan aon chruinniú acu go fóill agus, ar ndóigh is léir go bhfuil siad ag imirt cluiche poiliticiúil arís leis an teanga tar éis socrú a dhéanamh nach mbeadh ball de Pháirtí na nOibrithe ar an gComhchoiste seo? Agus sin an tslí inar úsáideadh ceist seo na Gaeilge le blianta fada anuas.

Creidim féin go bhfuil cosc curtha ar an nGaeilge ag droch-staid eacnamaíochta agus sóisialta na tíre agus ag droch-pholasaí oideachais a bhí ag Fianna Fáil agus ag an gComhrialtas agus ag an gceangail atá ag an nGaeilge i meon na ndaoine le fórsaí coimeádach lucht riartha agus le fórsaí iargúlta náisiúnachais.

Is deacair suim sa Ghaeilge a spreagadh i measc na ndaoine nach bhfuil jobanna acu, nach bhfuil pá á fáil acu agus atá millte le deacrachtaí maireachtála. Mar sin, aon pholasaí i leith na Gaeilge agus an cultúr caithfidh sé bheith i gcomhthéacs polasaí eacnamaíochta agus sóisialach, na polasaithe a lean Fianna Fáil agus an Comhrialtas le linn na blianta, do bhí agus tá lochtanna bunúsacha orthu. Os rud é nach raibh na Rialtais sin in ann fostaíocht agus caighdeán ceart maireachtála a chur ar fáil do na daoine, ní raibh seans ar bith ann go raibh dul chun cinn i ndán don Ghaeilge. Ní raibh astu ach caint faoi athbheocaint na teanga agus an t-am go léir bhí cuid mhór de phobal na tíre agus muintir na Gaeltachta ag imeacht leo thar lear chun obair a bhaint amach. In éagmais plean iomlán chun fostaíocht iomlán a chur ar fáil don Ghaeltacht agus caithfear údarás a bheith ann a bhfuil sé de chúram air a aire iomlán a dhíriú ar fhorbairt na Gaeltachta. Chuige sin, teastaíonn plean forbartha don Ghaeltacht ó údarás ar bith agus cumhachtaí dá réir chun úsáid a bhaint as na hacmhainní nádúrtha i gcomhair le hairgead agus institiúidí eacnamaíochta Stáit. Mar shampla, caithfear forbairt agus leathnú a dhéanamh ar an mBord Éisc, go háirithe sna cuanta beaga, agus ní mór síolrú a dhéanamh ar aibhneacha chun tionscal na mbradán a chur ar a chosa arís.

Tá sé práinneach go ndéanfaí athscrúdú ar dlíthe iascaireachta na mbradán a chuideodh leis na hiascairí agus na teaghlaigh atá ag brath ar feadh roinnt seachtain air mar ioncam bliantúil. San am chéanna caithfear deireadh a chur le scrios na mbradán freisin. Dá mbeadh breis cumhachtaí ag an údarás, mar a deirim, ní bheadh cúrsaí bóithre sa Ghaeltacht mar atá siad. Is scannal náisúnta iad na bóithre sna Gaeltachtaí agus tá údarás againn lonnaithe i gceantair na mbóthar seo agus ní féidir leo faic a dhéanamh faoi. Ba chóir tar éis cúig bliana den údarás Gaeltachta go mbeadh siad mar shampla don chuid eile den tír. Caithfidh an túdarás an cúram a ghlacadh orthu féin na bóithre a dheisiú. Sin bun-rud. Muna mbíonn bóithre nó teilefóin agat ní féidir tionscal a bheith agat.

Deireann an tAire:

Ní chuidíonn iargúltacht na gceantar sin leis an Údarás ina chuid iarrachtaí agus, ina theannta sin, tagann drochthionchar nach beag as easpa áiseanna sa Ghaeltacht ó thaobh an bhunstruchtúir de.

Is fíor sin ach, arís, caithfimid an cheist a chur cad é atá an tAire ag déanamh faoi na haidhmeanna sin? Mar a dúras faoi na bóithre tá siad dona go leor ar fud na tíre ach sna Gaeltachtaí ní fiú trácht orthu mar bhóithre. Tá siad chomh dona sin i gConamara gur éirigh le iomaitheoir amháin sna toghcháin údaráis suíochán a bhaint amach gan polasaí eile a chur os comhair na ndaoine ach na bóithre a dheisiú i gConamara.

Dar le Páirtí na nOibrithe, teastaíonn údarás a chuirfidh plean iomlán forbartha eacnamaíochta airgid agus fostaíochta ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, idir oileáin is eile. I bhfocail eile, tá údarás cumhachtach neamhspleách ag teastáil le foinsí leathan airgid aige a ghlacfaidh cúram iomlán na Gaeltachta chuige.

Ba mhaith liom rud beag a rá faoi chúrsaí oideachais ach tá mo chuid ama caite. Ba mhaith liom a rá leis an Aire nach bhfuil an curaclam Gaeilge atá á mhúineadh sna bun-scoileanna, oiriúnach do na scoileanna Gaeltachta. Caithfear eisceacht a dhéanamh faoi na scoileanna sa Ghaeltacht sa Roinn Oideachais. Ní mór cúrsa faoi leith le béim ar shaibhreas teanga agus cultúir a bheith againn sna scoileanna sa Ghaeltacht. Tá súil agam go bpléifear na ceisteanna seo uilig ag an gComhchoiste agus go mbeidh smaointí nua ag an Aire i rith na bliana seo chugainn.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil le chuile dhuine sa Teach seo a ghlac páirt sa díospóireacht agus go háirithe daoíne nach labhraíonn Gaeilge de ghnáth, daoine nach bhfuil Gaeilge acu ón gcliabhán a thóg trioblóid orthu féin teacht isteach anseo agus úsáid a bhaint as an nGaeilge agus, go deimhin, ceapaim an chéad uair a tharla sé go raibh níos mó cainteoirí ón nGalltacht ná mar a bhí ón nGaeltacht. Ceann de na tuairimí a chuaigh trasna ón méid atá ráite inniu ó chuile thaobh den Teach gur ábhar imní dúinn ar fad an Ghaeilge agus go mba cheart rud éigin a dheanamh faoi. Rinne an Teachta Mac Giolla an-chasaoid faoi na rudaí nach bhfuil déanta agus bhí sé ábalta a rá go ndúirt mise an rud céanna sé mhí ó shin agus a dúirt mé inniu. Dúirt agus beidh mé ag teacht ar ais anseo i gceann sé mhí eile agus an rud céanna á rá agam mar ní féidir an rud ceart a rá minic go leor.

Maidir leis an teagmháil a bhí agam le hAirí eile, bíonn, tá agus beidh teagmháil agam le hAirí eile. Maidir le RTE agus céard tá mé ag déanamh faoi, táimid i dteagmháil leis an Aire Cumarsáide agus ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Mac Giolla go bhfuil údarás i mbun RTÉ atá neamhspleách agus is iadsan a leagann síos cé mhéid Gaeilge, cé mhéid Béarla agus cé mhéid Fraincise, más maith leo, a bhíonn sna cláir agus ní an tAire, mé féin, nó an Rialtas ach Údarás RTÉ.

Maidir leis an gComhchoiste, ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Mac Giolla chomh maith nach le haghaidh na díospóireachta seo a thángthas ar réiteach feidhme maidir leis an gComhchoiste Oireachtais an tseachtain seo. Tharla sé. Tháinig an dá rud le chéile agus dá mbeadh aon eolas ag an Teachta Mac Giolla ar nósanna imeachta Rialtais——

Rud nach bhfuil agus nach mbeidh. Tá a fhios ag an Teachta nach bhféadfadh an dá rud teacht le chéile.

Ba maith liom tagairt a dhéanamh do na focail a dúirt an Teachta Denis Gallagher maidir leis na Meastacháin. Ba mhaith liom i dtosach a rá maidir leis an méid a dúirt an Teachta Gallagher gur tháinig sé trasna mar dhuine a bhfuil droch-mhisneach aige i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta agus níl muinín aige as muintir na Gaeltachta sa mhéid nach bhfuil sé in ann a rá cad a dhéanfaidh sé féin. Tá sé ag gearán faoi a laghad atá déanta ag an Rialtas le cabhrú leo. Ní theastaíonn uaim liosta fada a thabhairt de na rudaí a rinne mise agus a rinne seisean nuair a bhí sé mar Aire. Ní haon mhaith é sin a dhéanamh. Ach ba mhaith liom a rá go bhfuil deacrachtaí ann maidir le hairgead. Tá a fhios ag chuile dhuine sin ach tá níos mó deacrachtaí ann maidir le muintir na Gaeltachta.

Labhair an Teachta Tunney faoi na coláistí Gaeilge agus dúirt an Teachta Moynihan go raibh laghdú tagtha ar na figiúirí de na páistí a théann siar go dtí an Ghaeltacht i rith an tSamhraidh. Cuireadh feabhas ar an scéal maidir leis an méid atá á fháil ag na mná tí. Ag an am gcéanna tá an Ghaeilge ag dul i laghad sa Ghaeltacht féin agus, cheapfá, i measc muintir na Gaeltachta féin go dtuigidís go mba cheart a ndícheall a dhéanamh, agus tuigim go bhfuil a lán acu ag déanamh sin. Ach tá daoine sa Ghaeltacht gur cuma leo faoin nGaeilge ach ag an am gcéanna a bhíonn ag gearán agus ag clamhsán toisc nach bhfuil go leor á dhéanamh ar son na Gaeilge. Is acu siúd atá an Ghaeilge. Ní leis an Rialtas seo nó go deimhin le Rialtas ar bith eile an Ghaeilge; is acu siúd atá sé an Ghaeltacht a choinneáil.

Chuir an Teachta Faulkner ceist orm maidir le Gaeilge sna scoileanna agus chuir sé an cheist: an bhfuil chuile scoil sa Ghaeltacht lán-Ghaelach? Tá a fhios ag chuile dhuine sa Teach seo nach bhfuil gach scoil sa Ghaeltacht lán-Ghaelach, go bhfuil ábhaír á dteagasc tré Bhéarla i scoileanna atá in ainm a bheith sa Ghaeltacht. Tá a fhios san ag an Teachta Gallagher agus tá a fhios agam féin go bhfuil a lán scoileanna sa Ghaeltacht a bhfuil níos mó daltaí ag baint úsáid as Béarla iontu ná as Gaeilge. Dá ndéarfainn i gceann míosa nó i gceann ráithe sa Teach seo: "Tá sé in am deireadh a chur leis an dallamullóg agus gearrfaimid teorainn thart ar an nGaeltacht cheart a bhfuil an Ghaeilge á labhairt ó mhaidin go hoíche i rith chuile lá den tseachtain"— agus níl ansin ach moladh le deireadh a chur leis an dallamullóg atá ar siúl faoi láthair in a lán áiteanna faoi Ghaeilge agus go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht — bheadh raic ceart sa Teach seo. Cuireadh i mo leith go raibh mé ag cúngú na Gaeltachta, go raibh mé ag cur isteach ar an nGaeilge agus ag cur deireadh leis an nGaeilge. Is ceart breathnú ar an scéal agus féachaint cad is ceart a dhéanamh gan dochar don Ghaeltacht atá ann faoi láthair.

Tá teilifís Gaeltachta sa phlean gníomhaíochta Bhord na Gaeilge. Chuir an Teachta Denis Gallagher ceist faoi agus chuir an Teachta Mac Giolla ceist faoi. Maidir leis an mBille atá againn i leith meán cumarsáide tá leathnú déanta againn ar uaireanta craolta Raidió na Gaeltachta trí uair a chloig breise in aghaidh an lae. Maidir le teilifís Gaeltachta tá sé seo pléite againn agus sé an tuairim atá againn faoi láthair faoi, taobh amuigh de cheist an airgeadais agus ganntanas airgid, go mbeadh a leithéid ag brath ar tacaíocht ón bpobal i gcoitinne ó thaobh bolscaireachta de, nach bhfeádfadh sé seasamh leis féin agus nach mbeadh aon mhaith ann a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil dá mbeadh sé mí-shasúil i gcionn ráithe nó i gcionn bliana. Ag an bpointe seo ní doígh liom gur féidir linn tabhairt faoi cheist theilifís na Gaeltachta cé gur mhaith liom féin go mbeadh a leithéid ann. Níl sé praiticiúil ag an bpointe seo bheith ag caint faoi agus a rá go mbeidh sé ann taobh istigh de bhliain nó de dhá bhliain mar ní bheidh.

Bhí an Teachta Denis Gallagher ag caint faoi bhóithre agus, go deimhin, bhí an Teachta Mac Giolla agus Teachtaí eile sa Teach seo. Tá an feachtas seo faoi bhóithre ar siúl faoi láthair agus cheapfá nár cloiseadh an focal "pothole" sa tír seo go dtí 1983. New invention a bhí ann as sin amach. Bhí mise ar chomhairle contae sna seachtóidí agus bhí "potholes" an-mhór sa tír seo agus ní sinne a bhí inár suí anseo. Maidir le deisiú bóithre má thógann tú an t-iomlán airgid dó atá á chur ar fáil ar feadh trí bliana sa phlean atá ag an Rialtas seo, tá níos mó airgid á chur ar fáil ná mar a cuireadh ar fáil riamh cheana.

Anois maidir le hÚdarás na Gaeltachta, agus seo ceist a thóg a lán daoine, ba mhaith liomsa a rá maidir leis an alt a bhí ag an Teachta Gallagher, nach bhfuil sé ar intinn agamsa an oiread sin tábhachta a thabhairt don rud sin. Níl sé ar intinn agam aon fhreagra a thabhairt ar ionsaithe pearsanta a rinneadh ormsa agus tá mé cinnte nach ndéanfaidh an Taoiseach aon fhreagra a thabhairt ar ionsaithe a rinneadh air féin.

Ach déarfaidh mé é seo. Ní raibh aon socrú le héinne go raibh post le tabhairt mar chúiteamh polaitíochta do dhuine ar bith. Anois, má tá an ráfla sin ag dul thart, níl sé fíor. Má tá sé ag teacht ón Fhreasúra ní dóigh liom go bhfuil sé róchiallmhar ag an Fhreasúra a bheith ag tabhairt amach a leithéid de ráflaí. Chomh fada is a bhaineann sé liom féin tá me ag rá nach bhfuil a leithéid fíor.

Maidir leis an údarás féin, tá eagras ansin a raibh trioblóidí faoi leith ag baint leis. Rinne an Teachta Gallagher tagairt don iar-phríomhfheidhmeannach. Rinne an bord — agus ní mise, agus ní an cathaoirleach, dála an scéil, an bord údaráis agus tá sé anois glanta, socraithe ag an mbord agus ag comhaltaí an bhoird — socrú leis an iar-phríomhfheidhmeannach. Tá sé glactha ag an dá thaobh agus nílimse chun aon rud a rá faoi mar is é an bord a bhí i mbun an tsocraithe sin agus tá chuile rud ina cheart maidir leis.

Dúirt mé ar maidin go raibh sé ar intinn agam is tá mé faoi láthair ag breathnú ar nós imeachtaí an údaráis agus go bhfuil sé ann os cionn ceithre bliana anois. Tá Comhchoiste Oireachtais anseo cosúil le heagrais Stáit eile, tá sé faoi chaibidil acu siúd agus faoi scrúdú acu. Ach ní thuigim cén fáth ar féidir an t-údarás a phiocadh amach agus aon uair go mbíonn éinne ag déanamh scrúdú air go gcaithfear amhras a bheith ann faoi go bhfuil rud éigin ollmhór mí-cheart le scrúdú a dhéanamh air, eagras nua a cuireadh ar bun ceithre bhliain ó shin, plean an-nua ar fad, nach raibh a leithéid ann roimhe sin agus go deimhin nár cuireadh ar bun ó shin. Caithfear amhras a chaitheamh ar chuile dhuine a bhfuil baint acu leis an údarás aon uair a deirtear go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar cén chaoi is éifeachtúla nó is ceart don údarás a bheith ag obair. Sin atá ag tarlú faoi láthair. I ndeireadh na dála, agus ná bíodh aon mhí-thuiscint ann, is ormsa a thiteann an fhreagracht maidir le hoibriú an údaráis. Is mise a thógfar isteach anseo agus is mise a bhainfear an craiceann de muna bhfuil an Teach seo sásta go bhfuil caiteachas poiblí ina cheart ó thaobh an údaráis de, agus, go deimhin chuile eagras Stáit eile sa tír seo — CIE nó aon eagras Stáit eile — tá an scéal amhlaidh. Go deimhin, bhí díospóireacht ar siúl anseo inniu inar ghlac an Teachta Mac Giolla páirt, ag cur na ceisteanna céanna. Má tá athruithe ag teastáil ar nós imeachta Údarás na Gaeltachta le forbairt na Gaeltachta agus má fheicimse, mar Aire, mar is ormsa atá an fhreagracht an fhad is atá mé sa Teach seo do na daoine a íocann cáin sa tír seo, má fheicimse go bhfuil gá le hathrú, beidh athrú. Ní dóigh liom go dtógfaí orm é sin a rá. Ach ag an bpointe seo níl ann ach go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar cén chaoi is fearr, le fadhb fhorbairt na Gaeltachta agus fadhb athbheochan na teanga agus Gaeilge sa Ghaeltacht, cén chaoi is fearr leis na ceisteanna seo a ionsaí.

Rud amháin go gcaithfear a admháil, tig le daoine sa bhFreasúra mise a ionsaí faoi rudaí nach bhfuil déanta. Má tá ball chomh dona ar an nGaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta is a deirtear sa taobh sin den Teach agus má theastaíonn uainn a bheith polaitiúil faoi cé bhí i Rialtas na tíre seo ar feadh beagnach 50 bliain, ní muidne mar pháirtí a bhí ann. Bhí Fianna Fáil ann. Rinne siad iarrachtaí ach theip orthu. Cuir i gcás i leith na Gaeilge féin. Bhí sé mar pholasaí sa tír seo ar feadh beagnach 50 bliain go mba cheart an Ghaeilge a chur i réim in iomlán leis féin agus Béarla a chur i leataobh — aon-teangachas. Níor oibrigh sé.

(Cur Isteach.)

Tá dhá bhun-aidhm ag Fianna Fáil. Tá teipthe orthu sa dá bhunaidhm sin.

Is bréag é sin.

Ní bréag é sin agus, a Cheann Comhairle, ní ceart bréag a chur i mo leith. Tá a fhios ag an Teachta Gallagher na daoine a bhunaigh an páirtí sin a bhí ar intinn agam. Go deimhin, thiocfainn leo ag an am. Thiocfainn leo go hiomlán ag an am ach is é an rud atá á rá agam gur theip air. Níor athraíodh é sin. Le blianta beaga anuas tá mar aidhm agus mar pholasaí ag Rialtais go mba ceart an dá-theangachas a bheith i réim sa tír seo agus go mba cheart Gaeilge agus Béarla a bheith taobh le taobh. Sí an aidhm atá agamsa agus tá mé cinnte ag chuile dhuine sa Teach seo go mba iontach an rud dá mbeadh an ghnáthdhuine amuigh ar an tsráid ábalta buaileadh lena chomharsain agus labhairt leis go nádúrtha i nGaeilge nó i mBéarla agus nach mbrathnófaí air mar dhuine a raibh dhá chloigeann air nó rud éigin mar sin dá labhródh sé.

Bhí daoine ag rá anseo inniu, má théann daoine ón Teach seo go dtí an Fhrainc nó áit ar bith eile go mbaineann siad úsáid as an cúpla focal suaracha Fraincise nó Spainnis nó Gearmáinis nó Iodailis atá acu. Baineann agus tá taithí agam féin air sin agus aon teanga eile atá agam. An rud is iontaí faoi, tá siad ábalta ach níl siad sásta, an rud céanna a dhéanamh maidir le Gaeilge. B'fhéidir gur rud é a thagann ón stair nó go tradisiúnta. Níl a fhios agam cén fáth atá leis. Thug an Teachta Tunney agus é ag caint faoin mhúinteoireacht, an-léargas agus léacht duinn ar shiceolaíocht dea-mhúinteoireachta anseo, go mba cheart an Ghaeilge mar ábhar scoile a dhéanamh tuisceanach agus suimiúil do na páistí. Ar feadh na mblianta bhí sé seafóideach, cuir i gcás, ag iarraidh ar pháistí scoile i lár na cathrach seo Gaeilge a bheith acu ar rudaí mar conas móin a bhaint, ar bha a bhleán agus daoine acu nach bhfaca bó riamh ina saol nó nach bhfaca portach, cuir i gcás. Bhí sé sin seafóideach ach tá athrú ar an scéal agus tuigtear anois ó thaobh na siceolaíochta de go gcaithfidh tú suim a chruthú san dalta agus insan mac léinn agus go gcaithfidh tú cineál saol reatha an lae a chur os a chomhair agus gurab é sin an t-aon bhealach amháin go mbeadh suim aige i labhairt na teanga.

Anois maidir le béim a chur ar oideachas, cuir i gcás, agus tá cúpla Aire eile a dhéan tagairt dó, an tAire Oideachais, an tAire Comhshaoil, an tAire Cumarsáide agus, go deimhin, beidh mé ag caint leo faoi na tuairimí a nochtadh anseo maidir lena n-aireachtaí féin agus cén caoi is fearr teacht ar réiteach leis na fadhbanna a bhaineann lena n-aireachtaí féin i leith na Gaeilge a chur i gcrích.

Maidir le forbairt na Gaeltachta, tá caighdeán tithíochta sa Ghaeltacht nach bhfuil le fáil — deirim é seo agus tá mé ag maíomh as — nach bhfuil le fáil in aon áit eile den tír. Níl sé le fáil sa Ghalltacht, cuireadh deontas ar fáil, agus mar a dúirt mé tá ardaithe deontais anois ann.

Bhí an Teachta Gallagher agus an Teachta McGinley chomh maith ag caint faoi na hoileáin, cuir i gcás. Tá forbairt na n-oileán ag dul ar aghaidh agus, arís, má fheiceann tú thart faoin gcósta ar na hoileáin atá sa Ghaeltacht caithfear a admháil go bhfuil forbairt i bhfad níos mó deánta orthu siúd ná már atá ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht, agus tá a fhios ag an Teachta Gallagher go bhfuil aerstráice ag cuid acu agus seirbhís farantóireachta curtha ar fáil. Tá a fhios agam go bhféadfaí i bhfad níos mó eile a dhéanamh agus tá a fhios agam go bhfuil áiseanna eile ag teastáil. Má fheiceann tú agus má chuireann tú i gcomparáid leis na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht tá aghaidh á tabhairt ar na fadhbanna seo de réir a chéile agus de réir mar atá airgead ag teacht chun cinn agus táimid ag gabháil don obair seo agus beimid ag gabháil di.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Teachta Carey agus leis an Teachta George Birmingham, beirt Teachta de ghnáth nach n-úsáideann Gaeilge anseo ach a bhain úsáid aisti ar an ócáid seo agus do na comh-eagrais atá faoi chúram an Aire Stáit, George Birmingham. Tá an-suim mhór aige fhéin sa nGaeilge mar a thaispeáin sé don Teach, tá billeoga eolais agus foirmeacha iarratais aige i dá theanga ina Roinn féin. Tá airgead á chaitheamh aige ar eagrais a bhfuil baint acu leis an nGaeilge agus leis an Ghaeltacht, suas le £140,000. Mar a dúirt mise ar maidin, agus déarfaidh mé arís é faoi dhó, nílimse sásta leis an chaoi atá a lán de na Ranna Stáit agus na heagrais eile Stáit ag caitheamh leis an nGaeilge. Níl an tseirbhis atá curtha ar fáil acu do dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus atá ag iarraidh seirbhís i nGaeilge, níl sí sásúil. Agus is cuma cén gearán a deintear faoi cé chomh minic agus a deirimse sin, leanfaidh mé orm á rá agus b'fhéidir i ndeireadh an lae go dtiocfaidh athrú ar na daoine a mba cheart dóibh na seirbhísí seo a chur ar fáil ar bhealach atá sásúil agus ar bhealach go mbeadh muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht in ann teacht air.

Cén fáth a bhfuil leath de pháistí na Gaeltachta ag fáil deontais na Gaeilge agus i gcásanna eile gan é á fháil? Ba mhaith liom cúis na ceiste sin a bheith agam. Tá sé soiléir go bhfuil an Béarla ag brú go mór ar an nGaeltacht. Tá an timpeallacht sa tír seo ag claonadh leis an mBéarla agus cén caoi a stopann tú é sin? Tá tráchtáil, tá cúrsaí cumarsáide, tá trádáil na tíre, gnólachtaí na tíre, tá sin ar fáil, an chuid is mó de, tré Bhéarla agus muna féidir linn titim siar ar shuim na ndaoine sa Ghaeilge mar theanga toisc gurb í tobar an chultúir í, toisc gur teanga ársa a bhfuil ár dtraidisiún sáite inti, muna féidir linn brath air sin, ní dóigh liom gur féidir an Ghaeilge a athbheochaint tré phraghas a chur uirthi agus tré íoc aisti. Ní dóigh liom é. Caithfear díriú ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge. Bhí an Teachta D. Moynihan ag caint faoin chostas atá ann chun gasúr a chur chun na Gaeltachta faoi láthair. Tá gasúr liom féin curtha chun na Gaeltachta agam agus beidh arís, go deimhin, an samhradh seo chugainn agus dá shuífeá síos fiú amháin is é an meán-chostas faoi láthair tuairim is £130 in aghaidh na míosa. Ní choinneofaí lad óg sa teach ar feadh míosa ar £130, dá ndéanfá do chuid suimeanna sa bhaile agus tá taithí agam féin ar mhúineadh i gcoláistí Gaeilge agus chomh maith leis sin tá saoire acu agus tá siad ag foghlaim na Gaeilge. Tá fadhb ann, áit a bhfuil brú mór gasúr i gceantar amháin agus go bhfuil scata mór gasúr ón nGalltacht le chéile i dteach amháin. Tá na coláistí——

Tá dhá nóiméad fágtha ag an Aire.

——féin agus na daoine i mbun reachtáil na gcolaistí seo ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh go mbeadh an Ghaeilge á labhairt an t-am ar fad i measc na bpáistí féin siar mar tá an-tábhacht ag baint leis an scéim seo, mar a dubhradh anseo. Tá mé ag ceapadh go ndúirt an Teachta McGinley gurb é sin an cheád uair daoine dul siar ansin mar dhaltaí agus mar mhic léinn. Sin é an chéad uair ina saol a fheiceann siad an Ghaeilge á h-úsaíd mar theanga cumarsáide, mar mheáncumarsáide, mar theanga labhartha i ngnáthshaol an duine. Go dtí sin séard a bhí ann ná ábhar a bhí tirim, ábhar scoile as leabhar cosúil le matamaitic nó tíreolaíocht nó Fraincis nó stair nó aon rud eile. Ceann de na rudaí a thiocfaidh as, cuir i gcás, an Comhchoiste, tá súil agam, go dtabharfar dea-shampla do dhaoine na tíre seo ón Teach seo agus ón tSeanad agus murach an scoir — agus dúirt mé é seo cheana agus deárfaidh mé arís é murach an scoir — go háirithe nuair atá daoine cosúil leis an Aire Stáit nár labhair Gaeilge riamh sa Teach seo cheana agus daoine cosúil leis an Teachta Donal Carey ábalta agus sásta an rud céanna a dhéanamh agus nach gcaithfear anuas orthu toisc go bhfuil dearmadaí gramadaí á ndéanamh ar fhocail acu agus nach bhfuil modhanna cainte acu, nuair atá daoine mar sin sásta an dea-shampla a thabhairt sa Teach seo, tá mé cinnte go mbeidh dea-thoradh air sin taobh amuigh den Teach seo. Ceann de na rudaí — níl a fhios agam cé dúirt é — tá mé ag ceapadh gurb é Teachta Tunney é — a chuireann múisc ormsa agus a chuireann ar buile mé ná an "elitism" atá i measc a lán Gaeilgeoirí a bhíonn ag caitheamh síos agus ag magadh faoi dhaoine atá ar bheagán Gaeilge agus ag iarraidh iad a cheartú agus ag cur ina leith nach bhfuil de cheart acu labhairt muna bhfuil an Ghaeilge go líofa acu. Níl Gaeilge líofa agamsa ach tá i bhfad níos mó measa agam ar dhuine atá ar bheagán Gaeilge a sheasann suas do na fir a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán atá in ann í a labhairt go líofa agus atá in ann í a labhairt go nádúrtha ar aon nós, i bhfad níos mó i gcomparáid leis an duine atá sásta iarracht a dhéanamh. Is le cleachtadh a thagann an líofacht agus má táimid sa Teach seo sásta úsáid níos mó a bhaint as an teanga, tabharfaimid dea-shampla do mhuintir na tíre seo agus beidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht slán.

Cuireadh an cheist agus ar vótáil a éileamh, cuireadh siar í de réir BhuanOrdú na Dála Uimh. 123, arna mhodhnú le hOrdú ón Teach, go dtí 8.30 p.m., Dé Céadaoin, 8 Bealtaine 1985.

The Dáil adjourned at 4.05 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 7 May 1985.