Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 May 1985

Vol. 358 No. 9

Written Answers. - County Galway Grant-aided Roads.

576.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the roads in the Galway Gaeltacht which were repaired or improved in 1983 and 1984 with Bóthar Áiseanna Grants paid by his Department to Galway County Council.

577.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the roads in County Galway to be grant-aided by his Department in 1985.

Tógfaidh mé Ceist 576 bagas 577 le chéile.

D'íoc mo Roinnse deontais i leith na mbóithre seo a leanas sa bhliain 1983:

Bóthar

Deontas

£

A. Droichead ag deireadh an bhóithrín ó theach Mhichíl Uí Fhátharta Uasal, Mionlach, go portach.

3,046

B. Bóthar ón mbóthar contae ag teach an Uasail Tomás Mac Eochagáin ó thuaidh go teach an Uasail Uinsíonn Mac Giollabháin, Furmaoille Thiar, Bearna, a dheisiú.

1,862

Ceadaíodh deontais i leith na mbóithre seo a leanas sa bhliain 1984:

(a)bóithre éagsúla ar Inis Meáin, Arainn

5,000

(b)bóthar Léime, Uachtar Ard

2,000

(c)an bóthar chuig tithe na Comhairle Contae i gCill Rónáin, Inis Mór, Árainn, agus

2,000

(d)an bóthar ón mbóthar contae (R. 341) do dtí an droichead idir Inis Nia agus an tír mór.

4,000

Toisc nár éirigh leis an gComhairle Chontae na hoibreacha sin a chríochnú anuraidh níor íocadh na deontais ach beidh na suimeanna sin ar fáil dóibh arís i mbliana.

Barr
Roinn