d'Aire na Gaeltachta cén bhliain a ardaíodh "Deontas na Gaeilge" go £10, agus an dtoilíonn sé ardú anois.
Written Answers. - Deontas Labhairt na Gaeilge.
60. D'fhiafraigh
Méadaíodh deontas Labhairt na Gaeilge go £10 le héifeacht ó thús na scoilbhliain 1964-65. Cé gur mhaith liom é a mhéadú arís níl ar mo chumas é sin a dhéanamh i ngeall ar an ngéarchéim airgeadais.
61. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid scoláirí a fuair deontas na Gaeilge i ngach bliain ó 1982.
Thuill 7,687 ndalta an deontas sa scoilbhliain 1981-82, 7,513 i 1982-83, 7,463 i 1983-84, agus 6,298 i 1984-85. Tá roinnt iarratas le glanadh fós go háirithe don scoilbhliain 1984-85.