d'Aire na Gaeltachta (a) cé mhéid deontas a ceadaíodh i leith bóthar áise i gConamara (sonraí tugtha); (b) cén dáta a ceadaíodh an deontas; agus (c) cén costas a mheastar a chríochnódh an obair ar an mbóthar.
Written Answers. - Bóthar Áise i gConamara.
88. D'fhiafraigh
Ceadaíodh trí dheontas i leith an bhóthair sin
—£2,625 ar 10 Iúil 1975;
—£2,000 ar 26 Bealtaine 1977; agus
—£2,000 ar 15 Aibreán 1981.
Chomh maith leis na suimeanna sin ceadaíodh deontais don chomhairle chontae i leith costas riaracháin. Is d'fhonn an obair a chríochnú a ceadaíodh an deontas ar 15 Aibreán 1981 agus níl ar chumas mo Roinne aon deontas eile a cheadú sa chás ag an bpointe seo.