Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 1985

Vol. 362 No. 13

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Finnish Visit.

30.

asked the Minister for the Gaeltacht the purpose of a recent visit by himself and officials of two Departments and other agencies to Finland; the dates of departure and return; the total number of officials and others in the party; the total cost involved; and if he will make a statement on the matter.

Thug mé féin agus toscaireacht ón tír seo cuairt ar an bhFionlainn ó 14-20 Meán Fómhair ar chuireadh oifigiúil ó Rialtas na Fionlainne. Bhain an turas go príomha le cúrsaí foraoiseachta agus le hiarrachtaí chun tionsclóirí a mhealladh le tionscail fhiúntacha a bhunú sa Ghaeltacht.

B'fhiú go mór an turas ó thaobh na foraoiseachta de agus gnothaíodh suas le 60 post nua don Ghaeltacht dá bharr agus tá togra eile idir chamáin fós.

Bhí 7 nduine sa toscaireacht oifigiúil agus 4 eile linn a bhfuil saintaithí acu ar na cúrsaí a bhí á bplé. D'íoc an dá Roinn atá faoi mo chúram agus Údarás na Gaeltachta suim £9,460 san iomlán i ndáil leis an turas. Níl an costas a bhain le sciurdeitleán an Rialtais san áireamh san fhigiúr sin.

Will the Minister tell the House the purpose of this junket? We are aware that two Departments were involved and that a number of officials from them and from Údarás na Gaeltachta and the IDA went. What was the outcome of the junket? Was it necessary?

Turas an-tábhachtach agus an-úsáideach a bhí ann. Mar a dúirt mé cúpla noiméad ó shin — b'fhéidir nach raibh an Teachta ag éisteacht — cuireadh tús le 60 post nua sa Ghaeltacht dá bharr agus tá togra eile idir chamáin. Má tá liosta de na tograí ag teastáil ón Teachta cuirfidh mé an liosta chuige.

Níor luaigh an tAire an costas.

D'íoc an dá Roinn agus Údarás na Gaeltachta £9,460 san iomlán ar an turas.

Barr
Roinn