asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the proposals for the development of Bunaninver pier, County Donegal.
Written Answers. - County Donegal Pier.
Tá curtha in iúl ag mo Roinnse do Chomhairle Chontae Dhún na nGall go mbeifear sásta deontas lánchostais £11,000 a chur ar fáil le go bhféadfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí clár an phiara ag Bun an Inbhir a dheisiú ar choinníoll go mbeidh an chomhairle chontae sásta cúram cothabhála an phiara a ghlacadh orthu féin nuair a bheidh sé deisithe.
60. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an scrúdóidh sé cás na nDeontas Tithíochta sna limistéir Ghaeltachta i láthair na huaire.
Ní thuigim cén t-eolas díreach atá á lorg ag an Teachta ach más méadú ar na deontais feabhsúcháin atá i gceist aige ba mhaith liom a aird a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála 78, 79 agus 80 ar an 5 Samhain 1985.
Idir dhá linn d'éirigh lion tuilleadh méaduithe mar seo a leanas a dhéanamh ar dheontais áirithe:
Teach a fheabhsú |
— an deontas méadaithe ó £2,150 go £2,300 |
Teach a mhéadú |
— an deontas méadaithe ó £2,150 go £2,300 |
Fuinneoga/doirse seachtracha atá fabhtach a athnuachan |
— an deontas méadaithe ó £800 go £900 |
Seanteach (a tógadh roimh 1940) a athnuachan agus a dheisiú |
— an deontas méadaithe ó £5,000 go £5,500 |
Tá sonraí iomlána i dtaobh na ndeontas uile le fáil ó mo Roinnse.