Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Feb 1986

Vol. 363 No. 13

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

40. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla an oiread sin tábhacht a bheith leis an obair atá ar siúl ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann lenár gceol agus ár gcultúr a neartú, an mbeadh sé sásta deontas breise a chur ar fáil dóibh i mbliana lena gcuid oibre a neartú.

Tá socraithe an deontas bliantúil a íocann mo Roinnse le Comhaltas Ceoltóirí Éireann a mhéadú ó £120,000 i 1985 go £125,000 i mbliana.

Ó tharla gur obair an-tábhachtach atá á déanamh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun ár gceol agus ár gcultúr a chur chun cinn, agus ó tharla go bhfuil siad ag cailleadh deontas £60,000 a bhí á fháil acu ón Chomhairle Ealaíne, an nglacfadh an tAire leis nach mbeidh morán buntáiste san ardú atá luaite aige — séard a bheidh ann ná cailliúint san méid airgid a bheidh le fáil acu ón Stát i mbliana, cé go bhfuil an obair atá á déanamh acu ag dul i méid agus ag éirigh níos tábhachtaí in aghaidh an lae.

Tá méadú árd tagtha i ndeontas na bliana seo i gcomparáid leis an deontas a fuair siad i 1985. Cuir i gcás, i 1983 fuair siad £179,129 in iomlán ó chuile fhoinse; i 1984, fuair siad £512,143, agus i gcomhthéacs leis sin fuair siad £300,000 ó Chiste na nAgróirí, agus aontóidh an Teach leis an iocaíocht sin; agus anuraidh fuair siad £231,975. Má bhreathnaíonn an Teach air sin mar iomlán feicfidh sé gur deontas an-ard é sin. Thagraigh an Teachta don Chomhairle Ealaíne. Níl aon smacht agamsa ar cén cinneadh atá ar intinn ag an gComhairle Ealaíne maidir le deontas a chur ar fáil d'aon eagras i mbliana.

Ní ceart don Aire bheith ag iarraidh dallamullóg a chur ar an Teach le figiúirí. Táimid ag caint faoi chostais reatha, caiteachas atá ag an gcomhaltas le haghaidh na bliana. I measc na bhfigiúirí sin tá costais chaipitiúil — airgead a fuair siad chun an amharclann a dheisiú. Tá a lán caiteachais acu; cuireann siad amach céirníní, agus tá obair an-mhaith ar siúl acu. Séard atá luaite ag an Aire ná caiteachas bliantúil, agus níl sé sin sasúil.

Tá an ceart ag an Teachta nuair a deireann sé go bhfuil fadhbanna airgid ag an gcomhaltas. Go bunúsach, is fadhbanna caipitiúla iad. Tá siad ag iarraidh cultúrlann agus amharclann a thógáil. Tá mé ag rá, agus dúirt mé é go poiblí cheana, gur thóg siad na fiacha seo orthu féin in aghaidh mo chomhairle agus comhairle Roinn na Gaeltachta. Cuireadh ina luí orthu ag an am go raibh siad ag tnú le suimeanna airgid nach mbeifí ábalta teacht orthu. Níor ghlacadh leis an chomhairle sin agus bhí siad i dtrioblóid. Cuireadh £300,000 ar fáil dóibh ó Chiste na nAgróirí agus chuir sé sin moill ar a gcuid deacrachtaí beagán, ach tá fadhbanna acu. Glacaim leis go bhfuil obair an-tábhachtach á déanamh acu, ach dar ndóigh is fadhbanna caipitiúla atá i gceist, ní fadhbanna airgid reatha.

An nglacfadh an tAire nach bhfuil sé sasúil go mbeadh ar an Chomhaltas daoine a dí-fhostú, nach mbeidh siad in ann comhairle a thabhairt do Bhord Fáilte i mbliana ná do na hambasáidí maidir le cultúr agus ceol ár dtíre, agus nach mbeidh siad in ann dul ar aghaidh leis an National Entertainments Scheme faoin a raibh 45 ionad in a raibh na scéimeanna sin ar fáil iontu? Turasóirí is mó a bhaineann usáid as na hionáid seo. An nglacann an tAire nach bhfuil sé sásúil nach mbeidh comhaltas in ann na scéimeanna sin a chur ar aghaidh i mbliana ar mhaithe le turasóireacht agus leis an tír ar fad?

Níl a fhios agam céard atá ar intinn acu maidir le scéimeanna a chur ar fáil tríd an tír. Séard tá a rá agam ná go bhfuil ardú á thabhairt agamsa dóibh, ar aon chéim le ráta boilscithe na bliana seo. Má tá ganntanas airgid orthu ní féidir an mhéar a shíneadh chugamsa.

Nach bhfuil áit faoi leith don Aire agus do Roinn na Gaeltachta sna cúrsaí seo? Más rud é nach bhfuil an Chomhairle Ealaíne ag cur airgid ar fáil i mbliana don chomhaltas, nach bhfuil sé de dhualgas ar an Aire a chinntiú go mbeidh níos mó le fáil acu i mbliana ar mhaithe le turasóireacht agus cúrsaí cultúrtha go ginearálta.

Tá ardú tugtha agamsa, agus má tá ballraíocht an chomhaltais chomh hard agus a deirtear — agus glacaim go bhfuil an bhallraíocht ard — tá mé cinnte go bhféadfar teacht ar shocrú chun táillí a bhailiú ón bhallraíocht chun airgead a sholáthar don chomhaltas.

Barr
Roinn